|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Cleachtadh, Iompar agus Araíonacht Ghairmiúil.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.) |
AN tACHT ATURNAETHE, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID X. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
Dleachta stampa. |
72. —(1) Ní bheidh dleacht stampa le n-íoc ar dhuine a ghlacadh mar aturnae ná ar dheimhniú cleachta. |
[EN] | (2) Cuirfear tagairt do £14 in ionad na tagairte do £80 atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, faoin gcéad cheann de na mírchinn “ARTICLES OF CLERKSHIP.” | |
[EN] |
Coistí den Chomhairle. |
73. —(1) Féadfaidh an Chomhairle coiste a cheapadh chun aon chríche ar dóigh leis an gComhairle gur trí choiste is fearr a cuirfí in éifeacht í agus féadfaid feidhmiú aon fheidhmeanna de chuid na Comhairle a tharmligean chun an choiste, le tórainn nó gan tórainn. |
[EN] | (2) Socróidh an Chomhairle an líon comhaltaí a bheas ar choiste faoin alt seo agus téarma oifige na gcomhaltaí sin. | |
[EN] | (3) Is cead daoine nach comhaltaí den Chomhairle a bheith ar choiste faoin alt seo, ach— | |
[EN] | (a) beidh dhá dtrian ar a laghad de chomhaltaí an choiste ina gcomhaltaí den Chomhairle, agus | |
[EN] | (b) más feidhmeanna de chuid an Chumainn atá le comhlíonadh ag an gComhairle a tarmligfear chun an choiste, ní bheidh ar an gcoiste ach comhaltaí den Chomhairle. | |
[EN] | (4) Más feidhmeanna de chuid an Chumainn atá le comhlíonadh ag an gComhairle a tarmligfear chun coiste faoin alt seo, is triúr is córam don choiste. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an Chomhairle deimhin de nach ngníomhóidh aon chomhalta den Choiste Araíonachta mar chomhalta d'aon choiste faoin alt seo a bheas ag plé le gearáin i gcoinne aturnaethe. | |
[EN] |
Comhad imeachta féimheachta aturnae d'iniúchadh. |
74. —Beidh teideal ag an gCumann, gan aon táille d'íoc, iniúchadh a dhéanamh ar an gcomhad imeachta féimheachta a bhaineas le haturnae ar tionscnadh imeachta féimheachta ina choinne agus cóipeanna oifige de na himeachta d'fháil ar an ngnáth-tháille d'íoc a híoctar ar chóipeanna den tsórt sin. |
[EN] |
Cáilíocht duine a bhí ina abhcóide chun oifig a shealbhú. |
75. —Chun críocha forála reachtúla nó nóis trínar ghá, chun go mbeadh aturnae cáilithe chun oifig a shealbhú, go mbeadh sé glactha agus a ainm ar an rolla ar feadh tréimhse sonraithe, ríomhfar an tréimhse sin, i gcás aturnae a bhí ina abhcóide roimh é a ghlacadh, amhail is dá mba ar an dáta a glaodh chun an bharra é a glacadh é agus a cuireadh a ainm ar an rolla. |
[EN] |
Deireadh a bheith leis an tórainn le luach talún. |
76. —Scoirfidh an tórainn atá i gCairteacha an Chumainn le luach na talún a shealbhós an Cumann d'éifeacht a bheith aici. |
[EN] |
Inchúiseamh i leith cionta. |
77. —(1) Féadfaidh an Cumann inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon fhorála in aon Acht a shonraíos an tréimhse chun imeachta achomaire a thionscnamh, féadfar imeachta i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh aon am laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a gheobhas an Cumann eolas ar fhianaise is leor dar leo le haghaidh inchúisimh, nó laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag tar éis an cion a dhéanamh, pé tréimhse acu is déanaí a chríochnós. | |
[EN] | (3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, beidh deimhniú a eiseos an Cumann i dtaobh an dáta a fuaireadar eolas ar an bhfianaise sin ina fhianaise dochloíte i dtaobh an dáta sin. | |
[EN] |
Leasú ar fhodhlithe ionas go mbeid ar comhréir leis an Acht seo agus le rialacháin faoin Acht seo. |
78. —D'ainneoin forál a gCairteacha, déanfaidh an Cumann pé leasuithe i bhfo-dhlithe an Chumainn is gá lena gcur ar comhréir leis an Acht seo agus leis na rialacháin a déanfar faoin Acht seo. |
[EN] |
Fíordheimhniú rialachán agus doiciméad eile agus fianaise orthu. |
79. —(1) Féadfaidh uachtarán an Chumainn, rúnaí an Chumainn, nó an cláraitheoir, nó aon oifigeach don Chumann a ainmneos an Chomhairle chuige sin, aon rialachán, deimhniú, fógra nó doiciméad eile a dhéanfas nó a eiseos an Cumann, a shíniú thar ceann an Chumainn. |
[EN] | (2) Féadfar fianaise prima facie ar rialachán, deimhniú, fógra nó doiciméad eile a dhéanfas nó a eiseos an Cumann, a thabhairt trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartós bheith ina chóip de agus a bheith sínithe mar sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] |
Seirbheáil doiciméad. |
80. —Féadfar, gan dochar d'aon mhodh eile seirbheála, fógra nó doiciméad eile a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo nó faoi é a sheirbheáil ar dhuine ar bith, a sheirbheáil trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach faoi sheoladh an duine sin ag an áit ghnótha nó chónaithe is déanaí is eol a bheith aige. |
[EN] |
Aturnae cleachtach do chur athrú ar a áit ghnótha in iúl. |
81. —Bhéarfaidh aturnae cleachtach fógra don chláraitheoir i dtaobh aon athruithe ar a áit ghnótha, nó ar a áiteanna gnótha, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an t-athrú a dhéanamh, agus taifeadfaidh an cláraitheoir an t-athrú tríd an taifead is déanaí a bhaineas leis an aturnae i gclár na n-aturnaethe cleachtacha a leasú. |
[EN] |
Táillí is iníoctha leis an gCumann. |
82. —(1) Íocfar leis an gCumann, i leith na n-iarratas a luaitear sa Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, pé táillí a forordófar le haghaidh na n-iarratas sin faoi seach. |
[EN] | (2) Beidh comhthoiliú an Phríomh-Bhreitheamh ag teastáil leis na rialacháin ag forordú táillí le haghaidh na n-iarratas dá dtagartar i míreanna 1 go 6 den Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Féadfar táillí éagsúla d'fhorordú de bhun an ailt seo le haghaidh an chéad iarratais chun bheith i láthair ag scrúdú agus le haghaidh aon iarratais ina dhiaidh sin ón iarratasóir céanna chun bheith i láthair ag an scrúdú sin. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh táille forordaithe de bhun an ailt seo i leith iarratais, beidh íoc na táille sin ina choinníoll nach foláir a chomhlíonadh sara dtabharfar aird ar an iarratas. | |
[EN] |
Rialacha Cúirte agus costais. |
83. —(1) Féadfaidh Coiste Rialacha na nUascúirteanna rialacha cúirte a dhéanamh chun críocha na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) iarratais agus achomhairc faoin Acht seo chun an Phríomh-Bhreithimh, agus | |
[EN] | (b) iarratais faoin Acht seo chun Uachtaráin na hArd-Chúirte. | |
[EN] | (2) Féadfaidh pé forála maidir le costais is cuí leis an bPríomh-Bhreitheamh nó le hUachtarán na hArd-Chúirte (pé acu é) a bheith in ordú a déanfar ar aon iarratas nó achomharc den tsórt sin. | |
[EN] |
Forléiriú tagairtí áirithe. |
84. —(1) Déanfar tagairt in aon achtachán d'aturnae nó prócadóir d'fhorléiriú mar thagairt d'aturnae do réir bhrí an Achta seo. |
[EN] | (2) Déanfar tagairt in aon achtachán don chláraitheoir aturnaethe d'fhorléiriú mar thagairt don chláraitheoir do réir bhrí an Achta seo. | |
[EN] |
Feidhm an Attorneys' and Solicitors' Act, 1870. |
85. —D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo go bhfuil, agus go raibh riamh, feidhm sa Stát ag an Attorneys' and Solicitors' Act, 1870. |
[EN] |
Cosaint d'aturnaethe na gCoimisinéirí Ioncaim agus do dhaoine eile. |
86. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon chearta nó pribhléidí atá ag daoine is aturnaethe nó aturnaethe cúnta do na Coimisinéirí Ioncaim ná ní chuirfidh sé de cheangal ar aon duine den tsórt sin, ná ar aon chléireach ná oifigeach a bheas ag gníomhú dhó, a bheith glactha ná a ainm a bheith ar an rolla ná deimhniú cleachta a bheith aige. |
[EN] |
Cosaint d'údarás chun caingean a stiúradh, etc. |
87. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon fhoráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht, nó do réir an dlí choitinn, trína n-údaraítear do dhuine neamhcháilithe aon chaingean, agra nó ábhar a stiúradh nó a chosaint nó gníomhú thairis sin maidir leis. |
[EN] |
Forála idirlinne. |
88. —(1) Measfar an scrúdú comhréire faoin Acht seo a bheith gnóthaithe ag duine nach aturnae ach a ghnóthaigh aon scrúdú faoin Solicitors (Ireland), Act, 1898, nó faoi alt 4 d'Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht), 1929 ( Uimh. 16 de 1929 ). |
[EN] | (2) Má bhíonn beirt phríntíseach ag aturnae ar dháta thosach feidhme an ailt seo, féadfaidh sé iad a choimeád go dtí deireadh téarma a ndintiúirí amhail is dá mbeadh toiliú an Chumainn faoi fho-alt (2) d'alt 36 den Acht seo faighte aige. | |
[EN] | (3) Déanfar aon ghlacadh, ceapachán, aontú, táille, fógra, deimhniú, ionstraim, ordú, riail, rialachán, achomharc nó imeacht faoi réim nó chun críocha aon achtacháin a hathghairmtear leis an Acht seo d'áireamh amhail is dá mba faoi réim nó chun críocha an achtacháin chomhréire den Acht seo dhó, agus— | |
[EN] | (a) leanfaidh aon ordú, riail nó rialachán den tsórt sin i bhfeidhm go dtí go ndéanfar foráil chomhréire faoin Acht seo, agus | |
[EN] | (b) aon imeacht den tsórt sin a tugadh os comhair an choiste a bunaíodh faoi alt 34 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, agus a bhí gan críochnú díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, críochnóidh an Coiste Araíonachta í amhail is nár ritheadh an tAcht seo. | |
[EN] | (4) O dháta thosach feidhme an ailt seo go dtí go ndéanfar an chéad cheapachán faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Acht seo, is iad a bheas ar an gCoiste Araíonachta na daoine arbh iad, díreach roimh dháta thosach feidhme an ailt seo, comhaltaí an choiste a bunaíodh faoi alt 34 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, iad. |