|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Cigireacht.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Fostaiochta Eiscithe.) |
ACHT ÁRACHAIS (BREAC-DHÍOMHAOINTEAS), 1942
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Foralacha Ilghneitheacha. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh daoine eiscithe a bhfoirceannfar a bhfostaíocht. |
50. —I gcás duine (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so) d'fhoirceannadh na fostaíochta i bhfostaíocht ionárachuithe bheidh ag duine (dá ngairmtear an fostaidhe sa bhfo-alt so) ba dhuine eiscithe díreach roimh an bhfoirceannadh san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) i gcás an fostaidhe do bheith ina dhuine eiscithe ar feadh an dá sheachtain déag díreach roimh an bhfoirceannadh san, íocfaidh an fostóir leis an Aire, in aghaidh an dá sheachtain déag san, suim is có-ionann le méid na síntiús seachtainiúla do bheadh iníoctha, dá mba nár dhuine eiscithe an fostaidhe ar feadh an dá sheachtain déag san, maidir leis an bhfostaidhe fén Acht so in aghaidh an dá sheachtain déag san; | |
[EN] | (b) i gcás gan an fostaidhe do bheith ina dhuine eiscithe ar feadh an dá sheachtain déag díreach roimh an bhfoirceannadh san, íocfaidh an fostóir leis an Aire, in aghaidh na seachtainí díreach roimh an bhfoirceannadh san a raibh an fostaidhe ina dhuine eiscithe ar a bhfeadh, suim is có-ionann le méid na síntiús seachtainiúla do bheadh iníoctha, dá mba nár dhuine eiscithe an fostaidhe ar feadh na seachtainí sin, maidir leis an bhfostaidhe fén Acht so in aghaidh na seachtainí sin; | |
[EN] | (c) ní bheidh aon chuid de shuim ar bith íocfaidh an fostóir fén bhfo-alt so ion bhainte ag an bhfostóir den fhostaidhe; | |
[EN] | (d) suim ar bith is iníoctha leis an Aire ag an bhfostóir fén alt so is tuigthe, chun crícheanna na bhforálacha eile (agus na forálacha peannaideacha d'áireamh) den Acht so, í bheith ina síntiúis seachtainiúla, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha san; | |
[EN] | (e) íocfar isteach sa Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh suim ar bith a bhainfidh an tAire amach no a híocfar leis fén alt so; | |
[EN] | (f) suimeanna ar bith a bhainfidh an tAire amach no a híocfar leis fén alt so in aghaidh seachtainí ar bith is tuigthe, chun crícheanna an chéad choinníll reachtúil, iad do bheith ina síntiúis seachtainiúla ar n-a n-íoc fé Chuid III den Acht so maidir leis an bhfostaidhe in aghaidh na seachtainí sin. | |
[EN] |
Ciontaí. |
51. —(1) Má dhéanann duine ar bith go feasach, d'fhonn aon tsochar foirlíontach no íocaíocht no aisíocaíocht d'fháil fén Acht so dó féin no do dhuine ar bith eile no d'fhonn dul o aon íocaíocht a bheidh le déanamh aige féin fén Acht so no d'fhonn a chumasú do dhuine ar bith eile dul o aon íocaíocht den tsórt san, aon ráiteas bréagach do thabhairt uaidh no cúis bhréagach do phlé no ponc tábhachtach do cheilt, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no fíneáil nach mó ná cúig púint fhichead do chur air. |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go bhfailleoidh no go mainneoidh aon fhostóir no duine árachuithe aon tsíntiúis seachtainiúla d'íoc a dhlighfe sé fén Acht so d'íoc, no | |
[EN] | (b) go mbeidh aon fhostóir no duine árachuithe no aon duine eile ciontach in aon tsárú no nea-chólíonadh, ar aon cheann de cheanglais an Achta so no de na rialacháin a bheidh déanta fé, ná beidh aon phionós speisialta ceaptha ina thaobh, no | |
[EN] | (c) go ndéanfaidh fostóir ar bith síntiús iomlán an fhostóra no aon chuid de do bhaint, no go dtabharfaidh fé n-a bhaint, de phágh no de luach saothair eile duine árachuithe, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpúint do chur air. | |
[EN] | (3) I gcás fostóir do chiontú fé fho-alt (2) den alt so sa chionta san faillighe no mainneachtain in íoc aon tsíntiús seachtainiúla dhlighfe sé fén Acht so d'íoc, dlighfe sé íoc do dhéanamh leis an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh i suim is có-ionann leis an méid d'fhailligh no do mhainnigh sé amhlaidh d'íoc, agus ar é chiontú amhlaidh féadfar, má rinneadh fógra i dtaobh a bheith beartuithe san do dhéanamh do sheirbheáil i dteanta na gairme no an bharántais, fianaise do thabhairt i dtaobh an fhostóra dá fhaillighe no dá mhainneachtain síntiúis seachtainiúla eile d'íoc maidir leis an duine céanna i rith na dtrí mblian roimh dháta déanta na haisnéise amhlaidh, agus ar an bhfaillighe no an mhainneachtain sin do chruthú dlighfidh an fostóir íoc do dhéanamh leis an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh i suim is co-ionann le hiomlán na síntiús seachtainiúla cruthófar amhlaidh d'fhailligh no do mhainnigh sé d'íoc. | |
[EN] | Deighleálfar le suim ar bith íocfaidh fostóir fén bhfo-alt so mar íoc i nglanadh na síntiús seachtainiúla neamh-íoctha, agus ní bheidh cuid an duine árachuithe de na síntiúis seachtainiúla san ionbhainte ag an bhfostóir den duine árachuithe. | |
[EN] | (4) Gach duine— | |
[EN] | (a) a dhéanfaidh aon chárta díomhaointis fhoirlíontaigh, leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh no stampa árachais fhoirlíontaigh úsáidthe do cheannach, do dhíol no do thairgsint chun a dhíolta, do thógaint no do thabhairt ar malairt, no do chur no do ghlacadh i ngeall, no | |
[EN] | (b) bhéarfaidh fé dhul o íoc síntiúis seachtainiúil tré stampa árachais fhoirlíontaigh úsáidthe, do bhain sé féin no duine ar bith eile as aon leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh no cárta díomhaointis fhoirlíontaigh no d'aon abhar eile dá raibh sé greamuithe no do húsáideadh roimhe sin in aon tslí eile, do ghreamú no tabhairt fé n-a ghreamú d'aon leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh no cárta díomhaointis fhoirlíontaigh, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná fiche punt do chur air agus is tuigthe, in aon imeachta fén bhfo-alt so maidir le stampaí úsáidthe, gur húsáideadh stampa má rinneadh é chealú no é aghaloit in aon tslí no é bhaint as aon leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh no cárta díomhaointis fhoirlíontaigh no d'aon abhar eile dá raibh sé greamuithe agus pé aca a húsáideadh é iarbhfír chun síntiús seachtainiúil d'íoc no nár húsáideadh. | |
[EN] | (5) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a choscann an tAire ar aon tsuimeanna bheidh dlite don Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh do bhaint amach tré imeachta síbhialta agus féadfar na suimeanna uile den tsórt san do bhaint amach mar fhiacha bheidh dlite don Stát agus gan dochar d'aon leigheas eile féadfaidh an tAire iad do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla. | |
[EN] | (6) In aon imeachta fén alt so no in aon imeachta ina mbeidh ceist i dtaobh íoc síntiús seachtainiúla fén Acht so le socrú no chun aon tsuimeanna bheidh dlite don Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh do bhaint amach, is breith gan dul tháirsi, chun crícheanna na n-imeacht san, an bhreith do bhéarfaidh an tAire ar cheist ar bith i dtaobh duine do bheith ina dhuine árachuithe do réir bhrí an Achta so no gan a bheith no i dtaobh cérbh é fostóir duine árachuithe no i dtaobh ráta an tsíntiúis seachtainiúil is iníoctha maidir le duine árachuithe marab amhlaidh a bheidh athchomharc i gcoinnibh na breithe ar feitheamh no an tréimhse chun athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh na breithe gan caitheamh, agus, mara mbeidh breith den tsórt san faighte agus gur gá an cheist do chinneadh chun na n-imeacht do chríochnú, cuirfear an cheist fé bhráid an Aire chun a cinnte do réir forálacha an Achta so agus, i gcás aon athchomharc den tsórt san do bheith ar feitheamh no an tréimhse chun athchomharc do dhéanamh amhlaidh do bheith gan caitheamh no ceist ar bith do bheith curtha amhlaidh fé bhráid an Aire, déanfaidh an chúirt a bheidh ag deighleáil leis an gcás na himeachta do chur ar athló go dtí go mbeidh breith chinnte faighte ar an gceist. | |
[EN] | (7) Suim ar bith a dlighfidh fostóir d'íoc fé fho-alt (3) den alt so no suim ar bith a bheidh dlite don Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh agus a mbeidh cúirt tar éis ordú íoca do dhéanamh ina taobh, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon mhodhanna eile chun í bhaint amach, í asbhaint as aon tsuimeanna is iníoctha as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh leis an bhfostóir sin fén Acht so agus déanfaidh an tAire aon tsuimeanna a hasbhainfear amhlaidh d'íoc isteach sa Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh. | |
[EN] |
Cúisimh. |
52. —(1) Ní déanfar imeachta i dtaobh cionta fén Acht so do bhunú ach amháin ag an Aire no le toiliú an Aire no ag cigire no oifigeach eile bheidh ceaptha chun críche an Achta so agus a bheidh údaruithe chuige sin le hordacháin speisialta no generálta ón Aire. |
[EN] | (2) Féadfar cúiseamh i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú ar agra an Aire. | |
[EN] | (3) Féadfar cúiseamh i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú aon tráth laistigh de pé tréimhse aca so leanas is déanaighe raghaidh in éag, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) trí mhí ón dáta ar a ndeimhneofar i scríbhinn fé shéala oifigiúil an Aire seilbh no fáil do bheith ag an Aire ar fhianaise is leor chun a dhéanamh cóir an cúiseamh san do bhunú, no | |
[EN] | (b) bliain o am an chionta do dhéanamh. | |
[EN] |
Imeachta síbhialta i gcoinnibh fostóra. |
53. —(1) Má fhaillíonn no má mhainníonn fostóir ar bith aon tsíntiúis seachtainiúla d'íoc a dhlighfe sé fén Acht so d'íoc maidir le haon duine árachuithe ar fostú aige no má fhaillíonn no má mhainníonn sé géilleadh maidir le haon duine den tsórt san d'aon cheanglais eile de chuid an Achta so agus do na rialacháin a bheidh déanta fé agus go gcaillfidh an duine sin, dá dheascaibh sin, iomlán an tsochair fhoirlíontaigh no cuid den tsochar fhoirlíontach chun a mbeadh teideal aige fén Acht so, beidh sé i dteideal suim is cóionann le méid an tsochair fhoirlíontaigh a chaillfidh amhlaidh do bhaint den fhostoir mar fhiacha gnáth-chonnartha. |
[EN] | (2) Féadfar imeachta do bhunú fén alt so d'ainneoin gur bunuíodh imeachta fé aon fhoráil eile den Acht so mar gheall ar an bhfaillighe no ar an mainneachtain chéanna. | |
[EN] |
Aois agus bás do chruthú. |
54. —I gcás inar gá chun crícheanna an Achta so aois no bás duine ar bith do chruthú tré dheimhniú beireatais no báis do thabhairt ar áird, beidh duine ar bith, ar iarratas i scríbhinn do thíolacadh i pé fuirm agus ina mbeidh pé mion-innste ordóidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe agus ar íoc táille sé pingne i gcás deimhnithe bheireatais agus táille scillinge i gcás deimhnithe bháis, i dteideal cóip dheimhnithe d'fháil d'iontráil beireatais no báis (pé aca é) an duine sin a céad-luaidhtear i gclár na mbeireatas no na mbásanna (pé aca é) agus an chóip sin fé láimh an chlárathóra no an cheann-chlárathóra no an duine eile ar a mbeidh cúram an chláir sin, agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus básanna agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ar a mbeidh cúram an chláir fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce má hiarrtar iad. |
[EN] |
Scríbhinní do bheith saor o dhiúité stampa. |
55. —Ní bheidh diúitéthe stampa inéilithe ar scríbhinní a húsáidfear maidir le gnó fén Acht so. |
[EN] |
Comhacht chun deacrachta do dhíochur. |
56. —(1) Má eiríonn aon deacracht i slí ar bith i dtaobh an Achta so no aon fhorála dhe do chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, éinní do dhéanamh le hordú a chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun an Achta so no na forála san do chur i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den tsórt san forálacha an Achta so do mhodhnú sa mhéid a chífear don Aire do bheith riachtanach no oiriúnach chun an orduithe do chur in éifeacht. |
[EN] | (2) Ní cead aon ordú do dhéanamh fén alt so tar éis dhá bhliain ón dáta ar a dtiocfaidh iomlán an Achta so i ngníomh. |