|
||||
|
ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX. Ilghneitheach. | |
[EN] |
Teora le méid liúntaisí fén Local Government (Ireland) Act, 1919. |
76. —(1) Ní déanfar, ach amháin le toiliú an Aire, aon liúntas is mó ná liúntas do háirmheofaí do réir an scála ceaptar leis na Superannuation Acts, 1834 to 1884, agus leis na rialacha fútha do dheonadh, fé alt 8 den Local Government (Ireland) Act, 1919, d'oifigeach a bheidh, de bhuadh ailt 43 d'Acht 1925, gan Cuid IV d'Acht 1925 do bhaint go hiomlán leis. |
[EN] | (2) Chun deireadh do chur le hamhras dearbhuítear leis seo gur bhain fo-alt (5) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 11 d'Acht 1923 le gach oifigeach d'údarás áitiúil do réir bhrí an Achta san. | |
[EN] |
Cisteoir i gcás contaebhuirge no buirge eile. |
77. —Ar oifig an chisteora do chontae-bhuirg no do bhuirg eile do theacht chun bheith folamh tar éis teacht i bhfeidhm don alt so, féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle le bárdas na buirge sin, an oifig sin do dhíochur, agus ar bheith déanta don ordú san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ceapfaidh bárdas na buirge sin cuideachta bhancaerachta chun gníomhú mar chisteoir dóibh chun airgead do ghlacadh agus d'íoc agus chun cuntais do choimeád ar na fáltais agus na híocaíochta, agus an chuideachta bhancaerachta ceapfar amhlaidh gníomhóid mar chisteoir amhlaidh; | |
[EN] | (b) o dháta an cheapacháin sin amach, isé fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh na comhachta agus na dualgais go léir, a bronntar no forchuirtear ar an gcisteoir don bhuirg sin chun críche ar bith seachas an chríoch a luaidhtear i mír (a) den alt so, ná an t-oifigeach no na hoifigigh sin don bhárdas (seachas an cisteoir) ordóidh an bárdas le toiliú an Aire. | |
[EN] |
Seirbhís i bhfeidhmeannas sealadach d'áireamh. |
78. —(1) San alt so tá an bhrí chéanna leis na habairtí “oifigeach inphinsin” agus “oifig inphinsin” atá leo i gCuid IV d'Acht, 1925, agus foluíonn an abairt “cólucht áitiúil” gach cólucht is cólucht áitiúil chun crícheanna na Coda san IV. |
[EN] | (2) I gcás oifigeach inphinsin do bheith, díreach roimh thosach a sheirbhíse mar oifigeach inphinsin, i bhfostaíocht shealadaigh ag aon chólucht áitiúil agus gurbh fhostaíocht in oifig inphinsin an fhostaíocht san dá mbeadh sí buan, féadfaidh an tAire a ordú, más oiriúnach leis é, cuid áirithe (nach mó ná leath) de thréimhse na fostaíochta sealadaighe sin d'áireamh mar sheirbhís in oifig inphinsin agus áirmheofar an chuid sin amhlaidh dá réir sin. | |
[EN] | (3) Chun deireadh do chur le hamhras dearbhuítear leis seo gur bhain fo-alt (6) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 11 d'Acht 1923 le gach oifigeach d'údarás áitiúil do réir bhrí an Achta san. | |
[EN] |
Có-óspidéil mheabharghalar. |
79. —In ionad na bhforálacha (a hathghairmtear leis an Acht so) d'fho-alt (7) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ar n-a leasú le halt 77 d'Acht 1925, beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach óspidéal meabhar-ghalar le n-a mbaineann an t-alt san 9 agus dar ceanntar dhá chontae no níos mó no contae-bhuirg agus contae amháin no níos mó, agus léireofar an t-alt san 9 agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) is tré chó-choiste de sna húdaráis áitiúla bheidh i gceist a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh na húdaráis áitiúla san comhachta, feidhmeanna, agus dualgais na n-údarás áitiúil sin maidir leis an óspidéal san; | |
[EN] | (b) na costais a bhainfidh leis an óspidéal do bhainistighe agus do chothabháil ar feadh gach leath-bhliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta no an 30adh lá de Mheán Fhómhair íocfaidh gach údarás áitiúil fé leith aca san cion díobh a háirmheofar do réir na meán-uimhreach laethúla d'othair o n-a gceanntar feidhmiúcháin féin do cothabháladh san óspidéal i rith na leath-bhliana san; | |
[EN] | (c) déanfaidh gach údarás áitiúil fé leith aca san baill do cheapadh as an nua don chó-choiste sin gach bliain. agus déanfar san, i gcás comhairle contae, ag an gcruinniú bliantúil no, i gcás bárdais chontae-bhuirge. ag an gcéad chruinniú ráithiúil tar éis toghacháin chinn trí mblian no idir an 23adh lá de Mheitheamh agus an 1adh lá d'Iúl aon bhliain ná beidh toghachán cinn trí mblian ann; | |
[EN] | (d) an uimhir de bhaill a cheapfaidh gach údarás áitiúil fé leith aca san beidh sí chó gairid agus is féidir é do bheith ar có-chionúireacht leis an rann-íoc dob iníoctha ag an údarás áitiúil sin mar chabhair chun íoctha costas bainistighe agus cothabhála an óspidéil ar feadh na bliana airgeadais áitiúla dar chríoch an 31adh lá de Mhárta díreach roimh an gceapadh agus, i gcás diospóide, isé an tAire shocróidh an uimhir sin agus ní bheidh dul thar an socrú san; | |
[EN] | (e) beidh gach ball den chó-choiste sin i seilbh oifige go dtí go gceapfar a chomharba (marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó); | |
[EN] | (f) má thagann foth-fholúntas sa chó-choiste sin de dheascaibh aon bhall d'éag no d-eirghe as no do theacht fé dhícháilíocht isé an t-údarás áitiúil do thogh an ball san a líonfaidh an foth-fholúntas san. | |
[EN] |
Costais taistil comhairleoiri contae. |
80. —(1) Beidh gach údarás áitiúil aca so leanas ina n-údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) comhairle chontae, | |
[EN] | (b) có-choiste bainistighe óspidéil mheabhar-ghalar cheanntair, agus | |
[EN] | (c) údarás áitiúil a mbeidh ordú fé fho-alt (2) den alt so i bhfeidhm maidir leo de thurus na huaire. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, an t-alt so do chur i mbaint le haon údarás áitiúil agus féadfaidh tráth ar bith, ar iarratas ón údarás áitiúil sin no gan iarratas ar bith, an t-ordú san do cheiliúradh. | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha an ailt seo, íocfaidh gach údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so na costais taistil fé n-a raghaidh gach duine dá mbaill chun taisteal go dtí cruinnithe an údaráis áitiúil sin agus uatha. | |
[EN] | (4) Ní híocfar costais taistil fén alt so le duine ar bith alos cruinnithe comórfar in áit a bheidh fé bhun cúig mhíle de bhealach ar bith o n-a áit chomhnaithe oifigiúil. | |
[EN] | (5) Ní raghaidh an méid costais taistil a híocfar fén alt so le duine ar bith alos aon chruinnithe áirithe thar an méid fé n-a raghadh an duine sin do réir réasúin chun taisteal o n-a áit chomhnaithe oifigiúil go háit an chruinnithe agus thar n-ais. | |
[EN] | (6) Déanfaidh gach ball d'údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so, díreach tar éis ball den tsórt san do dhéanamh de, an seoladh ag á mbíonn gnáth-chomhnaidhe air do chur in úil i scríbhinn don údarás áitiúil sin agus is tuigthe gurb é an seoladh san áit chomhnaithe oifigiúil an bhaill sin chun crícheanna an ailt seo. | |
[EN] |
Togh-ranna ceanntair. |
81. —(1) Chun na gcrícheanna bhaineann le toghacháin pháirliminte agus toghacháin áitiúla agus chun áisiúlachta i riarachán áitiúil roinnfear líomatáiste gach contae agus contae-bhuirge ina líomatáistí ar a dtabharfar togh-ranna ceanntair. |
[EN] | (2) Na líomatáistí is togh-ranna ceanntair díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so de bhuadh fo-ailt (4) d'alt 22 den Local Government (Ireland) Act, 1898, beid, ar theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin ach fé réir aon orduithe déanfar o am go ham fén alt so, ina dtogh-ranna ceanntair chun chrícheanna an ailt seo, agus gach tagairt atá in aon achtachán (pé aca achtachán é bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so no thiocfaidh i bhfeidhm ar aon-am leis an alt so no aon uair ina dhiaidh sin) do thogh-roinn cheanntair léireofar í agus beidh éifeacht aici dá réir sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire aon atharú is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar roinnt chontae ina togh-ranna ceanntair. | |
[EN] |
Blianachta agus íocaíochta eile is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann no le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe ar thalamh a bheidh tógtha ag údarás áitiúil. |
82. —Pé uair a thárlóidh talamh a bheidh tógtha ag údarás áitiúil do bheith, i dteannta tailimh eile, fé bhlianacht no íocaíocht eile is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann no le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn féadfaidh an Coimisiún no na Coimisinéirí sin (do réir mar a bheidh) an bhlianacht no an íocaíocht eile sin do chion-roinnt mar is dóich leo is ceart idir an talamh a bheidh tógtha amhlaidh agus an talamh eile sin no féadfaid iomlán na blianachta no na híocaíochta eile sin do mhuirearú ar aon chuid áirithe den talamh a bheidh fén gcéanna agus an chuid eile den talamh san do shaoradh uaithi. |
[EN] |
Fiosrúcháin áitiúla. |
83. —(1) Féadfaidh an tAire pé fiosrúcháin áitiúla do chur dá ndéanamh is dóich leis is gá no is inmhianuithe chun crícheanna aon choda de sna comhachta agus na dualgais a bheidh bronnta no forchurtha air de thurus na huaire. |
[EN] | (2) Má chuireann an tAire fiosrúchán áitiúil dá dhéanamh fén alt so no fé aon Acht eile deimhneoidh an tAire na costais fé n-a raghfar i dtaobh an fhiosrúcháin sin agus ordófar leis an deimhniú san go n-íocfar na costais sin leis an Aire— | |
[EN] | (a) mara mbainidh an fiosrúchán san ach le haon údarás áitiúil amháin, ag an údarás áitiúil sin, | |
[EN] | (b) má bhaineann an fiosrúchán san le dhá údarás áitiúla no níos mó, ag na húdaráis sin uile no ag aon cheann no cinn aca (do réir mar a luadhfar sa deimhniú san). | |
[EN] | (3) Luadhfar i ndeimhniú fén alt so le n-a n-ordófar go n-íocfar costais fiosrúcháin áitiúil ag dhá údarás áitiúla no níos mó an cion de sna costais sin íocfaidh gach údarás áitiúil fé leith aca san. | |
[EN] | (4) Mara n-íocaidh údarás áitiúil suim a hordófar le deimhniú fén alt so d'íoc, féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no féadfar í go léir no cuid di do bhaint as airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an údarás áitiúil sin. | |
[EN] | (5) An chomhacht chun as-bhaint do dhéanamh, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, as airgead is iníoctha le húdarás áitiúil beidh sí fé réir éilithe an chiste urraíochta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus gan dochar do sna héilithe sin. | |
[EN] | (6) Chun crícheanna an ailt seo beidh ar na costais fé n-a raghfar maidir le fiosrúchán áitiúil éileamh réasúnta as seirbhísí aon chigire no oifigigh don Aire bheidh páirteach sa bhfiosrúchán san agus fós costais riachtanacha fínnithe. | |
[EN] |
Tuairisceáin, faisnéis, etc. |
84. —(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás áitiúil aon tuairisceán no tuarasgabháil no faisnéis, i dtaobh a bhfeidhmeanna, do thabhairt dó a mheasfaidh do bheith riachtanach no inmhianuithe chun crícheanna aon choda de sna comhachta agus na dualgais a bheidh bronnta no forchurtha air de thurus na huaire maidir leis an údarás áitiúil sin, agus beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil sin déanamh do réir an cheanglais sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh cigire don Aire a cheangal ar aon oifigeach d'údarás áitiúil aon fhaisnéis, i dtaobh feidhmeanna an oifigigh sin, do thabhairt don chigire sin a theastóidh ón gcigire sin do réir réasúin chun na ndualgas a bheidh forchurtha ag an Aire ar an gcigire sin do chólíonadh, agus beidh sé de dhualgas ar an oifigeach san déanamh do réir an cheanglais sin. | |
[EN] |
Comhacht do chigire chun áitreabh d'fhiosrú. |
85. —(1) Féadfaidh cigire don Aire, chun críche na bhfeidhmeanna bheidh forchurtha ag an Aire air, aon áitreabh a bheidh á úsáid ag údarás áitiúil chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas d'fhiosrú agus d'iniúchadh. |
[EN] | (2) Aon duine choiscfidh cigire don Aire agus é ag feidhmiú na comhachta bheirtear dó leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
[EN] |
Comhachta do chigirí agus d'iniúchóirí chun fianaise d'fháil, etc. |
86. —(1) Féadfaidh cigire bheidh ag déanamh fiosrúcháin áitiúil de bhun ordacháin ón Aire fén Acht so no fé aon Acht eile no iniúchóir rialtais áitiúil a bheidh ag iniúchadh cuntas údaráis áitiúil fianaise do thógaint fé mhionn agus, chuige sin, daoine do chur fé mhionn. |
[EN] | (2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so féadfaidh cigire bheidh ag déanamh fiosrúcháin áitiúil de bhun ordacháin ón Aire fén Acht so no fé aon Acht eile no iniúchóir rialtais áitiúil a bheidh ag iniúchadh cuntas údaráis áitiúil a cheangal ar aon duine, tré fhógra chuige sin i scríbhinn do thabhairt don duine sin, teacht i láthair san am agus san áit a luadhfar sa bhfógra san chun fianaise do thabhairt i dtaobh éinní bheidh i gceist ag an bhfiosrúchán no ag an iniúchadh san (pé aca é) no aon leabhair, dintiúirí, connartha, cuntais, cruthúnachta, mapaí, pleananna no scríbhinní eile bheidh ina sheilbh no ina choimeád no fé n-a chúram i dtaobh éinní den tsórt san do thabhairt ar áird. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ní gá do dhuine teacht i láthair, do réir fógra do bhéarfaidh cigire no iniúchóir fén bhfo-alt san, in áit is sia ná deich míle o ghnáth-áit chomhnaithe an duine sin mara n-íoctar leis an duine sin no mara dtairgtear dó suim is leor chun íoctha na gcostas réasúnta agus riachtanach a bhainfidh le n-a theacht i láthair amhlaidh; | |
[EN] | (b) údarás áitiúil a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh íocfaid no tairgfid, ar n-a iarraidh sin don iniúchóir, le héinne no d'éinne ar a gceanglóidh an t-iniúchóir fén bhfo-alt san teacht i láthair, pé suim a mheasfaidh an t-iniúchóir is leor chun íoctha na gcostas réasúnta agus riachtanach a bhainfidh le n-a theacht i láthair amhlaidh; | |
[EN] | (c) údarás áitiúil le n-a mbainfidh fiosrúchán áitiúil a bheidh á dhéanamh no le déanamh ag cigire de bhun ordacháin ón Aire fén Acht so no fé aon Acht eile, íocfaid no tairgfid, ar n-a iarraidh sin don chigire, le héinne no d'éinne ar a gceanglóidh an cigire sin fén bhfo-alt san teacht i láthair ag an bhfiosrúchán san, pé suim a mheasfaidh an cigire sin is leor chun íoctha na gcostas réasúnta agus riachtanach a bhainfidh le n-a theacht i láthair amhlaidh; | |
[EN] | (d) a mbeidh gan íoc cheana le duine ar bith do tháinig i láthair in aon áit do réir fógra fén bhfo-alt san de sna costaisí réasúnta agus riachtanacha do bhain le n-a theacht i láthair amhlaidh, íocfar leis é, más iniúchóir do thug an fógra san dó, ag an údarás áitiúil a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh no, más cigire thug an fógra san dó chun crícheanna fiosrúcháin áitiúil, ag pé údarás áitiúil le n-a mbainfidh an fiosrúchán san a ordóidh an cigire sin, agus mara n-íoctar amhlaidh é féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla; | |
[EN] | (e) ní ceanglófar ar éinne teideal tailimh ná aon ionstruim a bhaineann le teideal tailimh do thabhairt ar áird maran rud é— | |
[EN] | (i) i gcás fiosrúcháin, gur leis an údarás áitiúil no le haon cheann de sna húdaráis áitiúla le n-a mbainfidh an fiosrúchán san an talamh san, no | |
[EN] | (ii) i gcás iniúchadh cuntas gur leis an údarás áitiúil a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh an talamh san; | |
[EN] | (f) gach duine dá dtabharfar fógra fén bhfo-alt so agus a dhiúltóidh no fhailleoidh go toiliúil teacht i láthair do réir an fhógra san no dhéanfaidh go toiliúil aon scríbhinn le n-a mbainfidh an fógra san d'atharú no do choimeád siar no do cheilt no do dhíthiú no, ar theacht i láthair dó amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise do thabhairt no a dhiúltóidh no fhailleoidh go toiliúil aon scríbhinn le n-a mbainfidh an fógra san do thabhairt ar áird, beidh sé, fé réir forálacha na míre sin roimhe seo den fho-alt so, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air. | |
[EN] |
Gearradh na bolgaighe. |
87. —(1) San Salt so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “na hAchtanna um Ghearradh na Bolgaighe” na Vaccination (Ireland) Acts, sé sin le rá, an Vaccination (Ireland) Act, 1858, an Vaccination (Ireland) Act, 1863, an Vaccination Amendment (Ireland) Act, 1868, agus an Vaccination Amendment (Ireland) Act, 1879, maraon le halt 147 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus | |
[EN] | tá leis na habairtí “ceanntar sláintíochta” agus “údarás sláintíochta” an bhrí chéanna atá leo sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht ag an forálacha so leanas maidir leis na hAchtanna um Ghearradh na Bolgaighe, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) na comhachta agus na dualgais a bronntar no a forchuirtear leis na hAchtanna san ar bhord chaomhnóirí no ar choiste bhainistighe cheanntair íclainne isiad a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh iad i ngach ceanntar sláintíochta ná údarás sláintíochta an cheanntair shláintíochta san; | |
[EN] | (b) gach ceanntar do ghearradh na bolgaighe bheidh ann díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so agus a bheidh ar fad laistigh d'aon cheanntar sláintíochta amháin beidh sé ná ina cheanntar do ghearradh na bolgaighe ar theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin; | |
[EN] | (c) i gcás páirt de cheanntar do ghearradh na bolgaighe bheidh ann díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so do bheith i gceanntar sláintíochta áirithe agus páirt eile do bheith i gceanntar sláintíochta eile beidh gach páirt aca san ina ceanntar do ghearradh na bolgaighe ar theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin; | |
[EN] | (d) gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna san do bhord chaomhnóirí no do chaomhnóirí na mbocht no do choiste bhainistighe cheanntair íclainne, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don údarás sláintíochta iomchuibhe; | |
[EN] | (e) gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna san d'aontas fé dhlí na mbocht, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt do cheanntar sláintíochta; | |
[EN] | (f) gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna san do cheanntar íclainne, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt d'oiread de cheanntar íclainne chun crícheanna congnamh liaghachta fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , agus a bheidh sa cheanntar sláintíochta iomchuibhe; | |
[EN] | (g) gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna san do dhochtúir oifigiúil ceanntair íclainne, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt do dhochtúir oifigiúil sláinte an cheanntair íclainne iomchuibhe no, má bhíonn níos mó na aon dochtúir oifigiúil amháin den tsórt san ann, don dochtúir oifigiúil a bheidh ag gníomhú don cheanntar iomchuibhe do ghearradh na bolgaighe. | |
[EN] | (3) Scuirfidh forálacha ailt 9 d'Acht 1923 agus forálacha aon orduithe do rinneadh fé alt 20 den Acht san d'éifeacht do bheith aca má táid agus sa mhéid go bhfuilid buiniscionn le forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so. | |
[EN] | (4) Na costais fé n-a raghaidh údarás áitiúil chun crícheanna na nAchtanna um Ghearradh na Bolgaighe, mar a hoiriúnuítear iad no mar a deintear deifir dóibh leis an alt so, cruinneofar iad mar a cruinnítear na costais no, i gcás údaráis sláintíochta tuatha, na costais ghenerálta fé n-a dtéigheann an t-údarás sláintíochta san chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931. | |
[EN] |
Údaráis bhaile do dhéanamh rann-íoca le comhlachais cheaduithe. |
88. —(1) San alt so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “údarás baile” aon údarás áitiúil aca so leanas, sé sin le rá, bárdas contae-bhuirge no buirge eile, comhairle bhailecheanntair, agus coimisinéirí baile; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “comhlachas ceaduithe” comhlachas d'údaráis bhaile ar n-a cheadú ag an Aire agus gur cuid dá chuspóirí dul i gcomhairle le chéile i dtaobh cúrsaí bhaineann le húdaráis bhaile i gcoitinne agus nithe do phlé bhaineann le rialtas áitiúil; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an méid ceaduithe”— | |
[EN] | (a) más bárdas contae-bhuirge an t-údarás baile gur ina thaobh a húsáidtear an abairt—fiche punt, | |
[EN] | (b) más bárdas buirge nach contae-bhuirg no más comhairle bhailecheanntair an t-údarás baile sin—deich bpunt, agus | |
[EN] | (c) más coimisinéirí baile an t-údarás baile sin—cúig púint. | |
[EN] | (2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so féadfaidh údarás baile rann-íoc do dhéanamh le cistí aon chomhlachais cheaduithe. | |
[EN] | (3) Ní raghaidh an méid iomlán a bheidh rann-íoctha de thurus na huaire fén alt so ag údarás baile thar an méid is méid ceaduithe alos an údaráis bhaile sin. | |
[EN] |
Rann-íoca d'íoc le comhlachais a chuireann le seirbhísí leabharlainne. |
89. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so rann-íoc bliantúil no eile d'íoc, le toiliú an Aire, le cistí aon chomhlachais a chuireann leis na gnáth-sheirbhísí leabharlainne chothabhálann údaráis áitiúla le n-a mbaineann an t-alt so tré leabhair a bhíonn ag teastáil go speisialta o mhic léighinn do chur ar fáil. |
[EN] | (2) Aon chostais fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén alt so íocfar iad mara híoctar costais fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin fé sna Public Libraries (Ireland) Acts, 1855 to 1920, ar n-a leasú le halt 65 d'Acht 1925. | |
[EN] | (3) Baineann an t-alt so leis na húdaráis áitiúla so leanas, sé sin le rá, comhairle chontae, bárdas contae-bhuirge no buirge eile, agus comhairle bhailecheanntair. | |
[EN] |
Ceopadh na gcéad chontaebhainisteóirí agus na gcéad chontaebhainisteóirí conganta. |
90. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis teacht i bhfeidhm don alt so raghfar ar aghaidh le ceapadh agus críochnófar ceapadh an chéad chontae-bhainisteora do gach contae (seachas contae Bhaile Atha Cliath) no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta fé alt 4 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), d'ainneoin gan an tAcht san do bheith tagtha i bhfeidhm an uair sin, ach an lá cheapfaidh an tAire fé fho-alt (2) den alt san 4 ina lá gur air agus uaidh a bheidh éifeacht ag aon cheapadh den tsórt san ní bheidh sé níos luaithe ná an lá ar a dtiocfaidh an tAcht um Bainistí Chontae, 1940 , adubhradh, i ngníomh. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (5) d'alt 4 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ) i maidir le contae a dtiocfaidh ceapadh an chéad chontae-bhainisteora in éifeacht ina taobh an lá ar a dtiocfaidh an tAcht san i ngníomh. | |
[EN] | (3) Chó luath agus agus is féidir é tar éis teacht i bhfeidhm don alt so, raghfar ar aghaidh le céad-cheapadh agus críochnófar céadcheapadh daoine fén Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) , chun na n-oifigí uile agus fé seach le n-a mbaineann alt 12 den Acht san d'ainneoin gan an tAcht san do bheith tagtha i ngníomh an uair sin, ach an lá cheapfaidh an tAire fé mhír (b) d'fho-alt (3) den alt san 12 ina lá gur air agus uaidh a bheidh éifeacht ag aon cheapadh den tsórt san ní bheidh sé níos luaithe ná an lá ar a dtiocfaidh an tAcht um Bainistí Chontae, 1940 , adubhradh, i ngníomh. | |