|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Báis.) | Ar Aghaidh (CUID V. Dleachta Stampa.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1955
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide. | |
[EN] |
An Comhaontú sa Dara Sceideal a dhaingniú. |
14. —(1) Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 28ú lá de Dheireadh Fómhair. 1954, idir an Rialtas agus Rialtas Cheanada (dá ngairmtear an Comhaontú san alt seo) agus beidh feidhm dlí aige. |
[EN] | (2) Chun éifeacht a thabhairt don Chomhaontú beidh éifeacht ag an forála atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Déanfar na cionranna is gá chun éifeacht a thabhairt do théarmaí an Chomhaontuithe maidir le cáin bhrabús corparáide i gcás tréimhsí cuntasaíochta a thosnós roimh an lú lá d'Aibreán sa bhliain a bheas éifeacht i gcéadóir ag an gComhaontú agus a chríochnós ar an dáta sin nó dá éis, agus is i gcomhréir leis an méid mí nó codán de mhí a bheas sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an lú lá d'Aibreán adúradh agus a bheas sa chuid eile den tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin faoi seach a déanfar aon chionroinnt den tsórt sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham rialacháin a dhéanamh maidir le deonadh na bhfaoiseamh a sonraítear sa Chomhaontú agus féadfaid, go sonrach, socrú a dhéanamh leis na rialacháin sin— | |
[EN] | (a) chun a áirithiú nach raghaidh aon fhaoisimh den tsórt sin, ó chánachas a forchuirtear le dlithe Cheanada agus a ndéantar socrú dhóibh sa Chomhaontú, chun sochair do dhaoine nach bhfuil teideal acu chucu, agus | |
[EN] | (b) chun a údarú, i gcásanna ina ndearnadh, d'fhonn téarmaí an Chomhaontuithe a chomhlíonadh, cáin is inbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil áirithe d'fhágaint gan baint aisti agus ina bhfionnfar nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú maidir leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnú ar an duine ag a bhfuil teideal chun na híocaíochta nó trí asbhaint a dhéanamh as íocaíochtaí ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Forléiriú na Coda seo den Acht seo. |
15. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo agus an Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a léamh agus d'fhorléiriú a mhéid a bhainid le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhainid le cáin bhrabús corparáide, déanfar iad a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin. |