An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach.)

11 1953

AN tACHT MINE FÉIR (TÁIRGEADH), 1953

CUID II.

Min Fhéir Teoranta.

An Chuideachta a bhunú agus a chlárú.

5. —A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach beart a chífear dó is gá nó is inmhianuithe chun a thabhairt go ndéanfar cuideachta theoranta, a bheas do réir na gcoinníoll atá leagtha síos san Acht seo, a bhunú agus a chlárú faoi na hAchta Cuideachtan.

Ainm agus caipiteal na Cuideachtan.

6. —(1) Min Fhéir Teoranta a bheas mar ainm ar an gCuideachta.

(2) Is é scair-chaipiteal na Cuideachtan céad míle punt arna roinnt i scaireanna de phunt an ceann agus, le toiliú an Aire Airgeadais, beidh cumhacht ag an gCuideachta chun na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachtan a roinnt ina n-aicmí éagsúla agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha, tosaíochta nó iarchurtha nó cáilithe nó speisialta, a chur ag gabháil leis na haicmí sin faoi seach.

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan, ní dleathach don Chuideachta, gan toiliú an Aire Airgeadais, scair-chaipiteal na Cuideachtan a mhéadú ná a laghdú.

Meabhrán Comhlachais na Cuideachtan.

7. —(1) Beidh Meabhrán Comhlachais na Cuideachtan i pé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(2) Déanfar cuspóirí na Cuideachtan a lua sa Mheabhrán Comhlachais ar chuma a léireos gurb iad príomh-fheidhmeanna na Cuideachtan talamh portaigh a thógaínt, a shilt agus a shaothrú agus féar agus plandaí eile a phróisiú lena ndíol (lena n-áirítear, go háirithe, min fhéir a mhonarú).

Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan,

8. —(1) Beidh Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan i pé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a cheadós an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hAirteagail Chomhlachais na Cuideachtan, is é sin le rá :—

(a) forálfaidh na hAirteagail nach mó ná seachtar, agus an cathaoirleach d'áireamh, an uimhir stiúrthóirí a bheas ar an gCuideachta ;

(b) forálfaidh na hAirteagail gurb í cáilíocht is gá chun duine a bheith ina stiúrthóir scair amháin ar a laghad sa Chuideachta a bheith aige ;

(c) forálfaidh na hAirteagail gurb é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a dhéanfas i gcónaí an cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile go léir a cheapadh, agus go bhféadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, iad a chur as oifig ;

(d) forálfaidh na hAirteagail gurb é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a chinnfeas luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile ;

(e) forálfaidh na hAirteagail nach n-ainmneofar aon duine mar iniúchóir don Chuideachta gan ceadú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais ;

(f) ní thabharfaidh na hAirteagail aon chumhacht don Chuideachta chun caipiteal na Cuideachtan a mhéadú ná a laghdú, ná chun airgead d'fháil ar iasacht ach amháin do réir an Achta seo.

Srianta maidir le stiúrthóirí.

9. —(1) Má thagann duine is stiúrthóir ar an gCuideachta chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) Duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, chun suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta,

Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan d'athrú.

10. —D'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan, ní bheidh aon athrú ar Mheabhrán Comhlachais ná ar Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan bailí ná éifeachtach mura ndearna an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, é a cheadú roimh ré.

Srian le gníomhachtaí na Cuideachtan.

11. —Ní mhonaróidh an Chuideachta aon táirge nach mbeidh údaraithe, de bhun ailt 7 den Acht seo, lena Meabhrán Comhlachais, mura sealbhóir í ar cheadúnas faoi alt 12 den Acht seo á údarú sin di.

Ceadúnas a dheonadh don Chuideachta chun táirgí áirithe a mhonarú.

12. —(1) Baineann an t-alt seo le táirgí atá oiriúnach le húsáid, pé acu go haonaránach nó i dteannta tairgí eile é, mar ábhair bheatha d'ainmhithe nó mar leasacháin agus nach táirgí a n-údaraíonn a Meabhrán Comhlachais don Chuideachta iad a mhonarú.

(2) Aon uair is dóigh leis an Aire—

(a) nach bhfuil táirge lena mbaineann an t-alt seo á mhonarú sa Stát trí fhiontraíocht phríobháideach, nó nach bhfuil sé á mhonarú amhlaidh ar mór-chóir, agus

(b) go bhfuil sé inmhianuithe go monarófaí an táirge sin sa Stát ar mór-chóir, agus

(c) go dtiocfadh de cheadúnas a dheonadh faoin alt seo don Chuideachta chun an táirge sin a mhonarú go mbeadh an táirge sin á mhonarú ar mór-chóir,

ansin, faoi réir an ailt seo, féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Talmhaíochta. ceadúnas a dheonadh don Chuideachta, as a threoir féin nó ar iarratas ón gCuideachta, á údarú dhi an táirge sin a mhonarú.

(3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le ceadúnas a dheonadh faoin alt seo—

(a) má bheartaíonn an tAire ceadúnas a dheonadh, bhéarfaidh sé, sara ndeonfaidh sé an ceadúnas, go ndéanfar fógra go bhfuil sín ar intinn aige d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i dhá nuachtán laethúla maidne ar a laghad a foilsítear sa Stát agus i pé slí eile a mheasfas sé a chuirfeadh in iúl do dhaoine leasmhara go bhfuil sin ar intinn aige ;

(b) luafar sa bhfógra sin—

(i) cineál an táirge sin, agus

(ii) go bhféadfaidh duine ar bith, laistigh de thréimhse shonraithe (nach giorra ná tríocha lá tar éis dáta na huimhreach den Iris Oifigiúil ina mbeidh an fógra), ráiteas i scríbhinn a chur chun an Aire ag insint a agóide in aghaidh an cheadúnais a dheonadh agus ag insint na bhforas sonrach atá léi ;

(c) breithneoidh an tAire gach agóid den tsórt sin a cuirfear chuige laistigh den tréimhse sin ;

(d) tar éis an tréimhse sin a bheith caite agus breithniú a bheith déanta ar na hagóidí (más ann), féadfaidh an tAire an ceadúnas a dheonadh do réir mar bhí ar intinn aige nó i pé foirm mhodhnaithe is cuí leis ag féachaint do na hagóidí a fuarthas.

(4) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha agus srianta is oiriúnach leis a chur ag gabháil le ceadúnas a deonfar faoin alt seo.

Iasacht don Chuideachta chun costas a bunuithe d'íoc.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, suim nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a thabhairt ar iasacht don Chuideachta, ar pé téarmaí agus coinníollacha maidir le tráth agus modh a haisíochta, ráta úis, urrús agus nithe ar bith eile is cuí leis.

(2) Déanfaidh an Chuideachta aon airgead a bhéarfar ar iasacht faoin alt seo don Chuideachta d'úsáid chun, nó i leith, íoctha costas tionscnaimh, bunuithe agus cláruithe a Cuideachtan agus réamhchostas eile na Cuideachtan agus chun na gcríocha sin amháin.

(3) Na suimeanna go léir a íocfas an Chuideachta leis an Aire i leith aisíoctha aon airgid a tugadh ar iasacht don Chuideachta faoin alt seo nó chun íoctha an úis ar an airgead sin, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iar mar threorós an tAire Airgeadais.

Deontais don Chuideachta.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a thabhairt don Chuideachta, a bheas le húsáid chun caiteachais chaipitiúla na Cuideachtan d'íoc agus chuige sin amháin.

(2) Ní bheidh iomlán na ndeontas faoin alt seo níos mó ná céad agus cúig mhíle seascad punt.

Scair-chaipiteal na Cuideachtan d'eisiúint.

15. —(1) Déanfar aon scair amháin de scair-chaipiteal na Cuideachtan a leithroinnt agus d'eisiúint chun gach duine faoi leith de shuibscríobhaithe Mheabhrán Comhlachais na Cuideachtan agus, faoi réir forál an Achta seo, déanfar iarmhar scairchaipitíl na Cuideachtan a leithroinnt agus d'eisiúint chun an Aire Airgeadais.

(2) An t-airgead is iníoctha ag suibscríobhaithe Mheabhrán Comhlachais na Cuideachtan, i gcomaoin scaireanna i scairchaipiteal na Cuideachtan a leithroinnt agus d'eisiúint chucu de bhun fo-ailt (1) den alt seo, airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis é.

Srianta le scair-chaipiteal na Cuideachtan d'eisiúint.

16. —Ní heiseofar aon chuid de scair-chaipiteal na Cuideachtan (seachas scair-chaipiteal a heiseofar chun suibscríobhaithe Mheabhrán Comhlachais na Cuideachtan) aon tráth mura mbeidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, tar éis an eisiúint sin d'údarú.

Cumhacht an Aire Airgeadais chun scaireanna d'fháil trí shuibscríobh.

17. —Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham aon scaireanna sa Chuideachta a thógaint trí shuibscríobh.

Cumhachta an Aire Airgeadais mar scairshealbhóir.

18. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna de chuid na Cuideachtan a bheas aige de thuras na huaire, gach ceann nó aon cheann d'fheidhmiú, faoi réir an Achta seo, de na cearta agus na cumhachta is infheidhmithe de thuras na huaire ag sealbhóir scaireanna den tsórt sin, agus í gcás na cearta agus na cumhachta sin a bheith infheidhmithe trí aturnae féadfaidh an tAire sin, más cuí leis é, na cearta nó na cumhachta sin d'fheidhmiú trína aturnae.

É bheith d'oblagáid ar scair-shealbhóirí (seachas an tAire Airgeadais) scaireanna a shealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais.

19. —(1) Is ar iontaobhas don Aire Airgeadais a shealbhós gach comhalta den Chuideachta (agus suibscríobhaithe Mheabhrán Comhlachais na Cuideachtan d'áireamh ach gan an tAire Airgeadais d'áireamh) a scair sa Chuideachta, agus dá réir sín beidh de cheangal air gach díbhinn, bónas agus airgead eile a gheobhas an comhalta sin ar an scair sin nó ina leith d'íoc leis an Aire Airgeadais chun tairbhe an Stát-Chiste agus an scair sin d'aistriú, amhail mar cheanglós agus nuair a cheanglós an tAire sin air é, chun an Aire sin nó chun duine a ainmneos an tAire sin chuige sin.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham mar is gá, chun na forála sin de na hAchta Cuideachtan a chomhlíonadh a cheanglaíos seachtar comhaltaí ar a laghad a bheith sa Chuideachta i gcónaí nó chun an cháilíocht riachtanach a thabhairt do dhuine a ceaptar nó atáthar ar tí a cheapadh ina stiúrthóir ar an gCuideachta, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá :—

(a) scair amháin atá de thuras na huaire ag an Aire sin sa Chuideachta d'aistriú chun duine ar bith ;

(b) a cheangal ar aon chomhalta den Chuideachta aon scair atá aige d'aistriú chun an Aire sin nó chun duine ar bith eile.

(3) Ach amháin mar a húdaraítear nó a ceanglaítear le fo-alt (2) den alt seo, ní aistreoidh aon chomhalta den Chuideachta (agus an tAire Airgeadais d'áireamh) ná ní choimhitheoidh aon scaireanna atá aige de thuras na huaire sa Chuideachta.

Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

20. —Déanfar gach díbhinn, bónas agus airgead eile a gheobhas an tAire Airgeadais i leith scaireanna de chuid na Cuideachtan a bheas ar seilbh aige nó ar iontaobhas dó d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar threorós an tAire sin.

Cumhacht na Cuideachtan chun bintiúirí d'eisiúint.

21. —Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, arna thabhairt tar éis dó dul í gcomhairle leis an Aire, airgead d'fháil ar iasacht ó am go ham trí bhintiúirí ach ní bheidh an méid iomlán a bheas faighte ar iasacht faoin alt seo agus gan aisíoc níos mó tráth ar bith ná an tsuim is lú acu seo a leanas, is é sin le rá :—

(a) céad míle punt ;

(b) an méid de scair-chapiteal údaraithe na Cuideachtan atá gan eisiúint.

An Stát do ráthú bintiúirí na Cuideachtan.

22. —Aon uair a bheartós an Chuideachta aon bhintiúirí d'eisiúint, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a ráthú, i pé slí agus i pé foirm is cuí leis, go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí, do réir téarmaí na mbintiúirí sin, na príomhshuimeanna agus an t-ús a bheas urraithe leis na bintiúirí sin.

Airgead d'airleacan as an bPríomh-Chiste.

23. —(1) An t-airgead go léir a bheas ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais—

(a) faoi chomhair íocaíochtaí is gá dhó a dhéanamh i leith aon scaireanna a bheas suibscríofa aige faoin Acht seo, nó

(b) faoi chomhair suimeanna a thiocfas chun bheith iníoctha faoi aon ráthaíocht a thug sé faoin Acht seo i leith airgid a bheas urraithe le bintiúirí d'eisigh an Chuideachta,

airleacfar é as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(2) Chun airgead a sholáthar le haghaidh na suimeanna a hairleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire sin urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i ndáil leis na hurrúis sin d'eisiúint.

(4) Déanfaidh an Chuideachta aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, chun na críche a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste (maraon le hús orthu do réir pé rátaí a cheapfas an tAire Airgeadais) i pé suimeanna agus pé trátha a cheapfas an tAire sin.

(5) Má bhíonn iomlán na n-airleacan nó aon chuid de na hairleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, chun na críche a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, gan aisíoc ag an gCuideachta leis an bPríomh-Chiste do réir fo-ailt 4 den alt seo, aisíocfar leis an bPríomh-Chiste, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh.

(6) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead faoi fho-alt (5) den alt seo, ní thabharfaidh sin díolúine don Chuideachta ón dliteanas chun méid iomlán aon airleacain a tugadh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste maraon le hús air do réir an ráta a cheap an tAire Airgeadais, agus déanfaidh an Chuideachta an t-aisíoc sin pé tráth agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire Airgeadais.

É bheith d'oblagáid cláir chomharduithe, etc., a thabhairt don Aire.

24. —(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, laístigh de shé mhí tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta—

(a) clár comharduithe don bhliain chuntasaíochta sin arna iniuchadh go cuí ag iniúchóir na Cuideachtan ;

(b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta sin arna iniúchadh ar an gcuma chéanna ; agus

(c) tuarascáil ar a himeachta i gcaitheamh na bliana cuntasaíochta sin.

(2) An clár comharduithe agus an cuntas sochair agus dochair a bheas le tabhairt de bhun an ailt seo, dréachtfar iad i pé slí a threorós an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus beidh sa chlár comharduithe sin (i dteannta aon ní is gá do réir na treorach sin) coimriú ar chaipiteal, sócmhainní agus dliteanais na Cuideachtan maraon leis na sonraí sin a léireos cad é an cineál sócmhainní agus dliteanas iad agus cad é an modh inar háiríodh luach na sócmhainní.

(3) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, ar é dá éileamh sin, pé mínithe is cuí leis an Aire d'iarraidh i leith aon chláir chomharduithe nó aon chuntais sochair agus dochair nó aon tuarascála a tugadh de bhun an ailt seo.

(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comharduithe, de gach cuntas sochair agus dochair agus de gach tuarascáil a bhéarfar dó de bhun an ailt seo a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comharduithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin a thabhairt dó amhlaidh.

(5) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire pé eolas ar bheartais, gníomhachtaí agus cinnte na Cuideachtan a iarrfas an tAire ó am go ham.

Forála maidir le forceannadh na Cuideachtan.

25. —I gcás an Chuideachta d'fhorceannadh déanfar an t-airgead uile a bheas fágtha, ar fhiacha na Cuideachtan a bheith íoctha, d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar threorós an tAire Airgeadais.