An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Arachas Eigeanta in Aghaidh Breac-Dhiomhaointis.) Ar Aghaidh (CUID IV. Sochar Foirliontach.)

7 1942

ACHT ÁRACHAIS (BREAC-DHÍOMHAOINTEAS), 1942

CUID III.

Sintiuis o Fhostoiri agus Daoine Arachuithe.

Bun-tsrutha na síntiús.

17. —Na eistí is gá chun sochar foirlíontach do thabhairt agus chun aon íocaíochta eile do dhéanamh a bheidh, fén Acht so, le n-íoc as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh a bunófar fén Acht so is amhlaidh do gheobhfar iad go leathrannach as sintiúis seachtainiúla o dhaoine árachuithe agus go leathrannach as síntiúis seachtainiúla o fhostóirí na ndaoine sin.

Fostóirí agus daoine árachuithe d'íoc síntiús.

18. —(1) Dlighfidh gach duine árachuithe de na haicmí luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus gach fostóir ar aon duine árachuithe den tsórt san síntiúis (dá ngairmtear síntiúis seachtainiúla san Acht so) d'íoc go seachtainiúil do réir na rátaí fé seach a luaidhtear sa dara colún agus sa tríú colún den Sceideal san no, má déantar fén Acht so rátaí eile do chur in ionad na rátaí sin a céad-luaidhtear, do réir na rátaí bheidh curtha in ionad amhlaidh de thurus na huaire.

(2) Lasmuich de chás dá bhforálfar a mhalairt le rialacháin fén Acht so, dlighfidh fostóir duine árachuithe, den chéad ásc, an síntiús seachtainiúil is iníoctha aige féin (dá ngairmtear síntiús an fhostóra san Acht so) d'íoc agus fós, thar ceann agus d'éamais an duine árachuithe sin, an síntiús seachtainiúil is iníoctha ag an duine árachuithe sin (dá ngairmtear síntiús an duine árachuithe san Acht so), agus is tuigthe chun crícheanna an Achta so na síntiúis seachtainiúla íocfaidh fostóir thar ceann duine árachuithe do bheith ina síntiúis seachtainiúla ón duine árachuithe.

(3) Beidh síntiús seachtainiúil iníoctha in aghaidh gach seachtaine caileandair a mbeidh duine árachuithe ar fostú ag fostóir ar a feadh uile no ar feadh aon choda dhi, ach beidh san fé réir na bhforálacha so leanas:—

(a) má híoctar síntiús seachtainiúil maidir le duine árachuithe in aon tseachtain chaileandair, ní bheidh aon tsíntiús seachtainiúil eile iníoctha maidir leis in aghaidh na seachtaine caileandair céanna, agus

(b) má bhíonn duine árachuithe seachtain chaileandair ar bith gan aon tseirbhís do dhéanamh agus ná híocfar aon luach saothair in aghaidh na seachtaine caileandair sin, ní dhlighfidh an fostóir aon tsíntiús seachtainiúil d'íoc thar a cheann féin ná thar ceann an duine árachuithe in aghaidh na seachtaine caileandair sin.

(4) Má bhíonn duine ar fostú in aon tseachtain chaileandair fén aon fhostóir amháin, go leathrannach i bhfostaíocht ionárachuithe agus go leathrannach i bhfostaíocht éigin eile, ansan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt so, ní bheidh aon tsintiús seachtainiúil iníoctha maidir leis an duine sin in aghaidh na seachtaine caileandair sin maran am sa bhfostaíocht ionárachuithe leath an ama no breis agus leath an ama bheidh sé ar fostú amhlaidh.

Gan síntiús an fhostóra do bheith ionbhainte den duine árachuithe.

19. —D'ainneoin aon chonnartha contrárdha dhó san, ní bheidh fostóir duine árachuithe i dteideal síntiús an fhostóra d'as-bhaint as págh an duine árachuithe sin ná do bhaint de ar aon tslí eile.

Fostóir do bhaint amach síntiús an duine árachuithe.

20. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo agus fé réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so, beidh fostóir duine árachuithe i dteideal méid aon tsíntiús seachtainiúla íocfaidh thar ceann an duine árachuithe sin do bhaint den duine árachuithe sin do réir forálacha an ailt seo.

(2) Má gheibheann duine árachuithe págh no luach saothair eile in airgead o n-a fhostóir féadfar, d'ainneoin forálacha aon Achta no aon chonnartha contrárdha dhó san, méid aon tsíntiúis seachtainiúil íocfaidh an fostóir thar ceann an duine árachuithe sin do bhaint amach tré as-bhaintí as págh an duine árachuithe sin no as aon luach saothair eile bheidh iníoctha ag an bhfostóir leis an duine árachuithe sin agus ní ar aon tslí eile, ach ní cead aon as-bhaintí den tsórt san do bhaint as aon phágh no luach saothair seachas págh no luach saothair a híocfar in aghaidh na tréimhse no na coda de thréimhse a mbeidh an síntiús seachtainiúil iníoctha ina haghaidh, ná thar an suim is ionann agus méid na síntiús seachtainiúla in aghaidh na tréimhse a n-íocfar an págh no an luach saothair eile ina haghaidh.

(3) I gcás síntiús seachtainiúil íocfaidh fostóir duine árachuithe thar ceann an duine árachuithe sin do bheith ionbhainte den duine árachuithe sin ach gan é bheith ionbhainte amach tré as-bhaintí mar adubhradh, beidh sé ionbhainte amach (gan dochar d'aon tslí eile chun é bhaint amach) mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla ach ní bheidh aon tsíntiús seachtainiúil den tsórt san ionbhainte amach mara ndéantar imeachta chuige sin do bhunú fé cheann tré mhí ón dáta ar a raibh an síntiús iníoctha.

(4) I gcás gan págh ná íocaíochta eile airgid d'íoc le duine árachuithe ag a fhostóir no ag duine ar bith eile, dlighfidh an fostóir na síntiúis seachtainiúla is iníoctha aige féin agus ag an duine árachuithe sin d'íoc agus ní bheidh sé i dteideal aon chuid díobh do bhaint den duine árachuithe sin.

(5) Suim ar bith a as-bhainfidh fostóir as págh no luach saothair eile fén alt so is tuigthe í chur ar a iontaoibh chun íoctha an tsíntiúis seachtainiúil gur ina thaobh a has-bhaineadh í.

Na daoine is fostóirí i gcásanna áirithe.

21. —I gcás duine árachuithe do bheith ar fostú ag níos mó ná aon duine amháin in aon tseachtain chaileandair áirithe, is tuigthe gurb é an chéad duine a mbeidh sé ar fostú aige sa tseachtain sin fostóir an duine árachuithe sin chun crícheanna na bhforálacha den Acht so a bhaineann le síntiúis seachtainiúla d'íoc.

An dáta o n-a mbeidh síntiúis iníoctha i gcásanna áirithe.

22. —(1) I gcás an tAire dá chinneadh sa tslí foráltar leis an Acht so gan síntiúis seachtainiúla fén Acht so do bheith iníoctha maidir le haon duine no aicme daoine áirithe agus an tAire no, ar athchomharc, an Ard-Chúirt do dhéanamh athscrúduithe no claochló ar an gcinneadh sin ina dhiaidh sin i slí do bhéarfaidh síntiúis seachtainiúla do bheith iníoctha maidir leis an duine no an aicme daoine sin, ní bheidh síntiúis seachtainiúla iníoctha amhlaidh ach amháin ón dáta ar a ndearnadh athscrúdú no claochló ar an gcinneadh.

(2) I gcás an tAire dá chinneadh síntiúis seachtainiúla maidir le duine no aicme daoine áirithe do bheith iníoctha do réir ráta áirithe fén Acht so agus an tAire no, ar athchomharc, an Ard. Chúirt do dhéanamh athscrúduithe no claochló ar an gcinneadh sin ina dhiaidh sin i slí do bhéarfaidh síntiúis seachtainiúla do bheith iníoctha do réir ráta eile maidir leis an duine no an aicme daoine sin, ní bheidh síntiúis seachtainiúla iníoctha amhlaidh do réir an ráta eile sin ach amháin ón dáta ar a ndearnadh athscrúdú no claochló ar an gcinneadh.

Síntiúis d'aisíoc i gcásanna áirithe.

23. —Aon tsíntiúis seachtainiúla bheidh íoctha ag duine agus ag a fhostóir fé seach ar an mí-thuigsint go raibh na síntiúis seachtainiúla iníoctha maidir leis an duine sin fé fhorálacha an Achta so, féadfaidh an tAire iad do thabhairt thar n-ais dói ar iarratas do dhéanamh chuige dá lorg i pé fuirm ordóidh sé sara mbeidh dhá mhí dhéag caithte o dháta íoctha na síntiús seachtainiúla, ach, i gcás síntiúisí an duine árachuithe, as-bhainfear aon mhéid sochair fhoirlíontaigh a bheidh faighte aige agus ná beadh sé i dteideal d'fháil dá mba ná híocfaí na síntiúis seachtainiúla san.

Comhacht chun rialacháin do dhéanamh i dtaobh síntiús d'íoc tré stampaí, etc.

24. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag déanamh socruithe i dtaobh nithe ar bith a ghabhann le híoc agus bailiú síntiús seachtainiúla agus go sonnrach i dtaobh—

(a) síntiúis seachtainiúla d'íoc

(i) tré stampaí greamathacha no eile (dá ngairmtear stampaí árachais fhoirlíontaigh san Acht so) a bheidh greamuithe no múnluithe ar leabhair no cártaí (dá ngairmtear fé seach san Acht so leabhair dhíomhaointis fhoirlíontaigh agus cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh) no ar shlí eile, agus i dtaobh na slí ina mbeidh, na dtráthanna bheidh agus na gcoinníollacha fé n-a mbeidh stampaí árachais fhoirlíontaigh le greamú no le múnlú; no

(ii) tré fhostóirí daoine árachuithe do dhéanamh íocaíochtaí go díreach leis an Aire sa tslí sin agus na tráthanna san agus fé na coinníollacha san ordóidh an tAire; no

(iii) tré pé meán eile ordóidh an tAire leis na rialacháin sin;

(b) mion-innste d'iontráil i leabhair no cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh maidir le síntiúis seachtainiúla bheidh íoctha in aghaidh aon tréimhse áirithe no pé mion-innste eile d'iontráil is gá 1 gcás daoine le n-a mbainfidh na leabhair no cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh, agus i dtaobh glacadh leis an iontráil sin mar leor-fhianaise ar an uimhir de shíntiúis seachtainiúla bheidh íoctha amhlaidh no ar na mion-innste eile bheidh iontrálta amhlaidh;

(c) leabhair no cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh d'iarraidh, do thabhairt amach, do dhíol, do choimeád, do thaisbeáint agus do thabhairt suas agus leabhair no cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh bheidh caillte no díothuithe no agha-loitthe d'athsholáthar;

(d) fostóirí do thabhairt pé mion-innste don Aire maidir le daoine ar fostú aca éileoidh an tAire no ordóidh leis na rialacháin sin.

Stampaí árachais fhoirlíontaigh do thabhairt amach.

25. —Déanfar stampaí árachais fhoirlíontaigh d'ullmhú agus do thabhairt amach sa tslí sin ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadú an Aire Airgeadais agus féadfaidh na Coimisinéirí sin socrú do dhéanamh le rialacháin chun feidhm do thabhairt, gus na hoiriúnuithe is gá, maidir le stampaí árachais fhoirlíontaigh, do gach ceann no aon cheann no cinn d'fhorálacha, agus forálacha peannaideacha d'áireamh, na n-achtachán so leanas, sé sin le rá, ailt 21, 35 agus 36 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, an Stamp Duties Management Act, 1891, alt 9 den Stamp Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, agus féadfaid, le ceadú an Aire Puist agus Telegrafa, socrú do dhéanamh chun stampaí árachais fhoirlíontaigh do dhíol i bPost-Oifigí.

Socrú chun a chomhachtú don Aire Puist agus Telegrafa comhachta d'fheidhmiú maidir le stampaí árachais fhoirlíontaigh.

26. —(1) Féadfaidh an Riaghaltas a fhoráil le hordú go ndéanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa aon chomhachta agus dualgais de chuid na gCoimisinéirí Ioncuim maidir le stampaí árachais fhoirlíontaigh d'fheidhmiú agus do chólíonadh d'éamais na gCoimisinéirí Ioncuim no in éineacht leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus is cead pé forálacha bheith in aon ordú den tsórt san a chífear don Riaghaltas is gá no is oiriúnach chun lán-éifeacht do thabhairt d'fheidhmiú agus cólíonadh na ndualgas le n-a mbainfidh an t-ordú san sa tslí forálfar leis an ordú san.

(2) Beidh feidhm dlí ag gach ordú déanfar fén alt so.

Tús ag éilithe ar shíntiúis a bheidh dlite ar fhostóir fhéimhithe.

27. —(1) Ar na fiacha is gá fé alt 209 den Companies Consolidation Act, 1908, d'íoc, le linn sóchmhainní cuideachtan foirceannta d'iomdháil, i dtosach ar na fiacha eile go léir beidh na síntiúis seachtainiúla uile is iníoctha fén Acht so ag an gcuideachtain maidir le daoine árachuithe in aghaidh an cheithre mhí roimh theacht i bhfeidhm don fhoirceannadh no don ordú foirceannta, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht san agus ní gá na fiacha dá dtugtar tús fén alt so do chruthú go fuirmiúil ach amháin i gcásanna ina mbeidh a mhalairt forálta leis na rialacha ar n-a ndéanamh fén Acht san.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt so i gcás cuideachta d'fhoirceannadh go toilteanach d'aon-aidhm chun í ath-bhunú no í chó-nascadh le cuideachtain eile.

(3) Ar na fiacha is gá fé alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, d'íoc, le linn maoin fhéimhidhe no fhéichiúnaidhe shocruithigh d'iomdháil, i dtosach ar na fiacha eile go léir beidh na síntiúis seachtainiúla uile is iníoctha ag an bhféimhidhe no an féichiúnaidhe socruitheach maidir le daoine árachuithe in aghaidh an cheithre mhí roimh dháta an orduithe bhreithiúntais i gcás féimhidhe no roimh dháta chomhaduithe na hachuinge ag lorg socruithe i gcás féichiúnaidhe shocruithigh, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht san agus ní gá na fiacha dá dtugtar tús fén bhfo-alt so do chruthú go fuirmiúil ach amháin i gcásanna ina mbeidh a mhalairt forálta le horduithe generálta ar n-a ndéanamh fén Acht san.