|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 21 de 1951. | ||
| [EN] |
AN tACHT IASCAIGH FÍORUISCE (TOIRMEASC AR LÍONTÓIREACHT), 1951. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DÁ ÚDARÚ ÍOCAÍOCHTA EX-GRATIA A DHÉANAMH LE DAOINE ÁIRITHE I LEITH AN TOIRMISC A CHUIREAS ALT 35 DEN ACHT IASCAIGH, 1939 , AR IASCACH LE LÍON I bhFÍORUISCE, AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE MAIDIR LE CÚITEAMH IS INÍOCTHA FAOI FHO-ALT (5) DEN ALT SIN 35. [31 ú Iúil, 1951.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) ; | |
| [EN] | ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta. | |
| [EN] |
Deontais exgratia ón Aire do dhaoine áirithe i leith toirmisc ar líontóireachti bhfíoruisce. |
2. —(1) Más rud é— |
| [EN] | (a) go raibh ar marthain agus gur feidhmíodh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1939, ceart chun úsáid a dhéanamh in iascach leithleach i bhfíoruisce de líon chun iasc a ghabháil, agus | |
| [EN] | (b) go bhfuil an tAire sásta go raibh duine áirithe ina únaer ar an gceart sin an 31ú lá de Nollaig, 1947, agus | |
| [EN] | (c) go gcruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus | |
| [EN] | (d) nach bhfuil an duine sin i dteideal cúitimh faoi fho-alt (5) den alt sin 35, | |
| [EN] | féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an duine sin. | |
| [EN] | (2) Más rud é— | |
| [EN] | (a) go raibh líonta chun iasc a ghabháil á n-úsáid go dleathach i bhfíoruisce áirithe roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1939, agus | |
| [EN] | (b) go bhfuil an tAire sásta go ndearna duine áirithe go dleathach, mar únaer nó páirt-únaer ar líon, an líon sin d'úsáid, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1948, chun iasc a ghabháil sa bhfíoruisce sin, agus | |
| [EN] | (c) go gcruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus | |
| [EN] | (d) nach bhfuil teideal ag an duine sin chun cúitimh faoi fho-alt (5) den alt sin 35, | |
| [EN] | féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an duine sin. | |
| [EN] | (3) Más rud é— | |
| [EN] | (a) go raibh duine (dá ngairmtear an fostaí sa bhfo-alt seo) ar fostú, i rith trí séasúr ar a laghad de na cúig séasúir oscailte iascaigh díreach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1948, i seirbhís dhuine eile ag oibriú nó ag caomhaint, nó i ndáil le hoibriú nó caomhaint, aon lín a bhí á úsáid go dleathach chun iasc a ghabháil i bhfíoruisce, agus | |
| [EN] | (b) go gcruthóidh an fostaí chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus | |
| [EN] | (c) nach bhfuil teideal ag an bhfostaí chun cúitimh faoi fho-alt (6) den alt sin 35, | |
| [EN] | féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an bhfostaí. | |
| [EN] | (4) Ní féadfar aon íocaíocht ex-gratia a dhéanamh faoi fho-alt (1), (2) ná (3) den alt seo, mura mbeidh iarratas ag iarraidh na híocaíochta ex-gratia sin nó ag iarraidh cúitimh faoi alt 35 d'Acht 1939 déanta roimh an 1ú lá d'Iúil, 1952. | |
| [EN] | (5) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a híocfar mar íocaíochta ex-gratia faoin alt seo thar seasca míle punt. | |
| [EN] |
Cúiteamh faoi fho-alt (5) d'alt 35 d'Acht 1939. |
3. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “cúiteamh” cúiteamh faoi fho-alt (5) d'alt 35 d'Acht 1939. |
| [EN] | (2) Ní bheidh cúiteamh iníoctha mura ndéantar iarratas ina leith roimh an 1ú lá d'Iúil, 1952. | |
| [EN] | (3) Má bhíonn cúiteamh iníoctha maidir le deireadh a theacht le ceart chun líon d'úsáid in iascach leithleach i bhfíoruisce, ansin— | |
| [EN] | (a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo is cead, más cuí leis an Aire é, go n-íocfadh an tAire, leis an té atá i dteideal an chúitimh, ús ar mhéid an chúitimh do réir pé ráta (nach mó ná trí faoin gcéad sa bhliain) is oiriúnach leis an Aire ó pé dáta (nach luaithe ná an chéad lá den tséasúr oscailte chun bradáin agus bric a ghabháil le hinnill seachas slat agus ruaim sa bhliain 1948 i leith an fhíoruisce sin) is cuí leis an Aire go dtí go n-íocfar an cúiteamh sin do réir fo-ailt (4) den alt seo; | |
| [EN] | (b) más rud é— | |
| [EN] | (i) go mbeidh an tAire tar éis aon tsuim a thairiscint go neamhchoinníollach i scríbhinn mar chúiteamh den tsórt sin don duine sin, agus | |
| [EN] | (ii) nach nglacfaidh an duine sin leis an tairiscint, agus | |
| [EN] | (iii) nach mbeidh an tsuim a dhámhfas an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh níos mó ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh, | |
| [EN] | ní íocfaidh an tAire ús ar an gcúiteamh sin i leith aon tréimhse i ndiaidh dáta na tairisceana. | |
| [EN] | (4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le híocaíocht chúitimh— | |
| [EN] | (a) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de shé mhí tar éis cinneadh críochnaitheach an chúitimh nó laistigh de shé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith (pé acu sin is déanaí), iarratas chun an Aire á iarraidh an cúiteamh d'íoc leis agus ina gcruthóidh sé chun sástachta an Aire go bhfuil sé inniúil ar urscaoileadh éifeachtach a thabhairt ar an gcúiteamh, agus an cúiteamh dá áireamh chun na críche seo in ionannas leis na fáltais a gheofaí dá ndéantaí an ceart a scoir trí oibriú ailt 35 d'Acht 1939 a dhíol an 31ú lá de Nollaig, 1947, ansin, íocfaidh an tAire an cúiteamh leis an duine sin, | |
| [EN] | (b) in aon chás eile— | |
| [EN] | (i) mura mó ná míle punt an cúiteamh, íocfaidh an tAire isteach sa Chúirt Chuarda é agus, air sin, beidh ag an gCúirt Chuarda maidiraeis an gcúiteamh sin an dlínse go léir atá infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoi fhorála Acht na gClásal Talún, | |
| [EN] | (ii) más mó ná míle punt an cúiteamh, íocfar é, úsáidfear é, agus deighleálfar leis do réir na bhforál den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineas le hairgead ceannaigh nó cúiteamh atá ag teacht chun daoine a bhfuil leasanna teoranta acu nó a gcoisctear orthu margáil a dhéanamh nó teideal a bhunú agus beidh eidhm dá réir sin ag na forála sin. | |
| [EN] | (5) I gcás cúiteamh a bheith iníoctha le duine ar bith, ansin, mura rud é go mbeidh sé taiscthe sa Chúirt faoi fho-alt (4) den alt seo toisc duine ar bith dá mhainneachtaint go toiliúil teideal fónta chuige a bhunú, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, pé suim is cuí leis d'íoc leis an duine sin i leith na gcostas faoina ndeachaigh sé chun rianú, fianú agus fíoradh a dhéanamh ar an teideal chun an chúitimh. | |
| [EN] |
Toiliú an Aire Airgeadais le híocaíochta. |
4. —Ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíochta faoin Acht seo ach amháin le réamh-thoiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] |
Caiteachais. |
5. —Déanfar na caiteachais uile faoina rachaidh an tAire faoin Acht seo d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
6. —Féadfar an tAcht Iascaigh Fíoruisce (Toirmeasc ar Líontóireacht), 1951 , a ghairm den Acht seo. |