An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Forála i gcóir Sábháltachta Cuain agus na nArthach ann.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Orduithe Cuan-Rátaí.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

CUID VI.

Cumhachta Chun Muirearu a Dheanamh.

Caibidil I.

Forála Ginearálta Maidir le Rátaí.

Cumhacht chun rátaí a mhuirearú.

94. —Faoi réir forál an Achta seo, féadfaidh údarás cuain na rátaí seo a leanas a mhuirearú i leith na n-abhar muirir seo leanas:—

(a) rátaí (dá ngairmtear rátaí tonnáiste san Acht seo) arna ríomh do réir tonnáiste maidir le hárthach—

(i) a thiocfas laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain, nó

(ii) a úsáidfeas aon chéibh sa chuan sin, nó

(iii) a bheas ag iomlucht laistigh de theoranta an chuain sin;

(b) rátaí (dá ngairmtear rátaí earraí san Acht seo) i leith earraí a loingseofar, a tarloingseofar nó a díloingseofar laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain;

(c) rátaí (dá ngairmtear rátaí seirbhíse san Acht seo) i leith loingsiú, díloingsiú, tarloingsiú, stórasú, gníomhú mar choimeádaithe stórais, calaíocht, cranáiste, glacadh, calú, athchalú, carnadh, teachú, meáchan, tomhas, cúipéireacht, sampláil, dícharnadh, dítheachú, dílódáil, iompar, tiomluadh, lódáil, deisiú, caomhnadh, faire, seachadadh nó aon obair nó seirbhís eile a déanfar maidir le hearraí.

Rátaí láithreacha a choimeád i bhfeidhm.

95. —(1) Na rátaí a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, inmhuirir go dlíthiúil ag údarás cuain, leanfaid, mura bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú cuan-rátaí, de bheith inmhuirir ag an údarás cuain sin agus chuige sin is tuigthe iad a bheith inmhuirir faoi réim agus do réir na bhforál iomchuí den Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le muirir (seachas rátaí) a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, inmhuirir go dlíthiúil ag údarás cuain agus nach muirir a ndéantar socrú sonrach leis an Acht seo chun leanúint dá muirearú—

(a) leanfaidh na muirir sin, mura bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú cuanrátaí, de bheith inmhuirir ag an údarás cuain,

(b) is tuigthe, chun críocha Caibidil II den Chuid seo den Acht seo, gur rátaí na muirir sin,

(c) na cumhachta uile maidir leis na muirir sin a bhí, direach roimh an Acht seo a rith, infheidhmithe ag an údaras cuain, leanfaid, d'ainneoin aon ní atá san Acht seo, de bheith infheidhmithe amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith.

Rátaí a mhuirearú go comhionann.

96. —(1) Na rátaí uile a fhéadfas údarás cuain a mhuirearú faoin Acht seo déanfar, maidir leis na haicmí céanna árthach agus earraí agus sna tosca céanna, iad a mhuirearú go comhionann ar gach duine.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh údarás cuain ráta a mhuirearú a n-athróidh a mhéid i leith aicmí éagsúla árthaí nó earraí nó i dtosca neamhchosúla.

Saoráidí cuain a bheith ar fáil go comhionann ar rátaí a íoc.

97. —Na saoráidí a chuirfeas údarás cuain ar fáil maidir lena gcuan beid, faoi réir forál an Achta seo agus aon ní arna dhéanamh faoi agus fós faoi réir na bhfo-dhlithe a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir lena gcuan, ar fáil go comhionann ag gach duine ar na rátaí iomchuí a íoc.

An liosta rátaí a iniúchadh agus a fháil.

98. —(1) Déanfaidh údarás cuain liosta a choimeád ar fáil ina bpríomh-oifig de na rátaí a bheas á muirearú acu de thuras na huaire le haghaidh a iniúchta in aisce i rith gnáth-uaireanna oifige ag aon cuine a mbeidh leas aige ann.

(2) Beidh duine ar bith i dteideal, ar tháille nach mó ná sé pingne a íoc, liosta de na rátaí a bheas á muirearú acu de thuras na huaire a fháil ó údarás cuain.

Rátaí earraí ar earraí ná beidh aicmithe.

99. —Earraí ná bainfidh le haon cheann de na haicmí earraí a n-údaraítear ar shlí eile d'údarás cuain rátaí earraí a mhuirearú ina leith, deighleálfaidh an t-údarás cuain leo, chun rátaí earraí a mhuirearú orthu, mar earraí a bhaineas le pé ceann de na haicmí earraí sin is dóigh leis an údarás cuain is mó is iomchui.

Cumhacht chun rátaí a mhaitheamh, chun saoirseó rátaí a thabhairt nó comhréiteach um rátaí a dhéanamh.

100. —(1) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire—

(a) rátaí a mhaitheamh i bpáirt nó go hiomlán,

(b) saoirse nó páirt-shaoirse ó rátaí a thabhairt,

(c) saoirse nó páirt-shaoirse ó rátaí a bheas tugtha cheana a athrú nó a fhorceannadh,

(d) comhréiteach a dhéanamh le haon duine maidir le rátaí,

(e) aon chomhréiteach um rátaí a bheas déanta cheana a athrú nó a fhorceannadh.

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás cuain athrú nó forceannadh a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe (nach giorra ná sé mhí) ar aon tsaoirse nó páirt-shaoirse ó rátaí nó ar aon chomhréiteach um rátaí a bheas i bhfeidhm maidir leis an údarás cuain ar dháta an cheanglais a dhéanamh agus beidh de dhualgas ar an údarás cuain an ceanglas sin a chomhlíonadh.

(3) Aon mhaitheamh nó comhréiteach nó saoirse maidir le rátaí a déanfar nó a bhéarfar faoin alt seo, ní thabharfaidh sé aon tosaíocht ná buntáiste neamhchuí nó neamhréasúnach do dhuine ar bith ná ní dhéanfaidh sé leathcheal ná leathchuma neamchuí nó neamhréasúnach ar duine ar bith.

(4) Faoi cheann sé mhí tar éis an tAcht seo a rith, bhéarfaidh údarás cuain sonraí don Aire i dtaobh gach saoirse nó comhréitigh i leith rátaí a bhí i bhfeidhm maidir leis an údarás cuain díreach roimh an Acht seo a rith, agus is tuigthe gut saoirse nó comhréiteach faoin alt seo gach saoirse nó comhréiteach den tsórt sin agus é a bheith inathruithe nó infhorceannta dá réir sin, nó go bhféadhfaidh an tAire a cheangal é a athrú nó a fhorceannadh amhlaidh, faoin alt seo.

(5) Aon íocaíocht a déanfar le húdarás cuain i leith rátaí comhréitithe, is tuigthe, chun críocha an Achta seo, gur íocaíocht rátaí tonnáiste, rátaí earraí nó rátaí seirbhíse (do réir mar is iomchuí) leis an údarás cuain sin í.

Rátaí a athrú taobh istigh d'uasmhéid áirithe.

101. —Féadfaidh údarás cuain, maidir le haon rátaí a bheas inmhuirir acu de thuras na huaire faoi threoir uasmhéide áirithe, na rátaí sin a athrú trína méadú nó a laghdú taobh istigh den uasmhéid sin.

Eisceadh coinníollach ó rátaí.

102. —(1) Má tharlann, de dheascaibh doininne nó leor-chúise eile, go mbeidh ar árthach, a mbeifear tar éis na rátaí tonnáiste iomchuí uile ina leith a íoc, filleadh chun cuain leis an last céanna tar éis di teoranta an chuain sin a fhágaint, ní bheidh na rátaí a híocadh amhlaidh iníoctha arís i leith an árthaigh.

(2) I gcás socrú a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire le haon stát eile trína ndéantar árthaí iascaigh le náisiúnaigh den Stát sin, nuair is éigean dóibh de dheascaibh doininne fothain a lorg i gcuan Éireannach, a eisceadh ó rátaí a íoc, beidh aon árthach iascaigh le náisiúnach den Stát sin, más éigean dí de dheascaibh doininne dul laistigh de theoranta aon chuain, eiscithe ó rátaí i leith an dulta isteach sin, mura rud é go ndéanfaidh an t-árthach briseadh builce.

(3) I gcás earraí, a mbeifear tar éis rátaí earraí ina leith a íoc le húdarás cuain a thabhairt de mhuir laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) ní bheidh rátaí earraí inmhuirir arís ar na hearraí ar iad a loingsiú, a tharloingsiú nó a dhíloingsiú nó a dhíloingsiú isteach in aon árthach, nó amach aisti, a bheas bona fide

(i) ag déanamh a trádála ar fad laistigh de theoranta an chuain, nó

(ii) ag trádáil idir na teoranta sin agus aon chanáil intíre no abha a bheas i gceangal leis an gcéanna;

(b) déanfar, má ceangaltar sin, dearbhú chun sástachta an údaráis chain ina luafar na fíorais a chuireas na hearraí i dteideal an eiscithe sin.

(4) I gcás earraí a thabhairt laistigh de theoranta cuain ar shlí seachas de mhuir nó iad a dhéanamh laistigh de na teoranta sin, ní bheidh rátaí earraí inmhuirir i leith na n-earraí mura loingsítear nó mura dtarloingsítear iad laistigh de theoranta an chuain chun a n-iompartha de mhuir amach thar na teoranta sin.

(5) I gcás árthaigh a theacht isteach i gcuan chun a deisithe agus é a bheith riachtanach chun an deisiú a dhéanamh last an árthaigh a dhíloingsiú, ní bheidh rátaí earraí inmhuirir de dhroim an díloingsithe ná de dhroim an last céanna a loingsiú tar éis an deisiú a bheith déanta, ach féadfaidh údarás cuain an chuain, má stóráltar an last ag aon áit nó in aon áitreabh faoina n-urlámhas, muirear a ghearradh i leith na stórala.

(6) Más rud é, de dhroim suímh aon chuain, poirt nó piara, gur gá d'árthach ag triall ar an gcuan, ar an bport nó ar an bpiara sin, gabháil trí theoranta cuain eile, ní bheidh rátaí inmhuirir i leith an árthaigh a ghabhfas amhlaidh trí na teoranta sin, mura rud é—

(a) go mbainfidh an t-árthach úsáid éigin as na saoráidí a bheas ar fáil sa chuan eile, nó

(b) go mbeidh na rátaí inmhuirir de bhuaidh ailt 95 den Acht seo agus go mbídís á muirearú díreach roimh an Acht seo a rith i leith árthaí ag gabháil amhlaidh trí na teoranta sin, nó

(c) go bhforálfar go sonrach le hordú cuan-rátaí gur rátaí is inmhuirir i leith árthaí ag gabhail amhlaidh trí na teoranta sin na rátaí.

Lán-eisceadh ó rátaí

103. —(1) Ní muirearófar rátaí tonnáiste ina leith seo a leanas—

(a) árthaí a bheas ag iompar stórtha le haghaidh armála agus gléasta na bhFórsaí Cosanta agus ná beidh ag iompar aon earraí eile ná aon phaisnéirí ar luach saothair,

(b) árthaí a bheas fruilithe go haonta i seirbhís an Stáit,

(c) báid tarrthála, ná

(d) árthaí a bheas faoi ghabháil thar ceann an Stáit.

(2) Ní muirearófar rátaí earraí ina leith seo a leanas—

(a) stórtha le haghaidh armála nó gléasta na bhFórsaí Cosanta a bheas á n-iompar in árthach a bheas de thuras na huaire eiscithe ó rátaí tonnáiste de bhuaidh míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo,

(b) feisteas, stórtha nó lónta aon arthaigh,

(c) aon ghoireas anam-tharrthála a húsáidtear maidir le bád tarrthála, no

(d) aon phacáid poist nó mála poist do réir bhrí an Post Office Act, 1908.