|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach agus Ginearalta.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Dleachta Stampa. | |
[EN] |
Airí Stáit a bheith saor ó dhleacht stampa. |
11. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ná iníoctha ar aon chomhaontú, tíolacas, léas, sannadh, meabhrachán ná ionstraim eile (lena n-áirítear ionstraim a forghníomhaíodh ach nár stampáladh roimh dháta an Achta seo a rith) a déanfar chun nó maidir le hAire Stáit d'fháil tailimh, nó aon leasa i dtalamh, nó aon chirt chuige nó air. |
[EN] |
Saoirse do bhannaí custam maidir le hearraí aer-iompartha |
12. —Dearbhaítear leis seo, maidir leis an mírcheann “Bond given pursuant to the directions of any Act, etc.” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, agus i bhfo-alt (1) d'alt 5 den Finance Act, 1905 (a leathnaíos an saoradh faoin mírcheann sin), go bhfolaíonn tagairtí do loingsiú tagairtí do ládáil ar aerárthach. |