An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Rátaí a Ioc agus a Aisghabháil.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Orduithe Cuan-Oibreacha.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

CUID VII.

Airgeadas agus Cuntais.

Ioncam a úsaid.

119. —(1) Déanfar ioncam údaráis chuain in aon bhliain a úsáid chun na gcríocha seo a leanas san ord seo a leanas:

(a) chun costais oibrithe agus bunaíochta (lena n-áirítear costais i leith aon phinsean agus aiscí is iníoctha ag an údarás cuain), agus costais bhainistí, chothabhála, ghlantóireachta agus deisiúcháin atá inmhuirir ó cheart ar ioncam, a íoc,

(b) chun ús, aisíoca bunairgid agus ranníocaíochta le cistí fiachmhúchta a íoc maidir le hairgead a fuarthas ar iasacht agus faoi réir na gcoinníoll ar a bhfuarthas an t-airgead sin ar iasacht,

(c) chun pé críocha eile (lena n-áirítear tabhairt-ar-aghaidh chun na céad bhliana eile) i pé ord a chinnfeas an t-údarás cuain, le toiliú an Aire.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más deimhin leis an Aire, ar iarratas ó údarás cuain, é a bheith riachtanach aon trealamh áirithe a cheannach chun cuan an údaráis chuain a chothabháil nó a oibriú, féadfaidh an tAire a údarú don údarás cuain costas, nó cuid de chostas, an trealaimh a íoc amhail is dá mbeadh an costas sin, nó an chuid de a bheas sonraithe san údaraíocht, pé acu é, ináirithe ó cheart ar chostais oibrithe agus bunaíochta an údaráis chuain.

Cumhacht guinearálta chun ai gead a fháil ar iasacht.

120. —(1) Féadfaidh údarás cuain ó am go ham, le toiliú an Aire, airgead a fháil ar iasacht le haghaidh caiteachais ar chríocha a bhaineas lena gcuan (lena n-áirítear caiteachas chun feabhsú a dhéanamh nó chun oblagáidí láithreacha a fhuascailt) trí stoc nó stoc bintiúra a eisiúint, i bhfoirm morgáiste nó in aon tslí eile, do réir mar a ordós an tAire.

(2) Ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais, ní thoileoidh an tAire le húdarás cuain d'fháil aon tsuime ar iasacht is mó ná—

(a) más iad Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath an t-údarás cuain, dhá chéad míle punt, agus

(b) in aon chás eile, caoga míle punt.

(3) Aon iarratas a dhéanfas údarás cuain chun an Aire á iarraidh air toiliú le hiad d'fháil airgid ar iasacht, beidh sé i pé foirm a ordós an tAire agus sonróidh sé an méid airgid a bheas le fáil ar iasacht, na críocha chun a mbeidh an t-airgead sin le húsáid, an tslí ina mbeartaítear an t-airgead a fháil ar iasacht agus pé sonraí eile a iarrfas an tAire.

(4) Chun a chinneadh cé acu a thoileos sé nó ná toileoidh sé le húdarás cuain d'fháil airgid ar iasacht, féadfaidh an tAire a ordú fiosrúcháin áitiúil a chur ar siúl i dtaobh críocha nó call na hiasachta nó i dtaobh críocha agus call na hiasachta.

(5) Nuair a gheobhas údarás cuain airgead ar iasacht faoin alt seo, comhlíonfaid pé ordacháin a bhéarfas an tAire maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) modh agus téarmaí na hiasachta,

(b) na críocha chun a mbeidh an t-airgead a gheofar ar iasacht le húsáid,

(c) an t-ioncam, na cistí nó an mhaoin a bheas le muirearú mar urrús i leith na hiasachta,

(d) an saghas urrúis a bheas le cruthnú i leith na hiasachta,

(e) má bítear chun aon mhorgáiste a chruthnú i leith na hiasachta, na téarmaí agus na coinníollacha maidir le fuascailt an mhorgáiste,

(f) an tréimhse le haghaidh aisíoctha an airgid a gheofar ar iasacht agus na socruithe a bheas le déanamh chun a áirithiú go ndéanfar aisíoc laistigh den tréimhse sin.

(6) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoi fho-alt (5) den alt seo maidir le haon iasacht ón gciste iasacht áitiúla ach amháin le haontú an Aire Airgeadais.

(7) Ní dhéanfaidh údarás cuain airgead a fháil ar iasacht ach amháin faoi réim agus do réir an ailt seo nó an chéad ailt eile ina dhiaidh seo.

Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

121. —(1) Féadfaidh údarás cuain le toiliú an Aire airgead a fháil, trí iasacht nó ró-tharraing shealadach, chun socrú sealadach a dhéanamh faoi chomhair costais reatha.

(2) Aireofar ar chostais oibrithe agus bunaíochta údaráis chuain íocaíochta, i leith airgid a fuair an t-údarás cuain ar iasacht faoin alt seo, a déanfar in aghaidh úis agus aisíoctha an bhunairgid agus déanfar na híocaíochta sin i pé slí agus i rith pé tréimhsí a cheadós an tAire.

(3) Gan dochar d'fho-alt (2) den alt seo, beidh airgead a gheobhas údarás cuain ar iasacht faoin alt seo ina mhuirear ar ioncam, cistí agus maoin an údaráis chuain pari passu le gach morgáiste, stoc agus urrús eile a bhainfeas leis an ioncam, na cistí nó an mhaoin sin.

(4) Na tagairtí atá san alt seo d'iasacht folaíd tagairtí d'athiasacht.

Airgead a fháil ar iasacht ó chiste na n-iasacht áitiúla.

122. —Airgead a gheofar ar iasacht faoin gCuid seo den Acht seo le haghaidh caiteachais ar aon ní a bheas údaraithe le hordú cuan-oibreacha, féadfar é a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil do réir bhrí Achta Chiste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, an iasacht sin agus go mbeadh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

Iontaobhaithe do shuncáil airgid i stoic agus morgáistí áirithe.

123. —Aon stoc arna eisiúint nó aon mhorgáiste arna dhéanamh ag údarás cuain atá luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (lena n-áirítear aon stoc arna eisiúint nó aon mhorgáiste arna dhéanamh ag an údarás cuain sin roimh an Acht seo a rith) is tuigthe é a bheith arna áireamh ar na hurrúis a bhféadfaidh iontaobhaithe cistí iontaobhais a shuncáil iontu faoi chumhachta ailt 1 den Trustee Act, 1893.

Iasachtaithe a chosaint.

124. —(1) Aon uair a dhéanfas comhlucht daoine, nach comhlucht a bheas comdhéanta go dleathach, ach a bheas ag gníomhú nó a airbheartós a bheith ag gníomhú, mar údarás cuain, airgead a fháil ar iasacht i bhfeidhmiú airbheartaithe cumhacht an údaráis chuain chuige sin ó iasachtaí a bhéarfas an t-airgead uaidh de mheon mhacánta agus gan eolas aige ná fuil an comhlucht daoine sin arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas i bhfábhar an iasachtaí nó duine ar bith a bheas ag éileamh tríd nó faoi agus í gcoinne an údaráis chuain:

(a) is tuigthe, chun críocha na headarbhirte sin fáil agus tabhairt na hiasachta, an comhlucht daoine sin a bheith arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain, agus dá réir sin dlífidh an t-údarás cuain an t-airgead a aisíoc a fuarthas agus a tugadh ar iasacht amhlaidh agus an t-ús ar an airgead sin a íoc do réir na gcoinníoll ar a ndearnadh an t-airgead a fháil agus a thabhairt ar iasacht amhlaidh sa mhéid chéanna (más ann) ina ndlífeadh an t-údarás cuain sin a dhéanamh dá mba rud é go raibh an comhlucht daoine iarbhír arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain;

(b) gach morgáiste nó urrús eile a bhéarfas an comhlucht daoine agus a airbheartós a bheith arna thabhairt ag an údarás cuain don iasachtaí chun aisíoc an airgid agus íoc an úis air a áirithiú, beidh sé, i lámha an iasachtaí nó aon duine a bheas ag éileamh tríd nó faoi, bailí agus infhorfheidhmithe i gcoinne an údaráis chuain sa mhéid chéanna (más ann) ina mbeadh sé bailí agus infhorfheidhmithe amhlaidh dá mba rud é go raibh an comhlucht daoine iarbhír arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain;

(c) ní bheidh aon chuid den eadarbhirt sin fáil agus tabhairt na hiasachta neamhbhailí ná inchonspóide ar an bhforas ná raibh an comhlucht daoine arna gcomhdhéanamh go dleathach mar údarás cuain.

(2) Aon uair a gheobhas údarás cuain airgead ar iasacht, nó is tuigthe le fo-alt (1) den alt seo iad d'fháil airgid ar iasacht, faoi réim nó i bhfeidhmiú airbheartaithe a gcumhacht chuige sin ó iasachtaí a bhéarfas an t-airgead uaidh de mheon mhacánta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas i bhfábhar an iasachtaí nó aon duine a bheas ag éileamh tríd nó faoi agus i gcoinne an údaráis chuain:

(a) ní déanfar neamhbhailí ná inchonspóide, de dheascaibh aon neamhdhlíthiúlachta nó neamhrialtachta i gcomhdhéanamh an údaráis chuain nó i gceapadh, toghadh nó ainmniú aon chomhalta den údarás cuain, fáil na hiasachta agus a tabhairt ná aon mhorgáiste ná urrús eile a bheas tugtha nó a bheas airbheartaithe a bheith tugtha ag an údarás cuain don iasachtaí chun aisíocanna an airgid agus íoc an úis air a áirithiú;

(b) ní bhainfidh sé leis an iasachtaí a fhiosrú cé acu atá nó ná fuil an chríoch chun a mbeidh an t-airgead á fháil ar iasacht ag an údarás cuain ina crích a n-údaraítear le dlí don údarás cuain airgead a fháil ar iasacht chuici ná cé acu a ghabhas nó ná gabhann méid an airgid thar aon teorainn a bheas curtha ar an údarás cuain maidir le hairgead a fháil ar iasacht, agus más rud é go mbeidh an chríoch sin, i bpáirt nó go hiomlán, gan bheith údaraithe amhlaidh nó go ngabhfaidh méid an airgid thar aon teorainn den tsórt sin ní dhéanfaidh sin dochar ná difir don iasachtaí;

(c) ní bhainfidh sé leis an iasachtaí a fhiosrú cé acu a rinneadh nó ná dearnadh aon chruinniú den údarás cuain a thionól nó a chomhdhéanamh i gceart, ná cé acu a tugadh nó nár tugadh go cuí aon fhógra áirithe do chomhaltaí an údaráis chuain, ná cé acu bhí nó ná raibh na himeachta ag aon chruinniú den údarás cuain dlíthiúil agus rialta;

(d) i gcás gan é a bheith ar chumas an údaráis chuain an t-airgead a fháil ar iasacht go dleathach gan ceadú nó toiliú an Aire, agus an ceadú nó an toiliú sin (pé acu é) a bheith tugtha nó a bheith airbheartaithe a bheith tugtha ag an Aire, ní bhainfidh sé leis an iasachtaí a fhiosrú cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh go cuí aon choinníoll reachtúil nárbh fholáir a chomhlíonadh roimh an gceadú nó an toiliú a thabhaírt, agus más rud é ná dearnadh aon choinníoll réamhghabhálach den tsórt sin a chomhlíonadh ag an duine (pé acu is é an tAire, an t-údarás cuain nó duine ar bith eile é) a raibh sé de dhualgas air é a chomhlíonadh ní dhéanfaidh sin dochar ná difir don iasachtaí;

(e) ní bhainfidh sé leis an iasachtaí féachaint chun úsáide an airgid ag an údarás cuain ná ní dhéanfaidh sé dochar ná difir dó an t-údarás cuain nó aon duine dá n-oifigigh do dhéanamh aon mhí-úsáide den airgead nó d'aon chuid de.

Cistí a bhunú agus a dhíobhadh.

125. —(1) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má cheanglann an tAire orthu é, ciste a bhunú chun aon chríche sonraithe a bhainfeas lena gcuan.

(2) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má cheanglann an tAire orthu é, aon chiste (seachas ciste fiachmhúchta) a dhíobhadh a bunaíodh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, chun aon chríche a bhainfeas lena gcuan agus air sin úsáidfid i pé slí a ordós an tAire aon airgead a bheas ag seasamh chun creidiúna don chiste.

(3) Is mar a ordós nó a cheadós an tAire ó am go ham a bheas maidir leis na suimeanna a bheas le n-íoc isteach in aon chiste arna bhunú faoin alt seo, na trátha a n-íocfar na suimeanna sin, ná fáigeanna ón bhfaighfear na suimeanna sin, agus na críocha chun a ndéanfar, agus tslí ina ndéanfar, an t-airgead sa chiste a leithreasú agus a úsáid.

(4) Féadfaidh údarás cuain, agus, má cheanglann an tAire orthu é, déanfaid, an t-airgead a shuncáil in aon chiste arna bhunú faoin alt seo agus beidh an t-ioncam a fhásfas as an tsuncáil sin ina chuid den chiste.

(5) Aon airgead a dhéanfas údarás cuain a shuncáil de bhun fo-ailt (4) den alt seo, suncálfar é i pé urrúis (seachas urrúis réadacha nó inoidhrithe) a bheas údaraithe de thuras na huaire le dlí chun cistí iontaobhais a shuncáil iontu agus is cuí leis an údarás cuain, ach ní dhéanfaidh an t-údarás cuain, ach amháin le toiliú an Aire, aon airgead den tsórt sin a shuncáil i stoic, cistí, scaireanna nó urrúis arna gcruthnú ag an údarás cuain iad féin.

Rialacháin maidir le morgáistí.

126. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le morgáistí a dhéanfas údarás cuain faoin Acht seo.

(2) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo maidir le morgáistí a dhéanfas údarás cuain, féadfaid, go sonrach, socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) foirm na morgáistí,

(b) na cláir a bheas le coimeád maidir le morgáistí,

(c) aistriú morgáistí agus foirm an aistrithe sin,

(d) aisíoc airgid a bheas faighte ar iasacht ar urrús morgáistí,

(e) ceapadh agus cumhachta glacadóirí.

(3) D'ainneoin aon fhorála eile dá bhfuil san Acht seo, má bhí feidhm, díreach roimh an Acht seo a rith, ag aon fhorála dá bhfuil in ailt 75 go 88 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le haon mhorgáistí de chuid údaráis chuain a bhí i bhfeidhm an uair sin, leanfaidh na forála sin, faoi réir aon athruithe a bheas déanta orthu leis an achtachán ar dá bhuaidh a bhí feidhm acu amhlaidh, d'fheidhm a bheith acu tar éis an tAcht seo a rith maidir leis na morgáistí sin de chuid an údaráis chuain sin.

Rialacháin maidir le stoc.

127. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le stoc a eiseos údarás cuain faoin Acht seo.

(2) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo maidir le stoc a eiseos údarás cuain, féadfaidh, go sonrach, socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) an tslí ina mbeidh stoc le cruthnú, le heisiúint, le muirearú, le haistriú, le tarchur agus le fuascailt agus an tslí ina ndeighleálfar leis,

(b) iasachta a ghlanadh a bheas cruinnithe trí stoc a eisiúint,

(c) na cuntais a bheas le coimeád maidir le stoc,

(d) i gcás fiacha a chomhdhlúthú, na trátha a fhaidiú nó a athrú ar laistigh díobh a bheas iasachta le glanadh,

(e) toiliú i gcás únaerí teoranta,

(f) airgead a úsáid a bheas cruinnithe trí stoc a eisiúint,

(g) díbhinní,

(h) cláraitheoirí a cheapadh chun críocha stoic,

(i) na tuairisceáin a bheas le tabhairt don Aire,

(j) faillí maidir le díbhinní nó stoc a éileamh,

(k) na táillí a bheas inmhuirir ag údarás cuain i leith stoic,

(l) aon achtacháin a thanasc maidir le stoc, fara modhnuithe nó gan modhnuithe.

Toirmeasc ar stoc neamhinfhuascailte a eisiúint.

128. —Ní dhéanfaidh údarás cuain stoc neamhinfhuascailte a eisiúint.

Forála maidir le hiontaobhais.

129. —Ní bheidh de cheangal ar údarás cuain féachaint chuige go bhforghníomhófar iontaobhas ar bith faoina mbeidh nó a faoina mbeadh aon mhorgáiste, stoc nó urrús eile a bheas déanta nó eisithe acu, agus dá réir sin—

(a) beidh admháil an duine a mbeidh an morgáiste, an stoc nó an t-urrús eile sin ina ainm i leabhair an údaráis chuain ina leor-chúiteántas don údarás cuain ar aon airgead a bheas íochtha acu i leith an chéanna, d'ainneoin aon iontaobhas den tsórt sin a bheith ann agus pé acu a bheas eolas ina thaobh ag an údarás cuain nó ná beidh, agus

(b) ní bheidh de cheangal ar an údarás cuain féachaint chun úsáide aon airgid a bheas íoctha acu i leith na hadmhála sin.

Cistí a choimeád ar marthain.

130. —Gach ciste fiachmhúchta, ciste díluachta, cúlchiste, ciste árachais nó ciste eile a bhí ar marthain maidir le húdarás cuain díreach roimh an Acht seo a rith, déanfar, tar éis an tAcht seo a rith agus faoi réir forál na Coda seo den Acht seo, iad a choimeád ar marthain agus ranníocaíochta a íoc leo mar a déantaí roimh an Acht seo a rith agus beid faoi réir na bhforál agus na n-oblagáid céanna faoina rabhdar roimh an Acht seo a rith, ach is chun an Aire a cuirfear gach tuairisceán is gá a dhéanamh maidir leis na cistí sin.

Cuntais.

131. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin a dhéanamh maidir leis na cuntais a bheas le coimeád ag údarás cuain.

(2) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo maidir leis na cuntais a bheas le coimeád ag údarás cuain, féadfaid, go sonrach, socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) foirm, uimhir, tuairisc agus lánas na gcuntas,

(b) an tslí ina mbeidh na cuntais le coimeád,

(c) an tréimhse lena mbainfidh na cuntais,

(d) an dáta ar go dtí é a bheas na cuntais le déanamh amach,

(e) an roinnt nó an dáiliú a bheas le déanamh idir cuntas agus cuntas eile, nó i slí eile, ar ítímí sna cuntais,

(f) foilsiú na gcuntas.

(3) Déanfaidh údarás cuain, laistigh de dhá mhí tar éis an dáta i ngach bliain arb é an dáta é, do réir na rialachán faoin alt seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, a mbeidh ceangailte orthu a gcuntais a dhéanamh amach go dtí é, dhá choip d'achomaireacht ar na cuntais sin a thabhairt don Aire sa bhfoirm ordaithe.

(4) Déanfaidh údarás cuain cóip de chuntais údaráis chuain arna n-iniúchadh faoin Acht seo a choimeád ar fáil ina bpríomhoifig gach tráth réasúnach le haghaidh a scrúduithe ag daoine leasmhara ar tháille nach mó ná scilling a íoc i leith gach iniúchta.

(5) Go dtí go ndéantar rialacháin faoin alt seo, leanfaidh údarás cuain de na cuntais a choimeád agus na tuairisceáin maidir le cuntais a thabhairt a raibh orthu do réir dlí iad a choimeád nó a thabhairt díreach roimh an Acht seo a rith, ach sin faoi réir an mhodhnuithe maidir le tuairisceáin a thabhairt, gur don Aire a déanfar na tuairisceáin sin a thabhairt i ngach cás.

Iniúchadh.

132. —(1) Déanfaidh iniúchóir a cheapfas an tAire cuntais údaráis chuain a iniúchadh.

(2) Beidh feidhm ag na hachtacháin seo a leanas, arna leasú nó arna n-oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán iardain (lena n-áirítear aon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith), maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis chuain, amhail mar atá feidhm acu maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis áitiúil:—

(a) alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871,

(b) fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(c) ailt 19, 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902,

(d) ailt 69, 70, 71 agus 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) ,

faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(i) na tagairtí don Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí atá sna hachtacháin sin, arna leasú nó arna n-oiriúnú amhlaidh, léireofar iad mar thagairtí don Aire,

(ii) féadfaidh an tAire nuair bheas táille iniúchóireachta i leith iniúchta á socrú aige faoi alt 69 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , an táille a shocrú tráth ar bith, pé acu roimh an iniúchadh a chríochnú nó dá éis sin é, agus is í an táille iniúchóireachta a socrófar amhlaidh is táille iniúchóireachta freisin maidir le hiniúchta iardain mura ndéantar agus go dtí go ndéantar táille iniúchóireachta eile arna socrú amhlaidh a chur ina hionad,

(iii) aon tagairt atá in alt 70 nó 71 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , don tréimhse ordaithe, léireofar í mar thagairt don tréimhse chéanna dá dtagrann an abairt de thuras na huaire i gcás iniúchadh cuntas údaráis áitiúil.

(3) Má ordaíonn an tAire iniúchadh a dhéanamh faoin alt seo ar chuntais údaráis chuain in aghaidh tréimhse dár críoch dáta roimh an Acht seo a rith, déanfar na cuntais sin a iniúchadh amhlaidh.

(4) Aon cheapadh iniúchóra a rinne údarás cuain roimh an Acht seo a rith beidh deireadh leis ar pé dáta a shonrós an tAire chuige sin.

Údaráis rátúcháin do thabhairt cúnaimh d'údaráis chuain.

133. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, a bheartú, le rún, cúnamh a thabhairt d'údarás cuain i slí nó i slite acu seo a leanas:—

(a) trí aon ráta nó ciste faoina n-urlámhas a mhuirearú chun aon iasacht a ráthú a chruinneos an t-údarás cuain,

(b) trí ús nó bunairgead iomlán, nó cuid d'ús nó de bhunairgead, aon iasachta den tsórt sin a íoc,

(c) i gcás údaráis chuain ná beidh ar a gcumas iasacht a chruinniú iad féin, tríd an tsuim a fháil ar iasacht a theastós ón údarás cuain agus an tsuim sin a airleacan don údarás cuain.

(2) Aon údarás áitiúil a bheas tar éis rún a rith faoin alt seo déanfaid, laistigh de cheithre lá dhéag ina dhiaidh sin, an rún a fhoilsiú i pé slí a ordós an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

(3) Seasca lá ar a luaithe roimh rún a rith faoin alt seo agus céad agus ochtó lá ar a dhéanaí tar éis a rite, féadfaidh an t-údarás áitiúil a rith an rún an rún a dhaingniú le rún eile.

(4) Nuair a beifear tar éis rún faoin alt seo a rith, a fhoilsiú agus a dhaingniú go cuí, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí ordú a dhéanamh ina gcorprófar an rún agus pé forála eile is dóig leis is gá chun éifeacht a thabhairt don rún, agus beidh feidhm dlí do réir a théarmaí ag gach ordú den tsórt sin.

(5) Más rud é go mbeidh an méid is gá d'údarás áitiúil a chruinniú do bhliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1947, nó lá dá éis sin, chun an costas a íoc a bhainfeas le cúnamh a thabhairt d'údaráis chuain sa bhliain airgeadais áitiúil sin níos mó ná—

(a) i gcás bardas contaebhuirge, suim is comhionann le ráta scilling sa phunt ar iomlán na luachál inrátaithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin a bheas inrátaithe chun an ráta bhardasaigh sa chontaebhuirg i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin,

(b) i gcás bardas buirge nach contaebhuirg, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile, suim is comhionann le ráta ocht bpingne sa phunt ar iomlán na luachál inrátaithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin a bheas inrátaithe chun an ráta dhealúis (nó, i gcás buirge Dhún Laoghaire, chun an ráta bhardasaigh) i líomatáiste an údaráis áitiúil i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin,

(c) i gcás comhairle contae, suim is comhionann le ráta ceithre pingne sa phunt ar iomlán na luachál inrátaithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntain a bheas inrátaithe chun an ráta dhealúis sa chontae iomlán i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin,

ansin, féadfaidh an tAire, suim is comhionann le leath na breise sin a íoc, mar ranníoc i leith an chostais sin, leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthrós an tOireachtas.