|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 6 de 1946. | ||
[EN] |
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1946. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCHA AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A SÉ CEATHRACHAD, AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A SEACHT CEATHRACHAD. | ||
[28ú Márta, 1946.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
£889,486 a eisiúin as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1946. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Ocht gCéad agus Naoi Míle Ochtód Ceithre Chéad agus Sé Puint Ochtód a eisiúin as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a sé ceathrachad. |
[EN] |
£16,616,000 a eisiúin as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1947. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Sé Mhilleon Déag Sé Chéad agus Sé Mhíle Dhéag Punt a eisiúin as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a seacht ceathrachad. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £17,505,486 a fháil ar iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Seacht Milleon Déag Cúig Chéad agus Cúig Mhíle Ceithre Chéad agus Sé Puint Ochtód a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a réamhíoc leis an Aire Airgeadais agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúin agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear bun-airgid agus úis urrús ar bith a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoi n-a raghfar i dtaobh na n-urrús sin a eisiúin. | |
[EN] | (3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúin faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1946 , a ghairm den Acht seo. |