|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Airgeadas.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Feidhm Achtachan Airithe maidir leis an mBord.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Foireann an Bhoird. | |
[EN] |
Ceapadh oifigeach agus seirbhíseach an Bhoird. |
35. —(1) Ceapfaidh an Bord bainisteoir ginearálta agus rúnaí agus pé oifigigh agus seirbhísigh eile a chinnfeas an Bord, agus íocfaidh an Bord a luach saothair as cistí a bheas faoina réir ag an mBord. |
[EN] | (2) (a) Ach amháin mar foráltar anseo ina dhiaidh seo leis an bhfo-alt seo, is trí scrúdú comórtais oscailte do réir rialacha a dhéanfas an Bord a raghfar isteach sna gráid chléireachais de sheirbhís an Bhoird. | |
[EN] | (b) Beidh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach i ngach scrúdú comórtais oscailte a comórfar de bhun an fho-ailt seo. | |
[EN] | (c) Gach scrúdú comórtais oscailte a comórfar de bhun an ailt seo beidh sé ar oscailt do na daoine uile a mbeidh gnáth-chónaí orthu laistigh de na críocha náisiúnta nó is saoránaigh Éireannacha nó is daoine clainne le saoránaigh Éireannacha agus a íocfas na táillí agus ag a mbeidh na cáilíochta maidir le haois agus sláinte agus carachtar a hordófar leis na rialacháin a bhainfeas leis an scrúdú. | |
[EN] | (d) Féadfaidh an Bord a fhoráil le rialacha speisialta go ndéanfar pé cionúireacht a cheadós an tAire, de na folúntais sna gráid chléireachais dá sheirbhís, a líonadh trí scrúduithe comórtais teoranta agus, i gcás scrúdú a theorannú amhlaidh, ní lígfear isteach ar an scrúdú ach daoine atá nó a bhí ar fostú ag cuideachta dhíscaoilte do réir bhrí Achta 1944 ag gnóthaire díscaoilte, ag an mBord nó ag aon ghnóthaire iompair eile a mbeidh an Bord tar éis a ghnóthas a thógaint chuige faoin Acht seo nó daoine clainne le daoine den tsórt sin. | |
[EN] | (e) Aon rialacháin nó aon rialacháin speisialta a rinne Córas Iompair Éireann (1945) faoi alt 47 d'Acht 1944 nó a meastar, de bhuaidh fo-ailt (5) den alt sin 47, a bheith arna ndéanamh ag Córas Iompair Éireann (1945) faoin alt sin 47 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, leanfaid i bhfeidhm agus bainfid leis an mBord agus measfar gur rialacha iad a rinne an Bord faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh na ngnóthairí díscaoilte d'aistriú. |
36. —Gach duine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach do cheachtar de na gnóthairí díscaoilte aistreofar chun an Bhoird é, agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord, amhail ón dáta bunuithe. |
[EN] |
An bhrí atá in ailt 38, 39 agus 40 le dochar a dhéanamh ina choinníollacha seirbhíse d'oifigeach nó seirbhíseach don Bhord. |
37. —Chun críocha alt 38, 39 agus 40— |
[EN] | (a) measfar dochar a dhéanamh d'oifigeach nó seirbhíseach don Bhord ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord más rud é, de dhroim an aistrithe a déantar le halt 36 nó, i gcás an Bord dá aistriú, gan toiliú uaidh, ó phost go dtí post eile i seirbhís an Bhoird, go gcaillfidh sé aon airgead go díreach dá dhroim sin nó gur measa a staid maidir le coinníollacha a sheirbhíse ina n-iomláine (ar a n-áirítear tionacht oifige nó fostaíochta, luach saothair, aiscí, aoisliúntas, sochair ó chiste breoiteachta nó sochair nó liúntais eile, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh agus pé acu maidir leis féin nó lena bhaintrigh nó lena chlainn nó le cleithiúnaithe eile leis atá feidhm acu) i gcóimeas leis na coinníollacha seirbhíse a bhain leis roimh an aistriú; | |
[EN] | (b) aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a n-aistreoidh an Bord é ó phost go dtí post eile i seirbhís an Bhoird, measfar dochar a dhéanamh dhó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord má cheanglann an Bord air dualgais a chomhlíonadh sa phost chun a n-aistreofar é amhlaidh nach mbeidh i gcosúlacht, nó nach breis réasúnach, leis na dualgais a bhí sé de cheangal air, roimh an aistriú, a chomhlíonadh sa phost ónar haistríodh amhlaidh é. | |
[EN] |
Forála maidir le hoifigigh agus seirbhísigh áirithe do ghnóthairí díscaoilte. |
38. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn an abairt “duine lena mbaineann an t-alt seo” duine— | |
[EN] | (a) a thiocfas, de bhuaidh ailt 36, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord, agus | |
[EN] | (b) is duine— | |
[EN] | (i) a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ar fostú ag ceachtar de na gnóthaire díscaoilte i gcáil bhuan, nó | |
[EN] | (ii) a bhí, mura mbeadh corr-bhriseadh ina fhostaíocht de dheasca éigeandála, ar fostú ag ceachtar de na gnóthairí díscaoilte ar feadh iomlán na dtrí mblian dar críoch an lá díreach roimh an dáta bunuithe; | |
[EN] | ciallaíonn an focal “iomarcacht” iomarcacht a bhí ann díreach roimh an dáta bunuithe nó a thiocfas den aistriú a déantar le Caibidil I de Chuid IV. | |
[EN] | (2) Ní scaoilfidh an Bord, ar fhoras na hiomarcachta, le seirbhísí dhuine lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (3) Má déantar dochar ina choinníollacha seirbhíse do dhuine lena mbaineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) tríd an aistriú a déantar le halt 36, nó | |
[EN] | (b) trína aistriú, ar fhorais na hiomarcachta, ó phost go dtí post eile i seirbhís an Bhoird, | |
[EN] | déanfaidh an Bord cnapshuim réasúnach d'íoc leis mar chúiteamh. | |
[EN] | (4) Mura féidir leis an mBord malairt oiriúnach fostaíochta i seirbhís an Bhoird a thairiscint do dhuine (is duine lena mbaineann an t-alt seo agus nach gá, ar fhoras na hiomarcachta, a choinneáil ina sheirbhís), ansin, d'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh an Bord scaoileadh lena sheirbhísí agus, sa chás sin, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar ar an modh atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] |
Cúiteamh d'oifigigh agus seirbhísigh áirithe don Bhord a scaoilfear lena seirbhísí nó a haistreofar go dtí postanna eile de dhroim seirbhísí traenach a scor. |
39. —Aon uair a scoirfeas an Bord, faoi alt 55, de sheirbhís traenach a sholáthar agus go dtiocfaidh dá dhroim sin nach gá aon oifigeach nó seirbhíseach áirithe don Bhord (is oifigeach nó seirbhíseach a bhí ar fostú i gcáil bhuan ar dháta an scortha nó d'fhónaigh go leanúnach leis an mBord nó le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte ar feadh tréimhse trí mblian ar a laghad dar críoch an dáta sin) a choinneáil sa phost a bhí aige roimh an scor sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— |
[EN] | (1) má scaoileann an Bord lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar ar an modh atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, | |
[EN] | (2) más rud é— | |
[EN] | (a) go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord, | |
[EN] | déanfaidh an Bord cnapshuim réasúnach d'íoc leis mar chúiteamh. | |
[EN] |
Cúiteamh d'oifigigh agus seirbhísigh áirithe don Bhord a scaoilfear lena seirbhísí nó a haistreofar go dtí postanna eile de dhroim seirbhísí d'uiscebhealach intíre a scor nó a laghdú. |
40. —Aon uair a scoirfeas an Bord d'aon tseirbhísí áirithe, chun marsantas d'iompar d'uisce-bhealach intíre, a sholáthar nó a dhéanfas sé laghdú buan ar na seirbhísí sin agus go dtiocfaidh dá dhroim sin nach gá aon oifigeach nó seirbhíseach áirithe don Bhord (is oifigeach nó seirbhíseach a bhí ar fostú i gcáil bhuan ar dháta an scortha nó an laghduithe nó d'fhónaigh go leanúnach leis an mBord nó le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte ar feadh tréimhse trí mblian ar a laghad dar críoch an dáta sin) a choinneáil sa phost a bhí aige roimh an scor nó an laghdú sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— |
[EN] | (1) má scaoileann an Bord lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar ar an modh atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (2) más rud é— | |
[EN] | (a) go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord, | |
[EN] | déanfaidh an Bord cnapshuim réasúnach d'íoc leis mar chúiteamh. | |
[EN] |
Díospóidí i dtaobh cúitimh faoi alt 38, 39 nó 40 a chinneadh. |
41. —Má éiríonn aon díospóid nó easaontas, idir an Bord agus duine ar bith a bheas, nó adéarfas go bhfuil sé, i dteideal cúitimh faoi alt 38, 39 nó 40, i dtaobh an duine sin a bheith nó gan bheith i dteideal an chúitimh sin nó i dtaobh méid nó modh ríofa an chúitimh sin nó i dtaobh aon ní a éireos faoin gCeathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, déanfar, ar an mBord nó an duine sin dá iarraidh sin, an díospóid nó an t-easaontas sin a tharchur chun an bhuan-eadránaí a ceapfar faoi alt 43 agus beidh breith an bhuan-eadránaí ina breith chríochnaitheach. |
[EN] |
Iomalairt ar chuid de shuimeanna bliantúla i bhfoirm chúitimh faoi alt 38, 39 nó 40. |
42. —Duine ar bith a mbeidh suim bhliantúil á fáil aige i bhfoirm chúitimh faoi alt 38, 39 nó 40 féadfaidh sé, laistigh de bhliain ó dháta ceaptha na suime bliantúla, a iarraidh ar an mBord méid nach mó ná an ceathrú cuid den tsuim bliantúil d'iomalairt trí shuim chaipitiúil d'íoc, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— |
[EN] | (a) ní dhiúltóidh an Bord go mí-réasúnach don iarratas; | |
[EN] | (b) má dhiúltaíonn an Bord don iarratas féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí tar éis don Bhord an diúltú sin a chur in iúl don iarratasóir, achomharc a dhéanamh chun an bhuan-eadránaí, agus éistfidh agus cinnfidh an buan-eadránaí an t-achomharc, agus beidh breith an bhuan-eadránaí ina breith chríochnaitheach; | |
[EN] | (c) má ghéilleann an Bord don iarratas nó, ar an mBord do dhiúltú don iarratas, más í breith an bhuaneadránaí, ar achomharc, go mba cheart géilleadh dhó— | |
[EN] | (i) cuirfidh an Bord in iúl don iarratasóir, tar éis an tsuim chaipitiúil a bheas le n-íoc mar iomalairt a ríomh, cad é méid na suime sin agus féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí tar éis sin a chur in iúl dó, a iarratas a tharraingt siar, | |
[EN] | (ii) mura ndéana an t-iarratasóir a iarratas a tharraingt siar amhlaidh, íocfaidh an Bord leis an iarratasóir an tsuim chaipitiúil sin mar iomalairt ar an gcuid sin den tsuim bhliantúil sin; | |
[EN] | (d) is é a bheas sa tsuim chaipitiúil sin a bheas le n-íoc mar iomalairt ná pé suim a cheannódh, ar dháta an iarratais, ó pé cuideachta árachais (is cuideachta árachais atá ceadúnaithe faoin Acht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936) a roghnós an Bord, blianacht saoil láithreach dob iníoctha leis an iarratasóir agus dob ionann agus méid bliantúil na coda sin den tsuim bhliantúil sin, agus aois an iarratasóra d'áireamh chun na críche sin do réir na haoise a bheas aige ar a chéad lá cothroim beirthe tar éis dáta an iarratais. | |
[EN] |
An buan eadránaí. |
43. —(1) Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh, aon uair a iarrfas an tAire air é, duine a cheapadh chun bheith ina bhuaneadránaí chun críocha alt 41 agus 42 agus ceapfaidh na táillí a bheas le n-íoc leis an duine sin i leith aon díospóide nó easaontais a tarchuirfear chuige faoi alt 41 nó i leith aon achomhairc a déanfar chuige faoi alt 42. |
[EN] | (2) Íocfaidh an Bord na táillí is iníoctha leis an mbuaneadránaí. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an buan-eadránaí— | |
[EN] | (a) daoine a chur faoi mhionn, | |
[EN] | (b) costais a dhámhachtain faoina rogha féin, a ordú cé leis agus cé uaidh a n-íocfar agus cad é an tslí ina n-íocfar na costais sin nó aon chuid díobh, méid na gcostas sin a thomhas, agus a cheangal ar pháirtí ar bith urrús i gcostas a thabhairt chun a shástachta ar aon chéim de na himeachta os a chomhair, | |
[EN] | (c) gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh— | |
[EN] | (i) finnéithe a thoghairm chun teacht os a chomhair, | |
[EN] | (ii) aon fhinné a thiocfas os a chomhair a cheistniú faoi mhionn, | |
[EN] | (iii) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheas ar a chumas nó ar fáil nó faoina urláimh aige agus a mheasfas an t-eadránaí is gá, | |
[EN] | (d) ceartú a dhéanamh tráth ar bith ar aon dearmad nó earráid chléireachais a bheas i ndámhachtain de dheasca aon ní a sciorradh nó a ligean ar lár ann de mhí-thoisc, | |
[EN] | (e) na himeachta d'éisteacht i gcúirt oscailte ar cheachtar páirtí in imeachta os a chomhair dá iarraidh sin air. | |
[EN] | (4) Beidh teideal ag finné os comhair an bhuan-eadránaí chun na saoirsí agus na bpríbhléidí chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é. | |
[EN] | (5) Má tharlann do dhuine ar bith— | |
[EN] | (a) ar é a thoghairm go cuí chun teacht mar fhinné os comhair an bhuan-eadránaí, go mainneoidh sé teacht amhlaidh, nó | |
[EN] | (b) ar é a theacht mar fhinné, go ndiúltóidh sé mionn a thabhairt a cheanglós an buan-eadránaí air go dlíthiúil a thabhairt, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheas ar a chumas nó ar fáil nó faoina urláimh aige agus a cheanglós an buan-eadránaí air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist d'fhreagairt a cheanglós an buan-eadránaí air go dlíthiúil d'fhreagairt, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chuig puint fhichead a chur air. | |
[EN] | (6) (a) Is breith chríochnaitheach breith an bhuan-eadránaí ar aon cheist fíorais, ach féadfaidh an buan-eadránaí, ar aon chéim de na himeachta, sonrú a dhéanamh, i bhfoirm cháis speisialta le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte, ar aon cheist dlí a éireos i gcúrsa na n-imeacht agus féadfaidh a dhámhachtain a shonrú maidir lena hiomlán nó cuid di i bhfoirm cháis speisialta le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte. | |
[EN] | (b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon chás speisialta a sonrófar le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte faoi mhír (a) den fho-alt seo— | |
[EN] | (i) íocfaidh an Bord costais na bpáirtithe go léir ann, | |
[EN] | (ii) ní féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne breith na hArd-Chúirte. | |
[EN] |
Scéimeanna aoisliúntais. |
44. —(1) Féadfaidh an Bord scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais san alt seo), chun ciste aoisliúntais a bhunú ar fhoras ranníocach ar mhaithe le fostaithe nó le haon aicme áirithe d'fhostaithe an Bhoird, d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus déanfaidh an Bord, má cheanglann an tAire air é, an scéim sin a chur faoi bhráid an Aire laistigh de pé tréimhse a ordós an tAire. |
[EN] | (2) I gcás scéim aoisliúntais a chur faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire an scéim a tharchur siar chun an Bhoird chun í d'athbhreithniú agus í d'athchur faoina bhráid agus déanfaidh an Bord an scéim d'athbhreithniú agus í d'athchur faoi bhráid an Aire. | |
[EN] | (3) I gcás scéim aoisliúntais a chur nó d'athchur faoi bhráid an Aire faoin alt seo— | |
[EN] | (a) foilseoidh an Bord, i pé slí a ordós an tAire, fógra á chur in iúl gur cuireadh nó gur hathchuireadh an scéim faoi bhráid an Aire amhlaidh agus go bhféadfaidh duine ar bith, i rith tréimhse sonraithe (nach lú ná ocht lá fichead ó dháta an fhoilsithe sin), agóidí agus uiríolla, maidir leis an scéim, a chur chun an Aire, | |
[EN] | (b) déanfaidh an Bord, ar feadh na tréimhse sin, cóip den scéim a choimeád ar fáil chun a hiniúchta ina cheannoifig gach tráth réasúnach ag aon phearsain a mbeidh leas acu sa scéim, | |
[EN] | (c) sar a ndaingneoidh an tAire an scéim, breithneoidh sé aon agóidí nó uiríolla, maidir leis an scéim, a cuirfear chuige roimh dheireadh na tréimhse sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, faoi réir míre (c) d'fho-alt (3) den alt seo agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, daingniú, gan modhnú nó le pé modhnuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) is cuí leis an Aire, a dhéanamh, le hordú, ar scéim aoisliúntais a cuirfear nó a hathchuirfear faoina bhráid faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Bord, aon uair is cuí leis, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais leasaitheach san alt seo) d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag déanamh leasuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) ar scéim aoisliúntais a bheas daingnithe ag an Aire nó ag déanamh leasuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) nó ag déanamh cúlghairme ar scéim aoisliúntais leasaitheach a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forála fo-alt (2), (3), agus (4) den alt seo maidir le gach scéim aoisliúntais leasaitheach. | |
[EN] | (6) Ní thiocfaidh aon scéim aoisliúntais ná aon scéim aoisliúntais leasaitheach i ngníomh mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar í a dhaingniú le hordú ón Aire, ach, ar í a dhaingniú amhlaidh, tiocfaidh sí i ngníomh ar an dáta a sonrófar chuige sin san ordú ón Aire á daingniú agus, amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin, beidh feidhm dlí aici sa bhfoirm inar daingníodh amhlaidh í. | |
[EN] | (7) Aon chiste a bunófar chun críocha scéime aoisliúntais, measfar é a bheith arna bhunú faoi iontaobhas do-chúlghairmthe. | |
[EN] | (8) Gach scéim aoisliúntais agus gach scéim aoisliúntais leasaitheach a dhaingnigh an tAire faoi alt 44 d'Acht 1944, measfar gur scéim aoisliúntais nó scéim aoisliúntais leasaitheach a daingníodh faoin alt seo í. | |
[EN] |
Scéimeanna aoisliúntais láithreacha. |
45. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn an abairt “scéim aoisliúntais” aon chiste nó scéim aoisliúntais nó pinsin, nó aon chiste nó scéim soláthrach do bhaintreacha agus dílleachtaí, nó aon chiste nó scéim sochair eile, | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “scéim aoisliúntais láithreach” scéim aoisliúntais a bhí ar marthain díreach roimh an dáta bunuithe agus is— | |
[EN] | (a) scéim aoisliúntais a bhunaigh cuideachta chomhghafa nó cuideachta chónasctha, do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), nó | |
[EN] | (b) scéim aoisliúntais a bhunaigh cuideachta dhíscaoilte, do réir bhrí Achta 1944, nó | |
[EN] | (c) scéim aoisliúntais a bunaíodh faoi alt 44 d'Acht 1944, nó | |
[EN] | (d) Scéim Aoisliúntas Cléireach agus Oifigeach Tuarastail (M.I.D.), Córas Iompair Éireann (is é sin, an scéim aoisliúntais a daingníodh leis an Acht um Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt (Scéim Aoisliúntas), 1947 (Uimh. 21 de 1947) ). | |
[EN] | (2) Faoi réir forál an ailt seo, leanfaidh gach scéim aoisliúntais láithreach, agus bainistí an chéanna, ar an dáta bunaithe agus dá éis, amhail is nach ndearnadh Córas Iompair Éireann (1945) a dhíscaoileadh leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Chun críocha aon achtacháin reachtúil agus aon rialach agus rialachán a bhaineas le haon scéim aoisliúntais láithreach, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas ar an dáta bunuithe agus dá éis, is é sin le rá:— | |
[EN] | (a) aon chumhacht a bhí ag Córas Iompair Éireann (1945) nó ag a stiúrthóirí nó ag aon oifigeach dó, maidir leis an scéim sin, féadfaidh an Bord, nó aon oifigeach don Bhord ag a mbeidh údarás chuige sin ón mBord, i d'fheidhmiú, | |
[EN] | (b) measfar, maidir le seirbhís nó fostaíocht nó díbhe aon oifigigh nó seirbhísigh do Chóras Iompair Éireann (1945) a haistrítear de bhuaidh an Achta seo chun an Bhoird, gur seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoi Chóras Iompair Éireann (1945) nó ag Córas Iompair Éireann (1945) é. | |
[EN] | (c) i gcás cumhacht a bheith ag stiúrthóirí Chóras Iompair Éireann (1945), faoi rialacha na scéime sin, chun oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh chun aon choiste bhainistí, déanfaidh an Bord, ag feidhmiú na gcumhacht sin dó, oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a cheapadh atá ina gcomhaltaí den scéim sin nó a bheadh, mura mbeadh an díscaoileadh a déantar leis an Acht seo ar Chóras Iompair Éireann (1945), incheaptha chun an choiste bhainistí sin. | |
[EN] | (4) Na hoblagáidí, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar Chóras Iompair Éireann (1945) maidir le haon scéim aoisliúntais láithreach agus maidir le gach comhalta den scéim aoisliúntais láithreach sin, beid ina gceangal ar an mBord. | |
[EN] | (5) Na daoine uile atá nó bhí ina gcomhaltaí d'aon scéim aoislíuntais láithreach agus na daoine uile a bheas ag déanamh éilimh de dhroim cirt aon chomhaltaí den tsórt sin, beid i dteideal na sochar, na gceart agus na bpríbhléidí céanna agus faoi réir na n-oblagáidí céanna, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh, a mbeadh na daoine sin, nó a dtiocfaidís chun bheith, ina dteideal nó faoina réir dá mba nach ndearnadh Córas Iompair Éireann (1945) a dhíscaoileadh leis an Acht seo. | |
[EN] | (6) Aon duine— | |
[EN] | (a) a bheas i seirbhís Chóras Iompair Éireann (1945) díreach roimh an dáta bunuithe, agus | |
[EN] | (b) nach comhalta d'aon scéim aoisliúntais láithreach, beidh aige, faid a fhanfas sé i seirbhís an Bhoird, an ceart céanna (más ann) chun bheith ina chomhalta d'aon scéim den tsórt sin a bheadh aige dá mba nach ndearnadh Córas Iompair Éireann (1945) a dhíscaoileadh leis an Acht seo agus gur fhan sé i seirbhís Chóras Iompair Éireann (1945). | |
[EN] | (7) Ní déanfar aon ní san Acht seo d'fhorléiriú mar ní a choisceas an Bord ó scéim aoisliúntais láithreach a leasú do réir chumhachta chuige sin atá sa scéim. | |
[EN] | (8) Measfar scéim aoisliúntais láithreach a bheith arna bunú faoi iontaobhas do-chúlghairmthe. | |
[EN] |
Feidhm Ailt 55 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , agus Alt 10 agus 16 d'Acht na mBóthar Iarainn 1933. |
46. —Na tagairtí atá in alt 55 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), agus in ailt 10 agus 16 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933) , do chuideachta iarnróid, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Bhord. |