|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Comhaontuithe maidir le Paigh agus Coinniollacha Fostaiochta.) |
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Al Chuirt Oibreachais. | |
[EN] |
An Chúirt Oibreachais a bhunú. |
10. —(1) Beidh comhlacht ann, dá ngairmfear an Chúirt Oibreachais, chun na feadhma a ceaptar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh an Chúirt comhdhéanta de chathaoirleach (dá ngairmtear an cathaoirleach san Acht seo) agus ceathrar gnáthchomhaltaí (dá ngairmtear na gnáthchomhaltaí san Acht seo) ar comhaltaí oibrithe beirt acu agus ar comhaltaí fostóirí beirt acu. | |
[EN] | (3) Is é an tAire a cheapfas an cathaoirleach agus beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí a chinnfeas an tAire agus é á cheapadh. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an tAire, maidir le gach duine is comhalta oibrithe, comheagras a bheas ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe a shonrú chun duine a ainmniú chun a cheaptha, agus, maidir le gach comhalta fostóirí, ceardchumann fostóirí a shonrú chun duine a ainmniú chun a cheaptha, agus ceapfaidh an tAire an duine a hainmneofar amhlaidh. | |
[EN] | (5) Más rud é, nuair a bheas ceapachán áirithe comhaltaí oibrithe (nó, i gcás corr-fholúntais, comhalta oibrithe) le déanamh— | |
[EN] | (a) go mbeidh níos mó aon chomheagras amháin ann a bheas ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe, agus | |
[EN] | (b) gur dóigh leis an Aire ná fuil sé inmhianuithe an ceapachán a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo, | |
[EN] | féadfaidh sé, le rialacháin, a dhearbhú gur faoin bhfo-alt seo a déanfar an ceapachán, in ionad é a dhéanamh faoin bhfo-alt sin (4), agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (i) iarrfaidh an tAire ar cheardchumainn oibrithe agus ar chomheagrais a bheas ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe daoine a ainmniú chun a gceaptha, agus | |
[EN] | (ii) déanfaidh sé an ceapachán as na daoine a hainmneofar amhlaidh. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le hoifig chathaoirligh na Cúirte ná le hoifig ghnáthchomhalta den Chúirt. | |
[EN] | (7) mura dtarlaí é a éag, nó a éirí as oifig nó a chur as oifig, beidh gnáthchomhalta i seilbh oifige— | |
[EN] | (a) más faoi fho-alt (4) den alt seo a ceapfar é, go ceann pé tréimhse, nach sia ná cúig bliana, a chinnfeas an tAire agus é á cheapadh, | |
[EN] | (b) más faoi fho-alt (5) den alt seo a ceapfar é, go ceann cúig bliana nó, má cúlghairmtear nó má cuirtear ar neamhbhrí roimhe sin na rialacháin ar dá mbuaidh a ceapadh é, go dtí go ndéanfar an chúlghairm nó an cur ar neamhbhrí sin. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an tAire gnáthchomhalta a chur as oifig ar chúiseanna a luafar ach, má bhíonn an comheagras a d'ainmnigh é ar marthain, ní féidir sin a dhéanamh gan toiliú an chomheagrais sin. | |
[EN] | (9) Íocfar leis an gcathaoirleach agus leis na gnáthchomhaltaí pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (10) Bhéarfaidh an cathaoirleach iomlán a chuid ama d'obair na Cúirte. | |
[EN] | (11) Ní bheidh gnáthchomhalta i seilbh oifige iontaobhaí, cisteora, rúnaí ná aon oifige eile i gceardchumann ná ní bheidh ina chomhalta d'aon choiste ceardchumainn ná ní bheidh i seilbh aon oifige ná fostaíochta a choimeádfadh é ó bheith ar fáil i gcónaí i gcóir oibre na Cúirte. | |
[EN] | (12) Ní ceapfar duine ina chathaoirleach ar an gCúirt ná ina chomhalta den Chúirt mura bhfuil gnáthchónaí air sa Stát. | |
[EN] |
Ranna na Cúirte. |
11. —Aon uair is dóigh leis an gcathaoirleach é a bheith fóirstineach, d'fhonn gnó na Cúirte a dhéanamh go tapaidh, go ngníomhódh an Chúirt ina ranna, féadfaidh sé ordachán a thabhairt dá réir sin agus, go dtí go gcúlghairmfidh sé a ordachán— |
[EN] | (a) beidh ranna sa Chúirt mar leanas— | |
[EN] | (i) céadroinn, a bheas comhdhéanta den chathaoirleach (agus is eisean a bheas ina chathaoirleach ar an roinn) agus de chomhalta oibrithe agus comhalta fostóirí arna roghnú ag an gcathaoirleach, agus | |
[EN] | (ii) dara roinn, a bheas comhdhéanta den leaschathaoirleach (agus is eisean a bheas ina chathaoirleach ar an roinn), den chomhalta oibrithe eile agus den chomhalta fostóirí eile; | |
[EN] | (b) is é an cathaoirleach a cheapfas do gach roinn an gnó a bheas le déanamh aici; | |
[EN] | (c) chun críche an ghnótha a ceapfar di amhlaidh, beidh ag gach roinn cumhachta uile na Cúirte agus beidh ag cathaoirleach na roinne cumhachta uile an chathaoirligh agus léireófar tagairtí san Acht seo don Chúirt agus don chathaoirleach mar thagairtí a fholaíos tagairtí do roinn agus do chathaoirleach roinne, faoi seach. | |
[EN] |
Leaschathaoirleach. |
12. —(1) Déanfaidh an tAire ionadaí don chathaoirleach a cheapadh a bheas i seilbh oifige ar pé téarmaí a chinnfeas an tAire agus é á cheapadh. |
[EN] | (2) Má bhíonn an cathaoirleach as láthair, gníomhóidh an leaschathaoirleach ina ionad agus léireofar tagairtí san Acht seo don chathaoirleach mar thagairtí a fholaíos tagairtí don leaschathaoirleach agus é ag gníomhú amhlaidh. | |
[EN] | (3) Ní ceapfar duine ar bith ina leas-chathaoirleach mura bhfuil gnáthchónaí air sa Stát. | |
[EN] | (4) Féadfar pé táillí a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an leas-chathaoirleach. | |
[EN] |
Cláraitheoir agus oifigigh agus seirbhísigh na Cúirte. |
13. —(1) (a) Déanfaidh an tAire abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach a mbeidh seasamh deich mbliana ar a laghad aige a cheapadh ina chláraitheoir don Chúirt. |
[EN] | (b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, is tuigthe gur cleachtadh mar abhcóide nó aturnae seirbhís i bpost sa Stát-Sheirbhís ná raibh incheaptha chuige ach abhcóidí agus aturnaethe. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt agus le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh don Chúirt a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú leis an gCúirt i gcomhlíonadh a feadhma. | |
[EN] | (3) Beidh cláraitheoir agus oifigigh agus seirbhísigh na Cúirte i seilbh oifige ar pé téarmaí, agus gheobhaid pé luach saothair, a chinnfeas an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Meisiúnaithe teicniúla. |
14. —(1) Féadfaidh an Chúirt meisiúnaithe teicniúla a cheapadh chun cabhrú léi in aon ní a bhainfeas le himeachta i láthair na Cúirte. |
[EN] | (2) Déanfar pé táillí a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le meisiúnaithe teicniúla. | |
[EN] |
Na háiteanna do shuíonna na Cúirte agus chun doiciméidí a lóisteáil. |
15. —(1) Is i mBaile Átha Cliath a bheas ceann-cheathrú na Cúirte, ach féadfaidh an Chúirt suí in áiteanna eile sa Stát. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Chúirt áiteanna oiriúnacha a shonrú ina bhféadfar doiciméidí don Chúirt a lóisteáil. | |
[EN] |
Oifigigh idirréitigh. |
16. —Féadfaidh an Chúirt oifigigh don Chúirt a cheapadh chun gníomhú mar Oifigigh Idir-Réitigh. |
[EN] |
Breatha na cúirte a bheith ina mbreatha críochnaitheacha. |
17. —Ní luífidh aon achomarc chun Cúirte dlí i gcoinne breithe na Cúirte ar aon ní faoina dlínse. |
[EN] |
Séala na Cúirte. |
18. —(1) Beidh séala oifigiúil ag an gCúirt a dtabharfar aird air i gcúrsaí breithiúnais. |
[EN] | (2) Déanfar séala na Cúirte, ar é a chur ar aon doiciméid, a dhílse-dheimhniú le síniú cathaoirligh nó cláraitheora na Cúirte nó le síniú duine a mbeidh údarás aige ón gCúirt é a dhílse-dheimhniú. | |
[EN] | (3) Gach doiciméid a airbheartós, ordú, dámhachtain nó breith eile ón gCúirt a chur in iúl agus a bheith séalaithe le séala na Cúirte arna dhílse-dheimhniú do réir an ailt seo, is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, é a bheith séalaithe amhlaidh go cuibhe agus go dleathach agus, ach amháin mar adúradh, glacfar i bhfianaise é mar ordú, dámhachtain nó breith den tsórt sin gan a thuilleadh cruthúnais agus, go háirithe, gan cruthúnas ar aon tsíniú a bheas ar an doiciméid sin chun críche an dílse-dheimhnithe sin agus gan cruthúnas ar oifig ná údarás an duine a n-airbheartóidh an síniú sin gurb é a shíniú é. | |
[EN] |
Cruthúnas ar orduithe ón gCúirt. |
19. —(1) Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), le gach ordú ón gCúirt. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , trí orduithe ón gCúirt a chur leis na doiciméidí oifigiúla a luaitear sa bhfo-alt sin, agus beidh éifeacht ag an alt sin 6 dá réir sin. | |
[EN] |
Nós imeachta na Cúirte. |
20. —(1) Faoi réir ailt 11 den Acht seo agus fo-ailt (2) den alt seo, is cúigear is córam do chruinniú nó suí den Chúirt. |
[EN] | (2) Féadfaidh an cathaoirleach a ordú, chun ní áirithe a bhreithniú, an Chúirt a bheith comhdhéanta den chathaoirleach agus beirt ghnáthchomhalta a roghnós sé, eadhon, comhalta oibrithe agus comhalta fostóirí, agus, má ordaíonn an cathaoirleach amhlaidh, ní ghníomhóidh aon chomhalta eile mar chomhalta den Chúirt i leith an ní sin. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) ina n-éireoidh aon cheist faoin Acht seo ag cruinniú nó suí den Chúirt, agus | |
[EN] | (b) nach féidir le comhaltaí na Cúirte comhaontú ar chinneadh na ceiste, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (i) má chomhaontaíonn an tromlach de na gnáthchomhaltaí ar chinneadh na ceiste, cinnfear an cheist dá réir sin, | |
[EN] | (ii) mura gcomhaontaí tromlach de na gnáthchomhaltaí, ach go gcomhaontóidh tromlach de na comhaltaí uile, cinnfear an cheist dá réir sin, | |
[EN] | (iii) in aon chás eile, cinnfear an cheist do réir tuairime an chathaoirligh. | |
[EN] | (4) Is é an cathaoirleach nó pé comhalta eile a údarós an cathaoirleach chuige sin a chraolfas breith na Cúirte, agus ní craolfar aon tuairim eile, ag aontú nó ag easaontú leis an mbreith sin, ná ní nochtfar tuairim ar bith eile den tsórt sin a bheith ann. | |
[EN] | (5) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh an Chúirt rialacha a dhéanamh chun a himeachta a rialú. | |
[EN] | (6) Féadfar socrú a dhéanamh le rialacha faoin alt seo do na cásanna ina bhféadfaidh daoine teacht i láthair na Cúirte trí chomhairleach nó aturnae agus, ach amháin mar a socrófar amhlaidh, ní bheidh duine ar bith i dteideal teacht i láthair na Cúirte trí chomhairleach nó aturnae. | |
[EN] | (7) Féadfar an Chúirt aon tsuí nó aon chuid de shuí a dhéanamh go príobháideach. | |
[EN] |
Cumhacht na Cúirte chun fínnéithe a thoghairm, etc. |
21. —(1) Féadfaidh an Chúirt, chun críocha aon imeacht ina láthair faoin Acht seo, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh— |
[EN] | (a) fínnéithe a thoghairm chun teacht in a láthair, | |
[EN] | (b) na fínnéithe a thiocfas ina láthair a scrúdú faoi mhionn (a n-údaraítear leis seo do chomhalta den Chúirt nó do chláraitheoir na Cúirte daoine a chur faoi), | |
[EN] | (c) a cheangal ar aon fhínné den tsórt sin aon doiciméid faoina chumhacht nó faoina urláimh a thaispeáint don Chúirt. | |
[EN] | (2) Beidh fínne i láthair na Cúirte i dteideal na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba fhínne i láthair na hArd-Chúirte é. | |
[EN] | (3) I gcás duine ar bith— | |
[EN] | (a) is duine a bheas arna thoghairm go cuibhe a láthair na Cúirte mar fhínne, dá fhaillí teacht i láthair, nó | |
[EN] | (b) is duine a bheas i láthair mar fhínné, do dhiúltú mionn a ghlacadh a cheanglós an Chúirt air go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméid faoina chumhacht nó faoina urláimh a thaispeáint a cheanglós an chúirt air go dlíthiúil a thaispeáint, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglós an Chúirt air go dlíthiúil a fhreagairt, | |
[EN] | bheidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] | (4) I gcás fínne a theacht i láthair na Cúirte de bhun toghairme faoin alt seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnúach leis, pé suim a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis i leith costas faoina ndeachaigh sé maidir lena theacht i láthair. | |
[EN] |
Toirmeasc ar eolas a nochtadh. |
22. —Ní dhéanfaidh an Chúirt aon eolas a bheas faighte aici, i gcúrsa aon imeacht ina láthair faoin Acht seo, i dtaobh aon cheardchumainn nó i dtaobh gnótha dhuine ar bith, is eolas ná beidh ar fáil ach amháin ó fhianaise a tugadh sna himeachta, a chur in aon tuarascáil gan toiliú an cheardchumainn nó na ndaoine a bheas i gceist, ná ní dhéanfaidh aon chomhalta den Chúirt ná cláraitheoir ná duine ar bith d'oifigigh nó de sheirbhísigh na Cúirte ná duine ar bith a mbeidh baint aige leis na himeachta aon eolas den tsórt sin a nochtadh gan an toiliú sin bheith aige. |
[EN] |
Tuarascála, etc., ón gCúirt. |
23. —(1) Déanfaidh an Chúirt, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, tuarascáil ghinearálta (dá ngairmtear tuarascáil bhliantúil san alt seo) a thabhairt don Rialtas ar a himeachta faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana sin. |
[EN] | (2) Cuirfidh an Chúirt i ngach tuarascáil bhliantúil aon nótaí is mian léi a dhéanamh ar threo gluaiseachta rátaí páighe. | |
[EN] | (3) Beidh sonraí i dtuarascáil bhliantúil ar gach comhchomhairle thionscail chláraithe maraon le hainm rúnaí na comhairle agus seoladh a príomh-oifige. | |
[EN] | (4) Leagfar cóip de gach tuarascáil bhliantúil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (5) Bhéarfaidh an Chúirt don Aire, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, cóip de gach ordú, moladh agus dámhachtain a dhéanfas an Chúirt faoin Acht seo. | |
[EN] |
E a bheith de dhualgas ar an gCúirt, nithe áirithe, maidir le coinníollacha fostaíochta, a chuirfeas an tAire faoina bráid a bhreithniú. |
24. —Breithneoidh an Chúirt aon ní a chuirfeas an tAire faoina bráid i dtaobh na gcoinníollacha fostaíochta atá ar gnáthchleachtadh maidir le hoibrithe d'aon aicme agus lena bhfostóirí agus bhéarfaidh tuarascáil ar an ní sin don Aire maraon le pé molta (más ann) is cuibhe léi, agus breithneoidh an tAire aon tuarascáil agus moladh a bhéarfar dó amhlaidh. |