An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Siltean.) Ar Aghaidh (CUID IV. Teaghais Sealadacha agus Usaid Tailimh le haghaidh Campala.)

3 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948

CUID III.

Uisce-Sholathar.

Mínithe do Chuid III.

19. —Sa Chuid seo den Acht seo—

ordú uiscesholáthair sealadach.

ciallaíonn an abairt “ordú uisce-sholáthair sealadach” ordú arna dhéanamh faoi alt 20 den Acht seo agus nach bhfuil i bhfeidhm de thuras na huaire;

ordú uiscesholáthair.

ciallaíonn an abairt “ordú uisce-sholáthair” ordú arna dhéanamh faoi alt 20 den Acht seo agus atá i bhfeidhm.

Ordú uiscesholáthair sealadach.

20. —(1) Má chítear d'údarás sláintíochta aon cheantair shláintíochta nach bhfuil soláthar sásúil uisce do chríocha tís ag aon fhoirgint áirithe sa cheantar sin, féadfaidh an t-údarás, le hordú, a fhoréileamh go ndéanfar, ar mhodh sonraithe agus laistigh d'am sonraithe tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm, an fhoirgint sin a chur i gceangal le huisce-sholáthar poiblí nó le píopa atá i gceangal le huisce-sholáthar poiblí.

(2) Nuair a bheas údarás sláintíochta á bhreithniú, chun críocha an ailt seo, an bhfuil an soláthar uisce atá ag foirgint áirithe sásúil, bhéarfaid aird, go sonrach, ar nádúr an líomatáiste ina bhfuil an fhoirgint, ar shuíomh agus ar shaghas aon uiscesholáthair nó chórais séarachais phoiblí atá ar fáil sa líomatáiste sin agus ar na críocha chun a n-úsáidtear an fhoirgint.

(3) Bhéarfaidh ordú faoin alt seo sonrú ar leith ar aon chuid den obair is gá do réir an orduithe a dhéanamh agus a déanfar faoi alt 23 den Acht seo ag an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú.

(4) Féadfaidh ordú faoin alt seo baint le dhá fhoirgint nó níos mó agus féadfaidh a fhoréileamh go soláthrófar píopaí lena gcomhúsáid, go hiomlán nó go páirteach, ag dhá fhoirgint nó níos mó acu sin.

(5) Ní fhoréileoidh ordú faoin alt seo foirgint a chur i gceangal le píopa atá i gceangal le huisce-sholáthar poiblí agus is le duine nach é únaer na foirginte sin é, mura mbeidh an duine sin tar éis toiliú lena cur i gceangal amhlaidh nó mura mbeidh sé faoi oblagáid, a bheas infhorfheidhmithe do réir dlí, a cheadú í a chur i gceangal amhlaidh.

(6) Déanfar cóipeanna d'ordú faoin alt seo a sheirbheáil, laistigh de sheacht lá i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh, ar únaer agus ar áititheoir gach foirginte lena mbaineann an t-ordú agus ar aon duine eile is únaer nó áititheoir ar thalamh a mbeidh aon phíopaí le gabháil tríd do réir an orduithe.

Agóid i gcoinne orduithe uiscesholáthair shealadaigh.

21. —(1) Féadfaidh únaer nó áititheoir foirginte lena mbaineann ordú uisce-sholáthair sealadach, agus aon duine eile is únaer nó áititheoir ar thalamh a mbeidh aon phíopaí le gabháil tríd do réir an orduithe, agóid a dhéanamh i gcoinne an orduithe trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de thríocha lá i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh agus is i scríbhinn a bheas an fógra agus luafar ann forais na hagóide sin.

(2) Má tugtar fógra agóide faoin alt seo i gcoinne orduithe uisce-sholáthair shealadaigh, déanfaidh an tAire, tar éis dó an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú,—

(a) an t-ordú a dhaingniú gan leasú nó fara pé leasuithe is cuí leis, nó

(b) an t-ordú a neamhniú.

Ordú uiscesholáthair sealadach a theacht i bhfeidhm.

22. —(1) Mura ndéantar aon agóid faoi alt 21 den Acht seo i gcoinne orduithe uisce-sholáthair shealadaigh, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm seacht lá tríochad i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh.

(2) Má déantar ordú uisce-sholáthair sealadach a dhaingniú gan leasú ar agóid a dhéanamh faoi alt 21 den Acht deo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm lá a dhaingnithe.

(3) Má déantar ordú uisce-sholáthair sealadach a dhaingniú fara leasuithe ar agóid a dhéanamh faoi alt 21 den Acht seo, tiocfaidh an t-ordú arna leasú amhlaidh i bhfeidhm lá a dhaingnithe.

Údarás sláintíochta do dhéanamh coda de chóras píopaí.

23. —(1) San alt seo ciallaíonn an focal “córas” córas píopaí chun foirgint nó foirgintí a chur i gceangal le huisce-sholáthar poiblí nó le píopa atá i gceangal le huisce-sholáthar poiblí.

(2) Más gá, do réir orduithe uisce-sholáthair, córas a dhéanamh a bheas ag gabháil trí thalamh nach mbeidh a únaer ina únaer ar fhoirgint lena mbaineann an t-ordú, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an méid den chóras a bheas laistigh den talamh sin.

(3) Más gá, do réir orduithe uisce-sholáthair, córas a dhéanamh d'aon fhoirgint amháin agus gur mó ná céad troigh faid iomlán na bpíopaí sa chóras, déanfaidh an t-údarás sláintíochta féin gach cuid den chóras is sia ná céad troigh (arna thomhas fan an chórais) ón bhfoirgint sin.

(4) Más gá, do réir orduithe uisce-sholáthair, córas a dhéanamh do dhá fhoirgint nó níos mó agus gur sia ná céad troigh, arna iolrú faoi uimhir na bhfoirgintí sin, faid iomlán na bpíopaí sa chóras, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an chuid sin den chóras is comhfhaid (arna thomhas fan an chórais) leis an mbreis sin agus is gaire don tsoláthar nó don phíopa lena mbeidh an córas i gceangal.

(5) Aon amhras, díospóid nó ceist a éireos i dtaobh na coda de chóras a bheas le déanamh ag údarás sláintíochta de bhun fo-ailt (4) den alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

(6) Chun aon phíopa a leagadh síos faoin alt seo, beidh ag údarás sláintiochta na cumhachta a luaitear in alt 18 d'Acht 1878, mar bheirtear feidhm dó le halt 64 den Acht sin, amhail is dá mba phríomh-phíopa uisce an píopa sin agus, ar iad d'fheidhmiú aon chumhachta den tsórt sin, dlífid pé cúiteamh (más ann) d'íoc a dhlífidís d'íoc dá mba faoin alt sin a feidhmíodh an chumhacht.

Údarás sláintíochta do dhéanamh córais phíopaí.

24. —(1) Más rud é—

(a) go sonróidh ordú uisce-sholáthair tréimhse chun an córas píopaí a dhéanamh is gá dá réir, agus

(b) ar dhul in éag don tréimhse sin, nach mbeifear tar éis tosnú ar an gcóras sin (seachas aon chuid de a bheas le déanamh faoi alt 23 den Acht seo), nó, má tosnaíodh air, go mbeidh sé gan críochnú,

féadfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an córas sin a dhéanamh nó a chríochnú (pé acu is iomchuí).

(2) Féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta, chun aon chóras, is gá do réir orduithe uisce-sholáthair arna dhéanamh ag an údarás, a dhéanamh nó a chríochnú faoin alt seo ar aon talamh, dul isteach ar an talamh sin agus gach ní a dhéanamh ann is gá go réasúnach chun an córas sin a dhéanamh nó a chríochnú.

(3) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta a bhac agus é ag feidhmiú go dleathach aon chumhachta a bheirtear le fo-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Costais déanta córais phíopaí d'íoc le húdarás sláintíochta.

25. —(1) Mura mbainfidh ordú uisce-sholáthair ach le haon fhoirgint amháin nó dhá fhoirgint nó níos mó leis an aon-únaer, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, íocfaidh únaer na foirginte nó na bhfoirgintí, leis an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, méid, aon chostas faoina ndeachadar ag déanamh iomlán an chórais phíopaí ba ghá do réir an orduithe nó ag déanamh aon choda dhe sin.

(2) Má bhaineann ordú uisce-sholáthair le dhá fhoirgint ar leith nó níos mó nach leis an aon-únaer, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú aon chostais faoina ndeachadar ag déanamh iomlán an chórais phíopaí ba ghá do réir an orduithe nó ag déanamh aon choda dhe sin a chionroinnt idir únaerí na bhfoirgintí agus beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcionroinnt:

(a) déanfaidh an t-údarás, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lae a dhéanfaid an chionroinnt, fógra ina thaobh sin a sheirbheáil ar gach únaer acu sin,

(b) féadfaidh aon únaer acu sin agóid a dhéanamh i gcoinne na cionroinnte trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de lá agus fiche tar éis an chionroinnt a dhéanamh agus is i scríbhinn a bheas an fógra agus luafar ann forais na hagóide sin,

(c) ar an bhfogra agóide sin a bheith tugtha agus tar éis don Aire an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás daingneoidh sé an chionroinnt nó déanfaidh sé cionroinnt nua,

(d) mura ndéantar aon agóid faoi mhír (b) den fho-alt seo i gcoinne na cionroinnte a bheas déanta ag an údarás nó má déantar, ar agóid faoin mír sin, an chionroinnt sin a dhaingniú, íocfaidh gach únaer acu sin leis an údarás an méid a cionroinneadh air leis an gcionroinnt sin,

(e) má déantar, ar agóid faoi mhír (b) den fho-alt seo i gcoinne na cionroinnte a bheas déanta ag an údarás, cionroinnt nua, íocfaidh gach únaer acu sin leis an údarás an méid a cionroinnfear air leis an gcionroinnt nua.

(3) Má bhíonn cuid den chóras píopaí, is gá do réir orduithe uisce- holáthair, déanta, de bhuaidh fo-ailt (3) nó fo-ailt (4) d'alt 23 den Acht seo, ag an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, ní háireofar na costais faoina ndeachaigh an t-údarás ag déanamh na coda sin ar na costais a bheas le n-íoc leis an údarás nó le cionroinnt acu faoin alt seo.

(4) Aon amhras, díospóid nó ceist a éireos i dtaobh méid na gcostas a bheas le n-íoc le húdarás sláintíochta nó le cionroinnt acu faoin alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

(5) Aon tsuim is iníoctha le húdarás sláintíochta faoin alt seo—

(a) féadfaidh an t-údarás, gan dochar d'fheidhm ailt 255 d'Acht 1878, í d'aisgabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla, nó

(b) féadfaidh an t-údarás a dhearbhú gur costas feabhsúcháin phríobháidigh í faoi na hAchta, agus féadfar í d'aisgabháil dá réir sin.

Ranníocaíocht i leith uiscesholáthairtí príobháideacha.

26. —Mura mbeidh an t-údarás sláintíochta ag á bhfuil dlínse in aon líomatáiste áirithe tar éis uisce-sholáthar poiblí a chur ar fáil sa líomatáiste nó má bhíd tar éis uisce-sholáthar poiblí a chur ar fáil sa líomatáiste nach leor chun riaradh go hiomlán ar riachtanais áitreoirí an líomatáiste, ansin, in ionad uisce-sholáthar poiblí a chur ar fáil sa líomatáiste nó an t-uisce-sholáthar poiblí ann d'fheabhsú (pé acu é), féadfaidh an t-údarás sláintíochta, le toiliú an Aire, airgead a chaitheamh iad féin, nó deontas airgid a thabhairt d'aon duine, chun aon uisce-sholáthar, seachas uiscesholáthar poiblí, a chur ar fáil, d'fheabhsú nó a chothabháil.

Samplaí d'uisce a thógaint.

27. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta samplaí d'uisce a thógaint as aon uisce-sholáthar (poiblí nó príobháideach) a fhónas d'aon áitreoirí ina gceantar chun taifeach a dhéanamh ar na samplaí sin.

(2) Más rud é, ar thaifeach a dhéanamh ar shamplaí d'uisce a bheas tógtha ag údarás sláintíochta faoin alt seo as uisce-sholáthar, go bhfaighfear go bhfuil an t-uisce neamhoiriúnach chun a úsáidte ag daoine, déanfaidh an t-údarás sláintíochta gach beart réasúnach chun rabhadh a thabhairt do lucht úsáidte an uisce-sholáthair go bhfuil an t-uisce uaidh neamhoiriúnach chun a úsáidte ag daoine.

(3) Féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta dul isteach ar aon talamh chun críocha an ailt seo.

Uisce-phíopaí a dheisiú.

28. —(1) Má bhíonn aon fhoirgint i gceantar sláintíochta i gceangal le huisce-sholáthar poiblí trí phíopa a ghabhas trí thalamh nach é únaer na foirginte a únaer, féadfaidh údarás sláintíochta an cheantair sin, ar únaer na foirginte dá iarraidh sin, aon deisiúchán is gá ar an bpíopa sin a dhéanamh ar an talamh sin agus chuige sin féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire don údarás sláintíochta, tar éis fógra seacht lá a thabhairt i scríbhinn d'únaer an tailimh sin nó, i gcás éigeandála, gan fógra a thabhairt nó tar éis fógra níos giorra a thabhairt, dul isteach ar an talamh sin agus gach ní a dhéanamh ann is gá go réasúnach maidir leis an deisiúchán.

(2) Aon chostais faoina raghaidh údarás sláintíochta faoin alt seo, ar únaer foirginte dá iarraidh sin, aisíocfaidh an t-únaer sin leis an údarás iad.

(3) Aon tsuim is inlochta le húdarás sláintíochta faoin alt seo—

(a) féadfaidh an t-údarás í d'aisgabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla, nó

(b) féadfaidh an t-údarás a dhearbhú gur costas feabhsúcháin phríobháidigh í faoi na hAchta, agus féadfar í d'aisgabháil dá réir sin.

Eilithe ag údarás sláintíochta i leith uisce a sholáthar.

29. —(1) Féadfaidh an tAire, ar údarás sláintíochta dá iarraidh sin, le hordú—

(a) modhnú a dhéanamh ar fhorála aon achtacháin a rialaíos na héilithe a bheas le déanamh ag an údarás sláintíochta sin i leith uisce a sholáthar laistigh nó lasmuigh dá gceantar nó i leith uisce a sholáthar d'údarás sláintíochta eile agus féadfaidh socrú a dhéanamh chun aon achtachán a mhodhnú a bheas foileanúnach nó forlíontach ar na forála sin;

(b) modhnú a dhéanamh ar fhorála aon dámhachtana nó comhaontuithe a chinneas an praghas a bheas le héileamh ag údarás sláintíochta i leith uisce a sholáthar laistigh nó lasmuigh dá gceantar nó i leith uisce a sholáthar d'údarás sláintíochta eile.

(2) Gach ordú a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo agus a rinneadh faoin Statutory Undertakers (Temporary Increase of Charges) Act, 1918, agus a mhodhnaigh aon fhorála reachtúla a rialaíos na héilithe a bheas le déanamh i leith uisce a sholáthar, is tuigthe é a bheith arna dhéanamh faoin alt seo agus leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Sar a ndéanfaidh sé aon ordú faoin alt seo, nó sar a leasóidh nó sar a gcúlghairmfidh aon ordú den tsórt sin nó aon ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a thabhairt go ndéanfar fiosrúchán áitiúil.