|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Faoiseamh o Chanachas Dubailte: Cain Ioncaim agus Cain Bhrabus Corparaide.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghneitheach agus Ginearalta.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1951
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID V. Dleachta Stampa. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Athrú ar dhleachta stampa ar thíolacadh agus aistriú talún. |
17. —(1) Déantar leis seo alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), a leasú mar leanas: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “punt agus deich scillinge” a chur in ionad “dhá phunt agus deich scillinge” i bhfo-alt (1); | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an táible seo a leanas a chur in ionad an táible atá leagtha amach i bhfo-alt (3): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar tagairt in aon fhoráil teachtúil d'fho-alt (1), d'fho-alt (3) nó d'fho-ailt (1) agus (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , d'fhorléiriú, nuair is iomchuí é, mar thagairt don fho-alt sin (1), don fho-alt sin (3) nó do na fo-ailt sin (1) agus (3) (do réir mar is gá sa chás) arna leasú leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1951, nó ar dháta an Achta seo a rith pé acu sin is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh é a theacht i ngníomh amhlaidh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Athrú ar dhleachta stampa ar léasa. |
18. —(1) Déantar leis seo alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), a leasú mar leanas: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “punt agus deich scillinge” a chur in ionad “dhá phunt agus deich scillinge” i bhfo-alt (1); | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an táible seo a leanas a chur in ionad an táible atá leagtha amach i bhfo-alt (3): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar tagairt in aon fhoráil reachtúil d'fho-alt (1), d'fho-alt (3) nó d'fho-ailt (1) agus (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , d'fhorléiriú, nuair is iomchuí é, mar thagairt don fho-alt sin (1), don fho-alt sin (3) nó do na fo-ailt sin (1) agus (3) (do réir mar is gá sa chás) arna leasú leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1951, nó ar dháta an Achta seo a rith, pé acu sin is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh é a theacht i ngníomh amhlaidh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Eisceacht ó fheidhm ailt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , agus alt 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1949 . |
19. —(1) Baineann an t-alt seo le gach tíolacas nó aistriú agus le gach léas (pé acu tíolacas, aistriú nó léas a forghníomhaíodh roimh an Acht seo a rith nó a forghníomhófar dá éis sin é) i gcás tí ar tugadh nó a dtabharfar deontas ina leith faoi alt 16 d'Acht na dTithe (Leasú), 1948 ( Uimh. 1 de 1948 ), nó faoi alt 6 d'Acht na dTithe (Leasú), 1950 ( Uimh. 25 de 1950 ), agus is tíolacas, aistriú nó léas— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ar chóir, faoi na hachtacháin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, dleacht stampa a mhuirearú air do réir fo-ailt (1) nó fo-ailt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), nó fo-ailt (1) nó fo-ailt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) chun duine— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) arb é an duine é lenar h ocadh nó lena n-íocfar an deontas sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) ar comhalta é den chumann fóntais phoiblí lenar híocadh nó lena n-íocfar an deontas sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | do réir mar bheas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , ná ag ailt 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1949 , agus measfar nach raibh feidhm riamh acu, maidir le haon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus, más mó an méid dleachta a híocadh i leith aon ionstraime den tsórt sin ná an méid a bheadh inmhuirir dá mba nár hachtaíodh na hailt sin, féadfar an bhreis d'aisíoc. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus a stampáladh do réir ráta dob ísle ná an ráta a bheadh, mura mbeadh forála an ailt seo, inmhuirir do réir fo-ailt (1) nó fo-ailt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , nó fo-ailt (1) nó fo-ailt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , do réir mar is iomchuí, measfar gan í a bheith stampálta go cuí mura dtug na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim ina leith do réir ailt 12 den Stamp Act, 1891. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Athrú ar dhleachta stampa ar thíolacais agus aistrithe áirithe stoic agus urrús inmhargaidh. |
20. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 18 den Acht Airgeadais, 1947 ( Uimh. 15 de 1947 ),— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás aon tíolactha nó aistrithe ar aon stoc nó urrús inmhargaidh a heisíodh nó a rinneadh, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, ag aon chomhlucht corprach a corpraíodh, nó ag aon chomhlucht daoine a bunaíodh, sa Stát, nó thar ceann aon chomhluchta dá sórt sin, ná | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás aon tíolactha nó aistrithe ar aon stoc a cláraíodh i gcraobhchlár atá á choimeád sa Stát ag comhlucht corprach a corpraíodh lasmuigh den Stát más rud é, do réir an dlí atá i bhfeidhm san áit a bhfuil an comhlucht corprach corpraithe, nach féidir an tíolacadh nó an t-aistriú a chlárú ach sa chraobhchlár, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus, ina ionad sin in aon chás den tsórt sin, beidh pé dleacht stampa inmhuirir a bheadh inmhuirir dá mba nár hachtaíodh an t-alt sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1951, nó ar dháta an Achta seo a rith, pé acu sin is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh é a theacht i ngníomh amhlaidh. |