An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Oideachas Míleata.) Ar Aghaidh (CUID IV. Pearsanra Óglaigh na hÉireann.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil IV.

Forála Ilghnéitheacha maidir le hÓglaigh na hÉireann.

Cumhachta speisialta maidir le cosaint.

30. —(1) Féadfaidh an tAire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) beairicí, ceathrúna, oibreacha cosanta, armthaiscí, aeradróim, raonta, cuanta, piaraí, longlanna, dugaí tirme agus ancaireachtaí, a dhéanamh agus a chothabháil;

(b) árthaigh armtha poiblí agus árthaigh cúnta dhóibh a dhéanamh, d'fháil, a threalmhú, a chothabháil agus a choimisiúnú;

(c) árthaigh (seachas árthaigh armtha poiblí agus árthaigh cúnta dhóibh), is gá chun críocha cosanta, a dhéanamh, d'fháil, a threalmhú, a chothabháil agus d'fhoirniú;

(d) baoithe agus soilse a shuíomh agus a chothabháil;

(e) mianaigh a chur;

(f) monarchana arm agus lóin lámhaigh agus monarchana déanta trealamh agus stóras eile seirbhíse a bhunú, d'oibriú, agus a chothabháil, agus dul faoi chonradh chun iad a bhunú, d'oibriú agus a chothabháil;

(g) sibhialtaigh d'fhostú (lena n-áirítear iad d'fhostú i modh príntíseachta) le hÓglaigh na hÉireann nó i monarcha a bunófar faoin alt seo;

(h) faoi réir forál an Achta seo, gach ní eile is riachtanach leis chun go mbeadh cosaint mhíleata éifeachtach ag an Stát.

(2) I gcás feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo do chur muirir ar chistí poiblí, ní feidhmeofar na cumhachta sin ach amháin le comhthoil an Aire Airgeadais.

Ceart chun dul isteach ar thalamh.

31. —(1) Féadfaidh duine ar bith (dá ngairmtear duine údaraithe san alt seo) a bheas údaraithe ag an Aire chuige sin dul isteach aon tráth réasúnach, ar fhógra ocht n-uaire ceathrachad a chloig a thabhairt roimh ré i scríbhinn dá áititheoir, ar aon talamh chun aon fhiosrú, iniúchadh nó scrúdú a dhéanamh ann a réamhghabhfas nó a bhainfeas le déanamh aon ní a n-údaraíonn an Chuid seo don Aire é a dhéanamh.

(2) Má chuireann aon duine cosc le duine údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear do dhuine údaraithe leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Talamh, etc. a thógaint trí chomhaontú.

32. —Chun críocha an Achta seo, le toiliú an Aire Airgeadais, féadfaidh an tAire, trí chomhaontú, aon talamh nó aon cheart ar thalamh a ghlacadh ar léas nó a thógaint nó ceadúnas a ghlacadh chun é d'úsáid.

Talamh nó cearta ar thalamh a thógaint go héigeantach.

33. —(1) Más cuí, agus aon uair is cuí, leis an Aire aon talamh nó ceart ar thalamh a thógaint go héigeantach chun críocha an Achta seo, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú le hordú go bhfuil ar intinn aige an talamh sin nó an ceart sin ar thalamh a thógaint amhlaidh, agus oibreoidh gach ordú den tsórt sin chun cumhacht a thabhairt don Aire an talamh nó an ceart ar thalamh a luaitear san ordú sin a thógaint go héigeantach faoi réim agus do réir an ailt seo.

(2) Íocfaidh an tAire cúiteamh i leith talún a thógfas an tAire go héigeantach faoin alt seo leis na daoine ar leithligh ag a bhfuil eastáit nó leasa ann, agus i leith aon chirt ar thalamh a thógfas an tAire go héigeantach faoin alt seo le húnaer an chirt sin agus, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), cinnfear an cúiteamh sin faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus chuige sin measfar gurb údarás poiblí do réir bhrí an Achta sin an tAire.

(3) (a) Aon tráth tar éis don Aire teacht i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, aon talamh nó ceart ar thalamh a thógaint go héigeantach, agus roimh é a thíolacadh nó roimh an gcúiteamh d'fhionnadh, féadfaidh an tAire faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den fho-alt seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh sin nó an ceart sin d'fhorceannadh.

(b) Má fheidhmíonn an tAire aon chumhacht dá dtugtar dó le mír (a) den fho-alt seo, ansin—

(i) faoi réir fo-mhíre (ii) den mhír seo, íocfaidh an tAire, leis an duine arb é áititheoir na talún ar a ndeachthas isteach é nó únaer an chirt ar thalamh a forceannadh, ús ar mhéid an chúitimh is iníoctha leis an duine sin do réir trí faoin gcéad sa bhliain ón dáta a feidhmíodh an chumhacht sin go dtí dáta íoctha an chúitimh sin,

(ii) más rud é—

(I) gur thairg an tAire go neamh-choinníollach i scríbhinn aon tsuim mar chúiteamh den tsórt sin don duine sin, agus

(II) nár ghlac an duine sin an tairiscint, agus

(III) nach mó an tsuim a dhámhfas an t-eadránai oifigiúil don duine sin mar chúiteamh ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin i leith aon tréimhse tar éis dáta na tairiscinte.

(c) Ní cead don Aire—

(i) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra míosa nó, i gcás tí chónaithe ar áitiú, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt roimh ré i scríbhinn don áititheoir go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh, ná

(ii) aon cheart ar thalamh d'fhorceannadh faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt don únaer go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.

(d) Féadfar fógra faoi mhír (c) den fho-alt seo a thabhairt d'aon duine trína chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chun an duine sin faoin seoladh is gnáthach nó is déanaí is eol a bheith aige.

(e) Má tharlaíonn, ar chúis ar bith, nach féidir an clúdach a luaitear i mír (d) den fho-alt seo a dhíriú mar foráltar leis an mír sin, féadfar é a dhíriú chun an duine ar dó é i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas—

(i) faoin tuairisc “an t-áititheoir” nó “an t-únaer” (pé acu é) gan a ainm a lua,

(ii) go dtí an talamh nó go dtí ionad na maoine lena mbaineann an fógra sa chlúdach.

Usáid talún ag an Aire.

34. —(1) Féadfaidh an tAire aon talamh a bheas dílsithe ann nó ar áitiú aige d'úsáid chun pé críocha, i ndáil lena chumhachta agus a dhualgais faoin Acht seo, agus i pé slí, is cuí leis.

(2) I gcás aon talamh a bheas dílsithe san Aire nó ar áitiú aige a bheith ag teagmháil le haon urthrá, farraige nó uisce taoide, folóidh na cearta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo an ceart chun cleachtais airtléire, mhuscaeid, bhuamála nó cleachtais eile airm, chabhlaigh nó aeir a chur ar siúl ar an urthrá, ar an bhfarraige nó ar an uisce taoide sin nó os a gcionn.

Ceart an Aire chun goireas áirithe a chur suas agus a chothabháil ar thalamh in aice le haeradróim sheirbhise.

35. —(1) (a) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara go gcuirfear suas ar aon talamh nó foirgneamh in aice le haeradróm a bheas dílsithe ann nó ar áitiú aige, nó go suífear ann, nó go ngreamófar de, pé goireas (lena n-áirítear sreanga leictreachais) is gá leis chun aon ionad nó aon bhacainn a thaispeáint nó chun comharthaí nó eolas a thabhairt do dhaoine a bheas ag loingsiú aerárthaí chun an aeradróim, nó uaidh, nó ina aice, agus féadfaidh an goireas sin a chothabháil agus d'úsáid dá éis sin.

(b) Sara ndéanfaidh an tAire aon ghoireas a chur suas ar aon talamh nó foirgneamh, nó a shuíomh ann, nó a ghreamú dhe, de bhun an fho-ailt seo, bhéarfaidh sé fógra míosa roimh ré don únaer agus don áititheoir á chur in iúl go bhfuil sin beartaithe aige.

(c) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon ghoireas a cuireadh suas ar aon talamh nó foirgneamh, nó a suíodh ann, nó a greamaíodh de, de bhun an fho-ailt seo, a bhacainniú, a dhíthiú, a tharraingt anuas nó d'aghlot, nó má bhaineann sé leis go toiliúil, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(2) (a) Chun na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú, féadfaidh aon duine údaraithe agus aon daoine a bheas ag gníomhú faoina threoir dul isteach ar aon talamh agus gabháil thríd (le feithiclí nó gan feithiclí).

(b) Má chuireann duine ar bith (dá ngairmtear an ciontóir sa mhír seo) cosc le duine údaraithe nó le haon duine a bheas ag gníomhú faoina threoir i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an bhfo-alt seo, beidh an ciontóir ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(c) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” aon duine d'aicme dhaoine atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachta a bheirtear leis an bhfo-alt seo d'fheidhmiú.

(3) Má chruthaíonn duine ar bith ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh go ndearnadh dochar dá eastát nó dá leas trí fheidhmiú na gcumacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar don eastát nó don leas sin a ghnóthú ón Aire agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníochta faoin alt seo nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh a chinneadh, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

Srian le húsáid talún in aice le haeradróim sheirbhíse.

36. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire go ndéanfadh úsáid neamhshrianta aon límistéire áirithe talún in aice le haerodróm, a bheas dílsithe san Aire nó ar áitiú aige, cur isteach ar loingsiú aerárthach a bheadh ag eiteall chun an aeradróim sin nó uaidh, féadfaidh sé, le hordú (dá ngairmtear ordú límistéire caomhanta san alt seo) na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) a dhearbhú gur límistéir chaomhanta chun críocha an orduithe an límistéir áirithe talún sin,

(b) a dhearbhú nach dleathach, laistigh den límistéir chaomhanta, d'aon duine, ach amháin faoi réim agus do réir ceada arna dheonadh ag an Aire, aon fhoirgneamh a chur suas ná a mhéadú, ná aon phosta, cuaille ná rud eile a chur suas ná a shuíomh i dtreo go mbeidh aon chuid den fhoirgneamh, den phosta, den chuaille nó den rud (dá ngairmtear bacainn san alt seo) níos airde ná mar ceapfar leis an ordú.

(2) Bainfidh na forála seo a leanas le gach ordú límistéire caomhanta—

(a) cuirfidh an tAire faoi deara an t-ordú d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i pé nuachtáin is cuí leis an Aire dá léitear sa límistéir lena mbaineann an t-ordú,

(b) féadfaidh an t-ordú an límistéir lena mbaineann sé a roinnt i pé fo-límistéirí, agus i pé méid fo-límistéirí, is cuí leis an Aire agus, sa chás sin, féadfaidh forála éagsúla a bheith ann i leith gach fo-límistéire acu sin,

(c) féadfaidh an t-ordú aon bhacainní sonraithe nó aon aicme shonraithe bhacainní a dhíolmhadh ó fheidhm an orduithe,

(d) beidh ag gabháil leis an ordú léarscáil a thaispeánfas an límistéir lena mbaineann an t-ordú agus, i gcás an límistéir sin a bheith roinnte ina fo-límistéirí, gach ceann de na fo-límistéirí sin,

(e) féadfar an léarscáil a bheas ag gabháil leis an ordú d'fhágaint as an ordú nuair a bheas aon fhoilsiú á dhéanamh air de bhun míre (a) den fho-alt seo, ach taiscfear cóipeanna den ordú agus den léarscáil a ghabhas leis in Oifig na Roinne Cosanta, Geata na Páirce, Baile Átha Cliath, agus coimeádfar ar fáil ansin iad chun a n-iniúchta ag an bpobal gach tráth réasúnach.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo ordú límistéire caomhanta a chúlghairm nó a leasú.

(4) Leagfar gach ordú límistéire caomhanta agus gach ordú ag leasú orduithe límistéire caomhanta faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(5) Féadfaidh an tAire ceada a dheonadh chun críocha orduithe límistéire caomhanta agus beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon chead a deonfar amhlaidh—

(a) féadfaidh an tAire—

(i) pé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil leis,

(ii) é a chúlghairm nó a leasú;

(b) ní oibreoidh an cead mar fhuascailt ó aon tsrianta a forchuireadh faoi na hAchta um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, nó faoi aon achtachán eile, agus a bhaineas leis an límistéir lena mbaineann an t-ordú.

(6) (a) Má chruthaíonn duine ar bith, ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh laistigh de límistéir lena mbaineann ordú límistéire caomhanta, go ndearnadh dochar dá eastát nó dá leas tríd an Aire dá dhiúltú cead a dheonadh dhó nó trí aon choinníollacha a bheith ag gabháil le cead a dheoin an tAire dhó, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar don eastát nó don leas sin a ghnóthú ón Aire agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin bhfo-alt seo nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh a chinneadh, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

(b) I gcás ina mbeadh duine, mura mbeadh an mhír seo, i dteideal cúitimh faoin bhfo-alt seo agus fós faoi aon achtachán eile i leith an ní chéanna, ní bheidh sé i dteideal cúitimh i leith an ní sin faoin bhfo-alt seo agus fós faoin achtachán eile sin, ach féadfaidh sé rogha a dhéanamh idir cúiteamh a ghlacadh faoin bhfo-alt seo nó é a ghlacadh faoin achtachán eile sin.

(7) Má chuireann duine ar bith suas nó má mhéadaíonn sé foirgneamh nó má chuireann sé suas nó má shuíonn sé aon phosta, cuaille nó rud eile agus go sáróidh sin ordú límistéire caomhanta—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus

(b) féadfaidh an tAire, pé acu tionscnófar nó nach dtionscnófar aon imeachta i leith an chiona, a chur faoi deara pé athruithe a dhéanamh ar an bhfoirgneamh, ar an bposta, ar an gcuaille nó ar an rud a ndearnadh an sárú ina leith, is gá dar leis chun go gcomhlíonfaí an t-ordú, agus beidh na caiteachais faoina raghaidh an tAire á dhéanamh sin inghnóthuithe ag an Aire mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a rinne an sárú.

Coinmheadh lelinn tréimhse éigeandála.

37. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham agus aon am, pé rialacháin a dhéanamh is oiriúnach leis—

(i) á cheangal ar áititheoirí áitreabh iostas freastal agus bia a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann;

(ii) á cheangal ar áititheoirí áitreabh agus eachlann cóiríocht stábla agus foráiste a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, do chapaill le hÓglaigh na hÉireann;

(iii) á cheangal ar áititheoirí áitreabh agus garáistí cóiríocht gharáiste a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, d'fheithiclí inneall,ghluaiste le hÓglaigh na hÉireann;

(iv) ag tabhairt pé cumhacht agus údaráis is cuí leis do pé daoine is cuí leis chun na rialacháin a chur i gcrích agus i bhfeidhm;

(v) ag socrú, le ceadú an Aire Airgeadais, scálaí na n-íocaíocht a bhéarfar i leith aon iostais, freastail, bídh, cóiríochta stábla, foráiste nó cóiríochta garáiste a soláthrófar amhlaidh;

(vi) ag déanamh forála i leith aon ní nó ruda a ghabhas leis na nithe réamhráite.

(b) Déanfar na tagairtí i mír (a) den fho-alt seo d'áititheoirí áitreabh d'fhorléiriú, i gcás áitreabh neamháitithe, mar thagairtí d'únaerí na n-áitreabh sin.

(2) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon rialachán a déanfar faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) Íocfar le daoine a sholáthrós iostas, freastal, bia, cóiríocht stábla, foráiste nó cóiríocht gharáiste de bhun rialachán faoin alt seo íocaíochtaí do réir na scálaí a socrófar leis na rialacháin sin.

(4) Má déantar le rialacháin faoin alt seo aon chumhachta a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána nó aon dualgais a chur orthu, nó i gcás ina bhforálfaidh na rialacháin sin gur i gcomhairle le haon chomhalta den Gharda Síochána a déanfar aon tsocruithe maidir le coinmheadh, is le comhthoil an Aire Dhlí agus Cirt a déanfar na rialacháin sin a bhainfeas amhlaidh leis an nGarda Síochána.

(5) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Coinmheadh le linn síochána.

38. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “teach biataíochta” aon áitreabh—

(a) is áitreabh atá cláraithe i gclár atá á choimeád faoi Chuid III den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) , nó

(b) is áitreabh atá ceadúnaithe faoi na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, chun deocha meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh, nó

(c) is pronnlann atá cláraithe i gclár atá á choimeád faoi rialacháin a rinneadh faoi Chuid V den Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) .

(2) Féadfaidh an tAire pé rialacháin is cuí leis a dhéanamh—

(a) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta iostas, freastal agus bia a sholáthar do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann;

(b) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta agus eachlann cóiríocht stábla agus foráiste a sholáthar do chapaill le hÓglaigh na hÉireann;

(c) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta agus garáistí cóiríocht gharáiste a sholáthar d'fheithiclí inneallghluaiste le hÓglaigh na hÉireann;

(d) ag tabhairt pé cumhacht agus údaráis is cuí leis do pé daoine is cuí leis chun na rialacháin a chur i gcrích agus i bhfeidhm;

(e) ag socrú, le ceadú an Aire Airgeadais, scálaí na n-íocaíocht a bhéarfar i leith aon iostais, freastail, bídh, cóiríochta stábla, foráiste, nó cóiríochta garáiste a soláthrófar amhlaidh;

(f) ag déanamh forála i leith aon ní nó ruda a ghabhas leis na nithe réamhráite.

(3) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon rialachán a déanfar faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(4) Ní déanfar, de bhun aon rialacháin faoin alt seo, aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann a chur ar coinmheadh in aon teach príobháideach ná in aon áitreabh a bheas á áitiú ag mná amháin.

(5) Íocfar le daoine a sholáthrós iostas, freastal, bia, cóiríocht stábla, foráiste nó cóiríocht gharáiste, de bhun rialachán faoin alt seo, íocaíochtaí do réir na scálaí a socrófar leis na rialacháin sin.

(6) Má deantar le rialacháin faoin alt seo aon chumhachta a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána nó aon dualgais a chur orthu, nó i gcás ina bhforálfaidh na rialacháin sin gur i gcomhairle le comhalta den Gharda Síochána a déanfar aon tsocruithe maidir le coinmheadh, is le comhthoil an Aire Dhlí agus Cirt a déanfar na rialacháin sin a bhainfeas amhlaidh leis an nGarda Síochána.

(7) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Feidhmiú na gcumhacht a bheas dílsithe i sealbhóir oifige míleata.

39. —Aon chumhacht nó dlínse a bhéarfar d'aon duine a bheas i seilbh aon oifige míleata, agus aon ghníomh nó rud a bheas le déanamh aige, nó leis nó ina láthair, féadfaidh duine ar bith eile a bheas de thuras na huaire údaraithe chuige sin, do réir gnás na seirbhíse nó do réir rialacha nós imeachta nó do réir rialachán a dhéanfas an tAire, an chumhacht nó an dlínse sin d'fheidhmiú, nó an gníomh nó an rud sin a dhéanamh, nó féadfar an gníomh nó an rud sin a dhéanamh leis nó ina láthair.

Forála maidir le horduithe údarás míleata.

40. —(1) I gcás údarás a thabhairt leis an Acht seo nó faoi don Cheann Foirne, don Ard-Aidiúnach, don Ard-Cheathrúnach nó d'aon ghinearál-oifigeach, brat-oifigeach nó oifigeach eile i gceannas chun aon ordú a dhéanamh, féadfar an t-ordú sin a chur in iúl le hordú, treoir nó litir faoi shíniú aon oifigigh a bheas údaraithe chun orduithe a thabhairt thar ceann an Chinn Fhoirne, an Ard-Aidiúnaigh, an Ard-Cheathrúnaigh, an ghinearáil-oifigigh, an bhrat-oifigigh nó an oifigigh eile i gceannas, agus beidh aon ordú, treoir, nó litir a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach a dhealrós ann a bheith údaraithe amhlaidh ina fhianaise go bhfuil sé údaraithe amhlaidh.

(2) Beidh réim ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon ordú nó treoir a bhéarfar de bhun an Achta seo i dtaobh aon phiantseirbhí mhíleata, aon phríosúnaigh mhíleata, nó aon fhir faoi choinneáil, agus ní measfar aon ordú ná treoir den tsórt sin a bheith neamhbhailí de dheasca an t-oifigeach a shínigh an t-ordú nó an treoir sin, nó d'ordaigh é a thabhairt, d'fháil bháis nó a chur as oifig, ná de dheasca aon lochta san ordú nó sa treoir sin, má líomhantar san ordú nó sa treoir sin gur ciontaíodh an pian tseirbhí míleata, an príosúnach míleata nó an fear faoi choinneáil agus go bhfuil ciontú maith bailí ann mar bhonn leis an ordú nó leis an treoir.

(3) In aon chás beidh ordú bailí má tugadh é sa bhfoirm fhorordaithe, ach ní bheidh ordú nach gcloífidh leis an bhfoirm fhorordaithe, más bailí dhó thairis sin, neamhbhailí de dheasca gan é do chloí leis an bhfoirm fhorordaithe agus dá dheasca sin amháin.