|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Forala Airgeadais.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Aitribh Airithe a Rialu.) |
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Tithe i gCoitinne. | |
[EN] |
Tithe a chur ar fáil do dhaoine nach den lucht oibrs. |
17. —(1) Faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, féadfaidh údarás tithe talamh a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeantach agus féadfaid tithe a chur ar fáil, ar an talamh sin nó ar aon talamh a bheas tógtha acu, chun a ndíolta nó chun a ligean le daoine, pé acu lucht oibre nó sclábhaithe talmhaíochta na daoine sin nó nach ea, nó féadfaid an talamh sin, nó aon chuid de, a dhíol nó a léasú le pearsain agus le cumainn fóntais phoiblí chun go ndéanfaidh, agus ar choinníoll go ndéanfaidh, na pearsain agus na cumainn sin pé méid tithe a thógáil agus a chothabháil, ar an talamh sin, a chinnfeas an t-údarás tithe agus sin do réir pleananna a bheas ceadaithe ag an údarás sin. |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) i gcás comhairle contae, beidh cumhachta ag údarás tithe agus oblagáidí orthu mar bronntar agus a forchuirtear ar údarás tithe le hAchta na Sclábhaithe, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, beidh cumhachta ag údarás tithe, agus oblagáidí orthu, mar bronntar agus a forchuirtear ar ádarás tithe le hAchta Tithe an Lucht Oibre. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'údarás tithe a bheas ag tógáil tí faoi fho-alt (1) den alt seo, más rud é— | |
[EN] | (a) go gcríochnófar an tógáil ar an 1ú lá d'Aibreán, 1952, nó roimhe sin, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh an teach do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 arna leasú le halt 14 den Acht seo. | |
[EN] | (4) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtabharfar nó ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán eile. | |
[EN] | (5) Aon tógaint, díol nó léasú talún a rinne údarás tithe roimh dháta an Achta seo a rith agus a bheadh bailí dá mba faoi fho-alt (1) den alt seo a rinneadh é beidh sé, agus is tuigthe go raibh riamh, arna dhéanamh go bailí faoi na hAchta iomchuí a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Tithe le haghaidh daoine d'aicme áirithe a chur ar fáil. |
18. —Féadfaidh údarás tithe (nach comhairle chontae) agus, i gcás bardais chontae-bhuirge nó bardais bhuirg Dhún Laoghaire, déanfaidh, má cheanglann an tAire orthu é, tithe forcoimeádta a chur ar fáil chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe. |