An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Conartha agus Tairiscinti.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Udarais Chuain.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

CUID X.

Ilghneitheach.

Udarais chuain a bheith ina gcomhluchta corpraithe.

144. —Beidh údarás cuain ina gcomhlucht corpraithe faoin ainm a tugtar orthu sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus beidh síor-chomharbas acu agus comhshéala (ar a dtabharfar aird i gcúrsaí breithiúnais) agus beidh an dlí intsaothruithe acu agus orthu faoin ainm sin agus féadfaid talamh a shealbhú agus a dhiúscairt.

Marthanacht údaráis chuain a bhuanú.

145. —Ní dhéanfaidh rith an Achta seo ná an t-athrú ar a gcomhaltas de bhun an Achta seo difir do mharthanacht údaráis chuain, agus dá réir sin ní dhéanfaidh rith an Achta seo ná an t-athrú sin ar a gcomhaltas difir do na nithe seo a leanas, ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht seo:

(a) maoin agus sócmhainní an údaráis chuain,

(b) fiacha agus dliteanais an údaráis chuain,

(c) morgáistí, bintiúirí, stoc agus urrúis eile d'eisigh an t-údarás cuain,

(d) conartha agus comhaontuithe a rinne an t-údarás cuain,

(e) imeachta dlí ar páirtithe iontu an t-údarás cuain,

(f) oifigigh agus seirbhísigh an údaráis chuain,

(g) seasamh an údaráis chuain mar údarás píolóiteachta.

An Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú le hordú.

146. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú—

(a) trí aon chomhlucht ag á mbeidh urlámhas ar phort nó piara a chur leis na húdaráis chuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal sin agus breisithe iomchuí ina leith sin a dhéanamh sa dara colún agus (más oiriúnach leis) sa tríú colún den Chuid sin II, nó

(b) trí aon údarás cuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal sin a chur leo sin atá luaite sa chéad cholún de Chuid I den Sceideal sin agus na breisithe iomchuí ina leith sin a dhéanamh sa dara colún agus (más gá) sa tríú colún den Chuid sin I, agus scriosadh iarmartach mar is iomchuí a dhéanamh i gCuid II den Sceideal sin, nó

(c) i gcás údaráis chuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid I nó Cuid II den Sceideal sin agus a bhfuil comhlachas tráchtála luaite ina leith sa tríú colún den Chuid sin os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholúin sin, trí lua an chomhlachais tráchtála a scrios agus, más cuí leis é, comhlachas tráchtála eile a lua ina ionad, nó

(d) i gcás údaráis chuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid I nó Cuid II den Sceideal sin agus ná fuil comhlachas tráchtála luaite ina leith sa tríú colún den Chuid sin os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholún sin, trí chomhlachas tráchtála a lua sa tríú colún sin os coinne lua sin an údaráis chuain, nó

(e) i gcás údaráis chuain atá luaite sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal sin, trí lua údaráis áitiúil a scrios sa dara colún den Sceideal sin os coinne lua an údaráis chuain sa chéad cholún sin agus údarás áitiúil eile a lua ina ionad.

(2) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha (lena n-áirítear forála ag modhnú an Achta seo nó aon achtacháin eile) is cuí leis an Aire a bheith in ordú faoin alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag ordú faoin alt seo do réir a théarmaí agus léireofar an tAcht seo (lena n-áirítear an t-alt seo) agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú sin arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Príomh-Oifig.

147. —Déanfaidh údarás cuain príomh-oifig a choimeád ag a gcuan nó laistigh de thrí mhíle uaidh.

Cur i gcoinne billí príobháideacha.

148. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, cur i gcoinne aon bhille phríobháidigh san Oireachtas.

Arachas.

149. —Féadfaidh údarás cuain árachasú i gcoinne gach fiontair is gnáth-thoisc árachais (lena n-áirítear fiontair i leith earraí nach únaerí orthu iad ach atá faoina n-urlámhas).

Leabhair, etc., a bheith ar fáil chun a scrúduithe.

150. —Déanfaidh údarás cuain a leabhair, a mbreacacháin agus a ndoiciméidí a choimeád ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúduithe, in aisce, ag aon chomhalta den údarás cuain.

Scéimeanna aoisliúntais.

151. —(1) Déanfaidh údarás cuain a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, laistigh de dhá bhliain tar éis an tAcht seo a rith, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais nó liúntais eile den tsórt sin (lena n-áirítear aiscí) a íoc le hoifigigh agus foireann bhunaithe an údaráis chuain nó ina leith.

(2) Faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh údarás cuain, in ionad scéime aoisliúntais amháin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, a n-oifigigh agus a bhfoireann bhunaithe a roinnt ina n-earnála éagsúla (a míneofar i pé slí agus faoi threoir pé nithe is cuí leis an údarás cuain) agus scéim ar leithligh i leith gach earnála den tsórt sin a ullmhú agus a chur faoina bhráid.

(3) Féadfaidh údarás cuain a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, más cuí leo é, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais freisin san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun ciste aoisliúntais a bhunú ar mhaithe le hoifigigh agus foireann bhunaithe an údaráis chuain, nó le haon earnáil (a míneofar i pé slí agus faoi threoir pé nithe is cuí leis an údarás cuain) de na hoifigigh agus den fhoireann bhunaithe sin.

(4) Nuair a dhéanfas údarás cuain scéim aoisliúntais a chur faoi bhráid an Aire faoin alt seo, féadfaidh an tAire an scéim a chur thar n-ais go dtí an t-údarás cuain chun í a athbhreithniú agus a chur faoina bhráid athuair nó féadfaidh, le hordú, an scéim a dhaingniú gan modhnú nó fara pé modhnuithe (trí bhreisiú, fágaint-ar-lár nó athrú) is cuí leis an Aire.

(5) Féadfaidh údarás cuain, aon uair is cuí leo, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais leasúcháin san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag leasú (trí bhreisiú, fágaint-arlár nó athrú) scéime aoisliúntais a bheas daingnithe ag an Aire nó ag leasú (trí bhreisiú, fágaint-ar-lár nó athrú) nó ag cúlghairm scéime aoisliúntais leasúcháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forála fo-ailt (4) den alt seo maidir le gach scéim aoisliúntais leasúcháin.

(6) Sar a ndéanfaidh an tAire aon scéim aoisliúntais nó aon scéim aoisliúntais leasúcháin a dhaingniú, breithneoidh sé gach cúis-aithris maidir léi a cuirfear chuige i scríbhinn ó pháirtithe a bhfeicfear dó leas a bheith acu inti.

(7) Ní cheadóidh an tAire aon scéim aoisliúntais ná aon scéim aoisliúntais leasúcháin a chuirfeas údarás cuain atá luaite i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo faoina bhráid mura deimhin leis staid airgeadais an údaráis chuain a bheith ar dhóigh a bhéarfadh go bhféadfaí an scéim a oibriú.

(8) Ní thiocfaidh aon scéim aoisliúntais ná aon scéim aoisliúntais leasúcháin i ngníomh mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar í a dhaingniú le hordú ón Aire, ach, ar í a dhaingniú amhlaidh, tiocfaidh sí i ngníomh ar an dáta a luafar chuige sin san ordú ón Aire á daingniú agus beidh aici (gan dochar d'fho-alt 9, i gcás ina mbaineann, den alt seo), amhail ar an dáta sin agus uaidh sin amach, éifeacht dlí sa bhfoirm inar daingníodh í.

(9) Beidh i scéim aoisliúntais forála faoina bhféadfaidh aon oifigeach nó comhalta d'fhoirinn bhunaithe an údaráis chuain iomchuí a mbainfeadh an scéim leis, mura mbeadh an fo-alt seo, agus a bhí i seirbhís an údaráis chuain díreach roimh an scéim a theacht i ngníomh, glacadh, laistigh de thréimhse shonraithe, le forála na scéime agus, mura nglaca agus go dtí go nglacfaidh sé leo amhlaidh, ní bhainfidh an scéim leis agus coimeádfaidh sé (pé acu thar a cheann féin é nó, nuair is cuí sin, thar a cheann féin agus thar ceann a bhaintrí (i gcás é d'fháil bháis), a leanaí nó daoine eile dá theaghlach) sochar na bhforál sin uile maidir le haoisliúntais agus liúntais eile den tsórt sin (lena n-áirítear aiscí) a raibh feidhm acu maidir leis díreach roimh an scéim a theacht i ngníomh.

(10) Má bhíonn scéim aoisliúntais i bhfeidhm, ní dhéanfaidh an t-údarás cuain iomchuí aoisliúntas ná liúntas eile den tsórt sin (lena n-áirítear aisce) a dheonadh do dhuine ná i leith duine lena mbaineann an scéim, ach amháin faoin scéim.

(11) Más rud é—

(a) go mbeidh liúntas nó aisce iníoctha ag údarás cuain (dá ngairmtear an t-údarás íocach san alt seo) le duine ar bith faoi scéim aoisliúntais i leith é do scor de bheith i seilbh oifige fúthu, agus

(b) nuair a bheas a sheirbhís ar dháta an scortha sin á ríomh, go ndéanfar, do réir na scéime sin, aon tseirbhís faoi údarás cuain eile (dá ngairmtear an t-údarás ranníocach san alt seo) a chomhshuimiú agus a áireamh, agus

(c) tráth ar bith le linn dó bheith i seirbhís an údaráis ranníocaigh go raibh i bhfeidhm maidir leis an údarás ranníocach scéim aoisliúntais a bhain leis an duine sin,

ansin, aisíocfaidh an t-údarás ranníocach leis an údarás íocach cuid den liúntas nó den aisce arna ríomh sa tslí ordaithe.

Muirir i leith duga grábhála a úsáid.

152. —(1) Féadfaidh údarás cuain muirir a ghearradh do réir pé scála muirear a shocróid ó am go ham, le toiliú an Aire, i leith úsáide duga ghrábhála a bheas curtha ar fáil acu.

(2) Má bhí údarás cuain, díreach roimh an Acht seo a rith, ag gearradh muirear do réir scála muirear a bhí socair acu i leith úsáide duga ghrábhála, is tuigthe, chun críocha fo-ailt (1) de alt seo, an scála muirear sin a bheith arna shocrú go cuí faoin bhfo-alt sin.

Ceanglais maidir le dreidireacht.

153. —Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar údarás cuain—

(a) tograí a chur faoina bhráid le haghaidh dreidireachta (acu féin nó ag duine sonraithe, do réir mar ordós an tAire) a gcuain nó na mbealach chuige,

(b) dreidireacht a dhéanamh ar a gcuan nó na bealaí chuige ar chuma shonraithe (acu féin nó ag duine sonraithe, do réir mar ordós an tAire),

agus beidh de dhualgas ar údarás cuain gach ceanglas faoin alt seo a bhainfeas leo a chomhlíonadh.

Saoráidí d'aerárthaí.

154. —Féadfaidh údarás cuain saoráidí a chur ar fáil d'aerárthaí a bheas ag úsáid a gcuain agus féadfaid pé muirir a shocróid ó am go ham le toiliú an Aire a ghearradh i leith na saoráidí sin.

Aerodróma.

155. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, pé comhaontuithe is fóirstineach leo i dtaobh úsáide a gcuain nó aon choda dhe mar aerodróm a dhéanamh le haon duine nó daoine agus a chomhlíonadh.

Oifigeach nó seirbhíseach a bheas ag gníomhú le húdarás an mháistir chuain, etc.

156. —I gcás ina ndéantar leis an Acht seo aon chumhacht nó dualgas a bhronnadh nó a chur ar an máistir cuain nó ar an mbailitheoir rátaí do chuan, féadfaidh aon oifigeach nó seirbhíseach don údarás cuain a bheas údaraithe chuige sin ag an máistir cuain nó an bailitheoir rátaí (do réir mar bheas) an chumhacht nó an dualgas sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, agus aon uair a déanfar aon chumhacht nó dualgas den tsórt sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an máistir cuain, an bailitheoir rátaí, nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile a bheas ag feidhmiú nó ag comhlíonadh an chumhachta nó an dualgais gníomhú ina aonar nó féadfaidh pé cúntóirí is cuí leis a bheith ina theannta.

Léasú ag údarás cuain.

157. —(1) Féadfaidh údarás cuain aon tailte nó áitribh dá gcuid a léasú go ceann aon tréimhse nach sia ná dhá chéad bliain, ach ní déanfar aon léas den tsórt sin i leith tréimhse is sia ná deich mbliana gan toiliú an Aire.

(2) Aon léas a dhéanfas údarás cuain faoin alt seo forálfaidh sé, gan dochar d'aon fhorála eile a bheith sa léas sin—

(a) más rud é go mbeidh an talamh nó an t-áitreabh lena mbainfidh an léas ag teastáil tráth ar bith ón údarás cuain chun a gcuan a fheabhsú, go mbeidh teideal acu, ar iad d'íoc pé cúitimh a socrófar, cheal comhaontuithe, ag eadránaí, chun seilbh a fháil ar an gcéanna amhail is dá mbeadh téarma an léasa caite,

(b) más rud é tráth ar bith gur deimhin leis an údarás cuain ná fuil na tailte nó na háitribh lena mbainfidh an léas á gcur chun úsáide bona fide éigin, go mbeidh teideal acu chun seilbh a fháil ar na tailte agus na háitribh sin amhail is dá mbeadh téarma an léasa caite.

Talamh nó áitreabh a thógaint trí chomhaontú.

158. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, aon talamh nó áitreabh a thógaint (go buan nó go sealadach) trí chomhaontú.

Talamh nó áitreabh barrachais a dhíol.

159. —Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, aon talamh nó áitreabh dá gcuid a dhíol ná beidh ag teastáil uathu chun críocha a gcuain.

Eolas a thabhairt don Aire.

160. —Féadfaidh an tAire tráth ar bith a cheangal ar údarás cuain eolas a thabhairt dó i pé foirm a ordós sé maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas agus beidh de dhualgas ar an údarás cuain an ceanglas sin a chomhlíonadh:

(a) uimhir agus tonnáiste iomlán na n-árthach, go ginearálta nó d'aon aicme shonrach, a ghabh longbheart i gcuan an údaráis chuain nó d'úsáid an cuan sin ar shlí eile ar feadh aon tréimhse sonraithe,

(b) cineál agus méid an lasta a loingsíodh, a lódáladh nó a tógadh ar na hárthaí sin nó a tógadh isteach iontu;

(c) cineál agus méid an lasta a díloingsíodh nó a tarloingsíodh as na hárthaí sin;

(d) na rátaí a ghearr an t-údarás cuain i leith na n-árthach sin agus an lasta sin faoi seach;

(e) ioncam agus caiteachas an údaráis chuain ar feadh aon tréimhse sonraithe;

(f) sócmhainní agus dliteanais (más ann) an údaráis chuain aon tráth sonraithe;

(g) ní ar bith a bhainfeas nó a ghabhfas le haon ní atá luaite in aon mhír acu sin roimhe seo den alt seo.

Oibreacha comhair.

161. —(1) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, comhaontú le duine nó le daoine a dhéanamh agus a chomhlíonadh á ghabháil orthu féin i gcomhar leis an duine nó na daoine sin aon ní a dhéanamh maidir le cuan an údaráis chuain a mbeidh údaraithe de thuras na huaire le dlí don údarás cuain é a dhéanamh.

(2) Féadfaidh údarás cuain pé cionúireacht a íoc, de chostas éinní a bheas gafa de láimh acu i gcomhar le duine nó daoine de bhun comhaontuithe faoin alt seo, a bheas sonraithe sa chomhaontú.

(3) An chionúireacht is iníoctha ag údarás cuain de na costais is inmhuirir ar chuntas ioncaim aon chomhchoiste nó aon chomhluchta dá shamhail a bheas bunaithe de bhun comhaontuithe faoin alt seo, íocfaidh an t-údarás cuain í mar chuid dá gcostais oibrithe agus bunaíochta.

Tailte míntíreachais áirithe a theacht chun tairbhe an Stáit.

162. —Má dhéanann údarás cuain cuid ar bith is leis an Stát de ghrinneall nó de thráigh cuain nó farraige a mhíntíriú, tiocfaidh an chuid a míntíreofar amhlaidh chun tairbhe an Stáit.

Cáblaí píopaí, agus sreanga faoi uiscí taoide nó os a gcionn.

163. —Aon chábla, píopa nó sreang a leagfas údarás cuain nó a chuirfid síos faoi aon uisce taoide nó trasna aon uisce taoide, leagfar nó cuirfear síos é chomh doimhin sin faoin uisce taoide nó chomh hard sin os a chionn ná bacfaidh sé ná ná cuirfidh sé isteach ar loingseoireacht.

Fiosrúcháin áitiúla.

164. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith a ordú fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl i dtaobh aon ní acu seo a leanas:

(a) comhlíonadh a gcumhacht, a bhfeadhma agus a ndualgas ag údarás cuain;

(b) airgeadas údaráis chuain;

(c) staid chuain údaráis chuain;

(d) na rátaí atá á n-éileamh ag údarás cuain;

(e) an chóiríocht agus na saoráidí atá curtha ar fáil ag údarás cuain;

(f) aon ghearán i dtaobh oibriú aon fho-dhlí de chuid údaráis chuain;

(g) aon ghearán i dtaobh iompair oifigigh nó seirbhísigh d'údarás cuain;

(h) aon ní dá n-údaráítear don Aire le haon alt eile den Acht seo fiosrúchán áitiúil a ordú ina leith;

(i) aon ní eile a bhainfeas le húdarás cuain agus ar dóigh leis an Aire gur ceart fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl maidir leis.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le fiosrúchán áitiúil a cuirfear ar siúl faoin Acht seo:

(a) déanfaidh pé duine a cheapfas an tAire an fiosrúchán a chur ar siúl pé tráth a cheapfas an tAire;

(b) déanfaidh an t-údarás cuain lena mbainfidh an fiosrúchán fógra i dtaobh an fhiosrúcháin a bheith á chur ar siúl a thabhairt, i pé slí a ordós an tAire, don phobal agus do pé daoine áirithe a shonrós an tAire;

(c) féadfaidh an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin, más cuí leis é, an pobal a eisiamh ón bhfiosrúchán, ach beidh gach duine, ar dóigh leis an té a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin leas a bheith aige in abhar an fhiosrúcháin, i dteideal bheith i láthair ag an bhfiosrúchán agus éisteacht a fháil ann;

(d) beidh ag an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin na cumhachta, na cearta agus na príbhléidí uile, atá dílsithe san Ard-Chúirt nó i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le haicsean a thriail, chun a thabhairt ar fhinnéithe teacht i láthair agus chun iad a scrúdú faoi mhionn (a n-údaraítear don duine sin leis seo daoine a chur faoi) nó ar shlí eile, agus chun a thabhairt go ndéanfaí doiciméidí a thaispeáint, agus beidh toghairm (a féadfar a sheirbheáil go pearsanta nó tríd an bpost) arna síniú ag an duine sin comhionann agus ar aon-éifeacht le próis fhoirmiúil arna heisiúint ag an Ard-Chúirt chun a thabhairt ar fhinnéithe teacht i láthair agus chun a thabhairt go ndéanfaí doiciméidí a thaispeáint;

(e) i gcás duine ar bith—

(i) dá fhaillí teacht i láthair ar é a thoghairm go cuí mar fhinné chun an fhiosrúcháin áitiúil, nó

(ii) ar bheith i láthair dhó mar fhinné ag an bhfiosrúchán, do dhiúltú mionn a thabhairt a cheanglós an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin air do réir dlí a thabhairt, nó aon doiciméid a thaispeáint a cheanglós an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin air do réir dlí a thaispeáint, nó aon cheist a fhreagairt a bhféadfaidh an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin a cheangal air do réir dlí í a fhreagairt, nó

(iii) do dhéanamh aon ní eile ba dhísbeagadh cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais an duine a bhí ag déanamh an fhiosrúcháin agus cumhacht aige chun daoine a chimiú mar gheall ar dhísbeagadh cúirte, féadfaidh an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin cion an duine sin a dheimhniú faoina láimh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is cuí léi, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionosú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin a dhísbeagadh;

(f) beidh teideal ag finné i láthair an fhiosrúcháin chun na saoirsí agus na príbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné i láthair na hArd-Chúirte é;

(g) gach costas faoina raghaidh an tAire chun an fiosrúchán a dhéanamh beid le n-íoc leis an Aire ag pé duine nó daoine, agus, i gcás níos mó ná duine amháin den tsórt sin a bheith ann, i pé cionúireachta, a ordós an tAire, agus is é an tAire a shocrós méid na gcostas sin agus ar iad a shocrú amhlaidh beid inaisghabhála ag an Aire dá réir sin mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla;

(h) na costais faoina raghaidh údarás cuain chun a chur faoi ndear fógra i dtaobh an fhiosrúcháin a thabhairt de bhun an ailt seo, beid le n-íoc ag pé duine a ordós an tAire agus (murab é an duine sin an t-údarás cuain sin) beid inaisghabhála ag an údarás cuain sin ón duine sin mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla;

(i) féadfaidh an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin, más cuí leis é, a ordú go mbeidh na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh duine ar bith (lena n-áirítear údarás cuain), trí theacht i láthair nó trí ionadaíocht a bheith aige agus fianaise a thabhairt ar aird ag an bhfiosrúchán, le n-íoc ag duine ar bith eile a bhí i láthair nó a raibh ionadaíocht aige ag an bhfiosrúchán;

(j) aon uair a ordós an duine a bheas ag déanamh an fhiosrúcháin go mbeidh na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh aon duine áirithe le n-íoc ag duine eile, déanfaidh máistir measaireachta ón Ard-Chúirt na costais agus na caiteachais sin a fhómhas agus a fhionnadh ar iarratas ón duine ar hordaíodh amhlaidh na costais agus na caiteachais sin a bheith le n-íoc leis nó ón duine ar hordaíodh amhlaidh iad a bheith le n-íoc aige, agus beidh méid na gcostas agus na gcaiteachas sin, ar iad a fhómhas agus a fhionnadh amhlaidh, inaisghabhála mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla ag an duine ar hordaíodh amhlaidh na costais agus na caiteachais sin bheith le n-íoc leis agus ón duine ar hordaíodh amhlaidh iad a bheith le n-íoc aige.

(3) Má fhaillíonn údarás cuain fógra a thabhairt a bheas ordaithe dhóibh ag an Aire a thabhairt faoin alt seo, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon imeachta eile i gcoinne an údaráis chuain, an fógra a thabhairt é féin, agus is ar an údarás cuain a bheas íoc na gcostas uile faoina raghaidh sé á dhéanamh sin agus beidh na costais sin inaisghabhála ag an Aire ón údarás cuain mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Costais taistil chomhaltaí údaráis chuain.

165. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, íocfaidh údarás cuain na costais taistil faoina raghaidh gach duine dá gcomhaltaí ag taisteal go dtí cruinnithe an údaráis chuain agus cruinnithe aon choiste arna cheapadh ag an údarás cuain agus ó na cruinnithe sin.

(2) Ní híocfar costais taistil faoin alt seo le duine i leith cruinnithe a comórfar in áit a bheas faoi bhun cúig mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil.

(3) Ní ghabhfaidh an méid costais taistil a híocfar faoin alt seo le duine i leith aon chruinnithe áirithe thar an méid faoina raghadh an duine sin do réir réasúin ag taisteal óna áit chónaithe oifigiúil go dtí áit an chruinnithe agus ó áit an chruinnithe go dtí a áit chónaithe oifigiúil.

(4) Déanfaidh comhalta d'údarás cuain, díreach tar éis comhalta den tsórt sin a dhéanamh dhe, seoladh na háite a mbíonn gnáthchónaí air a chur in iúl i scríbhinn don údarás cuain agus is tuigthe gurb é an áit sin a áit chónaithe oifigiúil chun críocha an ailt seo.

(5) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon chruinniú d'údarás cuain a comórfar roimh an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar faoi alt 6 den Acht seo maidir leis an údarás cuain sin.

Cóir iompair a chur ar fáil in aisce.

166. —Féadfaidh údarás cuain cóir iompair a chur ar fáil in aisce dá n-oifigigh agus dá seirbhísigh nuair a bheas na hoifigigh agus na seirbhísigh sin ag taisteal go dtí áiteanna agus ó áiteanna ina mbeidh a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Iocaíochta chun fáiltiú roimh dhaoine áirithe, etc.

167. —(1) Féadfaidh údarás cuain, mar chuid dá gcostais oibrithe agus bunaíochta, íocaíochta réasúnacha a dhéanamh le haghaidh nó i leith—

(a) fáilte agus aíocht a fhearadh le comhaltaí, stiúrthóirí nó oifigigh d'údaráis phoirt nó chuain eile nó d'aon údarás nó comhlucht poiblí nó d'aon chuideachta a bhfuil leasa gairme nó gnótha acu cosúil le leasa an údaráis chuain nó a bhfuil an t-údarás cuain i gcaidreamh gairme nó gnótha leo nó ag beartú bheith i gcaidreamh gairme nó gnótha leo, agus

(b) cuairteanna ag an údarás cuain nó thar a gceann, mar chórtas oifigiúil, ar aon údarás, comhlucht nó cuideachta den tsórt adúradh,

lena n-áirítear íocaíochta i leith costas taistil agus costas eile faoina ndeachaigh aon chomhalta nó-oifigeach don údarás cuain, nó faoina ndeachthas thar a cheann, go réasúnach maidir le haon ní de na nithe adúradh.

(2) Ní ghabhfaidh an tsuim iomlán a íocfas údarás cuain faoin alt seo in aon tréimhse thar an suim a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire maidir leis an údarás cuain i leith na tréimhse sin.

Toirmisc nó srianta áirithe i gconartha tionóntachta a bheith gan bhrí.

168. —(1) I gcás é a bheith airbheartaithe le conradh tionóntachta nó faoi chonradh tionóntachta, arna dhéanamh roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, i leith aon tailte nó áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, toirmeasc nó srian a chur in aon tslí le seoladh aon ghnótha loingseoireachta, nó aon ghnótha nó trádála eile a ghabhas le húsáid poirt, ar na tailte nó sna háitribh sin beidh an toirmeasc nó an srian sin gan bhrí gan éifeacht.

(2) Ní bhaineann an t-alt seo le haon áit chónaithe phríobháideach ná le haon talamh ná áitreabh is leis an Stát nó le húdarás cuain ach, lasmuigh den mhéid adúradh, baineann sé le gach talamh agus áitreabh atá suite laistigh de cheathrú míle ó theoranta cuain.

An Chúirt Chuarda do thabhairt léasanna.

169. —(1) Duine (dá ngairmtear “an t-iarratasóir” san alt seo) ar mian leis léas a fháil ar aon tailte nó áitribh lena mbaineann an t-alt seo chun aon ghnó loingseoireachta nó aon ghnó nó trádáil eile a sheoladh a ghabhas le húsáid poirt féadfaidh sé léas faoin alt seo ar na tailte nó na háitribh sin a iarraidh ar an gCúirt Chuarda (dá ngairmtear an Chúirt san alt seo).

(2) Má déantar iarratas chun na Cúirte faoin alt seo, déanfaidh an Chúirt deimhin de, sara raghaidh chun cinn le héisteacht an iarratais, go bhfuil na páirtithe iomchuí uile tar éis fógra a fháil i dtaobh an iarratais, agus chuige sin féadfaidh an Chúirt a ordú pé fiosruithe a dhéanamh agus pé fógraí a sheirbheáil is cuí léi agus, go sonrach, féadfaidh a ordú aon fhógra den tsórt sin a sheirbheáil trí fhógrán.

(3) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo a éisteacht, gur deimhin leis an gCuirt, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, é a bheith réasúnach agus cuí léas a dhéanamh faoin alt seo chun an iarratasóra ar an iomlán nó ar aon chuid de na tailte nó na háitribh lena mbaineann an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt a ordú an léas sin a dhéanamh dá réir sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le léas a déanfar faoin alt seo:

(a) déanfar an léas go ceann pé téarma, nach sia ná tríocha blian, a ordós an Chúirt, a thosnós ar pé dáta a shocrós an Chúirt;

(b) déanfaidh an léas pé cíos nó cíosa a ordós an Chúirt a fhorcoimeád do pé daoine a ordós an Chúirt;

(c) má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, déarfar sa léas gur léas agus gur sreath de léasanna frithdhílse é;

(d) beidh sa léas pé cúnanta agus coinníollacha a ordós an Chúirt;

(e) is iad pé daoine a ordós an Chúirt a bheas ina bpáirtithe sa léas;

(f) déanfaidh an Chúirt dréacht an léasa a shocrú agus a cheadú.

(5) Má tharlann do dhuine a n-ordóidh an Chúirt dó bheith ina pháirtí i léas faoin alt seo go mbeidh sé, toisc gur iontaobhaí é nó ionadaí pearsanta nó duine eile i gcáil mhuiníneach nó toisc gur mionaoiseach é nó toisc gan ach eastát lena shaol nó eastát sainoidhrithe nó eastát teoranta eile a bheith aige nó toisc cúnanta sriantacha a bheith sa léas faoina bhfuil seilbh aige, éagumasach do réir dlí chun bheith ina pháirtí sa léas faoin alt seo chun na gcríocha d'ordaigh an Chúirt, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a chumasú don duine sin bheith ina pháirtí sa léas sin chun na gcríocha sin agus an léas sin a fhorghníomhú dá réir sin.

(6) Más rud é gur mionaoiseach nó duine mímheabhrach duine a n-ordóidh an Chúirt dó bheith ina pháirtí i léas faoin alt seo, nó nach féidir é a fháil, nó go ndiúltóidh nó go bhfailleoidh sé an léas a fhorghníomhú, féadfaidh an Chúirt oifigeach don Chúirt a cheapadh chun an léas a fhorghníomhú thar ceann agus in ainm an duine sin, agus air sin beidh forghníomhú an léasa sin ag an oifigeach sin thar ceann agus in ainm an duine sin chomh héifeachtúil chun gach críche is dá mba é an duine sin féin d'fhorghníomhaigh é.

(7) Mura ndéana an Chúirt, ar chúiseanna speisialta, a mhalairt a ordú, is é an t-iarratasóir a íocfas na costais agus na caiteachais uile a bhainfeas nó a ghabhfas le hiarratas chun na Cúirte faoin alt seo agus a bhainfeas nó a ghabhfas le léas (más ann), arna dhéanamh de bhun an iarratais sin, a ullmhú, a fhorghníomhú agus a chríochnú.

(8) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon áit chónaithe phríobháideach ná le haon tailte ná áitribh is leis an Stát nó le húdarás cuain ach, lasmuigh den méid adúradh, bainfidh sé le gach talamh nó áitreabh ná beidh de thuras na huaire á gcur chun úsáide bona fide éigin agus a bheas suite laistigh de cheathrú míle ó theoranta cuain.

Ceart chun dul isteach i gcuan nó amach as.

170. —Beidh sé de cheart ag aon chomhalta den Gharda Síochána, aon oifigeach custam agus máil nó aon oifigeach d'Aire Stáit, faid a bheas sé ag gníomhú i gcomhlíonadh a dhualgais mar chomhalta nó oifigeach den tsórt sin, dul isteach in aon chuid de chuan nó amach as.

Leabhair agus doiciméidí áirithe a thaispeáint d'oifigeach custam agus máil.

171. —(1) Féadfaidh aon oifigeach custam agus máil, d'fhonn eolas a fháil is gá chun a dhualgais a chomhlíonadh maidir le hárthach a bheas tar éis teacht laistigh de theoranta cuain nó dul amach tharstu nó maidir leis an last ar aon árthach den tsórt sin, a cheangal ar an údarás cuain don chuan na leabhair agus na doiciméidí sin uile, maidir leis an árthach nó leis an last, a theastós uaidh do réir réasúin a thaispeáint dó le haghaidh a scrúduithe agus a cheadú dhó cóipeanna a dhéanamh de na leabhair agus na doiciméidí sin nó sleachta a thógaint astu.

(2) Má fhaillíonn údarás cuain ar a gcuirfear ceanglas faoin alt seo an ceanglas a chomhlíonadh lastigh d'am réasúnach, beid ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur orthu.

Saor-chead gluaiseachta do dhaoine a bheas ag úsáid bád tarrthála.

172. —Daoine a bheas ag úsáid báid tarrthála, beidh saor chead acu dul isteach i gcuan agus tríd agus amach as.

Srian le duine a a cheapadh chun oifige sochair, etc.

173. —Ní dhéanfaidh údarás cuain duine a cheapadh chun oifige sochair ná duine a fhostú—

(a) faid a bheas an duine sin ina chomhalta den údarás cuain, ná

(b) laistigh de dhá mhí dhéag tar éis don duine sin scor de bheith ina chomhalta den údarás cuain, ná

(c) laistigh de dheich mbliana tar éis an duine sin a chiontú i gcion faoi alt 26 den Acht seo.

Oblágáidí maidir le togra i leith íocaíochta neamhdhlíthiúla, etc.

174. —(1) Aon uair a bhéarfadh togra arna dhéanamh ag cruinniú d'údarás cuain go ndéanfaí íocaíocht neamhdhlíthiúl as ciste an údaráis chuain nó gur dócha easnamh nó caillteanas a theacht sna cistí sin dá dheascaibh, beidh de dhualgas ar an mBainisteoir Ginearálta nó (do réir mar bheas) ar an rúnaí (nó, mura mbíonn an bainisteoir sin nó an rúnaí sin i láthair, ar an oifigeach don údarás cuain a bheas i láthair thar a cheann) agóid a dhéanamh i gcoinne an togra agus forais na hagóide a lua.

(2) Aon uair a déanfar agóid faoin alt seo i gcoinne togra arna dhéanamh ag cruinniú d'údarás cuain, iontrálfar i miontuairiscí an chruinnithe—

(a) tuairisc go ndearnadh an agóid,

(b) forais na hagóide, agus

(c) i gcás cinneadh a dhéanamh i dtaobh an togra, ráiteas i leith gach comhalta den údarás cuain a bhí i láthair á rá cé acu a vótáil sé ar thaobh an togra nó i gcoinne an togra, nó staon sé ó vótáil.

Doiciméid a sheirbheáil ar údarás cuain.

175. —Aon fhógra nó doiciméid eile a ceangaltar a sheirbheáil ar údarás cuain nó a thabhairt dóibh, féadfar é a chur leis an bpost i gclúdach arna dhíriú chun an údaráis chuain nó chun an Bhainisteora Ghinearálta nó an rúnaí (do réir mar bheas) ag príomh-oifig an údaráis chuain nó féadfar é a sheachadadh d'oifigeach don údarás cuain ag an bpríomh-oifig sin.

Doiciméid a dhílse-dheimhniú.

176. —Aon fhógra nó doiciméid eile is gá a dhílse-dheimhniú ag údarás cuain, is leor mar dhílse-dheimhniú air é a bheith sínithe ag aon dá chomhalta den údarás cuain nó ag an mBainisteoir Ginearálta nó an rúnaí (do réir mar bheas).

Cionta a inchúiseamh.

177. —(1) Aon chion faoin Acht seo a líomhnófar a bheith déanta ag údarás cuain, féadfaidh an tAire é a inchúiseamh nó féadfar é a inchúiseamh ar agra an Aire.

(2) Aon chion faoin Acht seo a líomhnófar a bheith déanta ag duine seachas údarás cuain, féadfaidh an tAire nó an t-údarás cuain iomchuí é a inchúiseamh nó féadfar é a inchúiseamh ar agra an Aire nó an údaráis chuain iomchuí.

Forála maidir le bóithre áirithe.

178. —(1) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh aon bóithre á gcothabháil ag údarás cuain—

(a) féadfaidh an tAire le hordú, más cuí leis é, a dhearbhú, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, go scoirfidh an t-údarás cuain de na bóithre a chothabháil, agus go mbeidh na bóithre le cothabháil ag údarás áitiúil sonraithe, agus

(b) mura dtaga agus go dtí go dtiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh, leanfaidh an t-údarás cuain de na bóithre a chothabháil amhail mar rinne roimh an Acht seo a rith.

(2) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go ndearna údarás cuain ranníoc i leith cothabhála aon bhóithre ag údarás áitiúil—

(a) féadfaidh an tAire le hordú, más cuí leis é, a dhearbhú, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, go scoirfidh an t-údarás cuain de ranníoc a dhéanamh i leith cothabhála na mbóithre ag an údarás áitiúil, agus

(b) mura dtaga agus go dtí go dtiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh, leanfaidh an t-údarás cuain de ranníoc a dhéanamh i leith cothabhála na mbóithre ag an údarás áitiúil amhail mar rinne roimh an Acht seo a rith.

(3) Aon ordú a déanfar faoin alt seo maidir le húdarás cuain féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha is cuí leis an Aire a bheith ann, lena n-áirítear, go sonrach, forála á fhoráil go ndéanfaidh an t-údarás cuain cúiteamh a íoc leis an údarás áitiúil a bheas sonraithe san ordú.

(4) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Forála maidir le cumhachta póilíneachta áirithe.

179. —(1) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh aon chumhachta ag údarás cuain maidir le póilíneacht a gcuain, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) má bhí na cumhachta sin á bhfeidhmiú an uair sin—

(i) féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú, más cuí leis é, a dhearbhú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, go mbeidh deireadh leis na cumhachta sin agus go ndéanfaidh an Garda Síochána póilíneacht ar an gcuan, agus

(ii) mura dtaga agus go dtí go dtiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh agus d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, leanfaidh na cumhachta sin, agus leanfaidh dualgais, cumhachta agus oblagáidí aon chonstáblaí nó oifigeach eile a bheas ceaptha go cuí ag an údarás cuain i bhfeidhmiú na gcumhacht sin, de bheith i bhfeidhm amhail mar bhí roimh an Acht seo a rith;

(b) mura raibh an cumhachta sin á bhfeidhmiú an uair sin, beidh deireadh leo ar an Acht seo a rith.

(2) Má déantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le húdarás cuain, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh le hordú i dtaobh cúitimh (a mbeidh a íoc nó a mhuirear ar an údarás cuain sin) do na constáblaí nó dá n-oifigigh a scarfar lena seirbhísí de dhroim an orduithe chéadluaite agus ná beidh an ghnáth-aois scoir sroichte acu.

(3) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Duganna Chanáil Laighean agus Duganna Chanáil na Midhe.

180. —Is tuigthe, chun críocha alt 94, 111, 112 agus 117 den Acht seo, na duganna atá tadhlach le cuan Bhord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath agus dá ngairmtear Duganna Chanáil Laighean agus Duganna Chanáil na Midhe a bheith laistigh de theoranta an chuain sin.

Táillí maoir uisce ag Cuan Phortláirge a chur ar neamhní.

181. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phortláirge.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach leis é, a dhearbhú go mbeidh deireadh, lá sonraithe agus ón lá sin amach,—

(a) leis na muirir dá ngairmtear de ghnáth táillí maoir uisce agus is inmhuirir ag Cuan Phortláirge, agus

(b) le haon oblagáidí de chuid an Bhardais (pé acu faoi chairt nó le reacht nó ar shlí eile a fuarthas) ar chomaoin dóibh na táillí sin nó aon chuid de na táillí sin.

(3) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha is cuí leis an Aire a bheith san ordú faoin alt seo, lena n-áirítear foráil chun Coimisinéirí Chuan Phortláirge d'íoc pé suime is cuí leis an Aire leis an mBardas i leith cúitimh don Bhardas i gcaillteanas a bhain dóibh trí oibriú an orduithe.

(4) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Dleachta cathrach ag Cuan Bhaile Atha Clith a chur ar neamhní.

182. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Bardas” Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach leis é, a dhearbhú go mbeidh deireadh, lá sonraithe agus ón lá sin amach,—

(a) leis na muirir dá ngairmtear de ghnáth dleachta Cathrach agus is inmhuirir ag Cuan Baile Atha Cliath, agus

(b) le haon oblagáidí de chuid an Bhardais (pé acu faoi chairt nó le reacht nó ar shlí eile a fuarthas) ar chomaoin dóibh na dleachta sin nó aon chuid de na dleachta sin.

(3) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha is cuí leis an Aire a bheith san ordú faoin alt seo, lena n-áirítear foráil chun Bord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath d'íoc pé suime is cuí leis an Aire leis an mBardas i leith cúitimh don Bhardas i gcaillteanas a bhain dóibh trí oibriú an orduithe.

(4) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Cíos coicéid agus iontrála ag Cuan Chorcaighe a chur ar neamhní.

183. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” an comhlucht corpraithe ar a dtugtar an Commercial Buildings Company of Cork.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más cuí leis é, a dhearbhú go mbeidh deireadh, lá sonraithe agus ón lá sin amach,—

(a) leis na rátaí agus na dleachta dob inmhuirir faoin reacht Breataineach a ritheadh sa bhliain 1814 agus dar teideal an Act to raise a fund for defraying the charge of commercial improvements, within the city and port of Cork, in Ireland, agus

(b) le haon oblagáidí de chuid na Cuideachtan (pé acu faoi chairt, nó le reacht nó ar shlí eile a fuarthas) ar chomaoin dóibh na rátaí agus na dleachta sin nó aon chuid de na rátaí agus na dleachta sin.

(3) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha is cuí leis an Aire a bheith san ordú faoin alt seo, lena n-áirítear foráil chun Coimisinéirí Chuan Chorcaighe d'íoc pé suime is cuí leis an Aire leis an gCuideachtain i leith cúitimh don Chuideachtain i gcaillteanas a bhain dóibh trí oibriú an orduithe.

(4) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

Forála speisialta maidir le cistí fiachmhúchta áirithe le Coimisinéirí Chuan Chorcaighe.

184. —I gcás an tsuim i gciste fiachmhúchta a bheas á chothabháil ag Coimisineirí Chuan Chorcaighe maidir le haon mhorgáistí agus stoc a rinneadar nó d'eisíodar roimh an Acht seo a rith a bheith comhionann leis an tsuim nó níos mó ná an tsuim a bheas dlite fós i leith na morgáistí maraon le hainmluach an mhéide den stoc a bheas gan fuascailt fós, beidh deireadh le haon oblagáid a bheas ar na Coimisinéirí chun tuilleadh ranníocaíochta a dhéanamh leis an gciste fiachmhúchta.

Forála maidir le leasa áirithe i ngrinnill abhann.

185. —Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh aon leas ag údarás áitiúil i gcuid atá laistigh de theoranta cuain de ghrinneall aon abhann, déanfar, de bhuaidh an ailt seo,—

(a) i gcás ina ndearna an t-údarás áitiúil, roimh an lú lá d'Eanáir, 1946, aon léas nó leas eile i leith na coda sin a dheonadh go cuí ar feadh téarma ná beidh caite tráth an Achta seo a rith, an chuid sin a aistriú chun an Stáit agus a dhílsiú ann ar an téarma sin a bheith caite, agus

(b) in aon chás eile, an chuid sin a aistriú chun an Stáit agus a dhílsiú ann ar an Acht seo a rith.

Cuan Sceire agus Cuan Bhaile Brigin.

186. —(1) Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le Cuan Sceire agus Cuan Bhaile Brigin faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) ní bheidh údarás cuain ar leithligh ann do Chuan Sceire ná do Chuan Bhaile Brigin ach beidh Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear an Bord san alt seo) ina údarás cuain freisin do Chuan Sceire agus ina údarás cuain do Chuan Bhaile Brigin,

(b) beidh máistir cuain Chuan Bhaile Atha Cliath ina mháistir cuain freisin do Chuan Sceire agus do Chuan Bhaile Brigin,

(c) beidh bailitheoir rátaí Chuan Bhaile Atha Cliath ina bhailitheoir rátaí freisin do Chuan Sceire agus do Chuan Bhaile Brigin,

(d) beidh an t-airgead uile a gheobhas an Bord inúsáidte i gcoitinne i leith Chuan Bhaile Atha Cliath, Cuain Sceire nó Cuain Bhaile Brigin,

(e) beidh príomh-oifig an Bhoird i mBaile Atha Cliath ina príomh-oifig acu freisin maidir le Cuan Sceire agus Cuan Bhaile Brigin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do dhintiúir a rinneadh an 19ú lá d'Eanáir, 1878, idir Ian Trant Hamilton ó Abbotstown i gContae Bhaile Atha Cliath, Esquire, M.P., den chéad pháirt, James Alexander Hamilton, ó Uimhir 56 Cearnóg Mhic Liam i gCathair Bhaile Atha Cliath, Esquire, den dara páirt, agus Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath den pháirt eile, agus beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an dintiúir sin tar éis an tAcht seo a rith a bhí aige roimh an Acht seo a rith.

Ranníocaíochta i leith costas údarás píolóiteachta.

187. —Féadfaidh údaras cuain is údarás píolóiteachta pé ranníocaíochta a dhéanamh, i leith na gcostas faoina raghaid ina bhfeadhmannas mar údarás píolóiteachta den tsórt sin, a chinnfid, le toiliú an Aire, a dhéanamh.

Iniúchadh cuntas údarás píolóiteachta.

188. —(1) Déanfaidh iniúchóir a cheapfas an tAire cuntais údaráis phíolóiteachta a iniúchadh.

(2) Beidh feidhm ag na hachtacháin seo a leanas, arna leasú nó arna n-oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán iardain (lena n-áirítear aon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith), maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis phíolóiteachta amhail mar atá feidhm acu maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis áitiúil:

(a) alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871,

(b) fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(c) ailt 19, 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902,

(d) ailt 69, 70, 71 agus 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) ,

faoi réir na modhnuithe seo a leanas:—

(i) na tagairtí don Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí atá sna hachtacháin sin, arna leasú nó arna n-oiriúnú amhlaidh, léireofar iad mar thagairtí don Aire,

(ii) féadfaidh an tAire, nuair bheas táille iniúchóireachta i leith iniúchta á socrú aige faoi alt 69 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , an táille a shocrú tráth ar bith, pé acu roimh an iniúchadh a chríochnú nó dá éis sin é, agus is í an táille iniúchóireachta a socrófar amhlaidh is táille iniúchóireachta freisin maidir le hiniúchta iardain mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar táille iniúchóireachta eile arna socrú amhlaidh a chur ina hionad,

(iii) aon tagairt atá in alt 70 nó 71 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , don tréimhse ordaithe, léireofar í mar thagairt don tréimhse chéanna dá dtagrann an abairt de thuras na huaire i gcás iniúchadh cuntas údaráis áitiúil.

(3) Aon cheapadh iniúchóra a rinne údarás cuain roimh an Acht seo a rith, beidh deireadh leis ar pé dáta a shonrós an tAire chuige sin.

Srian le feidhm achtachán áirithe.

189. —(1) Ní bheidh feidhm, maidir le nós imeachta chun dleachta píolóiteachta a aisghabháil, ag mír (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, ná ag fo-alt (1) d'alt 683 den Merchant Shipping Act, 1894.

(2) San alt seo tá leis an abairt “dleachta píolóiteachta” an bhrí atá leis an abairt “pilotage dues” sa Pilotage Act, 1913.

Forála maidir leis na hachtacháin a luaitear sa Tríu Sceideal.

190. —(1) An méid d'aon achtachán a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó d'aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoin gcéanna atá ar neamhréir le haon achtachán atá san Acht seo nó in aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoin Acht seo, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige amhail ar dháta an achtacháin sin is déanaí a luaitear a theacht i ngníomh agus as sin amach.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, na hoiriúnuithe sin uile a dhéanamh ar an iomlán nó ar aon chuid d'aon achtachán a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó d'aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoin gcéanna (nach achtachán, ordú, rialachán nó ionstraim eile ná cuid den chéanna a bheas, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, tar éis scor d'éifeacht a bheith aige) is oiriúnuithe is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí ag féachaint d'fhorála an Achta seo.

(3) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo is tuigthe ná fuil na hachtacháin seo a leanas, go háirithe, ar neamhréir le haon achtachán atá san Acht seo ná in aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoin Acht seo:

(a) ailt 4 agus 7 den Wicklow Harbour Advances Act, 1897,

(b) alt 47 d'Acht Chuan na Gaillimhe, 1935 (Uimh. 2 (Príobháideach) de 1935).

Na hAchta a luaitear sa Cheathrú Sceideal do scor d'fheidhm a bheith acu.

191. —Scoirfidh na hAchta a luaitear sa Cheathrú Sceideal atá ag gabháil leis an Acht seo d'fheidhm a bheith acu maidir le haon údarás cuain.