An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Cuntais Aturnaethe.) Ar Aghaidh (CUID IX. Cleachtadh, Iompar agus Araíonacht Ghairmiúil.)

36 1954

AN tACHT ATURNAETHE, 1954

CUID VIII.

An Ciste Cúitimh.

An Ciste Cúitimh.

69. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh an Cumann ciste ar a dtabharfar an Ciste Cúitimh.

(2) Féadfaidh an Cumann deontais a thabhairt as an gCiste Cúitimh chun caillteanais de dheasca mí-ionraicis aturnaethe a mhaolú nó a laghdú.

(3) Beidh éifeacht maidir leis an gCiste Cúitimh ag na forála atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(4) Déanfar tagairt san alt seo nó sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo do mhí-ionraiceas aturnae d'fhorléiriú mar thagairt do mhí-ionraiceas aturnae, nó cléirigh nó seirbhísigh aturnae, maidir le cleachtadh an aturnae sin nó maidir le hiontaobhas arb iontaobhaí dó an t-aturnae sin.

Ranníoca chun an Chiste Chúitimh.

70. —(1) Sara n-eiseofar deimhniú cleachta chun aturnae, íocfaidh sé leis an gcláraitheoir an ranníoc bliantúil chun an Chiste Chúitimh agus aon ranníoc breise is iomchuí agus—

(a) féadfaidh an cláraitheoir gan an deimhniú d'eisiúint go dtí go ndéanfar an íocaíocht, agus

(b) ar an íocaíocht a bheith déanta, íocfaidh an cláraitheoir isteach sa Chiste Cúitimh í.

(2) Is é ranníoc bliantúil a bheas iníoctha ag aturnae leis an gCiste Cúitimh—

(a) más é deimhniú cleachta a n-íocfar ina leith é an ceathrú deimhniú a heisíodh chun an aturnae ó glacadh é nó aon deimhniú ina dhiaidh sin—cúig puint nó pé suim is lú ná sin a sonrófar le rialacháin a déanfar le comhthoiliú an Aire Dhlí agus Cirt,

(b) más é deimhniú cleachta é an chéad, an dara nó an tríú deimhniú a heisíodh chun an aturnae ó glacadh é— leath na suime dob iníoctha i gcás deimhnithe dá dtagartar sa mhír sin roimhe seo.

(3) Aon tráth nach déanaí ná an 30ú lá de Shamhain in aon bhliain (arb í an bhliain 1960 nó aon bhliain dá éis sin í), féadfaidh an Cumann a shocrú le rún go bhfuil sé oiriúnach, chun cobhsaíocht airgeadais an Chiste Chúitimh d'áirithiú, go ndéanfadh gach aturnae a thógfas amach deimhniú cleachta in aghaidh na chéad bhliana cleachta dá éis sin (arb é an ceathrú deimhniú é a heisíodh chuige ó glacadh é nó aon deimhniú dá éis sin) ranníoc breise de mhéid shonraithe nach mó ná cúig puint d'íoc leis an gCiste Cúitimh.