|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Iasachtai a Rathu.) |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. An Bord Fáilte. | |
[EN] |
Bord Cuartaíochta na hÉireann d'athainmniú. |
4. —Bhéarfar An Bord Fáilte ar an mBord ar a dtugtaí go dtí seo Bord Cuartaíochta na hÉireann. |
[EN] |
Feidhmeanna. |
5. —(1) Is é dualgas an Bhoird forbairt an tráchta chuartaíochta sa Stát agus chun an Stáit a chur ar aghaidh agus a spreagadh. |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (1) ná do na feidhmeanna sonracha a bheirtear dó le hAcht 1939 nó in aon áit eile san Acht seo, is dleathach don Bhord— | |
[EN] | (a) óstlanna, tithe aíochta, campaí saoire, brúnna saoire agus brúnna ógra d'iniúchadh, a chlárú agus a ghrádú; | |
[EN] | (b) cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a thabhairt chun cóiríocht do lucht saoire a sholáthar, a mhéadú nó d'fheabhsú; | |
[EN] | (c) cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a thabhairt chun saoráidí agus taithneamhachtaí, is dóigh leis an mBord d'fheabhsódh an trácht cuartaíochta, a sholáthar, a mhéadú nó d'fheabhsú in áiteanna cuartaíochta agus in áiteanna eile; | |
[EN] | (d) aon tsaghas gníomhaireachta, a bhfuil forbairt an tráchta chuartaíochta ar cheann dá príomh-fheidhmeanna, a bhunú, nó cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a thabhairt chun í a bhunú; | |
[EN] | (e) scéimeanna a chur ar fáil chun daoine a thréineáil le haghaidh oibre a bhaineas leis an trácht cuartaíochta agus cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a thabhairt chun scéimeanna den tsórt sin a chur ar fáil; | |
[EN] | (f) foirgintí, láithreacha agus scrínte stairiúla, agus áiteanna is ábhar spéise don phobal ó thaobh radhairc, staire, eolaíochta nó eile, a chaomhaint agus a chothabháil agus cabhrú lena gcaomhaint agus lena gcothabháil agus cuairteoirí d'éascú chucu trí fhógraí a chur ar fáil agus trí bhealaigh isteach a sholáthar agus d'fheabhsú; | |
[EN] | (g) comharthaí bóthair a thabhairt d'údaráis áitiúla chun na húdaráis sin dá gcur suas; | |
[EN] | (h) bronntanais agus tabhartais a ghlacadh, agus iontaobhais a ghlacadh de láimh agus a chur i gcrích a fhéadfas an Bord go dleathach a ghlacadh de láimh, agus ba chabhair dá chuspóirí; | |
[EN] | (3) Ag feidhmiú a fheidhmeanna dhó beidh aird ag an mBord ar thaithneamhachtaí agus seirbhísí, lena n-áirítear socruithe i dtaobh iompair, is dóigh leis an mBord a dhéanfadh difir don trácht cuartaíochta. | |
[EN] | (4) Ní bhainfidh aon ní san alt seo ó chumhachta Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn ná ó chumhachta údaráis áitiúil faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930) , agus beidh forála an Achta sin ina gceangal ar an mBord amhail mar atá ar dhaoine eile. | |
[EN] |
Cuideachtana forbairte áitiúla a bhunú. |
6. —Féadfaidh an Bord bunú cuideachtan faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, a chur ar aghaidh a mbeidh mar chuspóir acu taithneamhachtaí agus saoráidí a sholáthar ag áiteanna cuartaíochta agus an trácht cuartaíochta in áiteanna den tsórt sin nó chucu d'fhorbairt agus féadfaidh deontas (nach mó ná dhá chéad punt) a thabhairt d'aon chuideachta den tsórt sin i leith costas a bunuithe. |
[EN] |
Fógraí agus fálta a chur suas ag láithreacha stairiúla, etc., agus bealaigh isteach a sholáthar. |
7. —(1) Má bheartaíonn an Bord fógra nó fál a chur suas, nó bealach isteach a sholáthar nó d'fheabhsú, ag aon fhoirgint, láthair nó scrín stairiúil nó aon áit eile is dóigh leis an mBord dob ábhar spéise ar leith don phobal, agus go ndiúltóidh an t-únaer a cheadú don Bhord an obaír atá beartaithe a dhéanamh, beidh cumhacht ag an mBord pé talamh a thógaint, faoi alt 19 d'Acht 1939, is dóigh leis an mBord is cuí chun go bhféadfar an obair a dhéanamh. |
[EN] | (2) Ní fheidhmeoidh an Bord a chumhachta faoin alt seo i leith séadchomhartha náisiúnta, do réir brí Achta na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 ( Uimh. 2 de 1930 ), atá dílsithe nó á dhílsiú i gCoimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó in údarás áitiúil nó curtha nó á chur faoina gcaomhnóireacht sin nó a bhfuil ordú buanchoimeádta déanta nó á dhéanamh ina thaobh faoin Acht sin. | |
[EN] |
Cumhacht chun dul isteach ar thalamh. |
8. —(1) Féadfaidh duine a bheas údaraithe go cuí i scríbhinn ag an mBord dul isteach ar thalamh chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú faoi mhír (f) d'fho-alt (2) d'alt 5. |
[EN] | (2) Aon duine a choiscfeas nó a bhacfas oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhacht faoi fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] |
Srian le hailt 7 agus 8. |
9. —Ní bhainfidh ailt 7 agus 8 le haon fhoirgint a bheas de thuras na huaire á húsáid chun críocha eaglaise. |
[EN] |
Deontas nach mbeidh le haisíoc. |
10. —(1) Gach bliain airgeadais féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna a theastós ó am go ham ón mBord agus nach mó san iomlán ná dhá chéad agus caoga míle punt in aon bhliain airgeadais áirithe, d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] | (2) I gcás na bliana airgeadais dár chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1952, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna, nach mó san iomlán ná fiche agus seacht mile punt, a theastós ón mBord i dteannta na suimeanna a soláthraítear faoi alt 15 d'Acht 1939, d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas. | |
[EN] | (3) Ní bheidh suimeanna a híocfar faoin alt seo inaisíoctha. | |
[EN] |
Deireadh le hairleacain inaisíoctha. |
11. —Ní déanfar aon airleacan eile faoi alt 16 d'Acht 1939. |
[EN] |
Cuntais agus iniúchadh. |
12. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead a gheobhas agus a chaithfeas sé agus go háirithe coimeádfaidh na cuntais speisialta sin go léir a threorós an tAire ó am go ham. |
[EN] | (2) Cuirfidh an Bord na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh, pé tráth a threorós an tAire, agus tar éis an iniúchta déanfar cóip den chlár comharduithe agus den chuntas fáltais agus caiteachais mar bheid ceadaithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, maraon lena thuarascáil orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh seisean go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus déanfaidh, freisin, na doiciméid sin d'fhoilsiú agus a chur ar díol. | |
[EN] |
Comhalta den Oireachtas a bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord. |
13. —(1) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord. |
[EN] | (2) Aon duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord. | |
[EN] |
Aoisliúntas do chomhaltaí. |
14. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor dóibh, a dheonadh do chomhaltaí lánaimsire an Bhoird, agus féadfaidh, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim a leasú. |
[EN] | (2) Cuirfidh an Bord scéim a déanfar faoin alt seo i bhfeidhm do réir a téarmaí. | |
[EN] | (3) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith maidir le aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi. | |
[EN] | (4) Gach scéim a déanfar faoin alt seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
[EN] |
Aoisliúntas don fhoirinn. |
15. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor dóibh, a dheonadh dá bhuan-fhoirinn. |
[EN] | (2) Aon scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, déanfaidh an Bord, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, í a chur i bhfeidhm do réir a téarmaí. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, le ceadú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú. | |
[EN] | (4) Aon scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo, socróidh sí an tráth scortha agus na coinníollacha scortha do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais, ar scor dóibh, iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | |
[EN] | (5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith maidir le haon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í, agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi. | |
[EN] | (6) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
[EN] |
Leasú ar alt 4 d'Acht 1939. |
16. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 4 d'Acht 1939:— |
[EN] | (a) tríd an bhfocal “cúigear” a scrios as fo-alt (3) (a bhaineas le líon comhaltaí an Bhoird) agus an focal “seachtar” a chur ina ionad; | |
[EN] | (b) trí na focail “le linn an ball sin do cheapadh” a scrios as fo-alt (6) (a bhaineas le luach saothair comhaltaí a shocrú). |