|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1942) | Ar Aghaidh (CUID II. Udarais Chlarathachta agus a nOifigigh.) |
ACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1942
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Teidil, 1942 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, do ghairm den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus den Acht so le chéile. | |
[EN] |
Mínithe agus léiriú. |
2. —(1) San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlighidh agus Cirt. | |
[EN] | (2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht so do léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá gceaptar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san, beidh leis, san Acht so, an bhrí ceaptar dó amhlaidh. | |
[EN] |
Gearr-theideal an Phríomh-Achta. |
3. —Féadfar an Registration of Title Act, 1891, do ghairm den Phríomh-Acht, sé sin le rá, den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, in ionad an teidil sin. |
[EN] |
Teideal Choiste na-Rialacha d'athrú. |
4. —Bhéarfar Coiste na Rialacha um Chlárú Teidil ar an gcoiste do bunuíodh le halt 73 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , in ionad an teidil a ceaptar dó leis an alt san. |
[EN] |
Athghairm. |
5. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san. |
[EN] |
Costais. |
6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais féna raghfar chun an tAcht so do riaradh. |