An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Deimhnithe Cleachta.) Ar Aghaidh (CUID VII. Cuntais Aturnaethe.)

36 1954

AN tACHT ATURNAETHE, 1954

CUID VI.

Cleachtadh.

Cáilíochtaí chun gníomhú mar aturnae.

54. —(1) Féadfaidh aturnae ag a bhfuil na cáilíochtaí a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo gníomhú mar aturnae agus gairmtear de san Acht seo aturnae atá cáilithe chun cleachtadh.

(2) Is iad na cáilíochtaí dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:—

(a) ainm an aturnae a bheith ar an rolla;

(b) gan é a bheith ar fionraí ó chleachtadh; agus

(c) é a bheith ina aturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit nó deimhniú cleachta ina leith a bheith i bhfeidhm.

(3) Measfar aturnae a bheith ina aturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit má bhíonn agus an fhad a bheas sé faoi cheangal a chuid ama go léir a thabhairt do sheirbhís an Stáit mar aturnae agus luach saothair á fháil aige go hiomlán i leith na seirbhíse sin as airgead a sholáthraíos an tOireachtas.

Toirmeasc ar dhuine neamhcháilithe do ghníomhú mar aturnae.

55. —(1) Ní ghníomhóidh duine neamhcháilithe mar aturnae.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo, beidh sé, gan dochar d'aon dliteanas nó míchumas eile a mbeidh sé faoina réir, ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar a chiontú ann ar díotáil, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air nó, de rogha na Cúirte, fíneáil nach mó ná dhá chéad punt nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile, nó

(b) ar a chiontú ann go hachomair, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí a chur air nó, de rogha na Cúirte, fíneáil nach mó ná caoga punt nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(3) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo maidir le cúirt bhreithiúnais, beidh sé ciontach freisin i ndísbeagadh na cúirte sin agus beidh sé inphionóis dá réir sin.

Toirmeasc ar dhuine a ligean air gur aturnae é.

56. —(1) Ní ligfidh duine ar bith nach bhfuil ina aturnae air féin gur aturnae é ná ní ghlacfaidh ná ní úsáidfidh aon ainm, teideal, fuilleamh ná tuairisc ná ní dhéanfaidh aon uiríoll ná éileamh a bhéarfas le tuiscint gur aturnae é.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Gan costais a bheith inghnóthuithe má ghníomhaíonn aturnae nuair nach bhfuil sé cáilithe chun cleachtadh.

57. —(1) Má ghníomhaíonn aturnae mar aturnae aon uair nach bhfuil sé ina aturnae atá cáilithe chun cleachtadh, ní bheidh costais i leith aon ní a dhéanfas an t-aturnae sin agus é ag gníomhú amhlaidh inghnóthuithe in aon chaingean, agra ná ábhar ag an aturnae sin ná ag aon duine a bheas ag éileamh tríd nó faoi.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir d'aon tslánaíocht a bheas ag cliant aturnae faoi ordú ó aon chúirt i leith costas a dámhadh faoin ordú, a mhéid (más ann) a bheas na costais sin íoctha ag an gcliant leis an aturnae ar dháta an orduithe.

Srian le doiciméid a tharraingt, etc.

58. —(1) Baineann an t-alt seo leis na gníomhartha seo a leanas:

(a) doiciméad a tharraingt nó d'ullmhú a bhaineas le heastát réadach nó pearsanta nó le haon imeacht dlí,

(b) doiciméad a chur, nó iarracht a dhéanamh ar é a chur, dá fhorghníomhú ag saoránach Éireannach, más doiciméad é a bhaineas—

(i) le heastát réadach nó pearsanta, nó le maoin so-chorraithe nó do-chorraithe, atá lasmuigh den Stát agus den Ríocht Aontaithe, nó

(ii) le haon imeacht dlí, iarbhír nó beartaithe, arb é is ábhar di aon eastát nó maoin den tsórt sin,

(c) iarratas a dhéanamh, nó doiciméad a thaisceadh lena chlárú, faoin Registration of Title Act, 1891, nó faoi aon Acht ag leasú an Achta sin, i gClárlann na Talún nó chuig údarás cláraitheachta áitiúil nó le húdarás den tsórt sin,

(d) teagasc a ghlacadh le haghaidh doiciméad, nó doiciméid a tharraingt nó d'ullmhú, chun deonadh probháide nó litreacha riaracháin d'fháil nó chun cur ina choinne sin.

(2) Aon duine neamhcháilithe a dhéanfas aon ghníomh lena mbaineann an t-alt seo, beidh sé, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo agus gan dochar d'aon dliteanas nó míchumas eile a mbeidh sé faoina réir, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air

(3) Beidh na gníomhartha seo a leanas eiscithe ó na forála sin roimhe seo den alt seo—

(a) gníomh nach ndéantar go díreach ná go neamhdhíreach ar son ná de shúil aon táille, sochair nó luach saothair,

(b) gníomh a dhéanas abhcóide cleachtach,

(c) gníomh a dhéanas aon oifigeach poiblí i gcúrsa a dhualgais,

(d) gníomh a dhéanas oifigeach taidhleoireachta nó consalachta cuí-chreidiúnaithe Stáit eile i gcúrsa a dhualgais,

(e) gníomh a dhéanas nótaire poiblí i gcáil nótaire phoiblí,

(f) gníomh nach bhfuil ann ach doiciméad a léirscríobh,

(g) gníomh a dhéanas duine i bhfostaíocht abhcóide chleachtaigh nó aturnae atá cáilithe chun cleachtadh le linn dó bheith ag gníomhú i gcúrsa na fostaíochta sin faoi threoir agus faoi mhaoirseacht a fhostóra.

(4) San alt seo, folaíonn an focal “doiciméad” doiciméad faoi shéala agus doiciméad nach bhfuil faoi shéala, ach ní fholaíonn sé—

(a) litir nó cumhacht aturnae chun stoic, scaireanna, bannaí, bintiúirí nó urrúis eile stoc-mhargaidh a dhíol nó d'aistriú, agus chuige sin amháin,

(b) aistriú ar stoic, scaireanna, bannaí, bintiúirí nó urrúis eile stoc-mhargaidh gan aon iontaobhas ná tórainn,

(c) doiciméad nach bhfuil ann ach doiciméad baincéireachta, ná

(d) doiciméad nach bhfuil ann ach doiciméad tráchtála nó ceannaíochta.

Toirmeasc ar aturnae gníomhú mar ghníomhaire do dhuine neamhcháilithe.

59. —(1) Ní dhéanfaidh aturnae go toiliúil aon ní acu seo a leanas—

(a) gníomhú, i ngnó a bheas ar siúl aige mar aturnae, mar ghníomhaire do dhuine neamhcháilithe ionas go gcuirfidh sé ar chumas an duine sin gníomhú mar aturnae,

(b) a cheadú úsáid a dhéanamh dá ainm, i ngnó a bheas ar siúl aige mar aturnae, ar cuntas ná chun sochair duine neamhcháilithe, nó

(c) gníomh a dhéanamh a chuirfeas ar chumas duine neamhcháilithe gníomhú mar aturnae.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo faoi réir forál an Achta seo agus faoi réir aon eisceacht a déanfar le rialacháin faoi alt 71 den Acht seo.

Srian le duine atá scriosta den rolla nó ar fionraí d'fhostú.

60. —(1) Ní thabharfaidh aturnae, ach amháin faoi réim agus do réir ceada scríofa faoin alt seo, fostaíocht ná luach saothair, i ndáil lena chleachtadh mar aturnae, do dhuine is feasach dó a bheith ina dhuine neamhcháilithe toisc ainm an duine sin a scrios den rolla nó an duine sin d'fhionraí ó chleachtadh nó a dheimhniú cleachta d'fhionraí.

(2) Féadfaidh an Cumann cead chun críocha fo-ailt (1) den alt seo a thabhairt go ceann pé tréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leo.

(3) Aon aturnae ar cúis mhíshásaimh leis an Cumann do dhiúltú cead a thabhairt faoin alt seo nó aon choinníollacha a bheas curtha ag an gCumann leis an gcead, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh, agus féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh an diúltú nó na coinníollacha, do réir mar bheas, a dhaingniú nó an cead a thabhairt go ceann pé tréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis.

Cleachtadh a choimeád ar siúl i gcás báis nó míchumais.

61. —(1) Nuair a gheobhas aturnae bás, féadfaidh a ionadaithe pearsanta aturnae a cheapadh chun cleachtadh an aturnae mhairbh a choimeád ar siúl go ceann pé tréimhse agus ar pé téarmaí lena n-aontóidh an Cumann.

(2) I gcás aturnae d'éirí mí-mheabhrach nó neamhinniúil ar a ghnó féin a bhainistí, féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, ar iarratas ón gCumann nó ó chúramaí a eastáit, aturnae a cheapadh chun cleachtadh an aturnae a choimeád ar siúl go ceann pé tréimhse agus ar pé téarmaí lena n-aontóidh Uachtarán na hArd-Chúirte.

(3) I gcás aturnae a bhreithniú ina fhéimheach, féadfaidh an chúirt a bhreithnigh ina fhéimheach é aturnae a cheapadh chun cleachtadh an aturnae a choimeád ar siúl go ceann pé tréimhse agus ar pé téarmaí lena n-aontóidh an chúirt sin.

Toirmeasc maidir le gnó a thabhairt isteach.

62. —(1) Ní thabharfaidh aturnae luaíocht, ná ní chomhaontóidh sé í a thabhairt, do dhuine neamhcháilithe as gnó dlíthiúil a bhéarfas an duine sin isteach chun an aturnae.

(2) Beidh comhaontú a shárés an t-alt seo ar neamhní.

(3) Beidh éifeacht ag an alt seo faoi réir forál an Achta seo agus faoi réir aon eisceacht a déanfar le rialacháin faoi alt 71 den Acht seo.

Duine dá insint gur scriosadh a ainm den rolla, etc.

63. —(1) Ní dhéanfaidh duine atá ina dhuine neamhcháilithe toisc a ainm a scrios den rolla, nó é d'fhionraí ó chleachtadh nó a dheimhniú cleachta d'fhionraí, fostaíocht ag aturnae i ndáil le cleachtadh an aturnae a lorg ná a ghlacadh gan a chur in iúl roimh ré don aturnae gur duine neamhcháilithe den tsórt sin é.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Comhluchta corpraithe.

64. —(1) Ní dhéanfaidh comhlucht corpraithe, ná stiúrthóir, oifigeach ná seirbhíseach dó, aon ghníomh de shaghas ná i slí a bhéarfas le tuiscint go bhfuil an comhlucht corpraithe cáilithe, nó go n-aithníonn an dlí a bheith cáilithe, chun gníomhú mar aturnae.

(2) I gcás sárú a dhéanamh ar fho-alt (1) den alt seo beidh an comhlucht corpraithe ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, más stiúrthóir, oifigeach nó seirbhíseach don chomhlucht corpraithe a rinne an gníomh, beidh seisean freisin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

(3) In ailt 55, 58 agus 59 den Acht seo folaíonn tagairtí do dhaoine neamhcháilithe, agus tagairtí do dhaoine, tagairtí do chomhluchta corpraithe.

Ceart éisteachta i gcásanna áirithe.

65. —I gcás ina dtaifeadfaidh aturnae láithreas nó ina mbeidh sé ag gníomhú go ginearálta do pháirtí i gcaingean, agra, ábhar nó imeachta coiriúla, beidh ceart éisteachta ina leith sin in aon chúirt nó binse ina mbeidh ceart éisteachta ag an aturnae sin ag aturnae atá cáilithe chun cleachtadh agus atá ag gníomhú mar chúntóir dó.