|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mál.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1955
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Dleachta Báis. | |
[EN] |
An Comhaontú sa Chéad Sceideal a dhaingniú. |
10. —(1) Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 28ú lá de Dheireadh Fómhair. 1954, idir an Rialtas agus Rialtas Cheanada (dá ngairmtear an Comhaontú san alt seo) agus beidh feidhm dlí aige. |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894 (a dhéanas foráil i dtaobh faoisimh maidir le dleacht is iníoctha i dtír iasachta) maidir le dleacht chomharbais is inmhuirir faoi na dlithe de chuid Cheanada lena mbaineann forála an Chomhaontuithe. | |
[EN] |
Deimhniú— méid ionchasach dleachta eastáit. |
11. —Más rud é— |
[EN] | (a) go dtiocfaidh iontaobhaithe socraíochta chun bheith freagrach maidir le dleacht eastáit is iníoctha de bhuaidh ailt 30 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) . i leith aon mhaoine, agus | |
[EN] | (b) go mbeartaítear go scoirfidh an mhaoin nó aon chuid di de bheith ar áireamh sa tsocraíocht. | |
[EN] | ansin, má gheibheann na hiontaobhaithe deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim ar an méid is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is cuí d'áireamh mar mhéid ionchasach na dleachta, agus má thugaid do na Coimisinéirí Ioncaim an t-eolas agus an fhianaise uile a theastós ó na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil leis an iarratas ar an deimhniú, ní bheidh aon duine freagrach mar iontaobhaí ar an socraíocht, i leith na dleachta lena mbaineann an deimhniú, i méid is mó ná an méid a bheas deimhnithe. | |
[EN] |
Polasaithe árachais áirithe a chomhshuimiú, etc. |
12. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 4 den Finance Act, 1894, má bhíonn ar áireamh sa mhaoin a aistreos ar bhás duine, ach nach raibh leas riamh ag an éagach inti, aon pholasaithe árachais ar shaol an éagaigh, nó aon airgead a fuarthas faoi pholasaí den tsórt sin, nó leasa i bpolasaí nó in airgead den tsórt sin, ansin, chun an ráta dleachta eastáit a bheas le n-íoc orthu a chinneadh, déanfar na polasaithe, an t-airgead agus na leasa uile a bheas ar áireamh amhlaidh sa mhaoin (ach amháin aon chuid díobh nach bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith ar bhás an duine ná nach mbeadh i gcás an dleacht a bheith iníoctha ar eastáit de luach príomhshuime dá laghad) a chomhshuimiú chun aon eastát amháin a dhéanamh díobh, agus toibheofar an dleacht do réir an ráta ghrádaithe is cuí ar luach a bpríomhshuime. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo i gcás aon duine a gheobhas bás ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin. | |
[EN] |
Comhshuimiú i gcás nach mó ná deich míle punt-maoin an éagaigh. |
13. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “maoin an éagaigh” maoin a bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith i ndáil le bás an éagaigh agus arb é atá inti— | |
[EN] | (a) maoin a raibh an t-éagach ina teideal go hiomlán, nó a raibh sé inniúil ar í a dhiúscairt, tráth a bháis, nó | |
[EN] | (b) maoin a aistríos ar bhás dó do réir bhrí na n-achtachán a bhaineas le dleacht eastáit faoi dhiúscairt a rinne sé, nó a rinneadh go díreach nó go neamhdhíreach thar a cheann nó ar a chostas nó as cistí a sholáthraigh sé, nó a rinne sé i bhfeidhmiú cumhachta ceapacháin ginearálta, nó | |
[EN] | (c) maoin a meastar de bhuaidh ailt 23 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) , nó ailt 20 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) , a bheith ar áireamh sa mhaoin a aistríos ar bhás an éagaigh; | |
[EN] | ciallaíonn “an mhaoin eile” an mhaoin a bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith i ndáil le bás an éagaigh, ach nach í maoin an éagaigh í. | |
[EN] | (2) (a) Mura mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, ní déanfar an mhaoin sin a chomhshuimiú i dteannta na maoine eile, ach beidh sí ina heastát inti féin. | |
[EN] | (b) Más mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, ní raghaidh méid na dleachta eastáit is iníoctha ina leith thar méid na dleachta eastáit dob iníoctha dá mba dheich míle punt a glan-luach, maraon leis an méid atá ag glan-luach na maoine sin de bhreis ar dheich míle punt. | |
[EN] | (3) Más mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, déanfar aon laghdú faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Finance Act, 1914. ar an dleacht eastáit is iníoctha i leith na maoine eile a ríomh, i gcás an dleacht eastáit is iníoctha i leith maoine an éagaigh a laghdú do réir míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, amhail is dá mbeadh an dleacht eastáit is iníoctha i leith maoine an éagaigh gan laghdú dó réir na míre sin. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag an alt seo i gcás aon duine a gheobhas bás ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin. |