An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Daoine a Ghlacadh mar Aturnaethe.) Ar Aghaidh (CUID VI. Cleachtadh.)

36 1954

AN tACHT ATURNAETHE, 1954

CUID V.

Deimhnithe Cleachta.

Deimhnithe cleachta d'eisiúint.

46. —Eiseoidh an cláraitheoir do réir na Coda seo den Acht seo deimhnithe (dá ngairmtear deimhnithe cleachta san Acht seo) á dheimhniú go bhfuil teideal chun cleachtadh mar aturnaethe ag na haturnaethe a bheas ainmnithe iontu.

Iarratas ar dheimhniú cleachta.

47. —(1) Seachadfaidh aturnae a bheas ag iarraidh deimhniú cleachta dearbhú, i bpearsain nó trína ghníomhaire, don chláraitheoir—

(a) a bheas sa bhfoirm atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó i bhfoirm chomhbhríoch lena n-aontóidh an Cumann, agus

(b) a bheas comhlánaithe agus sínithe ag an iarratasóir féin.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an cláraitheoir, gan coinníoll ar bith nó faoi réir coinníollacha, ar an bhforas go bhfuil an t-iarratasóir tinn nó amuigh as an Stát nó ar aon fhoras eile is leor leis an gcláraitheoir, síniú dearbhuithe faoin alt seo ag an iarratasóir féin a ligean thar ceal agus glacadh le dearbhú i bhfoirm chomhbhríoch a chomhlánaigh agus a shínigh comhpháirtí leis an iarratasóir nó duine eile lena n-aontóidh an cláraitheoir.

(3) Taifeadfaidh an cláraitheoir i gclár (dá ngairmtear clár na n-aturnaethe cleachtacha san Acht seo) na sonraí seo a leanas a bheas i ndearbhú faoin alt seo, is é sin le rá:

(a) ainm iomlán agus sloinneadh an aturnae,

(b) a áit ghnótha nó a áiteanna gnótha, agus

(c) dáta a ghlactha.

(4) Coimeádfar clár na n-aturnaethe cleachtacha ar fáil lena iniúchadh in aisce ag an bpobal le linn uaireanna oifige.

(5) Más deimhin leis an gcláraitheoir go bhfuil ainm iarratasóra faoin alt seo ar an rolla, déanfaidh sé, faoi réir forál an Achta seo, deimhniú cleachta sa bhfoirm atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó i bhfoirm chomhbhríoch a sheachadadh, má héilítear sin air, don iarratasóir nó dá ghníomhaire údaraithe laistigh de cheithre lá déag tar éis an dearbhú a sheachadadh dhó.

(6) Má dhiúltaíonn an cláraitheoir go héagórach nó má fhaillíonn sé deimhniú cleachta d'eisiúint, féadfaidh an t-iarratasóir faoiseamh d'iarraidh ar an bPríomh-Bhreitheamh agus féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh pé ordú is cóir leis a dhéanamh maidir leis an ábhar.

Dáta agus tréimhse bhailíochta dheimhnithe chleachta.

48. —(1) Is é an 6ú lá d'Eanáir an dáta a bheas ar aon deimhniú cleachta a heiseofar i rith na tréimhse dar tosach an 6ú lá sin d'Eanáir in aon bhliain agus dar críoch an 5ú lá d'Fheabhra ina dhiaidh sin, agus is é lá a eisithe an dáta a bheas ar aon deimhniú cleachta nach n-eiseofar amhlaidh.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh feidhm ag deimhniú cleachta amhail ar an lá agus ón lá a mbeidh a dháta air.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh, ar é d'fháil iarratais chuige sin, a ordú, má íocann an t-iarratasóir leis an gCumann suim a shocrós an Príomh-Bhreitheamh, go mbeidh deimhniú cleachta faoi dháta is déanaí ná an 5ú lá d'Fheabhra in aon bhliain chleachta i bhfeidhm, gan coinníoll nó faoi réir coinníollacha sonraithe, amhail ar dháta agus ó dháta sonraithe is luaithe ná an dáta a bheas ar an deimhniú agus nach luaithe ná an chéad lá den bhliain chleachta sin.

(4) Beidh teideal ag an gCumann láithriú agus éisteacht d'fháil le linn iarratas faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith á éisteacht agus cuirfear toradh an iarratais in iúl don chláraitheoir.

(5) Taifeadfaidh an cláraitheoir i gclár na n-aturnaethe cleachtacha nóta i dtaobh an dáta a bheas ar dheimhniú cleachta agus, i gcás ina n-ordóidh an Príomh-Bhreitheamh go mbeidh an deimhniú i bhfeidhm amhail ar dháta agus ó dháta is luaithe ná an dáta a bheas ar an deimhniú, nóta i dtaobh an dáta sin is luaithe.

(6) Leanfaidh deimhniú cleachta a bheas i bhfeidhm de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana cleachta inar heisíodh é agus raghaidh in éag ansin.

Ordú chun deimhniú cleachta a dhiúltú.

49. —(1) Baineann an t-alt seo leis na cásanna seo a leanas ina n-iarrfaidh aturnae deimhniú cleachta:

(a) dhá mhí dhéag nó níos mó a bheith caite ó bhí deimhniú cleachta aige a bhí i bhfeidhm (gan cásanna d'áireamh ina raibh an t-iarratasóir ag cleachtadh mar aturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit laistigh de dhá mhí dhéag roimh dháta a iarratais),

(b) é a bheith arna fhionraí ó chleachtadh agus deireadh a bheith tagtha le tréimhse na fionraí,

(c) é a bheith arna scrios den rolla agus a ainm a bheith curtha ar ais ar an rolla,

(d) gan deimhniú cleachta a bhí i bhfeidhm a bheith aige laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta a cuireadh a ainm ar an rolla,

(e) é a bheith ina dhuine a mbeidh feidhm maidir lena phearsa nó lena mhaoin ag aon cheann de an cumhachta agus na forála den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, nó d'aon Acht ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, a bhaineas le bainistí agus riaradh maoine,

(f) oifig nó áit ghnótha a bheith aige i níos mó ná áit amháin san am amháin (gan áireamh a dhéanamh, má tá gníomhaire aige i mBaile Átha Cliath, ar oifig nó áit ghnótha an ghníomhaire sin) agus é a bheith iarrtha air ag an gCumann cruthú a thabhairt dóibh go ndéanann sé leor-mhaoirseacht phearsanta ar gach oifig nó áit ghnótha agus gan an cruthú sin a bheith tugtha aige don Chumann agus fógra i scríbhinn a bheith tugtha dhó ag an gCumann nár thug sé an cruthú sin,

(g) é a bheith iarrtha ag an gCumann air míniú a thabhairt ar aon ní a bhaineas lena iompar agus gan míniú is leor agus is sásúil leis an gCumann a bheith tugtha aige don Chumann ar an ní sin agus fógra i scríbhinn a bheith tugtha dhó ag an gCumann nár thug sé an míniú sin,

(h) ordú astuithe a bheith déanta ina choinne,

(i) breithiúnas nó foraithne a bheith tugtha ina choinne—

(i) faoina raibh airgead seachas costais le híoc, agus

(ii) nach breithiúnas nó foraithne a bhfuil teideal aige ina leith chun slánaíochta nó faoisimh ó aon duine eile maidir le hiomlán éifeacht an bhreithiúnais nó na foraithne air,

agus gan fianaise a bheith tugtha ar aird aige don chláraitheoir gur tugadh sásamh sa bhreithiúnas nó sa bhforaithne sin,

(j) é a bheith breithnithe ina fhéimheach,

(k) imshocraíocht lena chreidiúnaithe nó gníomhas comhshocraíochta ar mhaithe lena chreidiúnaithe a bheith déanta aige,

(l) sárú a bheith déanta aige ar ordú ón gCoiste Araíonachta á ordú dhó aon íocaíocht a dhéanamh.

(2) Nuair a iarrfas aturnae deimhniú cleachta i gcás lena mbaineann an t-alt seo—

(a) bhéarfaidh sé, mura n-ordóidh an Cumann a mhalairt, fógra go bhfuil ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh don chláraitheoir trí seachtaine ar a laghad sara ndéanfaidh sé an t-iarratas,

(b) féadfaidh an Cumann a ordú don chláraitheoir—

(i) diúltú deimhniú d'eisiúint,

(ii) deimhniú d'eisiúint gan coinníoll, nó

(iii) deimhniú d'eisiúint faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an gCumann,

(c) má ordaíonn an Cumann don chláraitheoir diúltú deimhniú d'eisiúint nó deimhniú d'eisiúint faoi réir téarmaí agus coinníollacha, cuirfear an t-ordú agus na forais ar ar tugadh é in iúl i scríbhinn don aturnae.

(3) I gcás—

(a) ina mbeidh an Cumann tar éis a ordú don chláraitheoir faoi fho-alt (2) den alt seo diúltú deimhniú cleachta d'eisiúint, agus

(b) ina gcruthóidh an t-iarratasóir don Chumann go bhfuil sé tar éis achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh faoi fho-alt (5) den alt seo i gcoinne an orduithe,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) d'ainneoin an t-ordú a bheith tugtha cheana féin acu, cuirfidh an Cumann faoi deara don chláraitheoir deimhniú cleachta d'eisiúint chun an iarratasóra, agus

(ii) má chruthaíonn an Cumann aon tráth don Phríomh-Bhreitheamh gur mhoilligh an t-iarratasóir go míchuí dul ar aghaidh lena achomharc, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh an t-achomharc a dhíbhe agus an deimhniú cleachta d'fhionraí.

(4) Má déantar, i gcás dá dtagartar i mír (h) nó i mír (i) d'fho-alt (1) den alt seo, achomharc chun na cúirte iomchuí i gcoinne an orduithe astuithe, an bhreithiúnais nó na foraithne (do réir mar bheas), ní diúltófar don iarratas ar dheimhniú cleachta go dtí go gcinnfear an t-achomharc, mura rud é gur dóigh leis an gCumann gur chuir an t-achomharcóir fad míchuí leis na himeachta san achomharc.

(5) Laistigh de mhí tar éis ordú ón gCumann a chur in iúl dó faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh i gcoinne an orduithe chun an deimhniú a dhiúltú nó i gcoinne na dtéarmaí agus na gcoinníollacha (do réir mar bheas), agus féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh—

(a) más achomharc i gcoinne orduithe chun deimhniú a dhiúltú an t-achomharc—

(i) diúltú don achomharc agus aon deimhniú cleachta a bheas eisithe cheana féin d'fhionraí, nó

(ii) an t-ordú d'urscaoileadh gan aon ordú a thabhairt maidir le haon deimhniú cleachta a bheas eisithe cheana féin nó a bheas le heisiúint, nó

(iii) an t-ordú d'urscaoileadh agus a ordú go mbeidh aon deimhniú cleachta a bheas eisithe cheana féin, nó aon deimhniú cleachta a bheas le heisiúint, faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an bPríomh-Bhreitheamh, nó

(b) más achomharc i gcoinne téarmaí agus coinníollacha an t-achomharc, diúltú don achomharc nó na téarmaí agus na coinníollacha d'athrú nó d'urscaoileadh.

(6) Leanfaidh fionraí faoi fho-alt (5) den alt seo ar dheimhniú cleachta de bheith i bhfeidhm go dtí go raghaidh an deimhniú in éag.

(7) Cuirfidh an cláraitheoir faoi deara go dtaifeadfar i gcoinne ainme an aturnae i gclár na n-aturnaethe cleachtacha nóta i dtaobh fionraí faoi fho-alt (5) den alt seo ar dheimhniú cleachta.

(8) Más rud é, ag féachaint d'fhíorais cháis lena mbaineann an t-alt seo—

(a) go mbeidh an Cumann tar éis a ordú don chláraitheoir faoi fho-alt (2) den alt seo deimhniú cleachta d'eisiúint gan coinníoll, nó

(b) go n-urscaoilfidh an Príomh-Bhreitheamh, de thoradh achomhairc faoi fho-alt (5) den alt seo, ordú chun deimhniú cleachta a dhiúltú gan aon ordú a thabhairt maidir le haon deimhniú cleachta a bheas eisithe cheana féin nó a bheas le heisiúint, nó go n-urscaoilfidh sé téarmaí nó coinníollacha,

scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an gcás de dhroim na bhfíoras sin.

Deimhniú cleachta d'fhionraí ar aturnae a bhreithniú ina fhéimheach.

50. —(1) Má breithnítear aturnae ina fhéimheach oibreoidh sin láithreach chun a dheimhniú cleachta (más ann) d'fhionraí go dtí—

(a) go raghaidh an deimhniú in éag, nó

(b) go gcuirfear an breithniú féimheachta ar neamhní agus go seirbheálfar ar an gcláraitheoir cóip oifige den ordú a chuir an breithniú féimheachta ar neamhní, nó

(c) go gcuirfear deireadh leis an bhfionraí le hordú faoi alt 51 den Acht seo,

pé acu sin is túisce a tharlós.

(2) Cuirfidh an cláraitheoir faoi deara nóta i dtaobh deimhniú cleachta d'fhionraí faoin alt seo a thaifeadadh i gcoinne ainme an aturnae i gclár na n-aturnaethe cleachtacha.

Deireadh a chur le fionraí dheimhnithe chleachta.

51. —(1) I gcás ina bhfionrofar deimhniú cleachta de bhuaidh ailt 50 den Acht seo, féadfaidh an t-aturnae, aon tráth sara raghaidh an deimhniú in éag agus sara gcuirfear an breithniú féimheachta ar neamhní, a iarraidh ar an gCumann deireadh a chur leis an bhfionraí agus féadfaidh an Cumann, le hordú, deireadh a chur leis an bhfionraí, gan coinníoll nó faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leo, nó diúltú don iarratas.

(2) Más rud é, ar iarratas d'fháil faoi fho-alt (1) den alt seo, go ndiúltóidh an Cumann don iarratas nó go gcuirfid deireadh leis an bhfionraí faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha, féadfaidh an t-aturnae achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh, agus féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh deireadh a chur leis an bhfionraí, gan coinníoll nó faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, nó aon téarmaí nó coinníollacha ar cuireadh deireadh leis an bhfionraí faoina réir d'athrú, nó diúltú don achomharc.

(3) I gcás deireadh a chur le fionraí dheimhnithe chleachta aturnae, trí bhreithniú féimheachta an aturnae a chur ar neamhní agus cóip oifige den ordú a chuir an breithniú ar neamhní a sheirbheáil ar an gcláraitheoir, nó le hordú ón gCumann nó ón bPríomh-Bhreitheamh faoin alt seo, cuirfidh an cláraitheoir faoi deara láithreach nóta i dtaobh deireadh a chur leis an bhfionraí a thaifeadadh i gcoinne ainme an aturnae i gclár na n-aturnaethe cleachtacha agus, má iarrann an t-aturnae i scríbhinn air é, cuirfidh faoi deara fógra ina thaobh d'fhoilsiú, ar chostas an aturnae, san Iris Oifigiúil.

An éifeacht a bheas ag fionraí dheimhnithe chleachta.

52. —An fhad a bheas deimhniú cleachta ar fionraí, measfar d'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo, an deimhniú a bheith gan feidhm chun críocha ailt 54 den Acht seo.

Fianaise ar dheimhniú cleachta a bheith ag aturnae nó gan a bheith aige.

53. —(1) Beidh liosta a airbheartós a bheith arna fhoilsiú le húdarás an Chumainn, agus ainmneacha na n-aturnaethe a fuair deimhnithe cleachta don bhliain chleachta reatha roimh an 6ú lá d'Fheabhra sa bhliain sin a bheith ann, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur aturnaethe ag a bhfuil na deimhnithe sin na daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.

(2) Mura bhfuil ainm duine ar liosta dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo, is fianaise é sin, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach bhfuil deimhniú cleachta don bhliain chleachta reatha ag an duine sin, ach i gcás aon duine den tsórt sin beidh doiciméad a airbheartós gur sliocht é as clár na n-aturnaethe cleachtacha, agus gur dheimhnigh an cláraitheoir é a bheith ceart, ina fhianaise ar na fíorais sa sliocht.