|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach.) | Ar Aghaidh (CUID III. Mianrai Neamh-oibrithe agus Saoraidi Mianadoireachta do Thogaint go hEigeanta.) |
ACHT FORBAIRTE MINEARÁL, 1940
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Ceart chun Dul Isteach agus Mianrai Neamh-oibrithe do Lorg agus Ceadunaisi Lorgaireachta do Dheonadh. | |
[EN] |
Dul isteach agus mianraí do lorg. |
7. —(1) Pé uair a chífear don Aire mianraí do bheith ar aon talamh no fé agus gan na mianraí san do bheith á n-oibriú no gan iad do bheith á n-oibriú go héifeachtúil, féadfaidh an tAire, ach an fógra do thabhairt is gá do réir an ailt seo, éinní aca so leanas is rogha leis do dhéanamh, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) dul isteach ar an talamh san agus gach ní do dhéanamh ann is gá no is inmhianuithe dar leis chun a dhéanamh amach cadé saghas no méid no luach na mianraí sin agus, go sonnrách, tuill agus puill do dhéanamh, uisce do ghlanadh as sean-oibrithe, agus caindíochta cuibhe de sna mianraí sin do thógaint agus do bhreith chun siúil chun taithbheach no tástáil no triail do dhéanamh; | |
[EN] | (b) ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas lorgaireachta san Acht so) den tsórt san a húdaruítear leis an gCuid seo den Acht so do dheonadh do dhuine ar bith do réir na Coda so den Acht so maidir leis na mianraí sin. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire, maidir le talamh ar bith, an ceart do bheirtear dó le mír (a) den fho-alt san roimhe seo den alt so ná an chomhacht do bheirtear dó le mír (b) den fho-alt san d'fheidhmiú go ceann mí tar éis dó fógra do sheirbheáil ar shealbhaire an tailimh sin á rá go bhfuil sé chun an chirt sin no na comhachta san, do réir mar a bheidh, d'fheidhmiú. | |
[EN] | (3) Féadfar an fógra luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do sheirbheáil leis an bpost cláruithe agus, nuair a bheidh sé á sheirbheáil amhlaidh, féadfar é dhíriú chun an tsealbhaire fé n-a ainm agus fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaighe is eol do bheith aige no fé sheoladh an tailimh le n-a mbainfidh an fógra. | |
[EN] | (4) Ní raghaidh an tAire isteach ar aon talamh fé mhír (a) den chéad fho-alt den alt so, ná ní dhéanfaidh ar an talamh san ní ar bith dá n-údaruítear leis an mír sin, gan an tAire Airgeadais do thoiliú chuige sin. | |
[EN] | (5) An ceart ionadachta agus lorgaireachta a gairmtear san Acht so den cheart do bheirtear don Aire le mír (a) den chéad fho-alt den alt so. | |
[EN] |
Ceadúnais lorgaireachta. |
8. —(1) Is ar na téarmaí agus na coinníollacha san a mheasfaidh an tAire do bheith ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas a deonfar gach ceadúnas lorgaireachta. |
[EN] | (2) Nuair a deonfar ceadúnas lorgaireachta dhó íocfaidh an ceadúnaidhe as leis an Aire an chomaoin sin a chinnfidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas lorgaireachta a údarú don cheadúnaidhe, i rith na tréimhse sin a luadhfar sa cheadúnas san agus fé réir forálacha na Coda so den Acht so, dul isteach ar an talamh san a luadhfar sa cheadúnas san agus gach ní do dhéanamh ann a mheasfaidh an ceadúnaidhe is gá no is inmhianuithe chun a dhéanamh amach cadé saghas no méid no luach na mianraí atá ar an talamh san no fé agus, go sonnrách agus gan dochar do gheneráltacht na comhachta san adubhradh agus chun na gcrícheanna adubhradh, tuill agus puill do dhéanamh, uisce do ghlanadh as sean-oibrithe agus caindíochta cuibhe d'aon mhianraí den tsórt san do thógaint agus do bhreith chun siúil chun taithbheach no tástáil no triail do dhéanamh. | |
[EN] | (4) Beidh i ngach ceadúnas lorgaireachta clás slánaíochta tré n-a ndéanfaidh an duine is ceadúnaidhe fén gceadúnas san an tAire do shlánú in aghaidh éilimh no uiriarratais ar bith a déanfar alos an tailimh no na mianraí, le n-a mbainfidh an ceadúnas san, no thiocfaidh ar aon tslí den cheadúnaidhe d'fheidhmiú aon chirt dá dtabharfar dó leis an gceadúnas san. | |
[EN] | (5) Beidh i ngach ceadúnas lorgaireachta clás á cheangal ar an duine is ceadúnaidhe fén gceadúnas san na cearta do bheirtear dó leis an gceadúnas san d'fheidhmiú i slí ná cuirfidh isteach go neariachtanach ar thaithneamhacht na comhursanachta ina bhfuil an talamh agus na mianraí le n-a mbainfidh an ceadúnas san. | |
[EN] |
Iarratais ar cheadúnais lorgaireachta. |
9. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna aca so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ag ordú na fuirme agus na slí ina ndéanfar iarratais ar cheadúnais lorgaireachta; | |
[EN] | (b) á cheangal go n-íocfar táillí nuair a déanfar iarratais den tsórt san agus ag ordú méideanna na dtáillí sin; | |
[EN] | (c) ag luadh na gcoinníoll a bheidh le cólíonadh ag lucht iarrtha ceadúnas lorgaireachta; | |
[EN] | (d) á cheangal ar gach duine iarrfaidh ceadúnas lorgaireachta fianaise do sholáthar ar a charachtar, ar a sheasamh i gcúrsaí airgeadais, agus ar a cháilíochta teicniúla agus urrús do thabhairt go gcólíonfaidh go cuibhe na hoblagáidí bheidh air fén gceadúnas san, agus ag ordú gné na fianaise sin agus an urrúis sin fé seach; | |
[EN] | (e) ag luadh na dtéarmaí agus na gcoinníoll a bheidh le hionchorparú i gceadúnais lorgaireachta (ar a n-áirmhítear an tréimhse dá ndeonfar an ceadúnas) agus ag luadh na n-oblagáidí forchuirfear ar na daoine is ceadúnaithe fútha. | |
[EN] | (2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh aicmí áirithe de cheadúnais lorgaireachta. | |
[EN] | (3) Is amhlaidh a déanfar gach iarratas ar cheadúnas lorgaireachta ná do réir an mhéide sin, de sna rialacháin a déanfar fén alt so, a bhainfidh leis an iarratas san. | |
[EN] |
Cúiteamh i ndamáiste fé Chuid II. |
10. —(1) Pé uair a thiocfaidh damáiste d'uachtar aon tailimh, go díreach no go nea-dhíreach— |
[EN] | (a) den Aire do dhéanamh feidhmithe fén gCuid seo den Acht so ar a cheart ionadachta agus lorgaireachta, no | |
[EN] | (b) den cheadúnaidhe fé cheadúnas lorgaireachta d'fheidhmiú na gceart a bheidh aige fén gceadúnas san, | |
[EN] | dlighfidh an tAire no an ceadúnaidhe sin (do réir mar a bheidh) cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i ndamáiste fé Chuid II) d'íoc sa damáiste sin. | |
[EN] | (2) Cheal có-aontuithe, déanfar méid aon chúitimh i ndamáiste fé Chuid II do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so. | |
[EN] |
Srian le ceadúnaithe d'oibriú mianraí. |
11. —(1) Ní dleathach d'aon duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas lorgaireachta aon mhianraí ar an talamh no fén talamh, gur maidir leis do deonadh an ceadúnas san, d'oibriú ná do dhíol ná do chur de láimh ar shlí eile. |
[EN] | (2) Ní choiscfidh éinní atá san alt so duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas lorgaireachta ar chaindíochta cuibhe de sna mianraí le n-a mbainfidh an ceadúnas san do thógaint, agus do bhreith chun siúil chun taithbheach no tástáil no triail do dhéanamh. | |
[EN] | (3) Má dheineann aon duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas lorgaireachta aon mhianraí d'oibriú no do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta. | |
[EN] |
Ceadúnais lorgaireachta do cheiliúradh agus d'fhoirceannadh. |
12. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas lorgaireachta do cheiliúradh tráth ar bith as a chomhairle féin. |
[EN] | (2) Críochnóidh ceadúnas lorgaireachta, más pearsa an duine is ceadúnaidhe fé, ar éag no ar fhéimeadh don duine sin no, más cólucht corpruithe an ceadúnaidhe sin, ar scur don chólucht san. | |
[EN] | (3) Ar cheiliúradh no ar chríochnú ceadúnais lorgaireachta fén alt so— | |
[EN] | (a) scuirfidh agus críochnóidh gach ceart agus comhacht is infheidhmithe ag an duine is ceadúnaidhe fé, ach san gan dochar d'aon oblagáid no fiachas a forchuirtear ar an gceadúnaidhe sin leis an Acht so no a forchuirfear air leis an gceadúnas sin; | |
[EN] | (b) ní bheidh an ceadúnaidhe sin i dteideal aisíoc d'fháil in aon chuid den chomaoin a bheidh íoctha aige as deonadh an cheadúnais sin. | |
[EN] |
An tAire dá gheallúint léasanna do dheonadh. |
13. —(1) Féadfaidh an tAire, ar é do dheonadh ceadúnais lorgaireachta no tráth ar bith i rith ré feidhme an cheadúnais sin, a gheallúint don duine is ceadúnaidhe fén gceadúnas san go ndéanfaidh, má thárlann tráth ar bith i rith ré feidhme an cheadúnais sin no ar éag an cheadúnais sin gur deimhin leis an Aire gur rathuigh an lorgaireacht do rinne an ceadúnaidhe sin agus gur coimeádadh agus gur cólíonadh coinníollacha an cheadúnais sin, léas mianadóireachta Stáit do dheonadh don cheadúnaidhe sin fé Chuid IV den Acht so agus éifeacht ag an léas san o pé lá, roimh éag an cheadúnais sin no dá éis sin, a luadhfar sa léas san. |
[EN] | (2) Is sa bhfuirm sin is oiriúnach leis an Aire agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais a bheidh gach geallúint den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus féadfar na téarmaí agus na coinníollacha (más ann dóibh) ar a ndeonfar an léas mianadóireachta Stáit le n-a mbainfidh an gheallúint sin do luadh inti. | |
[EN] | (3) Pé uair a gheallfaidh an tAire léas mianadóireachta Stáit do dheonadh fén alt so, is dleathach don Aire an gheallúint sin do chólíonadh do réir téarmaí na geallúna san. |