|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Cáin Bhrabús Corparáide.) | Ar Aghaidh (CUID V. Dleachta Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1953
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Ioncam nach féidir a chur chun an Stáit: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide. | |
[EN] |
Ioncam nach féidir a chur chun an Stáit. |
10. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide, do réir mar bheas; | |
[EN] | ciallaíonn “ioncam sonrach” ioncam a bhfuil a bhunadh lasmuigh den Stát agus arb é a mhéid an méid nó cuid den mhéid (dá ngairmtear an méid adúradh san alt seo) ar a ríomhtar an cháin do réir an reachta iomchuí. | |
[EN] | (2) Faoi réir na bhfo-alt eile den alt seo, beidh éifeacht ag forála an ailt seo i gcás— | |
[EN] | (a) cáin a mhuirearú trí mheasúnú in aghaidh aon tréimhse, pé acu roimh dháta an Achta seo a rith a thosnaigh sé nó nach ea, agus pé acu roimh an dáta sin a rinneadh an measúnú nó nach ea, agus | |
[EN] | (b) gan an cháin a bheith íoctha. | |
[EN] | (3) In aon chás ina dtabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim, ar an dáta a bheas an cháin iníoctha nó dá éis sin, pé cruthúnas is leor leo nach féidir, mar gheall ar reachtaíocht sa tír ina bhfuil a bhunadh nó mar gheall ar bheart feidhmiúcháin ag Rialtas na tíre sin, ioncam sonrach a chur chun an Stáit, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha bailiúcháin, an measúnú d'áireamh amhail is nár fholaigh an méid adúradh an t-ioncam sonrach, ach beidh deireadh leis an áireamh sin a luaithe a bheas na Coimisinéirí Ioncaim gan leor-chruthúnas den tsórt sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, aon eolas is riachtanach leo d'éileamh. | |
[EN] | (5) Duine ar bith atá míshásta le breith na gCoimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh sé, trí fhógra scríofa a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de lá agus fiche tar éis an bhreith a chur in iúl dó, a iarraidh an cás a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Speisialta, agus beidh a mbreith sin ina breith chríochnaitheach. | |
[EN] |
Forléiriú na Coda seo den Acht seo. |
11. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sí le cáin bhrabús corparáide, léifear agus forléireofar í i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin. |