|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT ATURNAETHE, 1954) | Ar Aghaidh (CUID II. Cláraitheoir na nAturnaethe agus Rolla na nAturnaethe.) |
AN tACHT ATURNAETHE, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Aturnaethe, 1954 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mar leanas: |
[EN] | (a) tiocfaidh an méid den Acht a bhaineas le déanamh rialacha agus rialachán agus le heisiúint fógraí agus réamh-imeachta eile le haghaidh scrúduithe i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith, | |
[EN] | (b) tiocfaidh alt 44 den Acht seo i ngníomh mar foráltar san alt sin, | |
[EN] | (c) tiocfaidh an chuid eile den Acht i ngníomh an 6ú lá d'Eanáir, 1955. | |
[EN] |
Léiriú. |
3. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle an Chumainn; | |
[EN] | tá leis an abairt “an Coiste Araíonachta” an bhrí a bheirtear di in alt 13; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachta agus dualgais; | |
[EN] | ciallaíonn “bliain chleachta” aon bhliain dar críoch an 5ú lá d'Eanáir; | |
[EN] | tá leis an abairt “deimhniú cleachta” an bhrí a bheirtear di in alt 46; | |
[EN] | ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann; | |
[EN] | tá leis an abairt “clár na n-aturnaethe cleachtacha” an bhrí a bheirtear di in alt 47; | |
[EN] | tá leis an bhfocal “cláraitheoir” an bhrí a bheirtear dó in alt 8; | |
[EN] | tá leis an abairt “an rolla” an bhrí a bheirtear di in alt 9; | |
[EN] | ciallaíonn “an Cumann” Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann; | |
[EN] | ciallaíonn “aturnae” aturnae do na Cúirteanna Breithiúnais; tá leis an abairt “aturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (3) d'alt 54; | |
[EN] | tá leis an abairt “aturnae atá cáilithe chun cleachtadh” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (1) d'alt 54; | |
[EN] | tá réim ag na focail “iontaobhas” agus “iontaobhaí” maidir le hiontaobhais intuigthe nó iontaobhais inchiallaithe agus maidir le cásanna ina bhfuil leas tairbhiúil sa mhaoin iontaobhais ag an iontaobhaí, agus maidir leis na dualgais a ghabhas le hoifig ionadaí phearsanta, agus folaíonn an focal “iontaobhaí”, má cheadaíonn an comhthéacs é, ionadaí pearsanta; | |
[EN] | ciallaíonn “duine neamhcháilithe”— | |
[EN] | (a) aturnae nach aturnae atá cáilithe chun cleachtadh, nó | |
[EN] | (b) duine nach aturnae. | |
[EN] | (2) Aon tagairt atá san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí, maidir le cumhachta, tagairt do na cumhachta sin d'fheidhmiú. | |
[EN] | (3) I gcás inarb iomchuí é, folaíonn tagairt san Acht seo do shárú forála tagairt do dhiúltú nó mainneachtain déanamh do réir na forála sin. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairt san Acht seo don Phríomh-Bhreitheamh, i gcás an fheidhm áirithe a bheith arna tarmligean faoi alt 6 den Acht seo chun breithimh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt, d'fhorléiriú mar thagairt don bhreitheamh sin. | |
[EN] |
Comhlíonadh feidhmeanna an Chumainn. |
4. —Is í an Chomhairle a chomhlíonfas na feidhmeanna a dílsítear sa Chumann leis an Acht seo nó faoin Acht seo. |
[EN] |
Rialacháin i gcoitinne. |
5. —(1) Féadfaidh an Cumann-rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú nó is ábhar do rialacháin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Cumann rialacháin a dhéanamh chun forála an Achta seo a chur i ngníomh. | |
[EN] | (3) Leagfaidh an Cumann gach rialachán a déanfar faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta. | |
[EN] |
Tarmligean ag an bPríomh-Bhreitheamh. |
6. —(1) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh aon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo a tharmligean chun aon bhreithimh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh aon tarmligean a bheas déanta aige faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm. | |
[EN] |
Athghairm. |
7. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Déanfar tagairt i ndoiciméad d'Acht nó do pháirt d'Acht a hathghairmtear leis an Acht seo d'fhorléiriú mar thagairt don Acht seo nó don pháirt chomhréire den Acht seo, agus measfar gur cuid den chlár, den rolla nó den liosta comhréire faoin Acht seo clár, rolla nó liosta faoi Acht a hathghairmtear leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'fheidhm ghinearálta an Achta Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , maidir le héifeacht athghairme. |