|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952) | Ar Aghaidh (CUID II. An Bord Fáilte.) |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1952, a ghairm den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Forléiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1939” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) ; | |
[EN] | ciallaíonn “An Bord Fáilte” an comhlucht ar a dtugtaí go dtí seo Bord Cuartaíochta na hÉireann agus ar a dtugtar an ainm nua sin le halt 4; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” (ach amháin i gCuid V agus sa Sceideal) An Bord Fáilte; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1939 mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Athghairm. |
3. —(1) Athghairmtear leis seo ailt 5, 10, 14, 15 agus 31 d'Acht 1939. |
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo an tAcht um Thrácht Cuartaíochta (Leasú), 1946 (Uimh. 14 de 1946) . |