An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Rialú Áitreabh Áirithe.) Ar Aghaidh (CUID V. Iostain Saothraithe.)

16 1954

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1954

CUID IV

Tithe don Lucht Oibre.

Teaghais a measfar iad a bheith curtha ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre.

16. —Aon teaghais atá dílsithe in údarás tithe nó i gcoimisinéirí baile agus a úsáidid sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre agus a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, ina dteaghais nár chuir an t-údarás nó na coimisinéirí ar fáil faoi na hAchta sin, measfar gur teaghais iad a cuireadh ar fáil amhlaidh, agus forléireofar dá réir sin tagairtí in aon achtachán (lena n-áírítear, go háirithe, alt 3 den Acht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe, 1931 (Uimh. 55 de 1931) , agus alt 3 den Acht Srianta Cíosa, 1946 ( Uimh. 4 de 1946 ), do theaghais nó d'fhoirgintí a cuireadh ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, nó faoi aon Acht acu sin.