An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Uisce-Sholathar.)

3 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948

CUID II.

Siltean.

Mínithe do Chuid II.

10. —Sa Chuid seo den Acht seo—

comhshilteán.

ciallaíonn an focal “comhshilteán” silteán príobháideach amháin a húsáidtear chun dhá aitreabh ar leith nó níos mó a shiltean;

ordú siltin.

ciallaíonn an abairt “ordú siltin” ordú arna dhéanamh faoi alt 12 den Acht seo agus atá i bhfeidhm;

oibreacha siltin

folaíonn an abairt “oibreacha siltin” aon ní acu seo a leanas a sholáthar, a dhéanamh, a leagadh síos, a dheisiú nó a fheabhsú:

(a) silteáin, píopaí salachair agus uiscephíopaí,

(b) ceangail chun silteán agus séaracha,

(c) toill aerúcháin agus duine-phoill,

(d) dabhacha morgthais agus ceachracha,

(e) clóiséid uisce agus dóirtil,

(f) aon déanmhais, oibreacha, píopaí nó fearais eile is gá chun áitreabh a shiltean go cuí agus go héifeachtúil;

ordú siltin sealadach.

ciallaíonn an abairt “ordú siltin sealadach” ordú arna dhéanamh faoi alt 12 den Acht seo agus nach bhfuil i bhfeidhm de thuras na huaire;

silteán ar leith.

ciallaíonn an abairt “silteán ar leith” silteán a húsáidtear chun an t-iomlan nó cuid d'aon áitreabh ar leith amháin a shiltean agus chuige sin amháin;

aitreabh ar leith.

ciallaíonn an abairt “áitreabh ar leith” foirgint ar leith gona maighean (más ann) nó plásóg talún ar leith nach í maighean aon fhoirgintí í.

Comhshilteáin.

11. —(1) Is tuigthe, chun críocha na nAcht, gur silteán agus nach séarach é comhshilteán.

(2) Gach comhshilteán a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, dílsithe in údaras sláintíochta de bhuaidh ailt 15 d'Acht 1878, scoirfidh sé, i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo, de bheith dílsithe amhlaidh.

(3) Ní léireofar aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo mar ní a bheir teideal d'aon duine chun forceannadh, cosc, nó toirmeasc a chur le siltean aon tailimh nó áitribh trí chomhshilteán is talamh nó áitreabh a bhí á siltean díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo tríd an silteán sin.

Ordú siltin sealadach.

12. —(1) Má chítear don údarás sláintíochta do cheantar sláintíochta nach bhfuil siltean sásúil á dhéanamh ar aon áitreabh ar leith sa cheantar sin, féadfaidh an t-údarás, faoi réir forál an ailt seo, a cheangal, le hordú, go ndéanfar, laistigh de thréimhse shonraithe tar éis an t-ordú a theacht i ngníomh, aon oibreacha siltin sonraithe is dóigh leis an údarás a bheith riachtanach chun córas siltin sásúil a sholáthar don áitreabh sin.

(2) Má chítear don údarás sláintíochta do cheantar sláintíochta nach bhfuil siltean sásúil á dhéanamh ar dhá áitreabh ar leith nó níos mó sa cheantar sin agus más dóigh leis an údarás gur tíobhasaí nó gur áisiúla d'fhéadfaí na háitribh sin a shiltean i dteannta a chéile ná ar leith, féadfaidh an t-údarás, faoi réir forál an ailt seo, a cheangal, le hordú, go ndéanfar, laistigh de thréimhse shonraithe tar éis an t-ordú a theacht i ngníomh, aon oibreacha siltin sonraithe is dóigh leis an údarás a bheith riachtanach chun córas comhshiltin sásúil a sholáthar do na háitribh sin.

(3) Nuair a bheas údarás sláintíochta á bhreithniú, chun críocha an ailt seo, an bhfuil siltean aon áitribh sásúil nó cad iad na hoibreacha siltin atá riachtanach chun siltean sásúil a sholáthar d'aon áitreabh, bhéarfaid aird go sonrach ar nádúr an líomatáiste ina bhfuil an t-áitreabh, ar shuíomh agus ar shaghas an chórais séarachais (más ann) sa líomatáiste sin agus ar na críocha chun a n-úsáidtear an t-áitreabh.

(4) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (2) den alt seo, déarfar ann cad é an t-áitreabh ar leith ar gá chun é a shiltean gach cuid faoi leith de na hoibreacha siltin a sonrófar san ordú.

(5) Féadfaidh ordú faoin alt seo, in ionad am a shonrú chun na hoibreacha siltin uile a chríochnú is gá réir, na hoibreacha sin a roinnt i dhá gcuid nó céim nó níos mó agus am a shonrú chun gach cuid nó céim a chríochnú.

(6) Bhéarfaidh ordú faoin alt seo sonrú ar leith ar aon chuid de na hoibreacha siltin is gá dá réir agus a déanfar faoi alt 15 den Acht seo ag an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú.

(7) Ní dhéanfaidh ordú faoin alt seo socrú chun aon áitreabh ar leith a shiltean trí shilteán láithreach is le duine seachas únaer an áitribh sin mura mbeidh an duine sin tar éis toiliú leis an socrú sin nó go mbeidh sé faoi oblagáid, a bheas infhorfheidhmithe do réir dlí, siltean an áitribh sin tríd an silteán sin a cheadú.

(8) Déanfar cóipeanna d'ordú faoin alt seo a sheirbheáil, laistigh de sheacht lá i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh, ar únaer agus ar áititheoir gach áitribh lena mbaineann an t-ordú agus ar aon duine eile is únaer nó áititheoir ar thalamh ar a mbeidh aon oibreacha siltin le déanamh faoin ordú.

Agóid i gcoinne orduithe shiltin shealadaigh.

13. —(1) Féadfaidh únaer nó áititheoir aon áitribh ar leith lena mbaineann ordú siltin sealadach, nó aon duine eile is únaer nó áititheoir ar thalamh ar a mbeidh aon oibreacha siltin le déanamh faoin ordú, agóid a dhéanamh i gcoinne an orduithe trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de thríocha lá i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh agus is i scríbhinn a bheas an fógra sin agus luafar ann forais na hagóide sin.

(2) Má tugtar fógra agóide faoin alt seo i gcoinne orduithe shiltin shealadaigh, déanfaidh an tAire, tar éis dó an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú,—

(a) an t-ordú a dhaingniú gan leasú nó fara pé leasuithe is cuí leis, nó

(b) an t-ordú a neamhniú.

Ordú siltin sealadach a theacht i bhfeidhm.

14. —(1) Mura ndéantar aon agóid faoi alt 13 den Acht seo i gcoinne orduithe shiltin shealadaigh, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm seacht lá tríochad i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh.

(2) Má déantar ordú siltin sealadach a dhaingniú gan leasú ar agóid a dhéanamh faoi alt 13 den Acht seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe.

(3) Má déantar ordú siltin sealadach a dhaingniú fara leasuithe ar agóid a dhéanamh faoi alt 13 den Acht seo, tiocfaidh an t-ordú arna leasú amhlaidh i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe.

Údarás sláintíochta do dhéanamh coda d'oibreacha siltin.

15. —(1) San alt seo ciallaíonn an focal “córas” córas silteán chun aon áitreabh ar leith a cheangal le séarach, le comhshilteán, le ceachair nó le dabhach morgthais.

(2) Más gá, do réir orduithe shiltin, córas a dhéanamh a bheas ag gabháil trí thalamh nach mbeidh a únaer ina únaer ar áitreabh ar leith lena mbaineann an t-ordú, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an méid den chóras a bheas laistigh den talamh sin.

(3) Más gá, do réir orduithe shiltin córas a dhéanamh d'aon áitribh ar leith amháin agus gur mó ná céad troigh faid iomlán na silteán sa chóras, déanfaidh an t-údarás sláintíochta féin gach cuid den chóras is sia ná céad troigh (arna thomhas fan an chórais) ón áitreabh sin.

(4) Más gá, do réir orduithe shiltin, córas a dhéanamh do dhá áitreabh ar leith nó níos mó agus gur sia ná céad troigh, arna iolrú faoi uimhir na n-áitreabh sin, faid iomlán na silteán sa chóras, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an chuid sin den chóras is comhfhaid (arna thomhas fan an chórais) leis an mbreis sin agus is gaire don tséarach, don chomhshilteán, don cheachair nó don dabhach morgthais lena mbeidh an córas i gceangal.

(5) Aon amhras, díospóid nó ceist a éireos i dtaobh na coda de chóras a bheas le déanamh ag údarás sláintíochta de bhun fo-ailt (4) den alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

(6) Chun aon tsilteán a dhéanamh is cuid d'oibreacha siltin faoin alt seo, beidh ag údarás sláintíochta na cumhachta a luaitear in alt 18 d'Acht 1878 amhail is dá mba shéarach an silteán agus, ar iad d'fheidhmiú aon chumhachta den tsórt sin, dlífid pé cúiteamh (más ann) d'íoc a dhlífidís d'íoc dá mba faoin alt sin a feidhmíodh an chumhacht.

Údarás sláintíochta do dhéanamh oibreacha siltin.

16. —(1) Más rud é—

(a) go sonróidh ordú siltin tréimhse chun iomlán na n-oibreacha siltin a chríochnú is gá dá réir, agus

(b) ar dhul in éag don tréimhse sin, nach mbeifear tar éis tosnú ar na hoibreacha siltin sin (seachas na hoibreacha a bheas le déanamh faoi alt 15 den Acht seo), nó, má tosnaíodh orthu, go mbeid gan críochnú,

féadfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, na hoibreacha siltin sin a dhéanamh nó a chríochnú (pé acu is iomchuí).

(2) Más rud é—

(a) go roinnfidh ordú siltin na hoibreacha siltin is gá dá réir i dhá gcuid nó céim nó níos mó, agus

(b) ar dhul in éag don tréimhse a bheas sonraithe san ordú chun a críochnuithe, nach mbeifear tar éis tosnú ar aon chéim nó cuid den tsórt sin (seachas aon oibreacha a bheas le déanamh faoi alt 15 den Acht seo) nó, má tosnaíodh uirthi, go mbeidh sí gan críochnú,

féadfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, iomlán na n-oibreacha siltin sin a dhéanamh nó a chríochnú (pé acu is iomchuí).

(3) Féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta, chun aon oibreacha siltin, is gá do réir orduithe shiltin arna dhéanamh ag an údarás, a dhéanamh nó a chríochnú faoin alt seo ar aon talamh, dul isteach ar an talamh sin agus gach ní a dhéanamh ann is gá go réasúnach chun na hoibreacha sin a dhéanamh nó a chríochnú.

(4) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta a bhac agus é ag feidhmiú go dleathach aon chumhachta a bheirtear le fo-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Costais déanta oibreacha siltin d'íoc le húdarás sláintíochta.

17. —(1) Mura mbainfidh ordú siltin ach le haon áitreabh ar leith amháin nó dhá áitreabh ar leith nó níos mó leis an aonúnaer, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, íocfaidh únaer an áitribh nó na n-áitreabh leis an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, méid aon chostas faoina ndeachadar ag déanamh iomlán na n-oibreacha siltin ba ghá do réir an orduithe nó ag déanamh aon choda dhíobh sin.

(2) Má bhaineann ordú siltin le dhá áitreabh ar leith nó níos mó nach leis an aon-únaer, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú aon chostais faoina ndeachadar ag déanamh iomlán na n-oibreacha siltin ba ghá do réir an orduithe nó ag déanamh aon choda dhíobh sin a chionroinnt idir únaerí na n-áitreabh agus beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcionroinnt:

(a) déanfaidh an t-údarás, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lae a dhéanfaid an chionroinnt, fógra ina thaobh sin a sheirbheáil ar gach únaer acu sin,

(b) féadfaidh aon únaer acu sin agóid a dhéanamh i gcoinne na cionroinnte trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de lá agus fiche tar éis an chionroinnt a dhéanamh agus is i scríbhinn a bheas an fógra agus luafar ann forais na hagóide sin,

(c) ar an bhfógra agóide sin a bheith tugtha agus tar éis don Aire an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás daingneoidh sé an chionroinnt nó déanfaidh sé cionroinnt nua,

(d) mura ndéantar aon agóid faoi mhír (b) den fho-alt seo i gcoinne na cionroinnte a bheas déanta ag an údarás nó má déantar, ar agóid faoin mír sin, an chionroinnt sin a dhaingniú, íocfaidh gach únaer acu sin leis an údarás an méid a cionroinneadh air leis an gcionroinnt sin,

(e) má déantar, ar agóid faoi mhír (b) den fho-alt seo i gcoinne na cionroinnte a bheas déanta ag an údarás, cionroinnt nua, íocfaidh gach únaer acu sin leis an údarás an méid a cionroinnfear air leis an gcionroinnt nua.

(3) Má bhíonn cuid de na hoibreacha siltin is gá do réir orduithe shiltin déanta, de bhuaidh fo-ailt (3) nó fo-ailt (4) d'alt 15 den Acht seo, ag an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, ní háireofar na costais faoina ndeachaigh an t-údarás ag déanamh na coda sin ar na costais a bheas le n-íoc leis an údarás nó le cionroinnt acu faoin alt seo.

(4) Aon amhras, díospóid nó ceist a éireos i dtaobh méid na gcostas a bheas le n-íoc le húdarás sláintíochta nó le cionroinnt acu faoin alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

(5) Aon tsuim is iníoctha le húdarás sláintíochta faoin alt seo—

(a) féadfaidh an t-údarás, gan dochar d'fheidhm ailt 255 d'Acht 1878, í d'aisgabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla, nó

(b) féadfaidh an t-údarás a dhearbhú gur costas feabhsúcháin phríobháidigh í faoi na hAchta, agus féadfar í d'aisgabháil dá réir sin.

Núiseanna i silteáin.

18. —(1) Má thagann i bhfios d'údarás sláintíochta nó má bhíonn amhras acu an córas siltin d'áitreabh nó áitribh ar leith nó aon chuid den chóras sin a bheith chomh lochtach nó chomh bréan nó ligthe chomh mór sin i bhfaillí go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, sé ina núis nó ina shiocair díobhala don tsláinte, beidh sé dleathach don údarás, tar éis fógra seacht lá a thabhairt i scríbhinn d'áititheoir an tailimh ina bhfuil an córas sin nó an chuid sin den chóras nó, i gcás éigeandála, gan fógra a thabhairt nó tar éis fógra níos giorra a thabhairt, a chur faoi ndear an córas sin nó an chuid sin den chóras d'oscailt agus a scrúdú agus chuige sin a chur faoi ndear aon oscailt agus tochailt a dhéanamh is gá a dhéanamh.

(2) Más rud é, ar scrúdú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo ar chóras siltin nó cuid den chóras siltin go bhfaighfear nach bhfuil sé lochtach ná bréan ná ligthe i bhfaillí, ansin, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, bhéarfaidh an t-údarás sláintíochta d'údaraigh an scrúdú go n-aisireofar an córas sin agus go ndúnfar nó go líonfar aon oscailt nó tochailt a rinneadh maidir leis an scrúdú agus go slánófar aon damáiste a rinneadh.

(3) Más rud é, ar scrúdú a dhéanamh, faoi fho-alt (1) den alt seo, ar chóras siltin nó cuid de chóras siltin, go bhfaighfear go bhfuil sé lochtach nó bréan nó ligthe i bhfaillí agus más gá aon oibreacha a dhéanamh chun deireadh nó cosc a chur le núis nó díobháil don tsláinte, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, is é an t-údarás sláintíochta d'údaraigh an scrúdú a dhéanfas na hoibreacha sin,

(b) féadfaidh an t-údarás sláintíochta sin costas na n-oibreacha sin (lena n-áirítear costas an scrúduithe) d'aisgabháil ó únaer an áitribh ar leith a siltear leis an gcóras sin nó, i gcás ina n-úsáidtear an córas sin nó cuid den chóras sin chun dhá áitreabh ar leith nó níos mó, nach leis an aon-únaer, a shiltean, ó únaerí faoi seach na n-áitreabh sin sa chionúireacht a cinnfear faoi mhír (c) den fho-alt seo,

(c) má húsáidtear an córas sin nó cuid den chóras sin chun dhá áitreabh ar leith nó níos mó, nach leis an aonúnaer, a shiltean, déanfaidh an t-údarás sláintíochta sin, nó, i gcás díospóide, déanfaidh an tAire, costas na n-oibreacha sin (lena n-áirítear costas an scrúduithe) a chionroinnt idir únaerí faoi seach na n-áitreabh sin agus bhéarfar aird chuí ar fhreagarthacht gach únaera acu faoi seach maidir leis an riocht lochtach nó bréan nó faillithe ina bhfuil an córas sin.

(4) Más rud é, ar scrúdú a dhéanamh, faoi fho-alt (1) den alt seo, ar chóras siltin nó cuid de chóras siltin, go bhfaighfear nach bhfuil sé lochtach ná bréan ná ligthe i bhfaillí ach go bhfeicfear don údarás sláintíochta d'údaraigh an scrúdú nach bhfuil siltean sásúil á dhéanamh ar áitreabh ar leith áirithe a siltear leis an gcóras sin nó leis an gcuid sin den chóras sin, féadfaidh an t-údarás sláintíochta sin fógra a sheirbheáil ar únaer an áitribh ar leith sin á rá go bhfuilid ar intinn ordú siltin sealadach a dhéanamh maidir leis an áitreabh sin.

(5) Más rud é, ar scrúdú a dhéanamh, faoi fho-alt (1) den alt seo, ar chóras siltin nó cuid de chóras siltin, go bhfaighfear go bhfuil sé lochtach nó bréan nó ligthe i bhfaillí agus go bhfeicfear don údarás sláintíochta d'údaraigh an scrúdú go dtarlódh, tar éis na hoibreacha a dhéanamh ba ghá chun núis nó díobháil don tsláinte a chosc, nach mbeadh siltean sásúil á dhéanamh fós ar áitreabh ar leith áirithe a siltear leis an gcóras sin nó leis an gcuid sin den chóras sin, féadfaidh an t-údarás sláintíochta sin fógra a sheirbheáil ar únaer an áitribh ar leith sin á rá go bhfuilid ar intinn ordú siltin sealadach a dhéanamh maidir leis an áitreabh sin.

(6) I gcás ina seirbheálfaidh údarás sláintíochta fógra faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo, déanfaid gach beart réasúnach chun cosc a chur le díobháil don tsláinte nó neamhchaothúlacht a theacht i rith na tréimhse sar a dtiocfaidh an t-ordú siltin sealadach i bhfeidhm dá mbeidh tagairt san ordú, ach ní bheidh d'oblagáid orthu fo-alt (2) ná mír (a) d'fho-alt (3) (pé acu é) den alt seo a chomhlíonadh mura dtarlaí ná go dtí go dtarlóidh—

(a) go mbeidh mí caite tar éis an fógra a sheirbheáil agus nach ndearnadh idir an dá linn an t-ordú a bhítheas ar intinn a dhéanamh, nó

(b) go ndéanfar an t-ordú a bhítheas ar intinn a dhéanamh ach go neamhneofar é de thoradh agóide, nó

(c) go bhforéileoidh únaer an áitribh ar leith sin go sainráiteach go ndéanfaí an comhlíonadh sin.

(7) Aon chostas faoina raghaidh údarás sláintíochta ag comhlíonadh foréilimh arna dhéanamh faoi mhír (c) d'fho-alt (6) den alt seo ag únaer aon áitribh, is tuigthe, má déantar ordú siltin maidir leis an áitreabh sin, gur cuid é de chostas déanta na n-oibreacha siltin is gá do réir an orduithe sin.

(8) Féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta, chun forála an ailt seo a chur i gcrích, dul isteach ar aon talamh agus gach ní a dhéanamh ann is gá go réasúnach chuige sin.

(9) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta a bhac agus é go dleathach ag feidhmiú aon chumhachta a bheirtear le fo-alt (8) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(10) Chun críocha an ailt seo, áireofar clóiséad, losán nó dóirteal mar chuid de chóras siltin an áitribh dá bhfónann sé.