An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Coru agus Nos Imeachta Udaras Áitiúil.) Ar Aghaidh (CUID V. Foralacha i dtaobh Ratai.)

23 1941

ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941

CUID IV.

Na Baill d'Udaras Áitiúil do Chur as Oifig.

Na baill d'údarás áitiúil do chur as oifig.

44. —(1) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh—

(a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán áitiúil do chur ar siúl i dtaobh na slí ina gcólíonann údarás áitiúil a ndualgais, ná fuil na dualgais sin á gcólíonadh go cuibhe agus go héifeachtúil, no

(b) go ndiúltóidh no go bhfailleoidh údarás áitiúil breithiúnas, ordú, no aithne o aon chúirt do chólíonadh, no

(c) go ndiúltóidh údarás áitiúil, tar éis fógra cuibhe d'fháil, leigint d'iniúchóir don Aire a gcuntais d'iniúchadh, no

(d) gur lugha an uimhir de bhaill údaráis áitiúil le n-ar féidir gníomhú ná an uimhir is quorum do chruinnithe den údarás áitiúil sin,

féadfaidh an tAire, le hordú, baill an údaráis áitiúil sin do chur as oifig.

(2) Sa Chuid seo den Acht so déanfar gach tagairt do dhuine do chur as oifig do léiriú mar thagairt do dhuine do chur as oifig fén alt so.

Toghachán nua do chomóradh tar éis baill do chur as oifig.

45. —(1) Ceapfaidh an tAire lá chun toghachán (dá ngairmtear toghachán nua sa Chuid seo den Acht so) do chomóradh do bhaill aon údaráis áitiúil go mbeidh a mbaill curtha as oifig agus comórfar an toghachán san an lá san.

(2) Isé lá ceapfar fén alt so chun toghachán nua do chomóradh ná—

(a) i gcás tréimhse de thrí bliana, tar éis baill an údaráis áitiúil iomchuibhe do chur as oifig, do dhul in éag, laistigh de bhliain roimh an gcéad lá de thréimhse inar ghá toghachán reachtúil do bhaill an údaráis áitiúil sin mara mbeadh an cur-as-oifig sin—

(i) aon lá i rith na tréimhse inar-ghá an toghachán san mara mbeadh an cur-as-oifig sin, agus

(ii) aon lá laistigh de thréimhse de thrí bliana tar éis an churtha-as-oifig sin, agus

(b) in aon chás eile, aon lá laistigh de thréimhse de thrí bliana tar éis an churtha-as-oifig sin.

(3) Má cuirtear baill aon údaráis áitiúil áirithe as oifig agus, do réir forálacha na nAchtanna um Thoghacháin Áitiúla, 1937 agus 1940, go mbeidh toghachán do bhaill an údaráis áitiúil sin le comóradh an lá is lá ceaptha chun crícheanna na nAchtanna san, comórfar an toghachán san an lá san agus is tuigthe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gur toghachán nua é.

(4) Na forálacha de Chuid II den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 39 de 1927) , i dtaobh na nithe seo leanas, beidh feidhm aca maidir le húdarás áitiúil ar n-a chórú le toghachán nua fé is dá mba thoghachán cinn trí mblian an toghachán nua san, sé sin le rá:—

(a) na dátaí ar a dtiocfaidh baill in oifig tar éis toghacháin chinn trí mblian.

(b) cruinnithe bliantúla agus cruinnithe ráithiúla do chomóradh, agus

(c) an gnó déanfar ag cruinnithe bliantúla agus cruinnithe ráithiúla.

(5) Má cuirtear baill aon údaráis áitiúil áirithe as oifig ní comórfar aon toghachán, seachas toghachán nua, do bhaill an údaráis áitiúil sin i rith na tréimhse idir an cur-as-oifig sin agus teacht in oifig do sna baill den údarás áitiúil sin a toghfar i dtoghachán nua.

(6) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so ní thiocfaidh de bhaill aon údaráis áitiúil áirithe do chur as oifig agus toghachán nua do chomóradh na blianta d'atharú ina mbeidh toghacháin chinn trí mblian do sna baill sin le comóradh.

Nithe leanfaidh as achuinge thoghacháin.

46. —Má dhearbhuíonn an chúirt a thriailfidh achuinge thoghacháin i dtaobh toghacháin nua an toghachán nua san do bheith gan bhrí de dhruim cúise ar bith séachas gan dóthain iarrthóirí do bheith ainmnithe go cuibhe no má dheineann ordú gur lugha, dá bhuadh, an uimhir daoine do toghadh go bailidhe sa toghachán san ná an uimhir is quorum do chruinnithe den údarás áitiúil iomchuibhe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna na Coda so den Acht so (lasmuich den alt so) is tuigthe nár comóradh an toghachán san agus is tuigthe nár tháinig na daoine do toghadh sa toghachán san in oifig, agus beidh feidhm dá réir sin ag an gCuid seo den Acht so (lasmuich den alt so);

(b) gach gníomh do rinneadh sa tréimhse idir an lá do críochnuíodh an toghachán san agus an lá do tugadh breith ar an achuinge thoghacháin sin agus do rinne na daoine no duine no níos mó de sna daoine a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san agus ba ghníomh do thug le tuigsint é bheith ina ghníomh do rinne an t-údarás áitiúil sin no ina ghníomh do rinneadh de bhuadh an duine no na daoine sin do réir mar a bheidh do bheith ina bhall no ina mbaill den údarás áitiúil sin, beidh sé chó bailidhe agus chó héifeachtúil agus do bheadh dá mbeadh na daoine go léir, a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san, toghtha go bailidhe agus cáilithe chun gníomhú mar bhaill den údarás áitiúil sin;

(c) gach gníomh den tsórt san do rinne duine aonair a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san agus a dearbhuíodh ina dhiaidh sin a ceapadh chun oifige mar chathaoirleach, mar árd-mhéara, no mar mhéara ar an údarás áitiúil sin agus ba ghníomh do thug le tuigsint é bheith ina ghníomh do rinneadh de bhuadh na hoifige sin, beidh sé chó bailidhe agus chó héifeachtúil agus do bheadh dá mbeadh na daoine go léir, a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san, toghtha go bailidhe agus cáilithe chun gníomhú mar bhaill den údarás áitiúil sin agus go mbeadh an duine aonair sin ceaptha go bailidhe chun na hoifige sin;

(d) chó luath agus is féidir é tar éis breith do bheith tugtha ar an achuinge thoghacháin sin ceapfaidh an tAire lá chun toghachán do bhaill den údarás áitiúil sin do chomóradh agus beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht so fé is dá mba thoghachán nua do ceapfaí fúithi go cuibhe an toghachán san.

Fianaise ar ainmniú.

47. —Deimhniú fé láimh an chinn chóimhrimh i dtoghachán nua á rá cé méid duine do hainmníodh go cuibhe le haghaidh an toghacháin sin beidh sé, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina fhianaise dho-chlaoite ar an méid daoine do hainmníodh amhlaidh.

Coimisinéirí do cheapadh.

48. —(1) Chun go bhféadfaidh údarás áitiúil go mbeidh a mbaill curtha as oifig feidhmiú ar feadh na tréimhse idir am an churtha-asoifig sin agus am na mball a toghfar i dtoghachán nua do theacht in oifig, ceapfaidh an tAire o am go ham duine no daoine ina choimisinéir no ina gcoimisinéirí don údarás áitiúil sin.

(2) Féadfaidh an tAire—

(a) aon choimisinéir d'údarás áitiúil a bheidh ceaptha fén alt so do chur as oifig agus duine eile do cheapadh ina choimisinéir don údarás áitiúil sin ina ionad,

(b) má bhíonn coimisnéir no coimisnérí ann a bheidh ceaptha fén alt so d'údarás áitiúil, duine no daoine do cheapadh ina choimisinéir bhreise no ina gcoimisinéirí breise don údarás áitiúil sin, agus

(c) má bhíonn dhá choimisinéir no níos mó ann a bheidh ceaptha fén alt so d'údarás áitiúil, líon na gcoimisinéirí sin do laigheadú agus, chuige sin, duine no níos mó de sna coimisinéirí sin do chur as oifig.

(3) Sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “coimisinéir” coimisinéir ar n-a cheapadh fén alt so.

Coiminiséirí d'fheidhmiú comhacht, etc.

49. —(1) I gcaitheamh na tréimhse idir baill aon údaráis áitiúil áirithe do chur as oifig agus na baill a toghfar i dtoghachán nua do theacht in oifig isiad coimisinéir no coimisinéirí an údaráis áitiúil sin fheidhmeoidh no chólíonfaidh gach comhacht, feidhm, no dualgas is infheidhmithe no bhíonn le cólíonadh ag baill an údaráis áitiúil sin ag gníomhú dhóibh le chéile i gcruinniú den údarás áitiúil sin no is infheidhmithe no bhíonn le cólíonadh ag aon bhall no baill den údarás áitiúil sin de bhuadh na ballraíochta san no de bhuadh oifige cathaoirligh, árd-mhéara, no méara.

(2) Sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so foluíonn an focal “comhacht” gach comhacht cheaduitheach chun coiste do cheapadh agus fós, i gcás comhairle bailecheanntair, comhacht chun ordú d'iarraidh ar an Aire fé alt 74 d'Acht 1925.

(3) Faid a bheidh aon chomhacht cheaduitheach, chun coiste do cheapadh, infheidhmithe fén alt so ag coimisinéir no coimisinéirí, beidh ar fiunraoi aon fhoráil reachtúil no eile le n-a gcoimeádtar ballraíocht an choiste sin i bpáirt no go hiomlán do bhaill d'aon údarás áitiúil áirithe.

(4) Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear leis seo, maidir le húdarás áitiúil do scuireadh roimh theacht i bhfeidhm don alt so de dhruim orduithe ar n-a dhéanamh fé alt 72 d'Acht 1925, go raibh na comhachta so leanas infheidhmithe le ré an scuir sin ag an gcólucht no ag an duine no na daoine chun a raibh comhachta agus dualgais an údaráis áitiúil sin aistrithe de thurus na huaire, sé sin le rá, na comhachta do bheadh infheidhmithe de bhuadh an ailt seo ag an gcoimisinéir no coimisinéirí don údarás áitiúil sin dá mbeadh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm agus go gcuirfí baill an údaráis áitiúil sin as oifig fé.

Sealbhaíocht oifige agus luach saothair coimisinéara.

50. —(1) Féadfaidh an tAire sealbhaíocht oifige aon choimisinéara áirithe do cheapadh.

(2) Féadfaidh an tAire a ordú go n-íocfar luach saothair le haon choimisinéir áirithe agus méid an luach saothair sin do cheapadh, agus déanfar an luach saothair sin ar n-a cheapadh amhlaidh d'íoc as ioncum an údaráis áitiúil iomchuibhe mar chuid dá gcostais ghenerálta.

Údaráis áitiúla scurtha.

51. —(1) Má thárlann, díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, údarás áitiúil do bheith scurtha de bhuadh ailt 72 d'Acht 1925 agus orduithe ar n-a dhéanamh fé fho-alt (1) den alt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas ar theacht i bhfeidhm don alt so, sé sin le rá:—

(a) scuirfidh an t-údarás áitiúil sin de bheith scurtha amhlaidh agus beidh sé ath-bhunuithe de bhuadh an ailt seo,

(b) gan dochar do sna míreanna ina dhiaidh seo den fho-alt so, dílseoidh maoin, comhachta, agus dualgais uile an údaráis áitiúil sin san údarás áitiúil sin mar a bheidh ath-bhunuithe amhlaidh,

(c) beidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis an údarás áitiúil sin agus chuige sin is tuigthe a mbaill do bheith curtha as oifig agus is tuigthe an duine no na daoine bheidh ag cólíonadh dualgas an údaráis áitiúil sin de bhun an ailt sin 72 díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so do bheith ina choimisinéir no ina gcoimisinéirí don údarás áitiúil sin, agus

(d) isé dáta ar ar tuigthe de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so baill an údaráis áitiúil sin do chur as oifig ná—

(i) i gcás an t-údarás áitiúil sin do leanúint ar scur de bhíthin ailt 4 den Acht Rialtais Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1935 (Uimh. 41 de 1935) , an dáta is déanaighe do ceapadh chun toghachán do bhaill an údaráis áitiúil sin do chomóradh de bhun fo-ailt (5) d'alt 72 d'Acht 1925, no

(ii) in aon chás eile, dáta an údaráis áitiúil sin do scur.

(2) Gach ordú bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so agus do rinneadh fé fho-alt (6) d'alt 72 d'Acht 1925 no fén Acht Rialtais Áitiúla, 1931 (Uimh. 19 de 1931) , i dtaobh údaráis áitiúil no do rinneadh fén dara hAcht san i dtaobh fochóluchta do réir bhrí an Achta san, leanfaidh i bhfeidhm, go pé atharuithe air is gá sa chás, ar theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin mar ordú ar n-a dhéanamh fén gCuid seo den Acht so agus féadfar a leasú no a cheiliúradh dá réir sin.

Fo-chóluchta.

52. —(1) I gcás baill aon údaráis Áitiúil áirithe do chur as oifig féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú do dhéanamh, i dtaobh aon fho-chóluchta do ceapadh i bpáirt no go hiomlán ag an údarás áitiúil sin, is dóich leis is gá no is oiriúnach chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an fo-chólucht san d'ainneoin an churtha-as-oifig sin agus, go sonnrách, féadfaidh, le hordú,—

(a) más gá do réir dlí an fo-chólucht san do bheith có-dhéanta ar fad de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag an údarás áitiúil sin,—

(i) comhachta, dualgais, agus maoin an fho-chóluchta san d'aistriú go dtí an coimisinéir no na coimisinéirí don údarás áitiúil sin agus socrú do dhéanamh chun go ndéanfaidh an coimisinéir no na coimisinéirí sin féin go díreach na comhachta agus na dualgais sin d'fheidhmiú agus do chólíonadh, no

(ii) pé socrú do dhéanamh is dóich leis is gá no is oiriúnach chun baill an fho-chóluchta san do cheapadh, agus daoine áirithe do cheapadh ina mbaill den chéanna d'áireamh, agus chun uimhir bhall agus quorum an fho-chóluchta san do laigheadú, agus chun aon achtachán, reachtúil no eile, do chur ar fiunraoi gur gá dá réir gur bhaill den údarás áitiúil sin baill an fho-chóluchta san, agus

(b) más gá do réir dlí an fo-chólucht san do bheith códhéanta, go leathrannach amháin, de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag an údarás áitiúil sin, pé socrú do dhéanamh is dóich leis is ceart chun gach ionad no aon ionad no ionaid imeasc ball an fho-chóluchta san do líonadh is gá do réir dlí do líonadh le daoine ar n-a n-ainmniú ag an údarás áitiúil sin, agus daoine áirithe do cheapadh chun ionad den tsórt san d'áireamh, agus chun aon fhoráil, reachtúil no eile, do chur ar fiunraoi gur gá dá réir gach ionad no aon ionad no ionaid aca san do líonadh le daoine is baill den údarás áitiúil sin, agus chun uimhir na n-ionad san do laigheadú agus uimhir iomlán ball agus quorum an fho-chóluchta san do laigheadú de dheascaibh an laigheaduithe sin.

(2) I gcás duine i seilbh aon oifige áirithe in údarás áitiúil no fé do bheith do réir dlí ina bhall d'aon chólucht eile de bhuadh é bheith i seilbh na hoifige sin is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, é bheith ina bhall den chólucht san ar n-a ainmniú ag an údarás áitiúil sin.

(3) San alt so cialluíonn an focal “fo-chólucht” bárdas, coiste, bord no cólucht eile is gá do réir dlí do bheith có-dhéanta ar fad no go leathrannach de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag údarás áitiúil no ag dhá údarás áitiúla no níos mó.

Orduithe á thabhairt go mbeidh lánfheidhm agus lán-éifeacht ag an gCuid seo den Acht so.

53. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dóich leis is gá no is oiriúnach chun go bhféadfaidh údarás áitiúil a mbeidh a mbaill curtha as oifig feidhmiú go cuibhe agus go héifeachtúil agus, go generálta, chun go mbeidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an gCuid seo den Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, i bhfeidhmiú na gcomhacht do bheirtear dó leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ach gan dochar do gheneráltacht an chéanna—

(a) socrú do dhéanamh chun ionadaidhe d'fheidhmiú agus do chólíonadh comhacht agus dualgas coimisinéara bheidh breoite no as láthair ar saoire,

(b) i gcás aon choimisinéir áirithe do bheith ina chólucht, corparuithe no nea-chorparuithe, socrú do dhéanamh chun baill den chólucht san d'fheidhmiú agus do chólíonadh aon chomhacht no dualgas is infheidhmithe no bheidh le cólíonadh ag baill den údarás áitiúil. dar coimisinéir an cólucht san, de bhunadh a mballraíochta no ag árd-mhéara, méara, no cathaoirleath (do réir mar a bheidh) an údaráis áitiúil sin de bhuadh a bhallraíochta, agus

(c) má bhíonn dhá choimisinéir no níos mó ann d'údarás áitiúil, socrú do dhéanamh go generálta no i dtaobh aon chúrsaí áirithe chun na gcoimisinéirí sin do ghíomhú ar leithligh no in éineacht no tré mhóráireamh.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (agus aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so d'áireamh).

Sean-achtacháin d'oiriúnú.

54. —(1) Féadfaidh an tAire aon achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so d'oiriúnú agus d'atharú le hordú ar gach slí is dóich leis is gá no is oiriúnach chun go mbeidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an gCuid seo den Acht so no ag an achtachán san.

(2) Fé réir aon oiriúnuithe no atharuithe déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar don chéanna, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, sé sin le rá:—

(a) gach luadh no tagairt d'ordú le n-a scuirtear údarás áitiúil fé alt 72 d'Acht 1925 léireofar é mar luadh no mar thagairt d'ordú le n-a gcuirtear baill an údaráis áitiúil sin as oifig;

(b) gach luadh no tagairt d'údarás áitiúil do scur fén alt san 72 léireofar é mar luadh no mar thagairt do sna baill d'údarás áitiúil do chur as oifig;

(c) gach luadh no tagairt d'údarás áitiúil do scuireadh fén alt san 72 léireofar é mar luadh no mar thagairt d'údarás áitiúil ar cuireadh a mbaill as oifig;

(d) gach luadh no tagairt don chólucht, do sna daoine, no don duine chun a mbeidh comhachta agus dualgais údaráis áitiúil aistrithe de thurus na huaire le hordú fén alt san 72, léireofar é mar luadh no mar thagairt do choimisinéir no do sna coimisinéirí d'údaras áitiúil;

(e) gach luadh no tagairt do thoghachán do bhaill d'údarás áitiúil fén alt san 72 léireofar é mar luadh no mar thagairt do thoghachán nua do bhaill d'údarás áitiúil.

(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus a bheidh san caothúil tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

Údarás áitiúil do leanúint ar marthain.

55. —Ní dhéanfa sé deifir do bhuan-mharthanacht údaráis áitiúil fé n-a dteideal dílis do réir dlí mar chólucht corparuithe no neachorparuithe (pé aca é) baill an údaráis áitiúil sin do chur as oifig no, más bárdas contae-bhuirge no buirge eile an t-údarás áitiúil sin, oifig an árd-mhéara no an mhéara agus oifigí na seanóirí do bheith folamh mar gheall ar an gcur-as-oifig sin.