An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Sochar Foirliontach.) Ar Aghaidh (CUID VI. Cigireacht.)

7 1942

ACHT ÁRACHAIS (BREAC-DHÍOMHAOINTEAS), 1942

CUID V.

An Ciste Diomhaointis Fhoirliontaigh.

An Ciste Díomhaointis Fhoirlíontaigh do bhunú.

45. —(1) Chun críche an Achta so bunófar, fé urláimh agus bainstighe an Aire, ciste ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Ciste Díomhaointis Fhoirlíontaigh, agus íocfar isteach sa Chiste sin na síntiúis seachtainiúla uile is iníoctha ag fostóirí agus ag daoine árachuithe agus aon airgead eile bheidh le n-íoc fén Acht so isteach so Chiste sin, agus íocfar amach as an gCiste sin na híocaíochta uile bheidh le déanamh fén Acht so as an gCiste sin.

(2) Coimeádfar euntais an Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh sa bhfuirm sin ordóidh no cheadóidh an tAire Airgeadais.

(3) Déanfar cuntais an Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh in aghaidh gach bliana cuntasaíochta do chur dá n-iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste agus ar bheith scrúduithe agus deimhnithe dhóibh leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(4) Féadfar airgead ar bith is cuid den Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh d'íoc anonn o am go ham leis an Aire Airgeadais agus féadfa seisean a shuncáil agus a choimeád suncálta fé mar is rogha leis thar ceann an Chiste sin i ngach slí no in aon tslí no slite aca so leanas, sé sin le rá, do cheannach aon stuic, ciste no urrúis ina mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe leis an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cistí iontaobhais do shuncáil, no do cheannach aon stuic, scaireanna no urrúis a mbeidh an cholann agus t-ús urruithe fé údarás reachtúil ag an Riaghaltas, agus íocfar isteach sa Chiste sin aon ús do gheobhfar as an suncáil sin.

(5) Is airgead Riaghaltais do réir bhrí an Achta um Shuncáil Cheaduithe, 1933 ( Uimh. 34 de 1933 ), airgead a bheidh ar fáil chun a shuncála fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus beidh feidhm ag an Acht san maidir leis dá réir sin.

Forálacha d'áirithiú sócmhainneachta an Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh, etc.

46. —(1) Aon uair agus a mhinice a chífear don Aire go bhfuil no gur deallrathach go mbeidh an Ciste Díomhaointis Fhoirlíontaigh nea-dhóthanach no iomarcach chun glanta na bhfiachas a bheidh curtha no le cur ar an gCiste sin fén Acht so no go bhfuil no gur deallrathach go mbeidh rátaí na síntiús seachtainiúla iomarcach no nea-dhóthanach, féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, éinní no an dá ní aca so leanas do dhéanamh le rialacháin, sé sin le rá:—

(a) an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú tré pé rátaí eile síntiús seachtainiúla is oiriúnach leis do chur in ionad rátaí fé seach na síntiús seachtainiúla atá leagtha amach sa dara colún agus sa tríú colún den Sceideal san, ach ní hi slí d'atharódh rátaí na síntiús seachtainiúla go mí-chothrom idir fostóirí agus daoine árachuithe,

(b) an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú tré pé rátaí uairiúla eile sochair fhoirlíontaigh is oiriúnach leis do chur in ionad na rátaí uairiúla sochair fhoirlíontaigh atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san.

(2) Déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) den alt so don Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus don Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do léiriú mar thagairtí do na Sceidil sin fé seach ar n-a leasú le rialacháin ar bith a bheidh déanta fén bhfo-alt san (1).

Réimhíoca as an bPrímh-Chiste.

47. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuimeanna is gá chun glanta fiachas an Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh do réimhíoc as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, agus chun na suimeanna bheidh le réimhíoc amhlaidh do chur ar fáil féadfaidh an tAire Airgeadais airgead do thógaint ar iasacht ar pé slí is dóigh leis is ceart agus íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile tógfar ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh a bheidh muirear agus aisíoc aon tsuimeanna réimhíocfar fén bhfo-alt san roimhe seo maraon le muirear agus aisíoc aon úis (más ann) ortha san do réir an ráta san a shocróidh an tAire Airgeadais agus nuair a bheid aisíoctha amhlaidh íocfar isteach sa Stát-Chiste iad.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfaidh an tAire Airgeadais amach chun airgead do thógaint ar iasacht fén alt so agus fós muirear agus íoc na gcostas fé n-a raghfar maidir leis na hurrúsanna san do thabhairt amach.