An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Bais.) Ar Aghaidh (CUID V. Dleachta Stampa.)

15 1951

AN tACHT AIRGEADAIS, 1951

CUID IV.

Faoiseamh o Chanachas Dubailte: Cain Ioncaim agus Cain Bhrabus Corparaide.

Faoiseamh ó chánachas dúbailte ar bhrabúis ó ghnó muir-iompair nó aer-iompair.

15. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “gnó muir-iompair nó aer-iompair” iompar daoine, earraí nó postanna, mar ghnó, ag únaer nó fruilitheoir long nó aerárthach;

ciallaíonn “comhshocraíocht lena mbaineann an t-alt seo” comhshocraíocht arna déanamh ag an Rialtas le rialtas aon stáit choigríche d'fhonn faoiseamh ó chánachas dúbailte a thabhairt i gcásanna ina bhfuil ioncam as gnó muir-iompair nó aer-iompair inchurtha, sa Stát agus sa stát coigríche, faoi mhuirear cánach ioncaim, nó aon chánach de shamhail cánach ioncaim, nó aon chánach eile ar bhrabúis, pé acu ó dháta a déanta nó ó dháta i ndiaidh an dáta sin nó ó dháta (lena n-áirítear dáta roimh an Acht seo a rith) roimh an dáta sin, atá an chomhshocraíocht sin le faoiseamh a thabhairt.

(2) Faoi réir fo-alt (3) agus (4) den alt seo, féadfaidh an Rialtas, le hordú, comhshocraíocht lena mbaineann an t-alt seo a dhaingniú agus feidhm dlí a thabhairt di.

(3) Aon uair a beartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní déanfar an t-ordú go dtí go rithfidh Dáil Éireann rún ag aontú leis an dréacht.

(4) Aon uair a déanfar ordú faoin alt seo, ní bheidh feidhm dlí ag an gcomhshocraíocht lena mbainfidh sé ach amháin má bhíonn, agus fad a bheas, feidhm dlí sa stát coigríche ag an gcomhshocraíocht sin, a mhéid a bhaineas sí leis an bhfaoiseamh a bheas le tabhairt ag an stát sin.

Forléiriú na Coda seo den Acht seo.

16. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo, agus aon chomhshocraíocht ag a mbeidh feidhm dlí de bhuaidh orduithe faoin gCuid seo den Acht seo, a léamh agus d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas le cáin bhrabús corparáide, déanfar iad a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.