|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Teaghais Sealadacha agus Usaid Tailimh le haghaidh Campala.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Coirp a Dhiuscairt.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Folcain, Tithe Niochain, Aiteanna Folcaidh, Etc. | |
[EN] |
Folcáin phoiblí, etc., a sholáthar. |
35. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta na nithe seo a leanas a sholáthar agus a chothabháil— |
[EN] | (a) folcáin phoiblí, | |
[EN] | (b) folcáin snámha phoiblí nó áiteanna folcaidh poiblí, | |
[EN] | (c) áiseanna do lucht folcaidh (lena n-áirítear, go sonrach, cóiríocht ghléasta, áiseanna sláintíochta, fras-fholcáin, trealamh céad-chabhrach agus séaras), nó | |
[EN] | (d) tithe níocháin poiblí, | |
[EN] | laistigh dá gceantar sláintíochta nó, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, lasmuigh dá gceantar sláintíochta ach i gcomhgar dó. | |
[EN] | (2) Má bhíonn teach níocháin á chothabháil ag údarás sláintíochta féadfaid saoráidí a sholáthar ann chun éadaí agus earraí eile a thirimiú agus d'iarnáil. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh údarás, sláintíochta folcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis ná teach níocháin a sholáthar faoin alt seo i gceantar sláintíochta údaráis sláintíochta eile ach amháin le toiliú an údaráis sláintíochta eile nó, i gcás ina ndiúltófar an toiliú sin a thabhairt nó gan é a thabhairt laistigh de thrí mhí tar éis é d'iarraidh, le toiliú an Aire. | |
[EN] | (4) Má dhéanann údarás sláintíochta folcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis nó teach níocháin a sholáthar nó a chothabháil faoin alt seo lasmuigh dá gceantar sláintíochta, ansin, chun aon chríche a ghabhas leis an soláthar nó an chothabháil sin, beidh na cumhachta céanna acu (lena n-áirítear, go sonrach, cumhachta chun talamh a thógaint, uisce d'fháil, uisce nó séarachas a dhiúscairt agus uisce-phíopaí agus séaracha a leagadh síos) a bheadh acu, agus beidh na srianta céanna orthu a bheadh orthu, chun na críche sin, dá mba ina gceantar sláintíochta féin a soláthrófaí an folcán, an folcán snámha, an áit folcaidh, an áis nó an teach níocháin. | |
[EN] | (5) Aon fholcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis do lucht folcaidh, nó teach níocháin a bheas á chothabháil ag údarás sláintíochta i dtosach feidhme an ailt seo is tuigthe é a bheith arna sholáthar faoin alt seo ag an údarás sin. | |
[EN] |
Táillí i leith folcán poiblí, etc., d'úsáid. |
36. —Féadfaidh údarás sláintíochta, as a gcomhairle féin, táillí d'éileamh i leith úsáide folcáin, folcáin snámha, áite folcaidh, áise do lucht folcaidh nó tí níocháin a bheas á chothabháil acu nó i leith dul isteach ann. |
[EN] |
Gardaí tarrthála agus trealamh tarrthála. |
37. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta garda nó gardaí tarrthála d'fhostú— |
[EN] | (a) ag áit folcaidh nó folcán snámha a bheas á chothabháil acu, nó | |
[EN] | (b) ag áit folcaidh nó folcán snámha ina gceantar sláintíochta a ligtear an pobal isteach ann gan íocaíocht, agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile, atá á chothabháil. | |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás sláintíochta trealamh agus fearais chun daoine a tharrtháil ó bháthadh a sholáthar agus a chothabháil— | |
[EN] | (a) ag áit folcaidh nó folcán snámha a bheas á chothabháil acu, | |
[EN] | (b) ag áit folcaidh nó folcán snámha ina gceantar sláintíochta a ligtear an pobal isteach ann gan íocaíocht agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile atá á chothabháil, nó | |
[EN] | (c) ag aon áit ina gceantar sláintíochta ar dóigh leo feidhm a bheith leis na fearais sin ann. | |
[EN] | (3) Duine ar bith a dhéanfas go héagórach trealamh nó goireas arna sholáthar faoin alt seo d'aistriú nó a bhac nó a dhamáistiú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile. | |
[EN] |
Folcáin snámha agus áiteanna folcaidh d'úsáid chun siamsa. |
38. —(1) Má bhíonn folcán snámha nó áit folcaidh á chothabháil ag údarás sláintíochta, féadfaid é d'úsáid d'aontoisc, nó a cheadú, in aisce nó ar íocaíocht, é d'úsáid d'aontoisc, le haghaidh cleachtaí snámha, comórtas snámha, galaí nó siamsaí eile. |
[EN] | (2) I rith na tréimhse idir an lú lá de Bhealtaine agus an 30ú lá de Mheán Fómhair in aon bhliain, ní húsáidfear folcáin snámha ná áit folcaidh, ná ní ceadófar é d'úsáid, faoin alt seo, le haghaidh siamsaí ar feadh tréimhse is sia ná lá agus fiche ná ar feadh uimhir de thréimhsí is sia san iomlán ná lá agus fiche. | |
[EN] | (3) Féadfaidh údarás sláintíochta táillí speisialta d'éileamh nó a údarú iad d'éileamh i leith folcán snámha nó áit folcaidh d'úsáid nó dul isteach ann faid a bheas sé á úsáid nó a bheas cead é d'úsáid faoin alt seo le haghaidh siamsaí. | |
[EN] |
Teagasc ar tharrth áil daoine. |
39. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta socrú a dhéanamh chun teagasc a thabhairt ar shnámh agus ar tharrtháil daoine ó bháthadh. |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás sláintíochta, as a gcomhairle féin, táille d'éileamh i leith aon teagaisc a bhéarfar de bhun socruithe arna dhéanamh acu faoin alt seo. | |
[EN] |
Ranníocaíocht do chumainn áirithe. |
40. —Féadfaidh údarás sláintíochta, le toiliú an Aire, ranníocaíocht a thabhairt do chistí aon chumainn a mbeidh sé mar chuspóir aige, nó mar cheann dá chuspóirí, daoine a tharrtháil ó bháthadh. |
[EN] |
Fo-dhlithe maidir le folcadh poiblí. |
41. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun folcadh poiblí laistigh dá gceantar sláintíochta nó in uiscí cósta i dtadhall lena gceantar sláintíochta a rialú, agus féadfar go sonrach, leis na fo-dhlithe, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní dá luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |
[EN] | (2) I gcás aon uiscí cósta a bheith i dtadhall le dhá cheantar sláintíochta nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, iomlán na n-uiscí cósta nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí cósta atá i dtadhall le ceann áirithe de na ceantair sláintíochta agus leis an gceann sin amháin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (1). | |
[EN] |
Fo-dhlithe chun folcáin snámha agus áiteanna folcaidh a rialú. |
42. —(1) Féadfaidh údarás slaintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun folcán snámha, áit folcaidh nó teach níocháin a bheas á chothabháil acu a rialú, chun daoine a bheas ag taithí an fholcáin snámha, na háite folcaidh nó an tí níocháin a rialú agus chun daoine míthaitneamhacha d'eisiamh uaidh, agus féadfar, leis na fo-dhlithe sin, cumhacht a thabhairt d'aon oifigeach don údarás sláintíochta nó d'aon chomhalta den Gharda Síochána chun a iarraidh ar aon duine a bheas ag sárú aon cheann de na fo-dhlithe an folcán snámha, an áit folcaidh nó an teach níocháin d'fhágaint agus chun é a chur amach as mura bhfága. |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun aon fholcán snámha nó áit folcaidh a rialú atá ina gceantar sláintíochta agus a ligtear an pobal isteach ann in aisce nó ar íocaíocht agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile atá á chothabháil, agus féadfar go sonrach, leis na fo-dhlithe, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní dá luaitear sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfar fo-dhlí faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon fholcán snámha, áit folcaidh nó teach níocháin— | |
[EN] | (a) déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an fo-dhlí sin é a thaispeáint agus a choimeád ar taispeáint ag an bhfolcán snámha, an áit folcaidh nó an teach níocháin sin, | |
[EN] | (b) má fhaillíonn nó má mhainníonn an t-údarás sláintíochta sin mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, beidh an t-údarás sláintíochta sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur orthu agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar fo-dhlí faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le haon fholcán snámha nó áit folcaidh— | |
[EN] | (a) déanfaidh únaer an fholcáin snámha nó na háite folcaidh sin an fo-dhlí sin a thaispeáint agus a choimeád ar taispeáint ann, | |
[EN] | (b) má fhaillíonn nó má mhainníonn an t-únaer sin mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, beidh an t-únaer sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
[EN] |
Folcáin phoiblí, etc., atá á gcothabháil ag coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach. |
43. —(1) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh folcán nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí á chothabháil faoi Acht 1846 ag coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach, beidh éifeacht, i dtosach feidhme an ailt seo agus dá éis sin, ag na forála seo a leanas— |
[EN] | (a) féadfaidh na coimisinéirí, d'ainneoin Acht 1846 a bheith athghairmthe, leanúint de chothabháil an fholcáin nó an tí níocháin phoiblí nó na háite folcaidh oscailte poiblí sin, agus féadfaid, le toiliú an Aire, é d'fheabhsú, nó a leathnú; | |
[EN] | (b) beidh feidhm ag alt 36 den Acht seo, maidir le haon fholcán nó teach níocháin poiblí nó aon áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfaidh na Coimisinéirí, faoi mhír (a) den fho-alt seo, de bheith á chothabháil— | |
[EN] | (i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí ann d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus | |
[EN] | (ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí ann d'fholcán, d'fholcán snámha, d'áit folcaidh, d'áis do lucht folcaidh nó do thigh níocháin a léiriú mar thagairtí don fholcán nó don tigh níocháin poiblí nó don áit folcaidh oscailte phoiblí sin; | |
[EN] | (c) beidh feidhm ag ailt 37 agus 38 den Acht seo maidir le haon áit folcaidh oscailte a leanfar dá cothabháil amhlaidh— | |
[EN] | (i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus | |
[EN] | (ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'áit folcaidh nó d'fholcán snámha a léiriú mar thagairtí don áit folcaidh oscailte sin; | |
[EN] | (d) léireofar alt 39 den Acht seo amhail is dá bhfolaíodh an tagairt ann d'údarás sláintíochta tagairt do na coimisinéirí; | |
[EN] | (e) beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 42 den Acht seo, maidir le haon fholcán, nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfar dá chothabháil amhlaidh— | |
[EN] | (i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus | |
[EN] | (ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'fholcán snámha, d'áit folcaidh nó do thigh níocháin a léiriú mar thagairtí don fholcán nó don tigh níocháin poiblí nó don áit folcaidh oscailte phoiblí sin; | |
[EN] | (f) má leanann na coimisinéirí de bheith ag cothabháil aon tí níocháin, féadfaid saoráidí a sholáthar ann chun éadaí agus earraí eile a thirimiú agus d'iarnáil; | |
[EN] | (g) más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, nár chomhlucht corpraithe chun gach críche na coimisinéirí, ansin, d'ainneoin Acht 1846 a bheith athghairmthe, leanfaidh na coimisinéirí, chun críocha an ailt seo, de bheith ina gcomhlucht corpraithe faoin ainm a sannaíodh dóibh le halt 6 d'Acht 1846; | |
[EN] | (h) féadfaidh na coimisinéirí, le toiliú an Aire, aon fholcán nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfar dá chothabháil amhlaidh d'aistriú chun an údaráis sláintíochta don cheantar sláintíochta ina mbeidh an baile sin. | |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1846” an Baths and Washhouses (Ireland) Act, 1846. |