|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1955
[EN] | ||||||
[EN] |
AN CHEAD SCEIDEAL. Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada chun Cánachas Dúbailte a Sheachaint agus Cosc a chur le hIomghabháil Fioscach i leith Dleachta ar Eastáit Daoine Marbha. | |||||
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada, | ||||||
D'fhonn Comhaontú a dhéanamh chun cánachas dúbailte a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil Fioscach i leith dleachta ar eastáit daoine marbha. | ||||||
Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtóirí uathu chun na críche sin: | ||||||
Rialtas na hÉireann: | ||||||
Seán Ó Murchadha, Ambasadóir Urghnáthach agus Lánchumhachtóir na hÉireann in Ottawa; | ||||||
Rialtas Cheanada: | ||||||
Walter E. Harris. Aire Airgeadais i Rialtas Cheanada, | ||||||
Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí, comhaontú mar leanas:— | ||||||
Airteagal I. | ||||||
1. Is iad dleachta is ábhar don Chomhaontú seo: | ||||||
(a) In Éirinn: | ||||||
An dleacht eastáit a forchuirtear in Éirinn, | ||||||
agus | ||||||
(b) I gCeanada: | ||||||
An dleacht chomharbais a forchuirtear i gCeanada. | ||||||
2. Bainfidh an Comhaontú seo freisin le haon dleachta eile a bheas go substainteach i gcosúlacht leis na dleachta sin agus a fhorchuirfeas ceachtar Rialtas Conarthach tar éis dáta sínithe an Chomhaontuithe seo. | ||||||
Airteagal II. | ||||||
1. Sa Chomhaontú seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt:— | ||||||
(a) ciallaíonn an téarma “críoch”, nuair a húsáidte ar é maidir le ceachtar de na Rialtais Chonarthacha. Éire nó Ceanada, do réir mar éilíos an comhthéacs; | ||||||
(b) ciallaíonn an téarma “dleacht” an dleacht eastáit a forchuirtear in Éirinn nó an dleacht chomharbais a forchuirtear i gCeanada, do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||||||
2. Nuair a bheas feidhm á thabhairt d'fhorála an Chomhaontuithe seo ag ceann de na Rialtais Chonarthacha, beidh le haon téarma nach mínítear ar shlí eile, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlithe de chuid an Rialtais Chonarthaigh sin a bhaineas leis na dleachta is ábhar don Chomhaontú seo. | ||||||
Airteagal III. | ||||||
I gcás duine d'fháil bháis agus é ina shainchónaí in aon chuid de chríoch Rialtais Chonarthaigh, ansin, maidir le situs aon cheart nó leas, dlíthúil nó cothromais, in aon cheann nó ar aon cheann de na haicmí maoine seo a leanas is cuid, nó a meastar is cuid, chun cuspóirí dleachta, d'eastát an duine sin nó a aistríos, nó a meastar d'aistriú, chun cuspóirí dleachta, ar é d'fháil bháis, déanfar, chun an dleacht d'fhorchur agus chun cuspóirí an chreidmheasa atá le lamháil faoi Airteagal V. é a chinneadh go heisiach do réir na rialacha seo a leanas, ach i gcásanna nach dtagann faoi na rialacha sin déanfar situs aon cheart nó leas den tsórt sin a chinneadh, chun na gcuspóirí sin, do réir na ndlithe a bheas i bhfeidhm i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile: | ||||||
(a) I gcás maoine do-chorruithe (seachas i bhfoirm urrúis), measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil an mhaoin sin; | ||||||
(b) I gcás maoine tadhaill so-chorruithe (seachas i bhfoirm urrúis agus seachas maoin dá ndéantar socrú sonrach anseo ina dhiaidh seo), nótaí bainc nó airgid reatha, cineálacha eile airgid reatha a haitheantar mar dhlí-thairiscint in áit a n-eisithe, billí malairte soshannta agus nótaí geallúna so-shannta, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil an mhaoin, na nótaí, an t-airgead reatha nó na doiciméid sin tráth an bháis, nó, más in transitu dóibh, ag an gceann scríbe; | ||||||
(c) I gcás fiacha conartha shimplí, seachas na foirmeacha fiachais dá ndéantar socrú sonrach anseo, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina raibh an féichiúnaí ina chónaí tráth an bháis; | ||||||
(d) I gcás bannaí, morgáistí, bintiúirí, stoc bintiúra agus fiacha a hurraíodh le doiciméad faoi shéala, seachas na foirmeacha fiachais dá ndéantar socrú sonrach anseo, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil doiciméad a bhfianuithe tráth an bháis nó, má bhíd inscríofa nó cláraithe, a bheith in áit an inscríofa nó an chláruithe; | ||||||
(e) I gcás cuntas bainc, measfar a láthair suímh a bheith sa bhrainse inar coimeádadh an cuntas; | ||||||
(f) I gcás urrús d'eisigh aon rialtas, cathair bhardasach nó údarás poiblí, measfar, más urrúis chuig iomparthóir iad, a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuilid tráth an bháis nó, má bhíd inscríofa nó cláraithe, a bheith in áit an inscríofa nó an cláruithe; | ||||||
(g) I gcás scaireanna nó stoic chaipitil i gcuideachta (lena n-áirítear aon scaireanna nó stoc den tsórt sin ar teachtadh ag ainmní, pé acu scruith-dheimhnithe nó eile a fhianaíos an únaeracht tairbhiúil, ach gan aon scaireanna ná stoc den tsórt sin d'áireamh is scaireanna nó stoc chuig iomparthóir), measfar a láthair suímh a bheith san áit inar corpraíodh an chuideachta sin. Ach más faoi dhlithe na Breataine Móire nó faoi dhlithe Thuaisceart Éireann a corpraíodh aon chuideachta den tsórt sin, agus má meastar faoi dhlithe na Breataine Móire nó Thuaisceart Éireann agus faoi dhlithe na hÉireann gur sócmhainní a bhfuil a láthair suímh in Éirinn scaircanna nó stoc na cuideachtan sin nuair a bhíd cláraithe ar chraobh-chlár leis an gcuideachta sin a coimeádtar in Éirinn, measfar gur sócmhainní a bhfuil a láthair suímh in Éirinn na scaireanna nó an stoc sin. | ||||||
I gcás scaireanna nó stoic chaipitil i gcuideachta is scaireanna nó stoc caipitil chuig iomparthóir, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil na doiciméid teidil chucu tráth an bháis; ar choinníoll go measfar láthair suímh aon scaireanna nó stoic den tsórt sin i gcuideachta a corpraíodh faoi dhlithe cheachtar de na Rialtais Chonarthacha a bheith freisin san áit inar corpraíodh an chuideachta sin; | ||||||
(h) I gcás airgid is iníoctha faoi pholasaí árachais, pé acu faoi shéala dhó nó nach ea, measfar a láthair suímh a bheith san áit ar fhoráil an polasaí an t-airgead a bheith iníoctha ann nó, d'éagmais aon fhorála den tsórt sin, i gceann-oifig na cuideachtan; | ||||||
(i) I gcás scaireanna i gcomhpháirtíocht, measfar a láthair suímh a bheith i bpríomh-áit sheolta an ghnótha; | ||||||
(j) I gcás long agus aerárthach agus scaireanna iontu, measfar a láthair suímh a bheith in áit chláruithe na loinge nó an aerárthaigh; | ||||||
(k) I gcás cáilmheasa mar shócmhainn cheirde nó ghnótha nó ghairme, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina mbítear ag gabháil don cheird, don ghnó nó don ghairm lena mbaineann sé; | ||||||
(l) I gcás paitinní, trádmharcanna agus dearacht, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuilid cláraithe; | ||||||
(m) I gcás cóipchirt, díolúintí, agus cearta nó ceadúnas chun aon ábhar cóipchirt, paitinn, trádmharc nó dearacht d'úsáid, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil na cearta a éiríos astu infheidhmithe; | ||||||
(n) I gcás ceart nó cúiseanna caingin ex delicto atá ar marthain chun tairbhe eastáit éagaigh, measfar a láthair suímh a bheith san áit inar éirigh na cearta nó na cúiseanna caingin sin; | ||||||
(o) I gcás fiacha breithiúnais, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina dtaifeadtar an breithiúnas; | ||||||
Ar choinníoll, má dhéanfadh Rialtas Conarthach dleacht d'fhorchur, lasmuigh den Airteagal seo, ar aon mhaoin a bhfuil a láthair suímh i gcríoch an Pháirtí sin agus a aistríos faoi dhiúscairt nach bhfuil faoi réim dhlí an Rialtais sin, nach mbeidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an maoin sin mura rud é, de bhíthin a fheidhme nó ar chúis eile, go ndéanann an Rialtas Conarthach eile, nó go ndéanfadh sé mura mbeadh díolúine shonrach éigin, dleacht d'fhorchur ar an maoin sin. | ||||||
Airteagal IV. | ||||||
1. Nuair a beifear ag cinneadh an mhéid ar a bhfuil dleacht le ríomh, lamhálfar asbhaintí ceadaithe do réir an dlí a bheas i bhfeidhm sa chríoch ina bhforchuirtear an dleacht. | ||||||
2. I gcás Rialtas Conarthach d'fhorchur dleachta ar dhuine d'fháil bháis nach raibh tráth a bháis ina shainchónaí in aon chuid de chríoch an Rialtais Chonarthaigh sin ach a bhí ina shainchónaí i gcuid éigin de chríoch an Rialtais Chonarthaigh eile, ní tabharfar aon aird, le linn méid nó ráta na dleachta sin a chinneadh, ar mhaoin a bhfuil a láthair suímh lasmuigh den chríoch chéadluaite; ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le dleacht a forchuirtear in Éirinn i gcás maoin d'aistriú faoi dhiúscairt atá faoi réim dhlí na hÉireann. | ||||||
Airteagal V. | ||||||
1. I gcás ina ndéanfaidh Rialtas Conarthach dleacht d'fhorchur toisc éagach a bheith ina shainchónaí i gcuid éigin dá chríoch tráth a bháis. lamhálfaidh an Rialtas Conarthach sin, i gcoinne an mhéid dá dhleacht (arna ríomh ar shlí eile) is inchurtha i leith maoine a bhfuil a láthair suímh i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile, creidmheas (nach mó ná méid na dleachta is inchurtha i leith na maoine sin amhlaidh) is comhionann leis an oiread is inchurtha i leith na maoine sin den dleacht a forchuirtear i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile; ach ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le haon mhaoin den tsórt sin a luaitear i mír (3) den Airteagal seo. | ||||||
2. I gcás ina bhforchuireann Éire dleacht ar mhaoin a aistríos faoi dhiúscairt atá faoi réim dhlí na hÉireann, lamhálfaidh an Rialtas Conarthach sin creidmheas de shamhail an chreidmheasa a foráltar leis an mír sin roimhe seo den Airteagal seo. | ||||||
3. I gcás ina bhforchuireann gach Rialtas Conarthach faoi leith dleacht ar aon mhaoin a meastar faoi Airteagal III a láthair suímh a bheith— | ||||||
(a) lasmuigh de chríocha an dá Rialtas Chonarthach, nó | ||||||
(b) i gcríocha an dá Rialtas Chonarthach, | ||||||
lamhálfaidh gach Rialtas Conarthach faoi leith, i gcoinne an mhéid dá dhleacht (arna ríomh ar shlí eile) is inchurtha i leith na maoine sin. creidmheas a mbeidh idir é agus an méid dá dhleacht is inchurtha i leith na maoine sin amhlaidh. nó idir é agus an méid de dhleacht an Rialtais Chonarthaigh eile is nichurtha i leith na maoine céanna. pé acu sin is lú. an cothrom céanna a bheas idir an méid céadluaite agus suim an dá mhéid. | ||||||
4. Chun cuspóirí an Airteagail seo, déanfar an méid de dhleacht Rialtais Chonarthaigh is inchurtha i leith aon mhaoine d'fhionnadh tar éis aird a thabhairt ar aon chreidmheas nó lamháltas nó faoiseamh. nó aon loghadh nó laghdú i leith dleachta, seachas i leith dleachta is iníoctha i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile. | ||||||
Airteagal VI. | ||||||
1. Aon éileamh ar chreidhmheas nó ar aisíoc dleachta a bheas bunaithe ar fhorála an Chomhaontuithe seo, déanfar é laistigh de shé bliana ó dháta báis an éagaigh ar i leith a eastáit a bheas an t-éileamh á dhéanamh nó, i gcás leasa frithdhílse ina n-iarchuirtear íoc na dleachta go dtí dáta an leasa a theacht chun seilbhe, laistigh de shé bliana ón dáta sin. | ||||||
2. Déanfar aon aisíoc den tsórt sin gan ús d'íoc ar an suim a haisíocfar amhlaidh. | ||||||
Airteagal VII. | ||||||
1. Déanfaidh údaráis chánachais na Rialtas Conarthach ar sin d'iarraidh orthu. pé eolas (is eolas a bheas ar fáil faoi dhlithe cánachais na Rialtas Conarthach faoi seach) a mhalairtiú is gá chun forála an Chomhaontuithe seo a chomhlíonadh. nó chun calaois a chosc nó forála reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na dleachta is ábhar don Chomhaontú seo. Aon eolas a malairteofar amhlaidh coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na ndleacht is ábhar don chomhaontú seo. Ní malairteofar aon eolas a nochtfadh aon rún ceirde nó aon phróis cheirde. | ||||||
2. Mar a húsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais”, i gcás na hÉireann. na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe, agus i gcás Cheanada, an tAire Ioncaim Náisiúnta nó a ionadaí údaraithe. | ||||||
Airteagal VIII. | ||||||
1. Daingneofar an Comhaontú seo agus malairteofar na hion straimí daingniúcháin i mBaile Átha Cliath a luaithe is féidir. | ||||||
2. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar dháta na ndaingniúchán a mhalairtiú agus ní bheidh éifeacht aige ach amháin | ||||||
(a) maidir le heastáit daoine a gheobhas bás ar an dáta sin nó dá éis; agus | ||||||
(b) maidir le heastát aon duine a gheobhas bás roimh an dáta sin agus tar éis lá deiridh na bliana caileandair díreach roimh an dáta sin, agus a roghnóidh a ionadaí pearsanta i scríbhinn forála an Chomhaontuithe seo a chur i bhfeidhm ar an eastát sin. | ||||||
Airteagal IX. | ||||||
1. Fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go ceann trí bliana ar a laghad tar éis dáta a theachta i bhfeidhm. | ||||||
2. Más rud é, laistigh de shé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse trí mblian sin, nach mbeidh ceachtar de na Rialtais Chonarthacha tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt don Rialtas Conarthach eile go bhfuil ar intinn aige an Comhaontú seo d'fhorceannadh, fanfaidh an Comhaontú i bhfeidhm tar éis na tréimhse trí mblian sin go dtí go mbeidh ceann de na Rialtais Chonarthacha tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt go bhfuil sin ar intinn aige, agus sa chás sin ní bheidh éifeacht ag an gComhaontú seo maidir le heastáit daoine a gheobhas bás ar an dáta nó i ndiaidh an dáta (nach luaithe ná an seascadú lá tar éis dáta an fhógra sin) a sonrófar sa bhfógra sin, nó, mura sonraítear aon dáta, ar an seascadú lá nó i ndiaidh an seascadú lae tar éis dáta an fhógra sin. | ||||||
DÁ FHIANÚ SIN tá na Lánchumhachtóirí thuas-ainmnithe tar éis an Comhaontú seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú dhe. | ||||||
ARNA DHÉANAMH in Ottawa, i ndúblach, an 28ú lá seo de Dheireadh Fómhair, naoi gcéad déag caoga a ceathair. | ||||||
|