An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cain Bhrabus Corparaide.) Ar Aghaidh (CUID VI. Dleachta Stampa.)

18 1950

AN tACHT AIRGEADAIS, 1950

CUID V.

Faoiseamh o Chanachas Dubalta: Cain Ioncaim, Forchain Agus Cain Bhrabus Corparaide.

An Coinbhinsiún atá leagtha amach sa Dara Sceideal a dhaingniú.

12. —(1) Déantar leis seo an coinbhinsiún atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1949, idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheirice (dá ngairmtear an Coinbhinsiún san alt seo) a dhaingniú agus beidh feidhm dlí aige.

(2) Chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún, beidh éifeacht ag na forála atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Déanfar na cionranna is gá chun éifeacht a thabhairt do théarmaí an Choinbhinsiúin maidir le cáin bhrabús corparáide i gcás tréimhsí cuntasaíochta a thosnós roimh an lú lá d'Aibreán sa bhliain a bheas éifeacht i gcéadóir ag an gCoinbhinsiún agus a chríochnós ar an dáta sin nó dá éis, agus is i gcomhréir leis an méid mí nó codán de mhí a bheas sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an lú lá d'Aibreán adúradh agus a bheas sa chuid eile den tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin faoi seach a déanfar aon chionroinnt den tsórt sin.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham rialacháin a dhéanamh maidir le deonadh na bhfaoiseamh a sonraítear sa Choinbhinsiún agus féadfaid, go sonrach, socrú a dhéanamh leis na rialacháin sin—

(a) chun a áirithiú nach raghaidh aon fhaoisimh den tsórt sin, ó chánachas a forchuirtear le dlithe Stát Aontaithe Mheirice agus a ndéantar socrú dhóibh sa Choinbhinsiún, chun sochair do phearsain nach mbeidh teideal acu chucu, agus

(b) chun a údarú, i gcásanna ina ndearnadh, d'fhonn téarmaí an Chonbhinsiúin a chomhlíonadh, cáin is inbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil áirithe d'fhágaint gan baint, agus ina bhfionnfar nach bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnú ar an bpearsa ag a mbeidh teideal chun na híocaíochta nó trí asbhaint a dhéanamh as íocaíochta iardain.

Foráil maidir le díbhinní.

13. —(1) Baineann an talt seo le haon díbhinn a bheas iníoctha tar éis an tAcht seo a rith, agus is díbhinn a n-údaraítear, le Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, cáin a bhaint aisti.

(2) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an chuideachta” comhlucht daoine a íocas díbhinn lena mbaineann an talt seo;

ciallaíonn an abairt “faoiseamh ó chánachas dúbalta” aon chreidmheas i leith cánach (seachas cáin ioncaim Bhreataineach) is iníoctha in aon chríocha lasmuigh den Stát agus is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim Eireannaí de bhuaidh aon chomhaontuithe eadarnáisiúnta ag a bhfuil feidhm dlí, lena n-áirítear aon chreidmheas den tsórt sin a cuireadh san áireamh maidir le haon díbhinní is inghlactha ag an gcuideachta;

ciallaíonn an abairt “an ráta Éireannach laghdaithe” an ráta cánach ioncaim Eireannaí is iníoctha go díreach nó trí asbhaint ag an gcuideachta tar éis faoiseamh ó chánachas dúbalta a chur san áireamh.

(3) (i) D'ainneoin aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, ní déanfar aon fhaoiseamh ná aisíocaíocht, i leith na cánach a bainfear nó a húdaraítear a bhaint as aon díbhinn lena mbaineann an t-alt seo, a lamháil, i gcás ina dtugtar faoiseamh ó chánachas dúbalta, do réir ráta is mó ná an ráta Éireannach laghdaithe.

(ii) Má bhíonn an ráta Éireannach laghdaithe le ríomh maidir le díbhinn, beidh ar áireamh sna sonraí atá le tabhairt ag an gcuideachta sa ráiteas a ceangaltar a thabhairt le halt 13 den Acht Airgeadais, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , agus le halt 5 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), sonraí ar an ráta Éireannach laghdaithe (i dteannta na sonraí a ceangaltar a thabhairt lasmuigh den alt seo).

(4) I gcás inar híocadh díbhinn roimh an Acht seo a rith, agus ina mbeadh aon fhaoiseamh ó chánachas dúbalta le cur san áireamh maidir leis an díbhinn sin dá mba gur bhain an t-alt seo léi, cuirfear an faoiseamh sin san áireamh, a mhéid is féidir é, nuair a bheas an ráta Éireannach laghdaithe á chinneadh maidir leis an gcéad díbhinn lena mbaineann an t-alt seo agus is iníoctha ag an gcuideachta, agus aon chuid den fhaoiseamh sin nach féidir a chur san áireamh amhlaidh cuirfear san áireamh í, a mhéid is féidir é, maidir leis an gcéad díbhinn ina dhiaidh sin, agus mar sin de.

(5) I gcás an t-iomlán nó aon chuid d'aon íocaíocht bhliantúil a bheith iníoctha as díbhinn lena mbaineann an t-alt seo agus faoiseamh ó chánachas dúbalta do bhaint leis an ráta faoisimh nó aisíocaíochta is inlamhálta i leith na cánach a baintear nó a húdaraítear a bhaint as an díbhinn, measfar an íocaíocht bhliantúil, nó an chuid sin di, pé acu é, a bheith arna híoc as brabúis nó gnóthachain nár cuireadh faoi mhuirear cánach agus beidh feidhm dá réir sin ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta, ach an cháin is inghnóthuithe faoin Riail sin ón bpearsa a dhéanfas an íocaíocht laghdófar í méid is comhionann le cáin ar an íocaíocht nó ar an gcuid den íocaíocht do réir an ráta Éireannaigh laghdaithe is infheidhme maidir leis an díbhinn.

An ráta Éireannach laghdaithe a chinneadh.

14. —(1) San alt seo, tá leis na habairtí “an ráta Éireannach laghdaithe,” “faoiseamh ó chánachas dúbalta” agus “an chuideachta” an bhrí atá leo san alt deiridh roimhe seo agus ciallaíonn an focal “díbhinn” díbhinn lena mbaineann an t-alt sin.

(2) Is tuigthe gurb é is ráta Éireannach laghdaithe maidir le haon díbhinn an ráta a gheibhtear trí—

(a) an ráta faoisimh ó chánachas dúbalta don tréimhse dá n-íoctar an díbhinn a bhaint ó

(b) an ráta cánach a húdaraítear a bhaint as an díbhinn le Riail 20 de na Rialacha Ginearálta.

(3) Faoi réir aon choigeartuithe a ceangaltar le fo-alt (4) den alt deiridh roimhe seo nó le fo-alt (4) den alt seo, is tuigthe gurb é is ráta faoisimh ó chánachas dúbalta don tréimhse dá n-íoctar an díbhinn—

(a) i gcás díbhinne a híoctar do thréimhse a thiteas go hiomlán laistigh d'aon bhliain mheasúnuithe, an ráta a gheibhtear tríd an bhfaoiseamh ó chánachas dúbalta don bhliain mheasúnuithe sin a roinnt ar shuim is comhionann le hiomlán ioncaim na cuideachtan arna ríomh chun críocha cánach ioncaim don bhliain sin lúide méid aon ioncaim a bhfuil an chuideachta i dteideal, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, an cháin ioncaim air a mhuirearú i gcoinne aon phearsan eile;

(b) i gcás díbhinne a híoctar do thréimhse a bhfuil cuid di i mbliain mheasúnuithe amháin agus cuid eile dhi i mbliain mheasúnuithe nó i mblianta measúnuithe eile, an ráta a gheibhtear trí chinneadh a dhéanamh, maidir le gach bliain acu sin—

(i) ar an ráta a bheadh infheidhme dá mba in aghaidh tréimhse a tháinig go hiomlán laistigh den bhliain sin a híocfaí an díbhinn sin, agus

(ii) ar an bpáirt den ráta sin a bhfuil idir í agus an ráta sin an coibhneas céanna atá idir an chuid a thiteas laistigh den bhliain sin, den tréimhse dá n-íoctar an díbhinn, agus iomlán na tréimhse,

agus ansin na páirteanna a cinnfear amhlaidh a chomhshuimiú.

(4) Má bhíonn aon ní a bhaineas le ríomh an ráta faoisimh ó chánachas dúbalta gan bheith cinnte go hiomlán an t-am a bheas an ráta Éireannach laghdaithe le cinneadh maidir le haon díbhinn, déanfar an ráta faoisimh ó chánachas dúbalta a mheas do réir an eolais is fearr a bheas ar fáil san am, agus, má fionntar dá éis sin go raibh an ráta a measadh amhlaidh iomarcach nó easnamhach, déanfar an coigeartú iomchuí nuair a beifear ag cinneadh an ráta Éireannaigh laghdaithe is infheidhme maidir leis an gcéad díbhinn iardain a bhféadfar an coigeartú a dhéanamh ina leith, agus déanfar é trí laghdú nó, do réir mar bheas, méadú ar an ráta faoisimh ó chánachas dúbalta, arna ríomh chun críocha na díbhinne iardain sin i gcomhréir leis an bhfo-alt roimhe seo, do réir ráta a mbeidh idir é agus an iomarcaidh nó an t-easnamh, sa ráta is infheidhme maidir leis an díbhinn chéadluaite, an coibhneas céanna a bheas idir méid iomlán na díbhinne ceadluaite agus méid iomlán na díbhinne iardain sin.

(5) I gcás ina n-áirítear sa bhfaoiseamh ó chánachas dúbalta d'aon bhliain mheasúnuithe aon chreidmheas a cuireadh san áireamh chun go gcinnfí an ráta Éireannach laghdaithe is infheidhme maidir le haon díbhinní a fuair an chuideachta, is tuigthe gurb é méid atá sa chreidmheas sin suim na méideanna a gheibhtear trí fheidhm a thabhairt maidir le gach díbhinn acu sin don ráta is comhionann leis an mbreis atá ag an ráta cánach a húdaraítear a bhaint as an díbhinn sin, le Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, ar an ráta Éireannach laghdaithe is infheidhme maidir leis an díbhinn sin.

(6) Chun críocha an ailt seo, aon díbhinn nach mbeidh sainráite í a bheith á híoc in aghaidh tréimhse sonraithe measfar í a bheith á híoc in aghaidh na tréimhse deiridh a ndearnadh cuntais na cuideachtan suas ina leith agus a chríochnaigh sar a raibh an díbhinn iníoctha.

Forléiriú na Coda seo den Acht seo:

15. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo agus an Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhéid a bhainid le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim, agus déanfar, a mhéid a bhainid le cáin bhrabús corparáide, iad a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iardain.