|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Iostain Sclabhaithe.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghneitheach.) |
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Teaghais Bheaga a Thogaint. | |
[EN] |
Luach tithe a bhféadfar airleacain a thabhairt ina leith faoi Acht 1899. |
38. —(1) Ní tabharfar airleacain faoi alt 1 d'Acht 1899 chun únaeracht d'fháil ar thigh nó chun teach a thógáil más dóigh leis an údarás áitiúil gur mó nó go mba mhó ná an tsuim uasta luach an tí ar an margadh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an tsuim uasta chun críche fo-ailt (1) den alt seo a shocrú trí ordú, agus féadfaidh, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú den tsórt sin a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] |
Alt 9 (4) d'Acht 1899 a leasú. |
39. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 9 d'Acht 1899 trí na focail seo a leanas: “because of the default of persons, to whom advances have been made, to repay instalments of principal or interest on such advances” a chur in ionad na bhfocal “and not reimbursed by the receipts under this Act.” |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo, agus is tuigthe go raibh éifeacht aige, amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1942, agus ón lá sin amach. | |
[EN] |
An ráta úis ar airleacain faoi Acht 1899. |
40. —Is é ráta úis ar airleacain faoi alt 1 d'Acht 1899, i gcás aon airleacan a bhéarfar tar éis an tAcht seo a rith, ná ráta nach mó ná leath faoin gcéad sa bhliain de bhreis ar an ráta úis ar ar thóg an t-údarás áitiúil an t-airgead ar iasacht chun an t-airleacan a thabhairt. |