6 1955


Uimhir 6 de 1955.


AN tACHT UM AN ACHT CUSTAM (FORÁLA SEALADACHA), 1945 (BUANÚ), 1955

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA CHUSTAM (FORÁLA SEALADACHA), 1945, I bhFEIDHM GO DTÍ AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1956. [21 Márta, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1945 a bhuanú.

1. —Leanfaidh an tAcht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Uimh. 14 de 1945) , i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1956, agus raghaidh in éag ansin.

Athghairm.

2. —Athghairmtear leis seo an tAcht um an Acht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Buanú), 1950 (Uimh. 1 de 1950) .

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um an Acht Custam (Forála Sealadacha). 1945 (Buanú), 1955, a ghairm den Acht seo.