An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Cain Bhrabuis Chorparaide.) Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach agus Generalta.)

16 1943

ACHT AIRGEADAIS, 1943

CUID IV.

Diuitethe Stampa.

Diúité stampa ar leithlithe agus aistrithe deontacha áirithe.

14. —Athghairmtear leis seo fo-alt (6) d'alt 74 (a bhaineann le diúité stampa ar leithlithe agus aistrithe deontacha inter vivos) den Finance (1909-10) Act, 1910, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná beidh feidhm ná éifeacht ag fo-ailt (1) go (5) den alt san 74 agus gur tuigthe ná raibh feidhm ná éifeacht riamh aca maidir le leithlithe no aistrithe d'aon aicme aca so leanas (pé aca luaidhtear no ná luaidhtear sa leithliú no san aistriú na tosca ar dá mbuadh is d'aon aicme den tsórt san an leithliú no an t-aistriú), sé sin le rá, leithliú no aistriú—

(a) a déantar ar chomaoin nóiminiúil chun aisíoc réimhíoca no iasachta d'urrú, no

(b) a déantar chun ceapadh iontaobhaidhe nua no scur iontaobhaidhe (pé aca ráite no tuigthe don iontaobhas) do thabhairt in éifeacht, no

(c) ná déantar aon leas tairbheach sa mhaoin a leithlítear no a haistrítear do thabhairt fé, no

(d) a déantar chun tairbheora ag iontaobhaidhe no duine eile i bhfeidhmeannas iontaobhais fé iontaobhas ar bith pé aca ráite no tuigthe dhó, no

(e) is deimhne dí-eantáillithe ná teoranuíonn aon eastát nua seachas eastát i mbith-dhílse i neach dí-eantáillithe na maoine.

Deimhnithe féichiúnais áirithe do shaoradh o dhiúité stampa.

15. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “deimhniú féichiúnais” scríbhinn, pé aca séaluithe dhi le séala oifigiúil an Aire Airgeadais no sighnithe ag an Aire sin no ag duine dá oifigigh go n-údarás aige uaidh chuige sin, trína ndéanann an tAire sin no aon oifigeach den tsórt san go n-údarás aige amhlaidh a dheimhniú (go follas no go foluitheach) cadé méid féichiúnas an Stáit no féichiúnas chiste phuiblí de chuid an Stáit maidir le airgead no urrúis no maidir le airgead agus urrúis do tógadh ar iasacht o dhuine áirithe ag an Aire sin agus é ag feidhmiú comhachta bronntar air le reacht.

(2) Ní bheidh aon deimhniú féichiúnais ná aon chó-aontú, admháil, bille malairte, nóta geallúna, morgáiste, banna, cumhnant, ná ionstruim is cuid no páirt de dheimhniú féichiúnais agus a bhaineann leis an eadarbheart lena mbaineann an deimhniú san ná i gcás deimhnithe fhéichiúnais fé dháta is túisce ná dáta an Achta so do rith, ní raibh sé riamh ionchurtha fé aon diúite stampa in aon chor, agus ní bheidh cosc ar aon deimhniú féichiúnais ná aon ionstruim den tsórt san réamhráite is cuid no páirt de dheimhniú féichiúnais a thabhairt i bhfianaise no a chur ar fáil chun críche ar bith de bhíthin amháin gan aon diúité stampa do bheith íoctha ina thaobh.

Diúitéthe stampa ar dheimhnithe muirir de chuid Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta.

16. —Chun deireadh chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo go ndéanfar an abairt “deimhniú muirir” i ngach áit ina bhfuil sí i bhfo-alt (1) d'alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici agus gur tuigthe, amhail o dháta an Achta Cáirde Talmhaíochta, 1929 (Uimh. 30 de 1929) , do rith, éifeacht do bheith riamh aici mar abairt fholuíonn deimhnithe muirir arna dtabhairt amach ag Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, tar éis dáta an Achta Cáirde Talmhaíochta, 1929 , adubhradh, do rith, chó maith le deimhnithe muirir do thug an Chorparáid sin amach roimh dháta an Achta san do rith.