An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Uisce-Sholathar.) Ar Aghaidh (CUID V. Folcain, Tithe Niochain, Aiteanna Folcaidh, Etc.)

3 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948

CUID IV.

Teaghais Sealadacha agus Usaid Tailimh le haghaidh Campala.

Fo-dhlithe maidir le teaghais sealadacha d'úsáid.

30. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh ag rialú úsáid teaghas sealadach ina gceantar sláintíochta agus féadfar, go sonrach, socrú a dhéanamh leis na fo-dhlithe sin i dtaobh gach ní nó aon ní dá luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Féadfar le fo-dhlithe faoin alt seo socrú a dhéanamh maidir le hárthaí, a húsáidtear go príomha chun daoine do chónaí iontu, d'úsáid ar uiscí cósta atá i dtadhall le ceantar sláintíochta amhail is dá mba uiscí intíre sa cheantar sláintíochta na huiscí cósta sin.

(3) I gcás aon uiscí cósta a bheith i dtadhall le dhá cheantar sláintíochta nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, iomlán na n-uiscí cósta nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí cósta atá i dtadhall le ceann áirithe de na ceantair sláintíochta agus leis an gceann sin amháin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (2).

Údarás sláintíochta do chur toirmisc le teaghais sealadacha.

31. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta, le hordú, a thoirmeasc teaghais sealadacha a thógáil nó a choinneáil ar aon talamh nó uisce ina gceantar sláintíochta más dóigh leo go ndéanfadh a dtógáil nó a gcoinneáil dochar do shláinte an phobail nó do thaitneamhachta na háite nó go gcuirfeadh sé isteach go míréasúnach ar an trácht ar aon bhóthar.

(2) Féadfaidh toirmeasc faoin alt seo baint le talamh nó uisce sonraithe nó le gach talamh nó uisce de shaghas sonraithe agus féadfaidh, go sonrach, baint le gach talamh nó uisce laistigh d'fhaid shonraithe ó lár-líne aon bhóthair nó ó lár-líne bhóthair shonraithe.

(3) Más cúis mhíshásaimh le duine ordú faoin alt seo—

(a) féadfaidh an duine sin, laistigh de cheithre lá déag tar éis cóip den ordú d'fhoilsiú de bhun fo-ailt (9) den alt seo, iarratas i scríbhinn (ina luafar fátha an iarratais) a chur chun an Aire á iarraidh air an t-ordú a neamhniú,

(b) féadfaidh an tAire, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar an iarratas agus ar pé uiríolla ina thaobh is cuí leis an údarás sláintíochta iomchuí a dhéanamh, an t-ordú a neamhniú, an t-ordú a dhaingniú gan athrú nó an t-ordú a dhaingniú fara athruithe tríd an talamh nó an t-uisce lena mbaineann sé a laghdú.

(4) Duine ar bith a thógfas nó a choinneos teaghas sealadach contrártha d'ordú a bheas i bhfeidhm faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cuig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(5) Má cionraítear duine an dara huair nó aon uair ina dhiaidh sin i gcion faoin alt seo i leith an teaghais shealadaigh chéanna, ansin, féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, a ordú an teaghas sealadach d'fhorghéilleadh don údarás sláintíochta iomchuí agus air sin glacfaidh an t-údarás sin seilbh ar an teaghas sealadach agus déanfaid é a dhiúscairt trína dhíol, trína dhíthiú nó ar shlí eile mar is oiriúnach leo.

(6) Féadfar toirmeasc faoin alt seo a chur le hárthaí, a húsáidtear go príomha chun daoine do chónaí iontu, a choinneáil ar uiscí cósta atá i dtadhall le ceantar sláintíochta amhail is dá mba uiscí intíre sa cheantar sláintíochta na huiscí cósta sin.

(7) I gcás aon uiscí cósta a bheith i dtadhall le dhá cheantar sláintíochta nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha fo-ailt (6) den alt seo, iomlán na n-uiscí cósta nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí cósta atá i dtadhall le ceann áirithe de na ceantair sláintíochta agus leis an gceann sin amháin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (6).

(8) Tiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm—

(a) mura ndéantar aon iarratas á iarraidh an t-ordú a neamhniú—tríocha lá tar éis cóip den ordú d'fhoilsiú de bhun fo-ailt (9) den alt seo, agus

(b) má déantar iarratas á iarraidh an t-ordú a neamhniú agus ná neamhneofar an t-ordú dá thoradh—cheithre lá déag tar éis an t-iarratas a chinneadh.

(9) Má dhéanann údarás sláintíochta ordú faoin alt seo, bhéarfaid, laistigh de cheithre lá déag tar éis an t-ordú a dhéanamh, go bhfoilseofar, i nuachtán laethiúil a léitear ina gceantar sláintíochta, cóip den ordú agus ráiteas ar an gceart a bheirtear leis an alt seo chun neamhniú an orduithe d'iarraidh.

(10) Má bhíonn ordú faoin alt seo tar éis teacht i bhfeidhm, bhéarfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, laistigh de cheithre lá déag tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm, go bhfoilseofar, i nuachtán laethiúil a léitear ina gceantar sláintíochta, cóip den ordú (mar rinne an t-údarás sláintíochta é nó mar dhaingnigh an tAire é, pé acu is iomchuí) agus ráiteas á rá go bhfuil sé tar éis teacht i bhfeidhm.

Núiseanna maidir le teaghais sealadacha.

32. —(1) Má bhíonn teaghas sealadach sa riocht sin gur núis é nó gur siocair díobhála é don tsláinte nó más rud é, de cheal áiseanna cearta sláintíochta nó mar gheall ar phlódú nó cúis eile, go dtagann núis nó tosca díobhála don tsláinte as teaghas sealadach d'úsáid, is tuigthe gur núis do réir bhrí ailt 107 d'Acht 1878 an teaghas sealadach agus beidh feidhm dá réir sin ag na forála den Acht sin a bhaineas le núiseanna agus chuige sin áireofar gurb é an duine i bhfeighil an teaghais shealadaigh is áititheoir an teaghais sin.

(2) Más tuigthe de bhun an ailt seo teaghas sealadach a bheith ina núis, féadfar, gan dochar do dhliteanas an duine i bhfeighil an teaghais, fógra á cheangal deireadh a chur leis an núis a sheirbheáil faoi alt 110 d'Acht 1878 ar áititheoir láithreáin an teaghais shealadaigh agus féadfar imeachta chun deireadh a chur leis an núis a bhunú i gcoinne an áititheora sin.

Cumhachta na cúirte in imeachta áirithe a leathnú.

33. —(1) Beidh ar na cumhachta a bheas ag Cúirt a dtabharfar imeachta os a comhair maidir le—

(a) núis a bhaineas le teaghas sealadach, nó

(b) sárú, maidir le teaghas sealadach nó árthach in uiscí cósta, ar fho-dhlí arna dhéanamh faoin gCuid seo den Acht seo,

cumhacht chun ordú a dhéanamh á thoirmeasc nó á shrianadh an teaghas sealadach nó an t-árthach a thógáil nó a choinneáil i pé áiteanna nó laistigh de pé líomatáiste a sonrófar san ordú.

(2) Duine ar bith a shárós ordú arna dhéanamh de bhuaidh an ailt seo, nó a cheadós, agus é ina áititheoir ar thalamh, sárú den tsórt sin do tharlachtaint ar an talamh sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Talamh d'úsáid le haghaidh campála.

34. —(1) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh amhail mar forálfar leis na horduithe a déanfar faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh lá sonraithe i gceantar sláintíochta sonraithe nó i gcuid de cheantar sláintíochta sonraithe.

(3) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (2) den alt seo déanfaidh an t-údarás sláintíochta don cheantar sláintíochta a mbaineann an t-ordú lena iomlán nó le cuid de é d'fhoilsiú i pé slí a ordós an tAire.

(4) Féadfaidh údarás sláintíochta, más cuí leo, ach faoi réir forál fo-ailt (5) den alt seo, ceadúnas a dheonadh d'áititheoir tailimh, is talamh laistigh dá gceantar sláintíochta nó den chuid de a bhfuil an t-alt seo i ngníomh maidir leis, nó, le toiliú an áititheora sin, d'eagras campála, á údarú an talamh sin d'úsáid le haghaidh campála i gcaitheamh tréimhse sonraithe de dhá mhí dhéag as a chéile.

(5) Sar a ndeonfaid ceadúnas faoin alt seo maidir le talamh laistigh de líomatáiste lena mbaineann Cuid IV den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) , raghaidh údarás sláintíochta i gcomhairle le Bord Cuartaíochta na hÉireann.

(6) I gcás ina ndéanfaidh údarás sláintíochta ceadúnas a dheonadh faoin alt seo maidir le talamh, cuirfidh an t-údarás sláintíochta ag gabháil leis an gceadúnas coinníollacha sonraithe maidir le gach ní acu seo a leanas:—

(a) an uimhir uasta de theaghais sealadacha a féadfar a choimeád ar an talamh in éineacht,

(b) an tslí ina leagfar amach an talamh,

(c) nádúr, cumraíocht sheachtrach agus méid na dteaghas sealadach a coimeádfar ar an talamh,

(d) an spás folamh a caithfear a choimeád idir aon dá theaghas shealadacha ar an talamh nó idir teaghas sealadach ar an talamh agus aon déanmhas eile air,

(e) an faid a caithfear a choimeád idir aon teaghas sealadach ar an talamh agus aon bhóthar poiblí,

(f) uisce-sholáthar,

(g) áiseanna sláintíochta,

(h) brocamas, dramhaíoll, sratharnach nó treascarnach eile a dhiúscairt,

(i) bealaí isteach agus amach agus idirbhealaí istigh ar an talamh,

(j) iompar dea-ordúil córach ag áitreoirí teaghas sealadach ar an talamh,

(k) cóir shláintiúil d'áirithiú agus taitneamhachta a chaomhaint,

(l) maoirseacht a dhéanamh ar theaghais sealadacha ar an talamh (agus, más dóigh leis an údarás sláintíochta gur gá é, bardach d'fhostú chuige sin),

(m) taifid maidir le teaghais sealadacha ar an talamh a choimeád agus a thabhairt ar aird chun a n-iniúchta ag oifigigh don údarás sláintíochta a dheoin an ceadúnas.

(7) Tiocfaidh ceadúnas a dheonfas údarás sláintíochta faoin alt seo i bhfeidhm—

(a) mura ndéantar aon agóid faoi fho-alt (8) den alt seo i gcoinne a dheonta i rith an chúig lá déag i ndiaidh a dheonta—i gceann an chúig lá déag sin, agus

(b) má déantar agóid amhlaidh i rith an chúig lá déag sin agus nach n-ordófar an ceadúnas sin a tharraingt siar—ar an agóid sin a chinneadh.

(8) Duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis—

(a) údarás sláintíochta do dheonadh ceadúnais, nó do dhiúltú do cheadúnas a dheonadh, faoin alt seo, nó

(b) coinníoll a chuirfeas údarás sláintíochta ag gabháil le ceadúnas faoin alt seo,

féadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne an deonta, an diúltuithe nó an choinníll sin trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de chúig lá déag ón lá a thug an t-údarás sláintíochta fógra don té d'iarr an ceadúnas á rá gur deonadh an ceadúnas nó gur diúltaíodh dá dheonadh (pé acu é) agus is i scríbhinn a bheas an fógra sin agus luafar ann forais na hagóide sin.

(9) Má tugtar fógra agóide faoin alt seo maidir le ceadúnas a dheonadh nó diúltú dá dheonadh faoin alt seo nó maidir le coinn íoll a cuirfear ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt sin, déanfaidh an tAire, tar éis dó an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás sláintíochta iomchuí, an agóid d'obadh nó a ordú don údarás sláintíochta (agus déanfaid sin do réir an ordacháin sin) an ceadúnas a deonadh a tharraingt siar nó an ceadúnas a diúltaíodh a dheonadh nó an coinníoll ar hagóidíodh ina choinne d'athrú i slí sonraithe (pé acu sin is iomchuí).

(10) Faoi réir fo-ailt (12) den alt seo, ní dhéanfaidh áititheoir tailimh an talamh d'úsáid le haghaidh campála, ná a cheadú é d'úsáid amhlaidh, ar feadh níos mó ná—

(a) ocht lá déag as a chéile, nó

(b) sé lá tríochad laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag as a chéile,

mura mbeidh ceadúnas i bhfeidhm faoin alt seo maidir leis an talamh.

(11) Faoi réir fo-ailt (12) den alt seo, comhlíonfaidh sealbhóir ceadúnais faoin alt seo na coinníollacha uile a bheas ag gabháil leis an gceadúnas.

(12) Ní chuirfidh aon ní san alt seo toirmeasc ná srian le talamh d'úsáid le haghaidh campála—

(a) más talamh talmhaíochta an talamh agus gur i rith na saosúr céanna gach bliain a déanfar an champáil agus gur daoine a bhíos ag gabháil d'obair feirme ar an talamh a dhéanfas í, nó

(b) más i ndáil le teaghas buan ar an talamh sin nó ina chomhgar atá an talamh á áitiú agus nach bhfuil daoine ar bith ag déanamh na campála ach amháin áititheoir an teaghais bhuain agus daoine dá líon tí.

(13) Duine ar bith a shárós fo-alt (10) nó (11) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(14) Chun críocha an ailt seo, is talamh a húsáidtear le haghaidh campála talamh (dá ngairmtear an láithreán sa bhfo-alt seo) is láithreán do theaghas sealadach agus an talamh go léir laistigh de chéad slat ón láithreán arb é áititheoir an láithreáin is áititheoir air.

(15) Ní léireofar fo-alt (14) den alt seo mar ní a chuireas toirmeasc le teaghas sealadach a choimeád ar láithreán atá ar thalamh lena mbaineann ceadúnas faoin alt seo agus atá laistigh de chéad slat ó aon teorainn de chuid an tailimh sin.

(16) Chun críocha an ailt seo—

(a) is tuigthe únaer aon tailimh nach bhfuil ar ligean a bheith ina áititheoir ar an talamh;

(b) má haistrítear teaghas sealadach ón láithreán ar a bhfuil sé ach go ndéanfar laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad é a thabhairt thar n-ais go dtí an láithreán céanna nó go dtí láithreán eile laistigh de chéad slat ón láithreán sin, ansin, chun aon tréimhse ocht lá déag as a chéile a luaitear i bhfo-alt (10) den alt seo d'áireamh, is tuigthe nach ndearnadh é d'aistriú;

(c) ciallaíonn an abairt “eagras campála” eagras arna aithint ag an Aire mar eagras campála.