|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1955
[EN] | ||||||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Faoiseamh Comharaíochta ó Chánachas Dúbailte i leith Cánach Ioncaim. Forchánach agus Cánach Brabús Corparáide na hÉireann agus i leith Cánacha Ioncaim Cheanada, lena náirítear Forchánacha. | |||||
Cuid I. Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada chun Cánachas Dúbailte a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil fioscach i leith Cánacha ar Ioncaim. | ||||||
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada. | ||||||
D'fhonn Comhaontú a dhéanamh chun cánachas dúbailte a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil fioscach i leith cánacha ar ioncam. | ||||||
Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtóirí uathu chuige sin: | ||||||
Rialtas na hÉireann: | ||||||
Seán Ó Murchadha, Ambasadóir Urghnáthach agus Lánchumhachtóir na hÉireann in Ottawa; | ||||||
Rialtas Cheanada: | ||||||
Walter E. Harris. Aire Airgeadais i Rialtas Cheanada. | ||||||
Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí. comhaontú mar leanas:— | ||||||
Airteagal I. | ||||||
1. Is iad cánacha is ábhar don Chomhaontú seo: | ||||||
(a) I gCeanada: | ||||||
Cánacha ioncaim. lena n-áirítear forchánacha, a fhorchuirfeas Rialtas Cheanada (dá ngairmtear, “cáin Cheanadach” anseo feasta). | ||||||
(b) In Éirinn: | ||||||
An cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus an cháin bhrabús corparáide (dá ngairmtear “cáin Éireannach” anseo feasta). | ||||||
2. Bainfidh an Comhaontú seo freisin le haon chánacha eile a bheas go substainteach i gcosúlacht leis na cánacha sin, seachas cánacha ró-bhrabús, agus a fhorchuirfeas ceachtar Rialtas Conarthach tar éis an Comhaontú seo a shíniú. | ||||||
Airteagal II. | ||||||
1. Sa Chomhaontú seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt: | ||||||
(a) Ciallaíonn na téarmaí “ceann de na críocha” agus “an chríoch eile” Éire nó Ceanada, do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||||||
(b) Ciallaíonn an téarma “cáin” cáin Éireannach nó cáin Cheanadach do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||||||
(c) Folaíonn an téarma “duine” aon chomhlucht daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe. | ||||||
(d) Folaíonn an téarma “cuideachta” aon chuideachta chorpraithe. | ||||||
(e) Ciallaíonn na téarmaí “cónaitheoir in Éirinn” agus “cónaitheoir i gCeanada” faoi seach aon duine a bhfuil cónaí air in Éirinn chun cuspóirí cánach Éireannaí agus nach bhfuil cónaí air i gCeanada chun cuspóirí cánach Ceanadaí agus aon duine a bhfuil cónaí air i gCeanada chun cuspóirí cánach Ceanadaí agus nach bhfuil cónaí air in Éirinn chun cuspóirí cánach Éireannaí; measfar gur in Éirinn atá cónaí ar chuideachta más in Éirinn a bainistítear agus a rialaítear a gnó agus gur i gCeanada atá cónaí uirthi más i gCeanada a bainistítear agus a rialaítear a gno. Ach ní dhéanfaidh aon ní sa mhír seo difir d'aon fhorála de dhlí na hÉireann maidir le cáin bhrabús corparáide d'fhorchur i gcás cuideachtan atá corpraithe in Éirinn. | ||||||
(f) Ciallaíonn na téarmaí “cónaitheoir i gceann de na críocha” agus “cónaitheoir sa chríoch eile” duine ar a bhfuil cónaí in Éirinn nó duine ar a bhfuil cónaí i gCeanada. do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||||||
(g) Ciallaíonn na téarmaí “fiontar Éireannach” agus “fiontar Ceanadach” faoi seach fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolas cónaitheoir in Éirinn agus fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolas cónaitheoir i gCeanada; agus ciallaíonn na téarmaí “fiontar cheann de na críocha” agus “fiontar de chuid na críche eile” fiontar Éireannach nó fiontar Ceanadach do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||||||
(h) Ciallaíonn an téarma “buan-bhunachas”, nuair a húsáidtear é maidir le fiontar cheann de na críocha, brainse nó áit sheasta eile ghnótha, ach ní fholaíonn sé gníomhaireacht mura bhfuil ag an ngníomhaire, agus mura bhfeidhmíonn sé de ghnáth, údarás ginearálta chun conartha d'iomairliú agus a chríochnú thar ceann an fhiontair nó mura bhfuil stoc marsantais aige as a líonann sé orduithe go rialta thar a cheann. I ndáil leis sin de— | ||||||
(i) Ní measfar buan-bhunachas a bheith ag fiontar cheann de na críocha sa chríoch eile ar an aonchúis go bhfuil déileála gnótha á ndéanamh aige sa chríoch eile sin trí ghníomhaire ginearálta coimisiúin nó bróicéir bona fide ag gníomhú dhó i ngnáth-chúrsa a ghnótha sa cháil sin; | ||||||
(ii) Má bhíonn áit sheasta ghnótha á cothabháil ag fiontar cheann de na críocha sa chríoch eile go heisiach chun earraí nó marsantas a cheannach, ní thabharfaidh sin ann féin gur buan-bhunachas leis an bhfiontar sin an áit sheasta ghnótha sin; | ||||||
(iii) Má bhíonn ag gabháil le cuideachta is cónaitheoir i gceann de na críocha fo-chuideachta is cónaitheoir sa chríoch eile nó atá ag gabháil do cheird nó gnó sa chríoch eile sin (pé acu trí bhuan-bhunachas é nó ar shlí eile), ní thabharfaidh sin ann féin gur buan-bhunachas lena cuideachta bhunaidh an fho-chuideachta sin. | ||||||
2. Ní fholaíonn an téarma “brabúis tionscail nó tráchtála” mar a húsáidtear sa Chomhaontú seo é, ioncam i bhfoirm díbhinní, úis, oíosa nó rí-chíosa, taillí bainistíochta ná díolaíocht as saothar nó as seirbhísí pearsanta. | ||||||
3. Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fhorála an Chomhaontuithe seo ag ceann de na Rialtais Chonarthacha, beidh le haon téarma nach mínítear ar shlí eile, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlithe de chuid an Rialtais Chonarthaigh sin a bhaineas leis na eánacha is ábhar don Chomhaontú seo. | ||||||
Airteagal III. | ||||||
1. Ní bheidh brabúis tionscail nó tráchtála fiontair Éireannaigh inchurtha faoi cháin Cheanadach mura bhfuil an fiontar aggabháil do cheird nó gnó i gCeanada trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh ann. Má tá sé ag gabháil do cheird nó gnó amhlaidh, féadfaidh Ceanada cáin d'fhorchur ar na brabúis sin, ach ar an méid sin amháin díobh is inchurtha i leith an bhuan-bhunachais sin. | ||||||
2. Ní bheidh brabúis tionscail nó tráchtála fiontair Cheanadaigh inchurtha faoi cháin Éireannach mura bhfuil an fiontar ag gabháil do cheird nó gnó in Éirinn trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh ann. Má tá sé ag gabháil do cheird nó gnó amhlaidh, féadfaidh Éire cáin d'fhorchur ar na brabúis sin ach sin ar an méid sin amháin díobh is inchurtha i leith an bhuan-bhunachais sin. | ||||||
3. I gcás fiontar cheann de na críocha a bheith ag gabháil do cheird nó gnó sa chríoch eile trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh sa chríoch eile sin, cuirfear i leith an bhuan-bhunachais sin na brabúis tionscail nó tráchtála a mbeadh súil go saothródh sé iad sa chríoch eile sin dá mba fiontar neamhspleách é a bhí ag gabhail do na gníomhachtaí céanna nó dó ghníomhachtai dá samhail faoi na coinníollacha céanna nó faoi choinníollacha dá samhail agus a bhí ag déileáil. ar raon láimhe uaidh, leis an bhfiontar ar buan-bhunachas de é. | ||||||
4. Ní déanfar aon chuid d'aon bhrabúis a thiocfas chun fiontair cheann de na críocha a chur i leith buan-bhunachais a bhfuil a láthair suímh sa chríoch eile de bhíthin earraí nó marsantas á gceannach sa chríoch eile sin ag an bhfiontar agus dá bhíthin sin amháin. | ||||||
5. I gcás cuideachta ar a bhfuil cónaí i gceann de na críocha d'fháil brabús nó ioncaim ó bhunaidh sa chríoch eile, di fhorchuirfidh Rialtas na críche eile sin aon tsaghas cánachais ar dhíbhinní a íocfas an chuideachta le daoine nach bhfuil cónaí orthu sa chríoch eile sin, ná aon cháin i bhfoirm chánach brabús neamhdháilithe ar bhrabúis neamhdháilithe na cuideachtan. de bhíthin gurb é atá. go hiomlán nó go páirteach. sna díbhinní nó sna brabúis neamhdháilithe sin brabúis nó ioncam a fuarthas amhlaidh. | ||||||
Airteagal IV. | ||||||
Más rud é | ||||||
(a) go mbeidh fiontar cheann de na críocha páirteach, go díreach nó go neamhdhíreach. i mbainistí. rialú nó caipiteal fiontair sa chríoch eile, nó | ||||||
(b) go mbeidh na daoine céanna páirteach, go díreach nó go neamhdhíreach. i mbainistí. rialú nó caipiteal fiontair cheann de na críocha agus fiontair de chuid na críche eile, agus | ||||||
i gceachtar cás. go socrófar nó go bhforchuirfear coinníollacha idir an dá fhiontar. ina gcaidreamh tráchtála nó airgeadais. a bheas difriúil leis na coinníollacha a déanfaí idir fiontair neamhspleácha, | ||||||
ansin. aon bhrabúis d'fhaibhreodh. mura mbeadh na coinníollacha sin, chun ceann de na fiontair ach nár fhaibhrigh amhlaidh de bhíthin na gcoinníollacha sin. féadfar iad d'áireamh ar bhrabúis an fhiontair sin agus cáin a chur orthu dá réir sin. | ||||||
Airteagal V. | ||||||
D'ainneoin forál Airteagal III agus IV. na brabúis a gheobhas cónaitheoir i gceann de na críocha as oibriú long nó aerárthach, beid díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile. | ||||||
Airteagal VI. | ||||||
1. Ní mó ná 15% ráta na cánach Ceanadaí ar ioncam (seachas ioncam ó ghnó a sheoladh i gCeanada nó ó dhualgais a chomhlíonadh i gCeanada) a gheobhas cónaitheoir in Éirinn ó bhunaidh i gCeanada. | ||||||
2. D'ainneoin forál na míre sin roimhe seo. ní mó ná 5 faoin gcéad ráta na cánach Ceanadaí ar dhíbhinní a híocfar le cuideachta is cónaitheoir in Éirinn ó chuideachta is cónaitheoir i gCeanada. agus a bhfuil níos mó ná 50 faoin gcéad de na scaireanna inti a ngabhann lán-chearta vótála leo i ngach cás ar únaeracht ag an gcuideachta chéadluaite. | ||||||
3. Aon ioncam (seachas ioncam ó ghnó a sheoladh in Éirinn nó ó dhualgais a chomhlíonadh in Éirinn) a gheobhas pearsa is cónaitheoir i gCeanada ó bhunaidh in Éirinn. beidh sé díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach | ||||||
Airteagal VII. | ||||||
Aon rí-chíosa cóipchirt agus íocaíochtaí eile dá samhail a déanfar i leith aon tsaothair litríochta, dhrámaíochta, cheoil nó ealaíon a léiriú nó d'athléiriú (ach gan cíosa ná rí-chíosa i leith scannán pictiúirí reatha d'áireamh) agus a gheobhas cónaitheoir i gceann de na críocha ó bhunaidh sa chríoch eile, beid díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin. | ||||||
Airteagal VIII. | ||||||
1. Aon luach saothair (seachas pinsin) a íocfas ceann de na Rialtais Chonarthacha le haon phearsa i leith seirbhísí a rinneadh don Rialtas sin i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais, beidh sé díolmhaithe ó cháin i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile mura bhfuil gnáth-chónaí ar an bpearsa sa chríoch sin nó má tá gnáth-chónaí ar an bpearsa sa chríoch sin d'aon-toisc chun na seirbhísí sin a dhéanamh. | ||||||
2. Ní bheidh feidhm ag forála an Airteagail seo maidir le híocaíochtaí i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil le haon cheird nó gnó a sheolas ceachtar de na Rialtais Chonarthacha le haghaidh brabúis. | ||||||
Airteagal IX. | ||||||
1. Beidh cónaitheoir in Éirinn díolmhaithe ó cháin Cheanadach ar chúiteamh as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh i rith na bliana cánachais i gCeanada, más rud é gur chaith sé tréimhse nó tréimhsí ann nach mó san iomlán ná 183 lá i rith na bliana cánachais, agus go gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas: | ||||||
(a) Gur as na seirbhísí pearsanta sin a rinne sé mar oifigeach nó mar fhostaí do chónaitheoir in Éirinn a fuair sé an cúiteamh, nó | ||||||
(b) Nach mó ná 85,000 an cúiteamh a fuair sé as na seirbhísí pearsanta sin. | ||||||
2. Beidh feidhm ag forála míre 1 den Airteagal seo, mutatis mutandis, maidir le cónaitheoir i gCeanada i leith cúitimh as seirbhísí pearsanta den tsórt sin a dhéanamh in Éirinn. | ||||||
Airteagal X. | ||||||
1. Aon phinsean nó blianacht as bunaidh i gCeanada a gheobhas pearsa is cónaitheoir in Éirinn. beidh sé díolmhaithe ó cháin Cheanadach. | ||||||
2. Aon phinsean nó blianacht as bunaidh in Éirinn a gheobhas pearsa is cónaitheoir i gCeanada. beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach. | ||||||
3. Ciallaíonn an téarma “blianacht” suim áirithe is iníoctha go tréimhsiúil ag tráthanna áirithe. ar feadh saoil nó ar feadh tréimhse sonraithe nó tréimhse infhionnta. faoi oblagáid chun na híocaíochtaí a dhéanamh in aghaidh chomaoin leor lán d'fháil in airgead nó i luach airgid. | ||||||
Airteagal XI. | ||||||
Aon ollamh nó múinteoir as ceann de na críocha a gheobhas luach saothair as múinteoireacht. ar feadh tréimhse de chónaí shealadach nach sia ná dhá bhliain in ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile sa chríoch eile. beidh sé díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin i leith an luach saothair sin. | ||||||
Airteagal XII. | ||||||
Aon mhac léinn nó príntíseach gnótha ó cheann de na críocha a bheas ag fáil oideachais nó tréineála lán-aimsire sa chríoch eile. beidh sé díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin ar íocaíochtaía gheobhas sé ó dhaoine sa chríoch chéadluaite le haghaidh a chothabhála. a oideachais nó a thréineála. | ||||||
Airteagal XIII. | ||||||
1. A mhéid is féidir é do réir forál dlí Cheanada i dtaobh cáin a híocadh i gcríoch lasmuigh de Cheanada a bhaint de cháin is iníoctha i gCeanada. déanfar cáin Éireannach is iníochta i leith ioncaim as bunaidh in Éirinn a bhaint d'aon cháin Cheanadach is iníoctha i leith an ioncaim sin. Chuige sin. measfar fáltaí díbhinne d'íoc corparáid is cónaitheoir in Éirinn a bheith tar éis an cháin ioncaim Éireannach d'íoc is iomchuí don díbhinn sin má roghnaíonn an fáltaí sin méid na cánach ioncaim Éireannaí sin d'áireamh ar a ioncam comhlán chun cuspóírí cánach Ceanadaí. Chun cuspóirí an Airteagail seo amháin. aon ioncam. as bunaidh sa Ríocht Aontaithe, a gheobhas pearsa a chónaíos in Éirinn, measfar gur ioncam as bunaidh in Éirinn é mura bhfuil an t-ioncam sin inchurtha faoi cháin ioncaim na Ríochta Aontaithe. | ||||||
2. Faoi réir pé forál (nach ndéanfaidh difir dá phrionsapal ginearálta seo) a hachtófar in Éirinn, déanfar cáin Cheanadach is iníoctha i leith ioncaim as bunaidh i gCeanada a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon chánach Éireannaí is iníoctha i leith an ioncaim sin. Más gnáth-dhíbhinn d'íoc corparáid Cheanadach an t-ioncam sin. áireofar sa chreidmheas sin (i dteannta aon chánach ioncaim Ceanadaí a baineadh as an díbhinn sin nó a forchuireadh uirthi) an cháin ioncaim Cheanadach a forchuireadh ar an gcorparáid sin i leith a brabús. agus más díbhinn í a híocadh ar scaireanna tosaíochta rannpháirteacha. agus a ionadaíos díbhinn do réir an ráta shocair chun a bhfuil teideal ag na scaireanna maraon le rannpháirteachas breise i mbrabúis, déanfar an cháin sin ar bhrabúis d'áireamh chomh maith sa mhéid go bhfuil breis ag an díbhinn ar an ráta socair sin. | ||||||
3. Chun cuspóirí an Airteagail seo. measfar. maidir le brabúis nó luach saothair as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla). a rinneadh i gceann de na críocha. gur ioncam iad as bunaidh laistigh den chríoch sin. agus i gcás seirbhísí ag pearsa a dhéanas a sheirbhísí ar fad nó go formhór i longa nó in aerárthaí a oibríos cónaitheoir de chuid cheann de na críocha measfar na seirbhísí sin a dhéanamh sa chríoch sin. | ||||||
Airteagal XIV. | ||||||
1. Déanfaidh údaráis chánachais na Rialtas Conarthach, ar sin d'iarraidh orthu, pé eolas (is eolas a bheas ar fáil faoi dhlithe cánachais na Rialtas Conarthach faoi seach) a mhalairtiú is gá chun forála an Chomhaontuithe seo a chomhlíonadh. nó chun calaois a chosc nó forála reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na cánacha is ábhar don Chomhaontú seo. Aon eolas a malairteofar amhlaidh, coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na gcánacha is ábhar don Chomhaontú seo. Ní malairteofar aon eolas a nochtfadh aon rún ceirde ná aon phróis cheirde. | ||||||
2. Féadfaidh údaráis chánachais na Rialtas Conarthach dul i gcomhairle le chéile mar is gá chun forála an Chomhaontuithe seo a chomhlíonadh agus. go háirithe, forála Airteagal III agus IV. | ||||||
3. Mar a húsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais”, i gcás Cheanada. an tAire Ioncaim Náisiúnta nó a ionadaí údaraithe; i gcás na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe. | ||||||
Airteagal XV. | ||||||
1. Daingneofar an Comhaontú seo agus malairteofar na hionstraimí daingniúcháin i mBaile Átha Cliath. a luaithe is féidir. | ||||||
2. Ar na daingniúcháin a mhalairtiú. beidh éifeacht ag an gComhaontú seo— | ||||||
(a) maidir le cáin Cheanadach. do na blianta cánachais a thosnós ar an lú lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin; | ||||||
(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach. don bhliain mheasúnuithe a thosnés ar an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraímí daingniucháin agus do bhlianta ina dhiaidh sin; | ||||||
(ii) maidir le forcháin Éireannach, don bhliain mheasúnuithe a thosnós ar an 6ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin. agus do bhliants ina dhiaidh sin; agus | ||||||
(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosnós ar an lú lá d'Aibreán. nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheas ar rith ar an dáta sin. | ||||||
Airteagal XVI. | ||||||
Leanfaidh an Comhaontú seo d'éifeacht a bheith aige ar feadh tréimhse éiginnte ach féadfaidh ceachtar de na Rialtais Chonarthacha. ar nó roimh an 30ú lá de Mheitheamh in aon bhliain chaileandair i ndiaidh na bliana caileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin. fógra forceannta a thabhairt don Rialtas Conarthach eile. agus sa chás sin scoirfidh an Comhaontú seo d'éifeacht a bheith aige— | ||||||
(a) maidir le cáin Cheanadach. do na blianta cánachais a thosnós ar an lú lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a dtabharfar an fógra; | ||||||
(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach. d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnés ar an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana a dtabharfar an fógra sin; | ||||||
(ii) maidir le forcháin Éireannach. d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnós ar an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a dtabharfar an fógra sin; agus | ||||||
(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach, d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosnós ar an lú lá d'Aibreán. nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a dtabharfar an fógra sin agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheas ar rith ar an dáta sin. | ||||||
DA FHIANU SIN tá na Lánchumhachtóirí thuas-ainmnithe tar éis an Comhaontú seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú dhe. | ||||||
ARNA DHÉANAMH in Ottawa. i ndúblach, an 28ú lá seo de Dheireadh Fómhair. naoi gcéad déag caoga a ceathair. | ||||||
| ||||||
Cuid II. Forála maidir le faoiseamh ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ó cháin bhrabús corparáide i bhfoirm chreidmheasa i leith cánach Ceanadaí. | ||||||
Léiriú. | ||||||
1. Sa Chuid seo den Sceideal— | ||||||
ciallaíonn an abairt “an Comhaontú” an comhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo; | ||||||
folaíonn an abairt “cáin ioncaim” forcháin ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt; | ||||||
ciallaíonn an abairt “ioncam”. maidir le cáin bhrabús corparáide. brabúis; | ||||||
ciallaíonn an abairt “na cánacha Éireannacha” cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus cáin bhrabús corparáide; | ||||||
tá leis an abairt “cáin Cheanadach” an bhrí atá léi in Airteagal I den Chomhaontú. | ||||||
Ginearálta. | ||||||
2. (1) Faoi réir forál na Coda seo den Sceideal seo, más rud é. faoin gComhaontú. go mbeidh creidmheas le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim. déanfar méid na gcánacha Éireannacha is inmhuirir amhlaidh a laghdú méid an chreidmheasa. | ||||||
(2) Aon chreidmheas a lamhálfar. úsáidfear ar dtús é chun laghdú a dhéanamh ar mhéid aon chánach brabús corparáide is inmhuirir i leith an ioncaim agus. sa mhéid nach féidir é d'úsáid amhlaidh. chun laghdú a dhéanamh ar an gcáin ioncaim is inmhuirir ina leith sin. | ||||||
(3) Ní údaraíonn aon ní sa mhír seo chreidmheas a lamháil i gcoinne aon chánach Éireannaí nach bhfuil creidmheas inlamhálta ina coinne faoin gComhaontú. | ||||||
Geanglais maidir le corprú agus cónaí. | ||||||
3. (1) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide mura bhfuil an chuideachta, a bhfuil an cháin bhrabús corparáide inmhuirir i leith a hioncaim, corpraithe le dlithe. nó faoi dhlithe, an Stáit. | ||||||
(2) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe mura bhfuil an duine, a bhfuil an cháin inmhuirir i leith a ioncaim, ina chónaí sa Stát ar feadh na bliana sin. | ||||||
Tórainn leis an gCreidmheas iomlán cáin bhrabús corparáide. | ||||||
4. Ní raghaidh an méid creidmheasa a lamhálfar i gcoinne cánach brabús corparáide do cháin Cheanadach i leith aon ioncaim thar méid na cánach brabús corparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin. | ||||||
Tórainn leis an gCreidmheas iomlán cáin ioncaim. | ||||||
5. (1) Ní raghaidh an méid creidmheasa a lamhálfar i gcoinne cánach ioncaim do cháin Cheanadach i leith aon ioncaim thar an suim a gheofaí trí mhéid an ioncaim sin a ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim (lena n-áirítear an tAcht seo) agus trína chur ansin faoi mhuirear cánach ioncaim don bhliain mheasúnuithe a bhfuil an creidmheas le lamháil ina haghaidh, ach sin do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá— | ||||||
(a) i gcás duine a bhfuil cáin ioncaim, ach nach bhfuil forcháin. inmhuirir ar a ioncam. ráta a fionnfar tríd an gcáin ioncaim is iníoctha ag an duine sin don bhliain sin a roinnt ar mhéid iomlán ioncaim an duine sin don bhliain sin; | ||||||
(b) i gcás duine a bhfuil forcháin inmhuirir ar a ioncam. suim na rátaí seo a leanas— | ||||||
(i) an ráta dob iomchuí ina chás dá mbeadh cáin ioncaim, ach nach mbeadh forcháin. inmhuirir ar a ioncam; agus | ||||||
(ii) an ráta a fionnfar tríd an bhforcháin is iníoctha aige don bhliain sin a roinnt ar mhéid iomlán a ioncaim don bhliain sin: | ||||||
Ar choinníoll. más rud é, faoin gComhaontú, nach bhfuil creidmheas le lamháil i gcoinne forchánach don bhliain, go ríomhfar an ráta i ngach cás mar ríomhtar é i gcás daoine a bhfuil cáin ioncaim. ach nach bhfuil forcháin, inmhuirir ar a n-ioncam, agus más rud é. faoin gComhaontú, nach bhfuil creidmheas le lamháil ach amháin i gcoinne forchánach don bhliain, gurb é ráta a bheas ann an ráta a fionnfar tríd an bhforcháin is iníoctha ag an duine áirithe don bhliain a roinnt ar mhéid iomlán a ioncaim don bhliain. | ||||||
(2) Chun an ráta sin a chinneadh, déanfar an cháin is iníoctha ag aon duine d'aon bhliain a ríomh gan aird ar aon fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil agus gan aon laghdú ar an gcéanna i leith aon chreidmheasa a lamháladh nó atá le lamháil faoin gComhaontú. ach measfar í a bheith arna laghdú méid aon chánach atá an duine áirithe i dteideal. ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta. a mhuirearú i gcoinne aon duine eile, agus measfar ioncam iomlán aon duine a bheith arna laghdú méid aon ioncaim a bhfuil an duine sin i dteideal cáin ioncam a mhuirearú air mar adúradh. | ||||||
(3) I gcás ina mbeidh creidmheas i leith cánach Ceanadaí le lamháil i leith aon ioncaim agus go mbeadh. mura mbeadh forála na fo-mhíre seo, aon fhaoiseamh le lamháil i leith an ioncaim sin faoi fhorála ailt 3 den Acht Airgeadais. 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ). arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais. 1943 ( Uimh. 16 de 1943 ), ní lamhálfar an faoiseamh sin. | ||||||
6. Gan dochar d'fhorála na míre deiridh roimhe seo. ní bheidh an creidmheas iomlán a lamhálfar do dhuine i gcoinne cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe níos mó ná an cháin ioncaim iomlán is iníoctha ag an duine áirithe don bhliain mheasúnuithe sin. lúide aon cháin atá an duine sin i dteideal. seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, a mhuirearú i gcoinne aon duine eile. | ||||||
Eifeacht Lamháltais Chreidmheasa ar ríomh Ioncaim. | ||||||
7. (1) Faoi réir forál na míre seo i gcás ina mbeidh creidmheas in aghaidh cánach Ceanadaí le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, ní déanfar aon ashbaint in aghaidh cánach Ceanadaí (pé acu i leith an ioncaim sin nó aon ioncaim eile é) nuair a bheas méid an ioncaim sin á ríomh chun cuspóirí cánach brabús corparáide. | ||||||
(2) Má bhíonn díbhinn ar áireamh san ioncam agus más rud é, faoin gComhaontú, go mbeidh cáin Cheanadach, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur sa chuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, déanfar, chun cuspóirí cánach brabús corparáide, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú an méid den cháin Cheanadach, nach inmhuirir amhlaidh, a bheas le cur sa chuntas agus méid an chreidmheasa á ríomh. | ||||||
(3) D'ainneoin aon ní sna forála roimhe seo den mhír seo, i gcás nach féidir cuid den cháin Cheanadach i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin den tsórt sin a bheas, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, le háireamh mar mhéadú ar an ioncam) a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, déanfar, chun cuspóirí cánach brabús corparáide, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna laghdú an chuid sin den cháin Cheanadach sin. | ||||||
8. (1) I gcás ina mbeidh creidmheas in aghaidh cánach Ceanadaí le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas den mhír seo maidir le méid an ioncaim sin a ríomh chun cuspóirí cánach ioncaim. | ||||||
(2) I gcás ina mbeidh an cháin ioncaim is iníoctha ag braith ar an méid a fuarthas sa Stát, déanfar an méid sin d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú méid an chreidmheasa is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim. | ||||||
(3) I gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfo-mhír dheiridh roimhe seo— | ||||||
(a) ní déanfar aon asbhaint i leith cánach Ceanadaí (pé acu i leith an ioncaim chéanna nó aon ioncaim eile é); agus | ||||||
(b) má bhíonn díbhinn ar áireamh san ioncam agur más rud é, faoin gComhaontú go mbeidh cáin Cheanadach, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur sa chuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, áireofar méid an ioncaim amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú an méid den cháin Cheanadach, nach inmhuirir amhlaidh. a bheas le cur sa chuntas agus méid an chreidmheasa á ríomh; ach | ||||||
(c) d'ainneoin aon ní sna forála roimhe seo den fho-mhír seo, i gcás ina mbeidh aon chuid den cháin Cheanadach i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin den tsórt sin a bheas, faoi chlásal (b) den fho-mhír seo, le háireamh mar mhéadú ar an ioncam) le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, nó nach féidir í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, déanfar, chun cuspóirí cánach ioncaim. méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna laghdú an chuid sin den cháin Cheanadach sin. | ||||||
(4) Maidir le hioncam iomlán duine a ríomh chun an ráta a chinneadh a luaitear i mír 5 den Chuid seo den Sceideal seo, beidh éifeacht ag na forála sin roimhe seo den mhír seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas— | ||||||
(a) in ionad na tagairte i bhfo-mhír (2) do mhéid an chreidmheasa is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim, cuirfear tagairt do mhéid na cánach Ceanadaí i leith an ioncaim (agus, i gcás díbhinne, gan áireamh a dhéanamh ar cháin Cheanadach nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne), agus | ||||||
(b) ní bheidh feidhm ag clásail (b) agus (c) d'fho-mhír (3), | ||||||
agus, faoi réir na modhnuithe sin, beidh éifeacht ag na forála sin maidir leis an ioncam go léir a bhfuil creidmheas le lamháil ina chás in aghaidh cánach Ceanadaí. | ||||||
Forála speisialta maidir le Díbhinní. | ||||||
9. Más rud é, i gcás aon díbhinne, go mbeidh cáin Cheanadach, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, cur sa chuntas. faoin gComhaontú, nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, is í cáin Cheanadach, nach inmhuirir amhlaidh, a cuirfear sa chuntas ná an cháin a thiteas ar an gcomhlucht corpraithe a iocas an díbhinn i leith na mbrabús iomchuí, sa mhéid go bhfuil sí ínchurtha le ceart i leith na cionúireachta de na brabúis iomchuí a n-ionadaíonn an díbhinn í. | ||||||
Is iad na brabúis iomchuí— | ||||||
(a) má híoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe, brabúis na tréimhse sin; | ||||||
(b) mura n-íoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe ach go n-íoctar í as brabúis sonraithe, na brabúis sin; | ||||||
(c) mura n-íoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe ná as brabúis sonraithe, brabúis na tréimhse deiridh dar hullmhaíodh cuntais an chomhluchta chorpraithe agus a chríochnaigh sara raibh an díbhinn iníoctha: | ||||||
Ar choinníoll, má tharlaíonn, i gcás a thiocfas faoi fho-mhír (a) nó fo-mhír (c) den mhír seo, go mbeidh breis ag an díbhinn iomlán ar a mbeidh ar fáil le dáiliú de bhrabúis na tréimhse a luaitear sa bhfo-mhír sin (a) nó sa bhfo-mhír sin (c), pé acu é. gurb iad is brabúis iomchuí brabúis na tréimhse sin móide an oiread a bheas ar fáil le dáiliú de bhrabúis tréimhsí roimhe sin (seachas brabúis a dáilíodh roimhe sin nó a háiríodh roimhe sin mar bhrabúis iomchuí chun cuspóirí na míre seo) agus is comhionann leis an mbreis; agus chun cuspóirí an choinníll seo cuirfear sa chuntas ar dtús brabúis na tréimhse is déanaí roimhe sin, ansin brabúis na tréimhse is déanaí roimhe sin arís, agus mar sin de. | ||||||
10. I gcás— | ||||||
(a) ina bhforálann an Comhaontú go bhfuil, maidir le díbhinní d'aicmí áirithe, agus nach bhfuil, maidir le díbhinní d'aicmí eile, cáin Cheanadach. nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith díbhinní. le cur sa chuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na ndíbhinní; agus | ||||||
(b) ina n-íocfar díbhinn nach d'aicme a bhforálann an Comhaontú amhlaidh ina taobh, | ||||||
ansin, má híoctar an díbhinn le cuideachta a rialaíos, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná leath na cumhachta vótála i gcuideachta íoctha na díbhinne, lamhálfar creidmheas amhail is dá mba dhíbhinn í d'aicme a bhforálann an Comhaontú amhlaidh ina taobh. | ||||||
Ilghnéitheach. | ||||||
11. Ní lamhálfar creidmheas faoin gComhaontú i gcoinne na gcánacha Éireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim le haon duine, más é rogha an duine áirithe nach lamhálfaí creidmheas i leith an ioncaim sin. | ||||||
12. Más rud é, faoin gComhaontú, gur féidir faoiseamh a thabhairt sa Stát nó i gCeanada i leith aon ioncaim agus go ndealraíonn sé, maidir leis an measúnú le haghaidh cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide a rinneadh i leith an ioncaim, nach i leith a mhéid iomláin a rinneadh é nó go bhfuil sé neamhchruinn ag féachaint don chreidmheas, más ann, atá le tabhairt faoin gComhaontú, féadfar aon mheasúnuithe breise a dhéanamh is gá chun a áirithiú go ndéanfar méid iomlán an ioncaim a mheasúnú agus go dtabharfar an creidmheas ouí, más ann, ina leith, agus i gcás an t-ioncam a chur ar iontaoibh aon duine sa Stát chun a íoctha, féadfar aon mheasúnú breise den tsórt sin i leith cánach ioncaim a dhéanamh ar fháltaí an ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D. | ||||||
13. (1) Faoi réir forál míre 14 den Chuid seo den Sceideal seo, aon éileamh a déanfar ar lamháltas i bhfoirm chreidmheasa in aghaidh cánach Ceanadaí i leith aon ioncaim, cuirfear i scríbhinn é go dtí an cigire cánach tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnuithe iomchuí agus, má dhéanann an cigire agóid i gcoinne aon éilimh den tsórt sin. éistfear agus cinnfear í ag na Coimisinéirí Speisialta amhail is dá mb'achomharc chucu é i gcoinne measúnuithe i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, leis na modhnuithe is gá, ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hathéisteacht achomhairc nó le sonrú cáis le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí. | ||||||
(2) Sa mhír seo, ciallaíonn an abairt “an bhliain mheasúnuithe iomchuí”, maidir le creidmheas in aghaidh cánach Ceanadaí i leith aon ioncaim, an bhliain mheasúnuithe dá bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar an ioncam sin, nó dá mbeadh cáin ioncaim le muirearú uirthi i gcás aon cháin ioncaim a bheith inmhuirir ina leith. | ||||||
14. Má tharlaíonn méid aon chreidmheasa, a bheirtear faoin gComhaontú a bheith iomarcach nó neamhdhóthaineach de dhroim aon choigeartuithe ar mhéid aon chánach is iníoctha sa Stát nó i gCeanada, ní bheidh feidhm ag aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, ná sna hachtacháin a bhaineas le cáin bhrabús corparáide, a thérainníos an t-am chun measúnuithe nó éilimh ar fhaoisimh a dhéanamh, maidir le haon mheasúnú nó éileamh a thiocfas den choigcartú agus is measúnú nó éileamh a déanfar tráth nach déanaí ná sé bliana ón uair a rinneadh gach measúnú, coigeartú agus cinneadh eile den tsórt sin a bhainfeadh lena chinneadh an bhfuil aon chreidmheas le tabhairt agus, má tá, cad é an méid é. |