|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Mál.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Ioncam nach féidir a chur chun an Stáit: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1953
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Cáin Bhrabús Corparáide. | |
[EN] |
Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint i bhfeidhm. |
9. —Déanfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus le fo-alt (2) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), a thabhairt in aghaidh na tréimhse dár tosach an lú lá d'Eanáir, 1953, agus dár críoch an 31ú lá de Nollaig, 1955. |