|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. An Coiste Araíonachta.) | Ar Aghaidh (CUID V. Deimhnithe Cleachta.) |
AN tACHT ATURNAETHE, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Daoine a Ghlacadh mar Aturnaethe. | |
[EN] |
Coinníollacha chun duine a ghlacadh mar aturnae. |
24. —Faoi réir na Coda seo den Acht seo, ní glacfar duine mar aturnae mura rud é— |
[EN] | (a) go bhfuil 21 bliain d'aois slán aige, | |
[EN] | (b) go ndeachaigh sé faoi cheangal dintiúirí príntíseachta chun seirbhís a thabhairt mar phríntíseach ag aturnae cleachtach ar feadh an téarma iomchuí agus gur chruthaigh sé don Chumann go bhfuil sé tar éis seirbhís a thabhairt go cuí faoi na dintiúirí sin, | |
[EN] | (c) go bhfuair sé deimhniú nó deimhnithe ón gCumann á dheimhniú gur ghnóthaigh sé na scrúduithe forordaithe iomchuí, agus | |
[EN] | (d) gur chomhlíon sé aon choinníollacha forordaithe maidir le seirbhís faoi dhintiúirí príntíseachta agus maidir le daoine a ghlacadh mar aturnaethe nó go ndearna an Cumann tarscaoileadh ar na coinníollacha sin. | |
[EN] |
Coinníollacha chun duine a ghlacadh mar phríntíseach. |
25. —Faoi réir na Coda seo den Acht seo, ní fhéadfaidh duine dul faoi cheangal dintiúirí príntíseachta chun seirbhís a thabhairt mar phríntíseach ag aturnae mura rud é— |
[EN] | (a) go bhfuil 17 mbliana d'aois slán aige, | |
[EN] | (b) go bhfuair sé deimhniú nó deimhnithe ón gCumann á dheimhniú gur ghnóthaigh sé na scrúdaithe forordaithe iomchuí, | |
[EN] | (c) go bhfuair sé ón gCumann an toiliú dá bhforáltar le halt 27 den Acht seo, agus | |
[EN] | (d) gur chomhlíon sé aon choinníollachaforordaithe maidir le daoine a ghlacadh mar phríntísigh nó go ndearna an Cumann tarscaoileadh ar na coinníollacha sin. | |
[EN] |
Téarma dintiúirí. |
26. —Is do réir forál an Dara Sceidil a ghabhas leis an Acht seo a cinnfear téarma na ndintiúirí príntíseachta faoi aturnae cleachtach. |
[EN] |
Fianaise ar dheacharachtar. |
27. —(1) Sé seachtaine ar a laghad sara raghaidh duine faoi cheangal dintiúirí príntíseachta, bhéarfaidh sé fógra don Chumann go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus bhéarfaidh don Chumann an fhianaise fhororduithe ar a charachtar. |
[EN] | (2) Má bhíonn an Cumann sásta leis an bhfianaise a bhéarfas duine de bhun an ailt seo agus leis an eolas a gheobhaid de thoradh aon fhiosruithe is cuí leo a dhéanamh, bhéarfaidh siad a dtoiliú scríofa leis an duine sin do dhul faoi dhintiúirí príntíseachta. | |
[EN] | (3) Diúltóidh an cláraitheoir dintiúirí príntíseachta a chlárú a bhéarfar ar aird dó faoi alt 28 den Acht seo mura mbeidh i dteannta na ndintiúirí toiliú a tugadh faoin alt seo agus a bheas faoi dháta nach luaithe ná sé mhí roimh dháta na ndintiúirí. | |
[EN] | (4) Ní measfar seirbhís phríntísigh faoi dhintiúirí príntíseachta ar diúltaíodh faoin alt seo iad a chlárú a bheith ina dea-sheirbhís ag an bpríntíseach sin faoina dhintiúirí. | |
[EN] |
Dintiúirí a chlárú. |
28. —(1) Bhéarfar dintiúirí príntíseacha ar aird don chláraitheoir lena gclárú agus, ar bheith deimhin don chláraitheoir ó dhearbhú reachtúil nó ó pé fianaise eile is leor leis gur forghníomhaíodh na dintiúirí go cuí, taifeadfaidh sé i gclár ainmneacha agus seolta na bpáirtithe sna dintiúirí, dáta na ndintiúirí agus dáta an taifid a dhéanamh. |
[EN] | (2) Coimeádfar an clár faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh in aisce ag an bpobal le linn uaireanna oifige. | |
[EN] | (3) Mura dtugtar dintiúirí príntíseachta príntísigh ar aird don chláraitheoir lena gclárú laistigh de sé mhí óna ndáta, measfar, mura n-ordóidh an Cumann a mhalairt, nár thosnaigh seirbhís an phríntísigh go dtí dáta na ndintiúirí a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag na forála den alt seo a bhaineas le dintiúirí a thabhairt ar aird agus a thaifeadadh i gcás dintiúirí nua, agus i gcás dintiúirí a shannadh nó d'aistriú faoi alt 32 nó faoi ordú faoi alt 34 nó 35 den Acht seo, amhail mar atá feidhm acu i gcás dintiúirí bunaidh. | |
[EN] |
Srian le haturnae do ghlacadh nó do choimeád príntísigh. |
29. —(1) Ní ghlacfaidh aturnae aon phríntíseach tar éis an t-aturnae sin do scor de bheith ag cleachtadh nó de bheith ina aturnae atá cáilithe chun cleachtadh, ná an fhad a bheas an t-aturnae sin ar fostú mar chúntóir nó mar chléireach ag aturnae eile. |
[EN] | (2) Mura raibh aturnae ag cleachtadh go leanúnach tráth éigin mar aturnae ar feadh tréimhse seacht mblian ní ghlacfaidh sé aon phríntíseach gan cead speisialta ón gCumann. | |
[EN] | (3) Féadfar, le rialacháin, srian a chur le glacadh príntíseach ag aturnaethe atá ar fostú go lánaimsireach ag comhluchta corpraithe. | |
[EN] | (4) I gcás aturnae a bhfuil príntíseach aige do scor de bheith ag cleachtadh nó de bheith ina aturnae atá cáilithe chun cleachtadh nó a dhul ar fostú mar chúntóir nó mar chléireach ag aturnae eile, ní choimeádfaidh sé an príntíseach níos sia ná sé mhí dá éis sin. | |
[EN] | (5) Ní measfar, mura n-ordóidh an Cumann a mhalairt, seirbhís phríntísigh ag aturnae a ghlac é contrártha d'fho-alt (1) nó d'fho-alt (2) nó do rialacháin a rinneadh chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, ná seirbhís phríntísigh ag aturnae i rith aon tréimhse a choimeád an t-aturnae sin é contrártha d'fho-alt (4) den alt seo, a bheith ina dea-sheirbhís ag an bpríntíseach sin faoina dhintiúirí príntíseachta. | |
[EN] |
Cosaint do sheirbhís phríntísigh i gcás an t-aturnae a dhícháiliú. |
30. —Ní bheidh duine dícháilithe chun a ghlactha mar aturnae ná ní bheidh a ainm le scrios den rolla— |
[EN] | (a) toisc aturnae, ag a raibh sé ar seirbhís faoi dhintiúirí príntíseachta ar feadh iomláin an téarma nó coda den téarma is gá do réir an Achta seo, d'fhaillí nó do mhainniú deimhniú cleachta a thógaint amach, ná | |
[EN] | (b) toisc aturnae a raibh sé faoi cheangal dintiúirí príntíseachta aige do scor, tar éis deireadh na tréimhse a raibh sé faoi cheangal ina leith, de bheith ina aturnae atá cáilithe chun cleachtadh. | |
[EN] |
Toirmeasc le príntíseach a ghlacadh. |
31. —(1) Má ordaíonn an Cumann, nó má bhíonn cumhacht acu a ordú, don chláraitheoir diúltú d'iarratas aturnae ar dheimhniú cleachta, féadfaid, trí fhógra i scríbhinn a seirbheálfar ar an aturnae, a thoirmeasc air aon phríntíseach a ghlacadh, agus air sin ní ghlacfaidh an t-aturnae aon phríntíseach mura ndéanfaidh ná go dtí go ndéanfaidh an Cumann an toirmeasc a tharraingt siar. |
[EN] | (2) Ní measfar, mura n-ordóidh an Cumann a mhalairt, seirbhís phríntísigh ag aturnae a ghlac é contrártha do thoirmeasc a bhí i bhfeidhm faoin alt seo a bheith ina dea-sheirbhís ag an bpríntíseach faoina dhintiúirí. | |
[EN] | (3) Má thoirmisceann an Cumann faoin alt seo ar aturnae aon phríntíseach a ghlacadh, féadfaid dá dtreoir féin, le hordú, dintiúirí aon phríntísigh a bheas an uair sin ina phríntíseach ag an aturnae sin d'urscaoileadh ar pé téarmaí, lena n-áirítear téarmaí maidir leis an bpréimh a thabhairt ar ais, is oiriúnach leo, agus a chinneadh cad é an tréimhse sheirbhíse (más aon tréimhse é) ag an bpríntíseach faoi na dintiúirí a measfar a bheith ina dea-sheirbhís. | |
[EN] |
Dintiúirí a shannadh nó dintiúirí nua ar aturnae d'fháil bháis, etc. |
32. —Má tharlann, roimh dheireadh an téarma a mbeidh printíseach faoi cheangal ina leith— |
[EN] | (a) go bhfaighidh an t-aturnae bás nó go scoirfidh sé de bheith ag cleachtadh mar aturnae, | |
[EN] | (b) go gcealófar na dintiúirí príntíseachta de chomhthoil, nó | |
[EN] | (c) go n-urscaoilfear na dintiúirí príntíseachta de bhuaidh orduithe ón gCumann nó ó aon chúirt nó ar shlí eile, | |
[EN] | féadfar, trí na dintiúirí a shannadh, nó le dintiúirí nua, an príntíseach a chur faoi cheangal mar phríntíseach ag aturnae eile go ceann iarmhair an téarma sin. | |
[EN] |
Cumhacht ghinearálta chun dintiúirí d'urscaoileadh. |
33. —Más deimhin leis an gCumann, ar iarratas d'fháil ón aturnae nó ón bpríntíseach, gur ceart dintiúirí príntíseachta d'urscaoileadh, féadfaid, le hordú, na dintiúirí d'urscaoileadh ar pé téarmaí, lena n-áirítear téarmaí maidir leis an bpréimh a thabhairt ar ais, is oiriúnach leo, agus a chinneadh cad é an tréimhse sheirbhíse (más aon tréimhse é) ag an bpríntíseach faoi na dintiúirí a measfar a bheith ina dea-sheirbhís. |
[EN] |
Dintiúirí d'urscaoileadh nó a shannadh ar aturnae a bhaint den rolla, etc. |
34. —(1) Má tharlann, roimh dheireadh an téarma a mbeidh printíseach faoi cheangal ina leith— |
[EN] | (a) go mbainfear nó go scriosfar an t-aturnae den rolla, | |
[EN] | (b) go mbeidh an t-aturnae ina fhéimheach, | |
[EN] | (c) go gcuirfear an t-aturnae i bpríosún agus go bhfanfaidh sé ann ar feadh lá agus fiche nó tréimhse is sia ná sin, | |
[EN] | (d) go n-éireoidh an t-aturnae mí-mheabhrach, nó | |
[EN] | (e) go raibh an t-aturnae amuigh as an Stát ar feadh tréimhse is sia ná sé mhí nó ar feadh dhá thréimhse nó níos mó taobh istigh de dhá mhí dhéag as a chéile ba shia san iomlán ná sé mhí, gan toiliú an Chumainn nó gan pé téarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh a bheas socair ag an gCumann maidir lena bheith amuigh as an Stát amhlaidh, | |
[EN] | féadfaidh an Cumann, ar iarratas an phríntísigh, na dintiúirí príntíseachta d'urscaoileadh le hordú nó, le toiliú aturnae eile, a ordú, le hordú, go sannfar iad don aturnae sin ar pé téarmaí agus i pé slí is oiriúnach leis an gCumann. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do chumhacht aon chúirte maidir le dintiúirí príntíseachta. | |
[EN] |
Ordú ag aistriú dintiúirí. |
35. —I gcás— |
[EN] | (a) ina dteastóidh ó phríntíseach aturnae go sannfaí a dhintiúirí príntíseachta faoi alt 32 nó faoi ordú faoi alt 34 den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) inar deimhin leis an gCumann, ar iarratas d'fháil ón bpríntíseach, go ngabhann deacracht le forghníomhú an tsannta, | |
[EN] | féadfaidh an Cumann, le toiliú aturnae eile, na dintiúirí príntíseachta d'aistriú chun an aturnae sin le hordú. | |
[EN] |
An líon príntíseach. |
36. —(1) Ní bheidh níos mó ná príntíseach amháin san am amháin ag aturnae. |
[EN] | (2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, is cead, le toiliú scríofa an Chumainn, beirt phríntíseach a bheith ag aturnae san am amháin, ach ní thabharfaidh an Cumann aon toiliú den tsórt sin ach amháin in imthosca speisialta. Ní diúltófar an toiliú sin d'aturnae más leanaí leis an aturnae an bheirt phríntíseach nó más leanbh leis an aturnae an dara príntíseach agus má tá an chéad phríntíseach ina phríntíseach ag an aturnae le dhá bhliain ar a laghad. | |
[EN] |
Oblagáid an phríntíseacht a dhéanamh bona fide. |
37. —I gcaitheamh téarma iomláin a dhintiúirí déanfaidh príntíseach príntíseacht bona fide ag an aturnae a mbeidh sé faoi cheangal mar phríntíseach aige. |
[EN] |
Oifig a shealbhú nó gabháil le fostaíocht le linn príntíseachta. |
38. —(1) Ní shealbhóidh príntíseach aon oifig ná ní ghabhfaidh sé le haon fhostaíocht seachas fostaíocht faoina phríntíseacht mura bhfaighidh sé, sara ndéana sé sin, toiliú scríofa an aturnae a bhfuil sé faoi cheangal mar phríntíseach aige agus toiliú an Chumainn. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le toiliú an Chumainn chun críocha an ailt seo: | |
[EN] | (a) is le hordú ón gCumann a bhéarfar an toiliú, | |
[EN] | (b) sara ndéanfaidh an Cumann an t-ordú, ní mór iad a bheith deimhin de nach ndéanfaidh sealbhú na hoifige, nó an ghabháil leis an bhfostaíocht, dochar do shaothar an iarratasóra mar phríntíseach, | |
[EN] | (c) féadfar leis an ordú pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an gCumann a chur ar an iarratasóir maidir leis an oifig nó leis an bhfostaíocht agus le seirbhís an iarratasóra mar phríntíseach, | |
[EN] | (d) má cuirtear téarmaí nó coinníollacha air amhlaidh, ní foláir don iarratasóir a chruthú don Chumann, sara nglacfar mar aturnae é, gur chomhlíon sé na téarmaí nó na coinníollacha sin. | |
[EN] |
Faoiseamh i gcás neamhrialtachta maidir le seirbhís phríntísigh. |
39. —(1) Féadfaidh an Cumann faoiseamh a thabhairt do phríntíseach i gcás aon neamhrialtachta maidir lena sheirbhís faoi dhintiúirí príntíseachta, a mhéid is oiriúnach, agus ar pé téarmaí is oiriúnach, leis an gCumann. |
[EN] | (2) San alt seo, folaíonn an focal “neamhrialtacht” sárú ar fhoráil arna déanamh leis an Acht seo nó faoi nó le haon Acht eile nó faoi. | |
[EN] |
Oideachas agus scrúduithe. |
40. —(1) Féadfaidh an Cumann— |
[EN] | (a) saoráidí oideachais a sholáthar, lena n-áirítear léachtaí, ranganna agus múinteoireacht eile, | |
[EN] | (b) scrúduithe a chur ar siúl, | |
[EN] | (c) ollúna, léachtóirí agus scrúdaitheoirí a cheapadh, | |
[EN] | (2) Féadfar socrú a dhéanamh le rialacháin— | |
[EN] | (a) chun a fháil amach an bhfuil aturnaethe a bheartós príntísigh a ghlacadh oiriúnach agus inniúil chun na príntísigh sin a mhúineadh, | |
[EN] | (b) chun dul chun cinn príntíseach ag cur eolais ar theoiric agus ar chleachtadh an dlí d'fháil amach. | |
[EN] | (3) Forálfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo — | |
[EN] | (a) go gcuirfidh an Cumann ar siúl uair amháin ar a laghad gach bliain— | |
[EN] | (i) an chéad scrúdú sa Ghaeilge, is é sin le rá, scrúdú sa teanga sin ar dhaoine a bheas ag iarraidh dul faoi cheangal dintiúirí príntíseachta, agus | |
[EN] | (ii) an dara scrúdú sa Ghaeilge, is é sin le rá, scrúdú sa teanga sin ar dhaoine a bheas ag iarraidh a nglactha mar aturnaethe, | |
[EN] | (b) go mbeidh an dá scrúdú sin éigeantach ach amháin i gcás daoine a bhí os cionn cúig bliana déag d'aois an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1929, | |
[EN] | (c) go ndéanfar an dara scrúdú sin ar shlí, agus go mbeidh sé de shaghas, a chinnteos go bhfuil eolas inniúil ar an nGaeilge ag daoine a ghnóthós é, is é sin le rá, an inniúlacht sin ar labhairt agus ar scríobh na teangan is leor chun a chur ar chumas aturnae, le héifeacht, teagasc a ghlacadh, cliaint a chomhairliú, finnéithe a cheistiú agus imeachta a thuiscint i nGaeilge, | |
[EN] | (d) nach foláir an dara scrúdú sin a ghnóthú laistigh de dhá bhliain roimh dheireadh an téarma phríntíseachta nó laistigh de dhá bhliain roimh dhuine a ghlacadh mar aturnae. | |
[EN] | (4) Forálfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo go gcuirfidh an Cumann ar siúl uair amháin ar a laghad gach bliain— | |
[EN] | (a) réamhscrúdú, is é sin le rá, scrúdú ar dhaoine a bheas ag iarraidh dul faoi cheangal dintiúirí príntíseachta, agus | |
[EN] | (b) scrúdú deiridh, is é sin le rá, scrúdú ar dhaoine a bheas ag iarraidh a nglactha mar aturnaethe, agus féadfar, más oiriúnach leis an gCumann, an scrúdú sin a roinnt ina dhá chuid nó níos mó. | |
[EN] | (5) Gan dochar do ghinearáltacht na bhfo-alt sin roimhe seo, féadfar, le rialacháin chun críocha an ailt seo, foráil a dhéanamh ina dtaobh seo a leanas— | |
[EN] | (a) an Cumann do chur tuilleadh scrúduithe ar siúl i dteannta na scrúduithe a luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo chun dul chun cinn príntíseach agus daoine a bheas ag iarraidh a nglactha mar aturnaethe d'fháil amach, | |
[EN] | (b) gan príntísigh a bheith inghlactha ach ag aturnaethe a mbeifear sásta iad a bheith oiriúnach agus inniúil chun príntísigh a mhúineadh, | |
[EN] | (c) freastal príntíseach nó ábhar príntíseach ar léachtaí, ranganna agus díospóireachtaí agus le linn múinteoireachta nó tréineála eile, pé acu an Cumann a sholáthrós sin nó nach ea, agus an cúrsa staidéir agus tréineála a bheas le déanamh ag na daoine sin, | |
[EN] | (d) na trátha a bheas iarrthóirí cáilithe chun dul faoi na scrúduithe, | |
[EN] | (e) ábhair na scrúduithe agus modh a stiúrtha, | |
[EN] | (f) na caighdeáin éifeachtúlachta nach foláir a shroichint sna scrúduithe, | |
[EN] | (g) trátha agus áiteanna na scrúduithe agus fógraí ina dtaobh, | |
[EN] | (h) deimhnithe gur gnóthaíodh scrúduithe, | |
[EN] | (i) rialú agus araíonacht phríntíseach, | |
[EN] | (j) daoine a bhéarfas fianaise shásúil ar aird go bhfuil cáilíochtaí speisialta acu a shaoradh, faoi réir an Achta seo, ó scrúduithe, go hiomlán nó go páirteach. | |
[EN] | (6) Ní ceapfar aon duine ina scrúdaitheoir Gaeilge faoin alt seo ach amháin le haontú an Aire Oideachais. | |
[EN] |
Saoirse ghinearálta ón réamhscrúdú. |
41. —Ní bheidh gá le deimhniú gur ghnóthaigh sé réamhscrúdú an Chumainn— |
[EN] | (a) i gcás duine lena mbaineann mír 1 nó 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ná | |
[EN] | (b) i gcás duine a ghnóthaigh scrúdú ar dearbhaíodh le rialacháin é a bheith ar comhréir le réamhscrúdú an Chumainn. | |
[EN] |
Saoirse speisialta ón réamhscrúdú. |
42. —Féadfaidh an Cumann, in imthosca speisialta, duine a shaoradh ó réamhscrúdú an Chumainn nó ó aon chuid áirithe dhe, gan coinníoll nó faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leo. |
[EN] |
Saoirsí d'abhcóide a bheas cúig bliana ag cleachtadh. |
43. —(1) Baineann an t-alt seo le duine— |
[EN] | (a) a bheartós bheith ina aturnae, | |
[EN] | (b) a glaodh chun an bharra agus a bhí ag cleachtadh go leanúnach mar abhcóide ar feadh cúig bliana nó níos mó i rith na ndeich mblian dar críoch dáta scrúduithe dheiridh sin an Chumainn a mbeartóidh sé dul faoi, | |
[EN] | (c) a chuir faoi deara é féin a dhíbharrú d'fhonn bheith ina aturnae, agus | |
[EN] | (d) a fuair deimhniú ó bheirt de Bhinseoirí Chumann Onórach Ostaí an Rí, Baile Atha Cliath, faoi dháta nach luaithe ná sé mhí roimh dháta an scrúduithe dheiridh sin, á dheimhniú gur duine oiriúnach cuí é chun cleachtadh mar aturnae. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo: | |
[EN] | (a) ní bheidh air deimhniú d'fháil gur ghnóthaigh sé aon scrúdú de chuid an Chumainn seachas an scrúdú deiridh agus (má bhíonn sin d'oblagáid air) an dara scrúdú sa Ghaeilge, | |
[EN] | (b) beidh teideal aige, gan dul faoi cheangal ná seirbhís a thabhairt mar phríntíseach ag aturnae, a iarraidh go ligfear faoin scrúdú deiridh é, | |
[EN] | (c) ar an scrúdú deiridh (ach amháin an méid den scrúdú sin a bhaineas le dintiúirí príntíseachta agus le seirbhís fúthu) agus (má bhíonn sin d'oblagáid air) an dara scrúdú sa Ghaeilge a ghnóthú, beidh teideal aige a iarraidh go nglacfar agus go gcuirfear ar an rolla mar aturnae é. | |
[EN] |
Saoirsí (forála cómalartacha). |
44. —(1) San alt seo ciallaíonn “deimhniú comhréire” deimhniú ó Dhlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann atá ar comhréir le deimhniú cleachta. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le duine— | |
[EN] | (a) a bheartós bheith ina aturnae, agus | |
[EN] | (b) a raibh deimhnithe comhréire aige ar feadh tréimhse trí mblian nó níos mó as a chéile. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo:— | |
[EN] | (a) ní bheidh air deimhniú d'fháil gur ghnóthaigh sé aon scrúdú de chuid an Chumainn seachas scrúdú chun a fháil amach an bhfuil leor-eolas aige ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Stát agus (má bhíonn sin d'oblagáid air) an dara scrúdú sa Ghaeilge; | |
[EN] | (b) ionas go bhféadfaidh sé dul faoin scrúdú chun a fháil amach an bhfuil leor-eolas aige ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Stát, beidh air deimhniú comhréire a bheith aige, ach beidh teideal aige dul faoin scrúdú sin gan dul faoi cheangal ná seirbhís a thabhairt mar phríntíseach; | |
[EN] | (c) ar an scrúdú sin agus (má bhíonn sin d'oblagáid air) an dara scrúdú sa Ghaeilge a ghnóthú, beidh teideal aige a iarraidh go nglacfar agus go gcuirfear ar an rolla mar aturnae é. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun forála an ailt seo a theacht i ngníomh, agus is lá a bheas ann ar deimhin leis an Rialtas go mbeidh forála cómalartacha i ngníomh air maidir le haturnaethe ag a bhfuil deimhnithe cleachta. | |
[EN] |
Achomhairc faoi Chuid IV. |
45. —Féadfar achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh i gcás ina ndéanfar nó ina ndiúltófar cumhacht d'fheidhmiú a bheirtear don Chumann le fo-alt (3) d'alt 28, fo-alt (5) d'alt 29, fo-alt (2) nó (3) d'alt 31, alt 33, fo-alt (1) d'alt 34, alt 35, alt 38, alt 39 nó alt 42 den Acht seo. |