|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT CEÁRD-CHUMANN, 1941) | Ar Aghaidh (CUID II. Coluchtai do Cheadunu a Dheineann Margantaiocht d'fhonn Pagh no Coinniollacha eile Fostaiochta do Cheapadh.) |
ACHT CEÁRD-CHUMANN, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus có-luadh. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Ceárd-Chumann, 1941 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Ceárd-Chumann, 1871 go 1941, do ghairm den Acht so agus na hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, le chéile. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála, | |
[EN] | cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so. | |
[EN] |
Rialacháin |
3. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh táille ar bith gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis. |
[EN] |
Costais. |
4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh. |