|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. An Coiste Araíonachta.) |
AN tACHT ATURNAETHE, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Cláraitheoir na nAturnaethe agus Rolla na nAturnaethe. | |
[EN] |
Cláraitheoir na n-aturnaethe. |
8. —(1) Beidh cláraitheoir aturnaethe ann (dá ngairmtear an cláraitheoir san Acht seo). |
[EN] | (2) Ceapfaidh an Cumann rúnaí an Chumainn nó duine oiriúnach éigin eile ina chláraitheoir. | |
[EN] | (3) Ceapfar an cláraitheoir ar pé téarmaí agus coinníollacha, agus le pé sochar oifige (más ann) a bheas iníoctha as cistí an Chumainn, a chinnfeas an Cumann. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Cumann an cláraitheoir a chur as oifig. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Cumann ionadaí a cheapadh chun gníomhú mar chláraitheoir go ceann tréimhse, agus comhlíonfaidh an t-ionadaí feidhmeanna an chláraitheora i gcaitheamh na tréimhse sin. | |
[EN] |
Rolla na n-aturnaethe. |
9. —(1) Coimeádfaidh an cláraitheoir liosta in ord aibítre d'aturnaethe (dá ngairmtear an rolla san Acht seo). |
[EN] | (2) Coimeádfaidh an cláraitheoir an rolla ar fáil lena iniúchadh in aisce ag an bpobal le linn uaireanna oifige. | |
[EN] |
Glacadh agus rollú. |
10. —(1) Féadfaidh duine a chomhlíonfas na cinn sin a bhaineas leis de cheanglais Choda IV den Acht seo a iarraidh ar an bPríomh-Bhreitheamh é a ghlacadh mar aturnae. |
[EN] | (2) Ar iarratas do réir fo-ailt (1) den alt seo d'fháil dó, glacfaidh an Príomh-Bhreitheamh an t-iarratasóir mar aturnae, le hionstraim i scríbhinn, mura suítear chun a shástachta cúis lena mhalairt a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh duine a glacfar mar aturnae a iarraidh ar an gcláraitheoir a ainm a thaifeadadh ar an rolla agus déanfaidh an cláraitheoir, ar ionstraim a ghlactha a thabhairt ar aird, ainm an duine sin a thaifeadadh ar an rolla. | |
[EN] |
Tórainn leis an tréimhse le haghaidh iarratas áirithe chun ainmneacha a scrios den rolla. |
11. —(1) Ní féadfar ainm aturnae a scrios den rolla toisc éalaing a bheith ina dhintiúirí príntíseachta, nó i gclárú na ndintúirí sin nó ina sheirbhís fúthu, nó ina ghlacadh agus a rollú, mura ndéantar an t-iarratas chun a ainm a scrios den rolla laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta a rolluithe. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo má cruthaítear go ndearnadh calaois i ndáil leis na dintiúirí, leis an gclárú, leis an tseirbhís, leis an nglacadh nó leis an rollú. | |
[EN] |
Bás a chur in iúl. |
12. —Déanfaidh cláraitheoir bás, nuair a taifeadfar i gclár na mbás bás duine a bhfuil a ainm ar an rolla, cóip dheimhnithe den taifead a chur láithreach leis an bpost chun an chláraitheora, agus féadfaidh sé costas an deimhnithe agus a churtha chun an chláraitheora d'éileamh mar chaiteachas a ghabhas lena oifig mar chláraitheoir bás. |