An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Dleachta Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada chun Cánachas Dúbailte a Sheachaint agus Cosc a chur le hIomghabháil Fioscach i leith Dleachta ar Eastáit Daoine Marbha.)

13 1955

AN tACHT AIRGEADAIS, 1955

CUID VI.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

An Cuntas Fuascailte Seirbhisí Caipitiúla.

18. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “alt leasaitheach 1954” alt 28 den Acht Airgeadais 1954 ( Uimh. 22 de 1954 );

ciallaíonn “an cúigiú blianacht bhreise” an tsuim a muirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire. “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead as a chéile dar tosach an bhliain airgeadais a chríochnós an 31ú lá de Mhárta. 1956, ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1954 ach “£802,363” a chur in ionad “£777,094”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1951 ach “£509,021” a chur in ionad “£500,278”.

(4) Déanfar suim £688,618 chun fuascailte iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais as a chéile dar tosach an bhliain airgeadais a chríochnós an 31ú lá de Mhárta, 1956.

(5) Íocfar an cúigiú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfeas an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise, nach mó ná £445,446 in aon bhliain airgeadais áirithe, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiachas poiblí d'íoc.

(7) Déanfar iarmhéid na cúigiú blianachta breise d'úsáid in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Athghairm.

19. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

20. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

21. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm ar an 6ú lá d'Aibreán, 1955, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.