|
||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. AchtachÁin a hAthghairmtear.) |
[EN] | ||
Uimhir 15 de 1953. | ||
[EN] |
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1953. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT d'ATHRÚ NA dTRÁTH CHUN TOGHCHÁIN A CHOMÓRADH DO CHOMHALTAÍ ÚDARÁS ÁITIÚLA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE A LEANAS AS AN ATHRÚ SIN NÓ A GHABHAS LEIS. [18ú Meitheamh, 1953.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlucht acu seo a leanas : | |
[EN] | (a) comhairle chontae, | |
[EN] | (b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, | |
[EN] | (c) comhairle cheantair uirbigh, | |
[EN] | (d) coimisinéirí baile; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil. | |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní san alt seo, déanfar tagairt san Acht seo do chruinniú, do chomhalta nó do chomhaltas d'údarás áitiúil d'fhorléiriú, más bardas contae-bhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil atá i gceist, mar thagairt do chruinniú, do chomhalta nó do chomhaltas den chomhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin. | |
[EN] |
Blianta toghcháin. |
2. —(1) Déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil a chomóradh sa bhliain 1955. |
[EN] | (2) Tar éis na bliana 1955, déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil a chomóradh gach cúigiú bliain as a chéile i ndiaidh na bliana inar comóradh na toghcháin deiridh roimhe. sin den tsórt sin. | |
[EN] | (3) Ní comórfar toghchán do chomhaltaí údaráis áitiúil idir dáta an Achta seo a rith agus dáta an toghcháin de bhun fo-ailt (1) den alt seo do chomhaltaí an údaráis sin, agus beidh faidiú dá réir sin ar an téarma oifige a bheas á chaitheamh ar dháta an Achta seo a rith ag comhaltaí an údaráis sin. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , ná d'aon ordú a rinneadh faoin gCuid sin. | |
[EN] | (5) Má rinne aon údarás áitiúil nó aon chomhalta de nó aon oifigeach dó (lena n-áirítear ceann comhairimh), nó má d'fhág sé gan déanamh, roimh an Acht seo a rith, aon ghníomh, ní nó rud a mbeadh sé dleathach é a dhéanamh nó é d'fhágaint gan déanamh dá mba rud é go raibh an t-alt seo i ngníomh an uair sin, measfar an gníomh, an ní nó an rud sin a bheith déanta nó fágtha gan déanamh go dleathach. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht Freastal Scoile, 1926 . |
3. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 ( Uimh. 17 de 1926 )— |
[EN] | (a) ceapfar comhaltaí gach coiste freastal scoile sa bhliain 1955, | |
[EN] | (b) ní ceapfar comhaltaí coiste freastal scoile idir dáta an Acht seo a rith agus an dáta a déanfar de bhun na míre deiridh roimhe seo comhaltaí an údaráis sin a cheapadh, agus | |
[EN] | (c) aon téarma oifige a bheas á chaitheamh ag comhalta de choiste freastal scoile ar dháta an Achta seo a rith agus, mura mbeadh an mhír seo, a raghadh in éag roimh an 31ú lá de Nollaig, 1955, beidh faidiú air go dtí an lá sin. | |
[EN] | (2) Tar éis na ceapacháin de bhun míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh, beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , ach— | |
[EN] | (a) “i gceann tréimhsí cúig bliana” a chur in ionad “go trí-bliantach” agus “cúig bliana” in ionad “trí mblian” i bhfo-alt (3), agus | |
[EN] | (b) “i gceann tréimhse chúig bliana” a chur in ionad “go tríbhliantach”, agus “an cheaptha sin i gceann tréimhse chúig bliana” in ionad “an cheaptha thrí-bhliantaigh sin”, agus “cúig bliana” in ionad “trí mblian” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin, i bhfo-alt 4. | |
[EN] |
Leasú ar na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950. |
4. —Sna hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus in aon ordú nó rialachán a rinneadh fúthu, ciallóidh “bliain toghcháin,” in ionad an ní a chiallaigh sé díreach roimh dháta an Achta seo a rith, aon bhliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí údarás áitiúla de bhun ailt 2 den Acht seo agus cuirfear tagairtí do chruinniú cinn cúig bliana in ionad tagairtí do chruinniú cinn trí mblian. |
[EN] |
Leasú ar na h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1948. |
5. —Sna h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1948, ciallóidh “bliain toghcháin”, in ionad an ní a chiallaigh sé díreach roimh dháta an Achta seo a rith, aon bhliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí údarás áitiúla de bhun ailt 2 den Acht seo. |
[EN] |
Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil, 1941 . |
6. —(1) I bhfo-alt (2) d'alt 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), cuirfear “chúig bliana” in ionad “thrí bliana” mar a bhfuil na focail deiridh sin sa bhfo-alt. |
[EN] | (2) Más rud é, toisc comhaltaí comhairle contae a chur as oifig, nach féidir lá comórtha aon toghacháin den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (2) d'alt 5 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) , a chinneadh de bhun an fho-ailt sin, comórfar an toghchán pé lá a shocrós an tAire le hordú. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht Cuanta, 1946 . |
7. —Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (2) d'alt 9 den Acht Cuanta, 1946 ( Uimh. 9 de 1946 ): |
[EN] | “(2) I dteannta na céad bhliana toghcháin, beidh gach bliain dá éis sin is bliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contae de bhun ailt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1948 (Uimh. 8 de 1948) , nó de bhun ailt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1953 , ina bliain toghcháin i leith údaráis chuain.” | |
[EN] |
Téarma oifige comhaltaí de chomhluchta áirithe. |
8. —(1) Baineann an t-alt seo le bord, coiste nó comhlucht eile ar gá do réir dlí go gceapfadh údarás áitiúil a chomhaltaí uile nó aon chuid díobh i ndiaidh toghcháin do chomhaltaí an údaráis sin. |
[EN] | (2) An téarma oifige a bheas á chaitheamh ar dháta an Achta seo a rith ag comhalta de bhord, de choiste nó de chomhlucht eile lena mbaineann an t-alt seo, beidh faidiú air go dtí an lá a bheas an comharba a ceapfar ar an gcomhalta sin sa bhliain 1955 le tosnú ar a théarma oifige. | |
[EN] | (3) Is é an tAire a chinnfeas gach amhras, ceist agus díospóid i dtaobh aon bhord, coiste nó comhlucht eile áirithe a bheith nó gan a bheith ina bhord, ina choiste nó ina chomhlucht lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] |
Cosaint in aghaidh dícháilíochta i gcásanna áirithe. |
9. —Aon chomhalta d'údarás áitiúil a scoirfeas de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúil i líomatáiste feidhme an údaráis toisc clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúil a theacht i bhfeidhm tar éis dáta an Achta seo a rith agus roimh an toghchán do chomhaltaí an údaráis de bhun fo-ailt (1) d'alt (2) den Acht seo, ní bheidh sé, mar gheall ar an scor sin amháin, dícháilithe chun leanúint de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den údarás go dtí gnáth-lá scortha comhaltaí an údaráis i ndiaidh an toghcháin sin. |
[EN] |
Achtacháin d'oiriúnú. |
10. —(1) San alt seo ciallaíonn “comhlucht áitiúil” údarás áitiúil nó comhlucht lena mbaineann alt 8 den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt in aon reacht, ordú nó rialachán a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith do thoghchán cinn trí mblian do chomaltaí comhluchta áitiúil d'fhorléiriú mar thagairt do thoghchán de bhun an Achta seo do na comhaltaí sin. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht, faoi réir forál an Achta seo, ag gach reacht, ordú agus rialachán a bhaineas le toghcháin do chomhaltaí aon chomhluchta áitiúil nó do chruinnithe aon chomhluchta áitiúil, agus féadfaidh an tAire le hordú pé oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh in aon reacht, ordú nó rialachán den tsórt sin is dóigh leis is gá chun go mbeadh éifeacht aige i gcomhréir leis an Acht seo. | |
[EN] | (4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Cruinnithe áirithe a chomóradh. |
11. —Mura mbíonn dáta ceaptha ag údarás áitiúil roimh an 23ú lá de Mheitheamh, 1953, chun an cruinniú bliantúil nó an cruinniú ráithiúil (pé acu é) den údarás áitiúil a chomóradh is gá do réir dlí a chomóradh i rith na tréimhse dár tosach an 23ú lá de Mheitheamh, 1953, agus dár críoch an lú lá d'Iúil, 1953, gairmfidh an rúnaí contae nó an baile-chléireach (pé acu é) cruinniú den údarás áitiúil chun teacht le chéile chun na críche sin ag uair a chloig agus ar dháta caothúil laistigh den tréimhse sin, agus measfar cruinniú a comórfar de bhun na gairme sin a bheith ina chruinniú bliantúil nó ráithiúil a comóradh ar dháta a cheap an t-údarás áitiúil. |
[EN] |
Athghairm. |
12. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
13. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1953 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta um Thoghcháin Áitiúla, 1927 agus 1953, a ghairm den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) , agus den Acht seo le chéile. |