An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Foralacha Ilghneitheacha.) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Ratai Sintius Seachtainiula is Inioctha ag Daoine Arachuithe agus ag Fostoiri.)

7 1942

ACHT ÁRACHAIS (BREAC-DHÍOMHAOINTEAS), 1942

AN CHEAD SCEIDEAL.

Fostaiochta Eiscithe.

1.—Fostaíocht fé aon údarás áitiúil no údarás puiblí eile no fé bhord phuiblí a bheidh eiscithe de thurus na huaire o fhorálacha an Unemployment Insurance Act, 1920, tré oibriú orduithe speisialta ar n-a dhéanamh fé mhír (c) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

2.—Fostaíocht a bheidh eiscithe de thurus na huaire o fhorálacha an Unemployment Insurance Act, 1920, tré oibriú deimhnithe eiscithe fé mhír (d) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

3.—Fostaíocht i seirbhís mhíleata an Stáit.

4.—Fostaíocht oibrithe neamh-oilte agus daoine óga ar oibreacha ar n-a dtógaint ar láimh ag Coimisiún Talmhan na hÉireann no thar a gceann chun feabhsuithe tailte ar n-a gceannach, no a mbeidh có-aontuithe iad do cheannach, fé na hAchtanna Talmhan Cheannaigh.