An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ginearalta.)

33 1947

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1947

CUID III.

Dleachta Stampa.

Na dleachta staropa ar thíolacadh agus ar aistriú talún d'athrú.

13. —(1) Na dleachta stampa is inéilithe ar thíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán faoin mírcheann “Conveyance or transfer on sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, is do réir dhá phunt agus deich scillinge in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt de mhéid nó de luach na comaoine a bheid, an 1ú lá de Nollaig, 1947, agus dá éis sin, in ionad na rátaí dob inéilithe díreach roimh an lá sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) i gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil tíolacadh nó aistriú faoi fhorála Acht Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, nó Acht na Sclábhaithe, 1883 go 1941, nó aon Acht ag leasú nó ag leathnú na nAcht sin, nó i gcás ina ndéanfaidh cumann a bheas cláraithe faoi Achta na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, tíolacadh nó aistriú, do réir scéime chun tithe a chur ar fáil dá chomhaltaí, chun comhalta nó chun an chomhalta sin agus céile an chomhalta;

(b) in aon chás eile—

(i) mura mó ná cúig chéad punt méid nó luach na comaoine agus má bhíonn ráiteas san ionstraim á dheimhniú ná fuil an eadarbheart a déantar léi ina cuid d'eadarbheart is mó ná sin ná ina cuid de shreath eadarbheart ar mó ná cúig chéad punt méid nó luach na comaoine ina leith nó comhiomlán méid nó luach na comaoine sin, nó

(ii) más mó ná cúig chéad punt méid nó luach na comaoine ach nach mó ná míle punt é agus má bhíonn ráiteas san ionstraim á dheimhniú ná fuil an eadarbheart a déantar léi ina cuid d'eadarbheart is mó ná sin ná ina cuid de shreath eadarbheart.

(3) I gcás den tsórt a luaitear i mír (b) (ii) d'fho-alt (2) den alt seo is mar seo a leanas a bheas an dleacht is inéilithe an 1ú lá de Nollaig, 1947, agus dá éis sin:—

I gcás méid nó luach comaoine an díolacháin a bheith—

£

£

Thar 500 gan bheith thar

550

..

£7

10s.

,,    550    ,,    ,,      ,,

600

..

£10

,,    600    ,,    ,,      ,,

650

..

£15

,,    650    ,,    ,,      ,,

700

..

£20

,,    700    ,,    ,,      ,,

750

..

£25

,,    750    ,,    ,,      ,,

800

..

£30

,,    800    ,,    ,,      ,,

850

..

£35

,,    850    ,,    ,,      ,,

900

..

£40

,,    900    ,,    ,,      ,,

950

..

£45

,,    950    ,,    ,,      ,,

 1,000

..

£50

(4) Beidh éifeacht ag na forála sin roimhe seo den alt seo i gcás (agus sa chás sin amháin) ina mbeidh san ionstraim ráiteas ón bpáirtí a mbeidh an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú chuige á dheimhniú gur duine sonraithe acu seo a leanas an duine a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteidil leasa thairbhiúil inti, gach duine faoi leith acu):—

(a) saoránach Éireannach,

(b) duine atá de thuras na huaire ina ghnáthchónaí sa Stát agus a bhí ina ghnáthchónaí sa Stát go leanúnach ar feadh na dtrí mblian díreach roimh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947,

(c) comhlucht corprach a corpraíodh sa Stát an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin,

(d) comhlucht corprach a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a lóisteáil le cláraitheoir na gcuideachtan, an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin, na doiciméidí agus na sonraí a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 274 den Companies (Consolidation) Act, 1908,

(e) duine atá go dleathach ag seoladh gnótha a thig laistigh d'fhorála aon mhíre d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht chun Déantúis a Rialú, 1934 (Uimh. 36 de 1934) , nó

(f) comhlucht corprach a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, i gcás níos mó ná leath (do réir luacha ainmniúil) na scaireanna de gach aicme a heisíodh a bheith ar únaeracht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (e) den fho-alt seo.

(5) In aon chás ina mbeidh, de bhuaidh fo-ailt (4) den alt seo, forála fo-alt (1), (2) agus (3) den alt seo gan éifeacht a bheith acu, is iad dleachta stampa is inéilithe, an 1ú lá de Nollaig, 1947, agus dá éis sin, ar thíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán faoin mírcheann “Conveyance or Transfer on sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, ná dleachta stampa do réir ráta (dá ngairmtear an ráta ard san alt seo) chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine in ionad na rátaí dob inéilithe díreach roimhe sin.

(6) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, bainfidh an t-alt seo le haon tíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán a oibreos mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, agus déanfar tagairt san alt seo do mhéid nó luach aon chomaoine a léiriú maidir le dleacht is inéilithe ar an tíolacadh nó ar an aistriú sin mar thagairt do luach na maoine.

(b) Ní bhainfidh an t-alt seo le tíolacadh ná aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán a oibreos mar diúscairt shaorálach inter vivos má bhíonn gaol i slí acu seo a leanas ag an duine a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, ag gach duine faoi leith acu) leis an duine nó le gach duine de na daoine a bhí díreach roimhe sin i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin, is é sin le rá, mar dhír-shliochtach, deartháir nó deirfiúr, nó mar dhír-shliochtach dearthár nó deirfíre, agus má bhíonn san ionstraim deimhniú sa chéill sin ón bpáirtí a mbeidh an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú chuige.

(7) (a) Bainfidh an fo-alt seo le gach tíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán, pé acu ar a ndíol é nó i gcás ina n-oibreoidh mar dhiúscairt shaorálach inter vivos mura rud é go mbeidh an duine a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin, nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, go mbeidh gach duine faoi leith acu in dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) den alt seo.

(b) Más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a fhorghníomhuithe, go mbeidh tíolacas nó aistriú lena mbaineann an fo-alt seo gan bheith stampálta nó gan bheith stampálta do réir an ráta aird, beidh suim is comhionann le dhá oiread na dleachta do réir an ráta aird ina fiach a bheas dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ar an duine a mbeidh an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú chuige leis sin, nó, i gcás níos mó ná duine amháin den tsórt sin a bheith ann, ar na daoine sin i gcomhpháirt agus go leithleach, agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh an tsuim sin inaisgabhála ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim más cuí leo, tráth ar bith tar éis céad-fhorghníomhuithe tíolacais nó aistrithe lena mbaineann an fo-alt seo, an tsuim is inaisgabhála faoi mhír (b) den fho-alt seo a mhaolú nó a mhaitheamh.

(8) (a) Má bheirtear fógra, i scríbhinn, roimh an 1ú lá de Nollaig 1947, do na Coimisinéirí Ioncaim gur comhlánaíodh conradh, roimh an 29ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, chun aon tailte, tionóntáin agus oidhreachtáin a dhíol agus más deimhin leis na Coimisinéirí go dtugann tíolacas nó aistriú a forghníomhófar an 1ú lá de Nollaig, 1947, nó dá éis sin, éifeacht don díol sin agus ná tugann sé éifeacht do dhíol ar comhlánaíodh conradh ina leith an 29ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó dá éis sin, ansin, d'ainneoin aon ní sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, is iad dleachta stampa is inéilithe ar an tíolacas nó an t-aistriú sin ná na dleachta stampa dob inéilithe dá mba rithfí an tAcht seo.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar an duine a bhéarfas an fógra pé sonraí a mheasfaid is gá a thabhairt dóibh laistigh de pé tréimhse a ordóid.

(c) Is tuigthe tíolacas nó aistriú ar a n-éileofar dleacht do réir míre (a) den fho-alt seo a bheith stampálta go cuí i gcás (agus sa chás sin amháin) ina mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a thabhairt ina thaobh do réir ailt 12 den Stamp Act, 1891, agus ina mbeidh stampa ar leith ar an ionstraim á chur in iúl go bhfuil sí stampálta go cuí.