An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cláraitheoir na nAturnaethe agus Rolla na nAturnaethe.) Ar Aghaidh (CUID IV. Daoine a Ghlacadh mar Aturnaethe.)

36 1954

AN tACHT ATURNAETHE, 1954

CUID III.

An Coiste Araíonachta.

An Coiste Araíonachta.

13. —(1) Ceapfaidh an Cumann gach bliain, as comhaltaí na Comhairle agus na hiar-chomhaltaí sin den Chomhairle atá ag cleachtadh mar aturnaethe, coiste araíonachta (dá ngairmtear an Coiste Araíonachta san Acht seo) ar a mbeidh líon nach lú ná seachtar agus nach mó ná deichniúr.

(2) Féadfaidh an Cumann comhalta den Choiste Araíonachta a chur as oifig, folúntas sa Choiste Araíonachta a líonadh agus, faoi réir na dtórann a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, an líon daoine air a mhéadú nó a laghdú.

(3) Raghaidh comhaltaí an Choiste Araíonachta as oifig nuair a ceapfar a gcomharbaí faoi fho-alt (1) den alt seo, ach beidh aon chomhalta den tsórt sin inathcheaptha.

(4) Féadfaidh an Coiste Araíonachta gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais a bheith ina gcomhaltas.

(5) Cúigear is córam don Choiste Araíonachta.

(6) Ní ceapfar comhalta ná ní cuirfear as oifig é faoi fho-alt (1) ná (2) den alt seo ach le haontú an Phríomh-Bhreithimh.

Iarratais chun an Choiste Araíonachta.

14. —(1) Is chun an Choiste Araíonachta a déanfar na hiarratais seo a leanas:

(a) iarratas ó aturnae á iarraidh a ainm a bhaint den rolla,

(b) iarratas ó dhuine eile nó ón gCumann á iarraidh ainm aturnae a scrios den rolla ar aon fhoras acu seo a leanas:

(i) an t-aturnae a bheith ciontach i mí-iompar, lena n-áirítear iompar a tharraingeodh táirmheas ar ghairm na n-aturnaethe,

(ii) sárú a bheith déanta ag an aturnae ar fhoráil den Acht seo nó d'ordú nó de rialachán a rinneadh faoin Acht seo,

(iii) an t-aturnae a bheith ciontaithe i dtréas nó i bhfeileontacht nó in oilghníomh nó é a bheith ciontaithe lasmuigh den Stát i gcoir nó i gcion ba feileontacht nó oilghníomh dá mba sa Stát a déanfaí é,

(c) iarratas chun a cheangal ar aturnae freagra a thabhairt ar líomhna a rinneadh i mionnscríbhinn,

(d) iarratas á iarraidh ainm a baineadh nó a scriosadh den rolla a chur ar ais ar an rolla.

(2) Ní foláir iarratas faoin alt seo a bheith i scríbhinn, a bheith sínithe ag an iarratasóir agus na nithe seo a leanas a chur ina theannta chun an Choiste Araíonachta—

(a) mionnscríbhinn ón iarratasóir ina sonrófar na hábhair a bheas mar thaca leis an iarratas, agus

(b) na doiciméid a bheas mar thaca leis an iarratas nó cóipeanna de na doiciméid sin.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh nó aon bhreitheamh den Ard-Chúirt, d'ainneoin aon ní san Acht seo, aon dlínse d'fheidhmiú ar aturnaethe d'fhéadfadh sé d'fheidhmiú dá mba nach rithfí an tAcht seo.

An nós imeachta i gcás ina n-iarrfaidh aturnae a ainm a bhaint den rolla.

15. —I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas agus an mhionnscríbhinn agus na doiciméid tacaíochta agus—

(a) má chinnid go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal a ainm a bhaint den rolla gan tuilleadh fiosruithe, ordóid dá réir sin,

(b) má chinnid go bhfuil cúis le fiosrú, déanfaid fiosrú.

An nós imeachta i gcás ina ndéanfar cúiseamh i gcoinne aturnae.

16. —(1) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoi mhír (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas agus an mhionnscríbhinn agus na doiciméid tacaíochta agus—

(a) má chinnid nár suíodh cás prima facie, cuirfid sin in iúl don iarratasóir agus don aturnae agus ní dhéanfaid aon bheart eile,

(b) má chinnid gur suíodh cás prima facie, seirbheálfaid ar an aturnae—

(i) cóip den iarratas,

(ii) cóip den mhionnscríbhinn,

(iii) cóipeanna de na doiciméid nó, de rogha an chláraitheora, liosta de na doiciméid, agus

(iv) fógra á cheangal ar an aturnae mionnscríbhinn uaidh mar fhreagra ar an iarratas a chur chun an Choiste Araíonachta laistigh de thréimhse shonraithe maraon le haon doiciméid, nó cóipeanna díobh, a bheas mar thaca aige lena fhreagra.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh ceachtar páirtí na doiciméid a thug an páirtí eile d'iniúchadh.

(3) I ndeireadh na tréimhse a sonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas agus an mhionnscríbhinn agus na doiciméid tacaíochta agus pé mionnscríbhinn agus doiciméid (más ann) a thug an t-aturnae agus—

(a) má chinnid nach bhfuil aon chúis le tuilleadh fiosruithe, cuirfid sin in iúl don iarratasóir agus don aturnae agus ní dhéanfaid aon bheart eile,

(b) má chinnid go bhfuil cúis le fiosrú, déanfaid fiosrú.

(4) I gcás ina gcuirfear cinneadh in iúl d'iarratasóir faoi mhír (a) d'fho-alt (1) nó faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, déanfaidh an Coiste Araíonachta, má iarrann an t-iarratasóir é, ordú foirmiúil den chinneadh.

An nós imeachta i gcás ina n-iarrfar ainm a chur ar ais ar an rolla.

17. —I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoi mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas agus an mhionnscríbhinn agus na doiciméid tacaíochta agus déanfaid ordú ag diúltú don iarratas nó á ordú an ainm a bheas i gceist a chur ar ais ar an rolla.

Orduithe ón gCoiste Araíonachta tar éis fiosrúcháin.

18. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Coiste Araíonachta fiosrú, féadfaid ordú a dhéanamh ag ordú ní nó nithe acu seo a leanas:

(a) an t-iarratas a dhíbhe,

(b) an t-aturnae d'iomardú,

(c) an t-aturnae d'fhionraí ó chleachtach.

(d) ainm an aturnae a bhaint nó a scrios den rolla,

(e) aon pháirtí sa bhfiosrú d'íoc costas nó d'íoc suime áirithe i leith costas,

(f) an t-aturnae do thabhairt pé aisig nó sásaimh is oiriúnach leis an gCoiste Araíonachta d'aon pháirtí éagóraithe.

(2) Féadfaidh an Coiste Araíonachta déanamh orduithe faoin alt seo a chur siar.

(3) I gcás ina gcuirfear siar déanamh orduithe faoin alt seo, féadfaidh an Coiste Araíonachta, má hiarrtar sin orthu nuair a bheas breithniú á dhéanamh acu tar éis a churtha siar, a cheadú an t-iarratas a tharraing siar, gan aon ordú a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an Coiste Araíonachta, ar iarratas ón aturnae lena mbaineann ordú faoin alt seo, oibriú an orduithe d'fhionraí ag feitheamh ar achomharc faoi fho-alt (1) d'alt 23 den Acht seo.

(5) An fhad a bheas ordú faoin alt seo ar fionraí, ní comhadófar é ná ní bheidh sé inchurtha i bhfeidhm faoi fho-alt (1) d'alt 21 den Acht seo.

Cumhachta an Choiste Araíonachta maidir le fianaise a thógaint, etc.

19. —(1) Beidh ag an gCoiste Araíonachta, le linn fiosrú a bheith á dhéanamh acu, na cumhachta, na cearta agus na pribhléidí atá dílsithe san Ard-Chúirt nó i mbreitheamh den Ard-Chúirt le linn caingin—

(a) maidir le iallach a chur ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus lena gceistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus

(b) maidir le doiciméid a chur á dtabhairt ar aird,

agus féadfar toghairm faoi shíniú comhalta den Choiste Araíonachta a chur in ionad, agus is ionann a feidhm agus feidhm, aon phróise foirmiúla is ineisithe i gcaingean chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus chun doiciméid a chur á dtabhairt ar aird.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Coiste Araíonachta fiosrú agus ina dtarlóidh—

(a) go mainneoidh duine ar bith freastal a dhéanamh tar éis é a thoghairm go cuí mar fhinné ag an bhfiorsú,

(b) go ndiúltóidh duine ar bith ar bheith i láthair dó mar fhinné ag an bhfiosrú mionn a thabhairt a cheanglós an Coiste Araíonachta air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an Coiste Araíonachta air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist d'fhreagairt a cheanglós an Coiste Araíonachta air go dlíthiúil d'fhreagairt, nó

(c) go ndéanfaidh duine ar bith aon ní eile ba dhísbeagadh cúirte dá mba chúirt dlí an Coiste Araíonachta agus cumhacht chimithe aici i gcás dísbeagtha,

féadfar, le deimhniú faoi shíniú beirte de chomhaltaí an Choiste Araíonachta, cion an duine sin a dheimhniú don Ard-Chúirt, agus air sin féadfaidh an Ard-Chúirt fi s ú a dhéanamh i dtaobh an chiona líomhnaithe agus, tar éis aon fhinnéithe a bhéarfar ar aird i gcoinne nó ar son an duine a bheas cúisithe sa chion agus aon ráiteas a tairgfear mar chosaint d'éisteacht, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun an duine sin a phionósú amhail is dá mba i ndísbeagadh na hArd-Chúirte a bhí sé ciontach.

(3) Beidh teideal ag finné ag fiosrú a dhéanfas an Coiste Araíonachta chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

Rialacha i dtaobh iarratas chun an Choiste Araíonachta agus i dtaobh fiosrúchán.

20. —(1) Féadfaidh an Coiste Araíonachta, le comhthoiliú an Phríomh-Bhreithimh, rialacha a dhéanamh a rialós iarratais chun an Choiste Araíonachta agus éisteacht, stiúradh agus cinneadh na n-iarratas sin agus fiosrúcháin a dhéanfas an Coiste Araíonachta.

(2) Féadfaidh rialacha faoin alt seo foráil a dhéanamh go sonrach maidir le faidiú na tréimhse chun aon mhionnscríbhinn nó doiciméad a thabhairt nó maidir le hiarratas nó mionnscríbhinn a ghlacadh d'ainneoin aon neamhrialtachta ina fhoirm, i gcás inar dóigh leis an gCoiste Araíonachta gur ceart sin a dhéanamh.

(3) Féadfaidh rialacha faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir le costais a dhámhachtain agus maidir lena bhfómhas ag Máistir Fómhais don Ard-Chúirt (faoi réir achomhairc chun na hArd-Chúirte) faoin scála costas a bhaineas le himeachta san Ard-Chúirt, agus féadfar aon chostais a fómhasfar amhlaidh a ghnóthú amhail is dá mba faoi ordú ón Ard-Chúirt a fómhasadh iad.

Comhadú agus éifeacht orduithe a dhéanfas an Coiste Araíonachta agus fógra ina thaobh,

21. —(1) In aon ordú a dhéanfas an Coiste Araíonachta beidh ráiteas i dtaobh a mbeidh cinnte acu agus síneoidh beirt dá gcomhaltaí é agus comhadófar leis an gcláraitheoir é, agus a luaithe a comhadófar amhlaidh é déanfaidh an cláraitheoir dá réir, agus beidh sé inchurtha i bhfeidhm amhail is dá mba bhreithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt é.

(2) I gcás ina n-ordófar, le hordú a dhéanfas an Coiste Araíonachta, ainm aturnae a bhaint nó a scrios den rolla nó aturnae d'fhionraí ó chleachtadh, cuirfidh an cláraitheoir faoi deara láithreach, mura n-ordóidh an Coiste Araíonachta a mhalairt, fógra ina luafar an éifeacht atá ag an gcuid oibritheach den ordú d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus cuirfidh faoi deara freisin an fógra d'fhoilsiú i pé slí eile a ordós an Coiste Araíonachta.

(3) Coimeádfaidh an cláraitheoir comhaid ar leithligh ina dtaifeadfar mar leanas orduithe uile an Choiste Araíonachta:

(a) ar chomhad ar a dtabharfar Comhad A taifeadfar, in ord aibítre ainmneacha na n-aturnaethe iomchuí, gach ordú chun ainm aturnae a bhaint nó a scrios den rolla nó chun aturnae d'fhionraí ó chleachtadh,

(b) ar chomhad ar a dtabharfar Comhad B taifeadfar, in ord a ndáta, na horduithe eile go léir.

(4) Ar chóip d'ordú a rinneadh de thoradh achomhairc faoi alt 23 den Acht seo d'fháil dó, taifeadfaidh an cláraitheoir an t-ordú ar Chomhad A nó ar Chomhad B (do réir mar is iomchuí).

(5) Bhéarfaidh an Cláraitheoir cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B do dhuine a iarrfas i scríbhinn cóip den tsórt sin.

(6) D'ainneoin fo-ailt (5) den alt seo—

(a) i gcás ina n-iarrfar cóip de thaifead ar Chomhad B agus gur taifead faoi dháta is luaithe ná dhá bhliain roimh dháta an iarratais é, nó

(b) i gcás ina n-iarrfar cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B agus gur taifead é ar ordaigh an Coiste Araíonachta nóta a chur isteach ina leith go mb'fhéidir éagóir a theacht as cóip de a thabhairt,

ní tabharfar cóip den taifead (ach amháin i gcás an chóip a thabhairt faoi ordú cúirte) gan cead i scríbhinn ón gCumann.

Feidhm an Bankers' Books Evidence Act, 1879.

22. —Is imeacht dlí do réir bhrí na habairte “legal proceeding” mar húsáidtear í san Bankers' Books Evidence Act, 1879, iarratas chun an Choiste Araíonachta nó fiosrú nó imeacht eile os a gcomhair.

Achomharc i gcoinne orduithe ón gCoiste Araíonachta.

23. —(1) Féadfar achomharc i gcoinne orduithe ón gCoiste Araíonachta a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh ar thionscnamh an duine a rinne an t-iarratas chun an Choiste Araíonachta nó ar thionscnamh an aturnae lena mbaineann an t-ordú.

(2) Féadfar achomharc a dhéanamh freisin chun an Phríomh-Bhreithimh i gcoinne an Coiste Araíonachta do dhiúltú oibriú orduithe d'fhionraí faoi alt 18.

(3) Beidh an Cumann i dteideal láithriú agus éisteacht d'fháil le linn achomharc faoin alt seo d'éisteacht.

(4) Cuirfear chun an chláraitheora cóip d'ordú a déanfar de thoradh achomhairc faoin alt seo.